23 1979


Uimhir 23 de 1979


AN tACHT UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL) (LEASÚ), 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL), 1965 GO 1976. [25 Iúil, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise sa British & Irish Steam Packet Company Limited.

1. —Leasaítear leis seo alt 2 den British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “tríocha is trí mhilliún gnáthscair” a chur in ionad “ocht milliún déag gnáthscair” (a cuireadh isteach leis an Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1976) agus tá an t-alt sin 2, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Féadfaidh an tAire Airgeadais tríocha is trí mhilliún gnáthscair ar a mhéid sa Chuideachta £1 an ceann a cheannach i dteannta na ngnáthscaireanna a cheannaigh sé faoin gcomhaontú dar tugadh formheas le halt 2 den Phríomh-Acht.

Méadú ar mhéid na n-iasachtaí a fhaigheann an. British & Irish Steam Packet Company Limited agus a ráthaíonn an tAire Airgeadais.

2. —Leasaítear leis seo alt 5 den Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “£15,000,000” a chur in ionad “£5,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ar dhóigh gur mó ná £15,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheanna féin ag an Aire Airgeadais ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1979, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1979, a ghairm de na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1976, agus den Acht seo le chéile.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971

1971, Uimh. 11

An tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1976>

1976, Uimh. 12