Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

20 1978


Uimhir 20 de 1978


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (CUNTAS GNÍOMHAÍOCHTA SPEISIALTA), 1978

An tiontú oifigiúil


ACHT D'FHORMHEAS TÉARMAÍ AN CHOMHAONTAITHE IDIR COMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA AGUS AN BHEILG, AN DANMHAIRG, POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, AN FHRAINC, ÉIRE, AN IODÁIL, LUCSAMBURG, AN ÍSILTÍR, AN RÍOCHT AONTAITHE, BALLSTÁIT AN CHOMHPHOBAIL SIN, AR THAOBH AMHÁIN, AGUS AN COMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA, AR AN TAOBH EILE, A RINNEADH SA BHRUISÉIL AN 2ú LÁ DE BHEALTAINE, 1978, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE (LENA nÁIRÍTEAR ÍOCAÍOCHTAÍ) A BHAINEANN LEIS AN gCOMHAONTÚ SIN. [5 Iúil, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Bheilg, an Danmhairg, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ríocht Aontaithe, Ballstáit an Chomhphobail sin, ar thaobh amháin, agus an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, ar an taobh eile, a rinneadh sa Bhruiséil an 2ú lá de Bhealtaine, 1978, agus a bhfuil a théacs leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Comhlachas” an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Cuntas Gníomhaíochta Speisialta” an cuntas speisialta dar teideal an Cuntas Gníomhaíochta Speisialta a bhunaigh an Comhlachas le hAlt 1 d'Airteagal I den Chomhaontú.

Téarmaí an Chomhaontaithe a fhormheas.

2. —Formheastar leis seo téarmaí an Chomhaontaithe.

Forálacha airgeadais agus forálacha eile.

3. —(1) Tiocfaidh na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh an lá a thiocfaidh an Comhaontú in éifeacht de bhun Alt 3 d'Airteagal V den Chomhaontú sin.

(2) Déanfar, de réir an Chomhaontaithe, ranníoc nach mó ná £569,395 a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis leis an gCuntas Gníomhaíochta Speisialta.

(3) Féadfaidh an tAire, chun an ranníoc dá bhforáiltear i bhfo-alt (2) den alt seo a íoc leis an gCuntas Gníomhaíochta Speisialta, nótaí neamhúsmhara de chuid an Stáit a bhunú agus a eisiúint agus déanfar aon íocaíochtaí thar ceann an Stáit i leith na nótaí sin a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Airgead a gheobhaidh an Stát faoin gComhaontú a dhiúscairt.

4. —Déanfar aon airgead a gheobhaidh an Stát ón gComhlachas de réir na gcomhshocraíochtaí atá leagtha amach sa Chomhaontú a íoc leis an Aire agus a dhiúscairt chun tairbhe an Státchiste mar a ordóidh an tAire.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idir-náisiúnta (Cuntas Gníomhaíochta Speisialta), 1978, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1978, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1977, agus den Acht seo le chéile.