6 1978


Uimhir 6 de 1978


AN tACHT UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE, 1971 . [21 Márta, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1971 .

1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1971 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 1 den Acht um Ranníocaí Sláinte (Leasú), 1977 ):

“(1) Sa tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1978, agus dar críoch an dáta a shonrófar le hordú chun críocha fho-alt (2) den alt seo, beidh ranníocaí sláinte—

(a) i gcás duine faoi árachas faoi Acht 1952 lena mbaineann alt 4 nó 5 den Acht seo, de réir caoga pingin nua sa tseachtain, agus

(b) i gcás aon duine eile, de réir £24 sa bhliain, agus cruinneofar an tsuim dheiridh sin i gceann cibé tréimhsí a fhorordófar.”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Ranníocaí Sláinte (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ranníocaí Sláinte, 1971 go 1978, a ghairm de na hAchtanna um Ranníocaí Sláinte, 1971 go 1977, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i bhfeidhm an 1ú lá d'Aibreán, 1978.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ranníocaí Sláinte 1971

1971, Uimh. 21 .

An tAcht um Ranníocaí Sláinte (Leasú), 1977

1977, Uimh. 2 .