36 1979


Uimhir 36 de 1979


AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 GO 1976. [19 Nollaig, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960 .

Méadú na teorann atá le hairleacain inaisíoctha.

2. —Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976 ) d'alt 23 (2) den Phríomh-Acht:

“(b) ní bheidh siad níos mó ná fiche is cúig mhilliún punt san iomlán,”.

Craoladh áitiúil.

3. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht trí—

(a) “agus féadfaidh sé seirbhísí craolta áitiúla a bhunú agus a chothabháil” a chur isteach i ndiaidh “agus fuaimchraolta”, agus

(b) trí “chun na gcríocha sin nó a ghabhfaidh leo” a chur in ionad “chun na críche sin nó a ghabhfaidh léi”,

agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh an tÚdarás seirbhís náisiúnta teilifíse agus fuaim-chraolta agus féadfaidh sé seirbhísí craolta áitiúla a bhunú agus a chothabháil agus beidh na cumhachtaí sin go léir aige is gá chun na gcríocha sin nó a ghabhfaidh leo.

Oifigeach nó seirbhíseach don Údarás a ainmniú nó a thoghadh le bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.

4. —(1) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Údarás a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Údaráis agus ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntas—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar a bheidh.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1976, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1979, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Údarás Craolacháin, 1960

1960, Uimh. 10

An tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976

1976, Uimh. 37