26 1978


Uimhir 26 de 1978


AN tACHT UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (DEONTAIS ARDOIDEACHAIS), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (DEONTAIS ARDOIDEACHAIS), 1968 . [6 Nollaig, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 .

1. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “foras ceadaithe”:

“ciallaíonn ‘foras ceadaithe’ ollscoil, coláiste ollscoile, nó foras ardoideachais eile a mhéid a sholáthraíonn sé cúrsa nó cúrsaí nach giorra ná dhá bhliain de ré, is cúrsa nó cúrsaí a cheadaíonn an tAire de thuras na huaire chun críocha alt 2 den Acht seo.”

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1974.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 agus 1978, a ghairm den Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 , agus den Acht seo le chéile.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968

1968, Uimh. 24