An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Dobharshaothrú agus Tobhach Bradán) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Aisghairm)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

CUID VI

Ilghnéitheach

Toirmeasc ar iasc áirithe a dhíol.

56. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú a thoirmeasc aon iasc a dhíol, agus aon iasc a thairiscint lena ndíol, aon tráth le linn tréimhse sonraithe aon bhliain (tréimhse dá ngairtear “tréimhse bhliantúil” anseo feasta san alt seo)—

(a) is iasc de speiceas a bheidh sonraithe san ordú, nó

(b) is iasc—

(i) a gabhadh le slat agus ruaim, agus

(ii) de speiceas a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo—

(a) feidhm a bheith aige ar fud an Stáit nó i limistéar áirithe nó i limistéir áirithe den Stát agus a bheidh sonraithe amhlaidh.

(b) tréimhse bhliantúil áirithe a shonrú i ndáil leis an Stát go léir nó tréimhsí éagsúla den sórt sin a shonrú i ndáil le limistéir éagsúla den sórt sin.

(3) Bainfidh ordú faoin alt seo le haon iasc—

(a) i gcás ar de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a dhéanfar an t-ordú, is den speiceas a bheidh sonraithe san ordú, agus

(b) i gcás ar de bhun mhír (b) den fho-alt sin (1) a dhéanfar an t-ordú, a gabhadh le slat agus ruaim agus is de speiceas a bheidh sonraithe san ordú.

(4) I gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, ní dhéanfaidh duine aon iasc lena mbaineann an t-ordú a dhíol ná a thairiscint lena ndíol—

(a) i gcás feidhm a bheith ag an ordú ar fud an Stáit nó i ndáil le limistéar áirithe nó le limistéir áirithe den Stát agus nach mbeidh ach tréimhse bhliantúil amháin sonraithe ann, in aon áit sa Stát nó sa limistéar sin nó in aon limistéar den sórt sin, de réir mar is iomchuí, tráth ar bith i rith na tréimhse sin,

(b) i gcás a mbeidh tréimhsí bliantúla éagsúla sonraithe san ordú i ndáil le limistéir éagsúla den Stát, in aon áit i limistéar den sórt sin tráth ar bith i rith na tréimhse bliantúla a bheidh sonraithe amhlaidh i ndáil leis an limistéar.

(5) Duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó a méid ná £500 mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach iasc eile a ndearnadh an cion ina leith, a chur air.

Toirmeasc ar líonta nó líonra áirithe a dhíol.

57. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú a thoirmeasc líonta nó líonra d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe a dhíol.

(2) Duine a dhíolfaidh líon nó líonra de shárú ar ordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(3) Más rud é in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo—

(a) go gcruthóidh an cosantóir—

(i) gur thug sé, roimh an díolachán lena mbaineann an cion a líomhnaítear, fógra i scríbhinn don Aire á rá go raibh ar intinn aige líonta nó líonra den aicme nó den tuairisc fhorordaithe iomchuí a dhíol, agus

(ii) go ndearna sé fiafraí den cheannaitheoir roimh an díolachán sin i dtaobh na gcríocha ar chucu a beartaíodh an líon nó an líonra iomchuí a úsáid, agus

(iii) gur choimeád sé taifead ar an modh a d'ordaigh an tAire faoi fho-alt (4) den alt seo ar thoradh a fhiafraithe, agus

(b) go dtabharfaidh an cosantóir an taifead sin ar aird don chúirt, agus, i gcás ar iarr an tAire nó ar iarradh thar ceann an Aire ar an gcosantóir sin a dhéanamh, go gcruthóidh sé gur thug sé an taifead sin ar aird d'oifigeach don Aire laistigh d'am réasúnach agus gur cheadaigh sé don oifigeach sin é a iniúchadh, agus

(c) gur deimhin leis an gcúirt—

(i) gur de mheon macánta a rinneadh an fhiafraí, agus

(ii) gur réasúnach an rud é don chosantóir in imthosca an cháis, ag féachaint do thoradh na fiafraí, a chreidiúint nach raibh sé beartaithe an líon nó an líonra sin a úsáid le haghaidh iascaireachta ná i ndáil le hiascaireacht,

éigiontófar é sa chion.

(4) I gcás a bhfaighidh an tAire fógra i scríbhinn ó dhuine á rá go bhfuil ar intinn aige líon nó líonra d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe in ordú faoin alt seo a dhíol, tabharfaidh an tAire, a luaithe is féidir, ordacháin don duine maidir leis an tslí a mbeidh taifead ar thoradh na fiafraí a dhéanfaidh sé chun críocha fho-alt (3) den alt seo le coimeád.

Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Eisc Mhara.

58. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh gach bord réigiúnach clár ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, “Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara”.

(2) (a) Ar an suibscríobh bliantúil iomchuí a íoc le bord réigiúnach déanfar duine a chlárú de réir mhír (b) den fho-alt seo sa chlár a chothabhálann an bord sin, agus nuair a bheidh duine ag déanamh iarratais ar chlárú faoin bhfo-alt seo, sonróidh an t-iarratasóir, le linn dó an t-iarratas a dhéanamh, cé acu de na hearnálacha seo a leanas inar mian leis go gclárófaí é, eadhon, mar dhuánaí breac, nó mar dhuánaí garbhéisc, nó mar dhuánaí éisc mhara.

