11 1978


Uimhir 11 de 1978


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA (ORDÚ A DHAINGNIÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA (EARRAÍ GRÓSAERA) (LEASÚ), 1978.

[20 Meitheamh, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Ordú a dhaingniú.

I.R. Uimh. 82 de 1978.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta (Earraí Grósaera) (Leasú), 1978, a rinne an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh faoi alt 8 den Acht um Chleachtais Srianta, 1972 .

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta (Ordú a Dhaingniú), 1978 , a ghairm den Acht seo.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Chleachtais Srianta, 1972

1972, Uimh. 11