6 1979


Uimhir 6 de 1979


AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AILT 4, 37 AGUS 42 DEN ACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956 .

[20 Márta, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 .

1. —Leasaítear leis seo an tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in alt 4 in ionad mhír (c) d'fho-alt (1):

“ (c) trí aon scán-inneall.”,

agus

(b) trí “ ar gléas cearrbhachais é ” a chur in alt 37 in ionad “ más scán-inneall é a toirmisctear le halt 10 nó gléas cearrbhachais ” agus in alt 42 in ionad “ ar scán-inneall é a toirmisctear le halt 10 nó gléas cearrbhachais ”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979, a ghairm de na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 agus 1970, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956

1956, Uimh. 2

Na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 agus 1970