33 1977


Uimhir 33 de 1977


AN tACHT UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1977


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA, 1957 GO 1975.

[20 Nollaig, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 26 den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 .

1. —Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 , trí “caoga milliún punt” a chur in ionad “fiche is cúig mhilliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1975 ), agus tá an t-alt sin 26 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

An Tábla

26.—(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná caoga milliún punt) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977, a ghairm de na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1975, agus den Acht seo le chéile.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thionscail na Gaeltachta, 1957

1957, Uimh. 29 .

An tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1975

1975, Uimh. 18 .