27 1978


Uimhir 27 de 1978


AN tACHT UM THÁIRGÍ TOBAC (FÓGRAÍOCHT, COIMIRCÍOCHT AGUS SPREAGADH DÍOLACHÁN A RIALÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN FÓGRAÍOCHT TÁIRGÍ TOBAC AGUS MEÁIN EILE CHUN DÍOL TÁIRGÍ DEN SÓRT SIN A SPREAGADH (LENA nÁIRÍTEAR COIMIRCÍOCHT) A RIALÚ AGUS A RIALÁIL (LENA nÁIRÍTEAR A dTOIRMEASC), AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [6 Nollaig, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

folaíonn “fógrán”, i ndáil le táirge tobac, gach gné mholta ag moladh an táirge don phobal, lena n-áirítear, go sonrach—

(a) ráiteas a insíonn ainm an táirge nó aon bhranda, tuairisc thrádála nó aon ainmníocht a ndíoltar an táirge faoina threoir, i gcás a bhféadfaí le réasún a mheas gur moladh ar an táirge é don phobal, agus

(b) ráiteas a insíonn aon cháílíochtaí de chuid an táirge ar lipéad, ar choimeádán, ar chuairsceann nó ar phacáiste a úsáidtear don táirge nó i mbileoigín, i gciorclán, i bpaimfléad nó i leabhrán a dháiltear don phobal nó a thugtar do dhuine a cheannaíonn an táirge,

agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn “coimircíocht” cúnamh airgid nó cúnamh eile a thabhairt, nó a chur faoi deara é a thabhairt, do dhuine nó lena aghaidh nó le haghaidh nó i leith teagmhais nó gníomhaíochta, i gcomaoin táirge tobac (nó ainm branda táirge tobac) a úsaid, a thaisealbhadh, a fhógairt nó a chomcheangal leis an teagmhas nó leis an ngníomhaíocht, nó ag an duine nó le linn an teagmhais nó na gníomhaíochta nó i ndáil leis an gcéanna (nó i dteannta ainm nó teideal an teagmhais nó na gníomhaíochta);

tá le “táirge tobac” an bhrí chéanna atá leis san Acht Airgeadais (Dleachtanna Máil ar Tháirgí Tobac), 1977.

Fógraíocht táirgí tobac agus coimircíocht a rialú.

2. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun iad seo a leanas a rialú agus a rialáil—

(a) fógairt táirgí tobac,

(b) coimircíocht,

(c) aon ghníomhaíochtaí eile atá beartaithe chun díol táirgí tobac a spreagadh nó ar dóigh dóibh sin a dhéanamh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh do gach ní nó d'aon ní acu seo a leanas—

(a) cineálacha áirithe fógraíochta ar tháirgí tobac a thoirmeasc,

(b) cineálacha áirithe coimircíochta a thoirmeasc,

(c) foirm, lánas agus minicíocht fógrán táirgí tobac a rialú,

(d) caiteachas ar fhógraíocht táirgí tobac agus ar choimircíocht a shrianadh,

(e) ceanglas go mbeidh i bhfógrán ag fógairt táirge tobac (nó i gcineál áirithe fógráin den sórt sin) fógra nó ráiteas (i cibé foirm a bheidh sonraithe sna rialacháin) ag insint na contúirte do shláinte daoine a ghabhann leis an táirge a úsáid,

(f) ceanglas go mbeidh ar phacáiste, ar choimeádán nó ar chuairsceann ina mbeidh táirge tobac (nó táirge tobac áirithe) pacáilte nó á thairiscint chun a dhíola fógra nó ráiteas (i cibé foirm a bheidh sonraithe sna rialacháin) ag insint na contúirte do shláinte daoine a ghabhann leis an táirge a úsáid,

(g) ceanglas go ndéanfaidh aon duine a bhíonn ag gabháil do tháirgí tobac a allmhairiú, a mhonarú, a dhíol nó a imdháil nó ag gabháil dá ndíol a spreagadh cibé faisnéis a thabhairt don Aire a mheasfaidh an tAire is gá chun críocha an Achta seo.

(h) toirmeasc ar aon tairiscintí táirgí tobac de bhranda áirithe a dhíol ar phraghsanna is ísle ná na praghsanna ar a ndíoltar, thairis sin, an branda sin trí chúpón nó doiciméad dá shamhail nó eile a chur ar fáil do dhaoine,

(i) toirmeasc ar tháirgí tobac a dhíol ar phraghsanna is ísle an oiread sin ná na praghsanna ar a ndéantar, an tráth ábhartha, táirgí tobac de chineál nó de cháilíocht dá samhail a dhíol gur seift spreagtha díolachán i dtuairim an Aire an díol ar na praghsanna ísle,

(j) toirmeasc ar úsáid a bhaint, i ndáil le díol nó ceannach táirgí tobac, as cruthúnachtaí, stampaí trádála, cúpóin, préimheanna, airíochtaí nó bronntanais,

(k) oifigigh don Aire agus oifigigh do bhord sláinte a bunaíodh faoin Acht Sláinte, 1970 , do chur rialacháin faoin alt seo i bhfeidhm.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cionta

3. —(1) Aon duine a sháróidh rialachán faoi alt 2 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £10,000 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £1,000 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air.

(2) Beidh dlínse ag Breitheamh Cúirte Dúiche aon chion faoi fho-alt (1) den alt seo a thriail go hachomair—

(a) más dóigh leis an mBreitheamh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a bheidh cruthaithe nó líomhnaithe in aghaidh an chosantóra,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis, agus

(c) mura gcuirfidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á insint dó go bhfuil de cheart aige é a thriail ag giúiré) in aghaidh a thriailte go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £25 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur ar an gcosantóir.

(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoi fho-alt (1) den alt seo ionann is dá mba thagairt don phionós dá bhforáiltear le fo-alt (2) den alt seo i ndáil leis an gcion sin nuair a thriailtear go hachomair é an tagairt i bhfo-alt (2) (a) d'alt 13 do na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) d'alt 13.

(4) I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine ar stiúrthóir ar an gcomhlacht iomchuí é, ar chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta é, nó arbh é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é, nó arbh oifigeach eile don chomhlacht é, tráth an chiona a dhéanamh, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht um Tháirgí Tobac (Fógraíocht, Coimircíocht agus Spreagadh Díolachán a Rialú), 1978 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977

1977, Uimh. 32

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1