35 1977


Uimhir 35 de 1977


AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963 GO 1975.

[20 Nollaig, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

tá le “an Chuideachta” agus “an tAire” na bríonna céanna atá leo sa Phríomh-Acht;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 .

An tAire do ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

2. —Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le halt 7 (1) den Phríomh-Acht a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (mar aon le méid aon phríomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta) níos mó ná £100,000,000 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 7 (2) den Phríomh-Acht a leasú trí “£100,000,000” a chur in ionad “£30,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1975 ).

Ráthaíochtaí ón Aire a leathnú.

3. —Féadfaidh ráthaíocht go n-íocfaidh an Chuideachta go cuí coimisiún agus caiteachais theagmhasacha a eascróidh i ndáil le hairgead a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht a bheith ar áireamh ráthaíochta faoi alt 7 (1) (arna leasú leis an Acht um Nítrigin Éireann Teoranta. 1970). den Phríomh-Acht.

Luach saothair etc. phríomhoifigeach na Cuideachta.

4. —Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach (cibé acu is Príomh-Fheidhmeannach nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntas fhoireann na Cuideachta.

5. —Ní ghlacfaidh aon athrú a dhéanfar ar na téarmaí a bheidh i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith do rialú pinsin, aiscí, liúntais nó íocaíochtaí eile a dheonú, ar chomhalta de bhuanfhoireann na Cuideachta, lena n-áirítear a príomh-oifigeach, d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, don chomhalta sin, nó don phríomh-oifigeach sin, nó ina leith, éifeacht, ná ní ghlacfaidh aon chomhshocraíocht do dhéanamh socrú le haghaidh sochair i dteannta na dtéarmaí dá dtagraítear thuas éifeacht, mura mbeidh an t-athrú nó an chomhshocraíocht ceadaithe ag an Aire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1977, a ghairm de na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 go 1975, agus den Acht seo le chéile.

Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963

1963, Uimh. 2 .

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970

1970, Uimh. 4 .

An tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1975

1975, Uimh. 24 .