(b) Déanfaidh an bord réigiúnach lena mbaineann, ar iarratas a fháil ar chlárú sa chlár, mar aon leis an suibscríobh bliantúil iomchuí—

(i) i gcás a sonróidh an t-iarratasóir gur mian leis go gclárófaí é mar dhuánaí breac, é a chlárú sa cháil sin sa chlár,

(ii) i gcás a sonróidh an t-iarratasóir gur mian leis go gclárófaí é mar dhuánaí garbhéisc, é a chlárú sa cháil sin sa chlár,

(iii) i gcás a sonróidh an t-iarratasóir gur mian leis go gclárófaí é mar dhuánaí éisc mhara, é a chlárú sa cháil sin sa chlár, agus

(iv) i gcás nach gcomhlíonfaidh an t-iarratasóir ceanglas mhír (a) den fho-alt seo go sonródh sé an earnáil inar mian leis go gclárófaí é, é a chlárú sa chlár mar dhuine nár vótáil.

(c) Más rud é, an 31ú lá de Nollaig aon bhliain, go mbeidh duine, seachas duine le teideal faoi fho-alt (4) den alt seo, cláraithe i gclár, beidh sé i dteideal fanacht cláraithe amhlaidh ar feadh ré reatha na chéad bhliana eile má dhéanann sé, agus amháin má dhéanann sé, roimh an lá sa chéad bhliain eile sin arb é an lá é a bheidh socraithe de thuras na huaire ag an Aire faoi fho-alt (5) den alt seo, an suibscríobh bliantúil iomchuí a íoc leis an mbord réigiúnach a chothabhálann an clár.

(d) Más rud é aon bhliain, maidir le duine a bhí, an 31ú lá de Nollaig ba dheireanaí roimhe sin cláraithe i gclár, go mainneoidh sé an suibscríobh bliantúil iomchuí a íoc roimh an lá sa bhliain sin arb é an lá é a bheidh socraithe amhlaidh de thuras na huaire, déanfaidh an bord réigiúnach a chothabhálann an clár a ainm a bhaint láithreach den chlár.

(3) Féadfaidh aon duine atá cláraithe i gclár, trí iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuig an mbord réigiúnach lena mbaineann ionas go bhfaighidh an bord sin é lá éigin i mí Eanáir aon bhliain áirithe, a iarraidh ar an mbord sin an clár a leasú trína athrú ón earnáil ina bhfuil sé cláraithe an tráth sin go dtí earnáil eile a shonrófar san iarratas, agus ar iarratas faoin bhfo-alt seo a fháil go cuí géillfidh bord réigiúnach don iarratas agus leasóidh sé dá réir sin an clár a chothabhálann siad.

(4) (a) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, duine a bhí, díreach sular díscaoileadh an tIontaobhas, ina chomhalta saoil den Iontaobhas, déanfaidh bord réigiúnach, tar éis don duine sin iarratas a dhéanamh chuige, agus ar é do dhéanamh dear bhú i bhfoirm a bheidh ceadaithe chun críocha an fho-ailt seo ag an Aire, é a chlárú sa Chlár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Eisc Mhara a chothabhálann an bord.

(b) Féadfaidh duine atá cláraithe i gclár faoi mhír (a) den fho-alt seo a iarraidh i scríbhinn go mbainfí a ainm den chlár agus ar an iarratas sin a fháil géillfidh an bord réigiúnach lena mbaineann don iarratas.

(c) Bainfidh míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo le hiarratais faoin bhfo-alt seo mar a bhaineann siad le hiarratais faoin bhfo-alt sin ach faoi réir an mhodhnaithe seo a leanas, eadhon, nach dtabharfar aird ar cheanglais na míreanna sin a bhaineann le suibscríobhanna bliantúla.

(d) Ní bheidh duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo i dteideal a chláraithe de bhua an fho-ailt seo aon tráth áirithe i mbreis agus Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara amháin a chothabháiltear faoin Acht seo.

(5) Féadfaidh an tAire le rialacháin lá nó laethanta a shocrú chun críocha fho-alt (2) den alt seo agus féadfar aon lá den sórt sin a shocrú amhlaidh—

(a) i ndáil le haon bhliain nó aon bhlianta áirithe, nó

(b) i ndáil le bliain áirithe agus leis an mbliain dá éis sin, nó

(c) i ndáil le bliain ar bith.

(6) (a) Tagairtí san alt seo don suibscríobh bliantúil iomchuí is tagairtí iad do shuibscríobh bliantúil ina mbeidh cibé méid a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, de thuras na huaire chun críocha an ailt seo.

(b) San alt seo—

ciallaíonn “clár”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara a chothabhálann bord réigiúnach;

ciallaíonn “cláraithe” cláraithe sa chlár.

(c) San alt seo agus sa chéad alt eile dá éis seo den Acht seo folaíonn “comhalta saoil den Iontaobhas” aon duine a shonraigh comhairle an Iontaobhais, de bhun Airteagail Chomhlachais an Iontaobhais, mar chomhalta deontóra.

Cearta áirithe iascaireachta a thabhairt d'iarchomhaltaí saoil den Iontaobhas agus do dhaoine ar Chlár Duánaithe Breac. Garbhéisc agus Éisc Mhara.

59. —(1) Duine a bhí, díreach sular díscaoileadh an tIontaobhas, ina chomhalta saoil den Iontaobhas, beidh de chead aige, faoi réir cibé sriantachtaí nó ceanglais eile, más ann, a mheasfaidh an tAire is iomchuí chun an t-iascach lena mbaineann a bhainistí go cuí agus ar sriantachtaí nó ceanglais iad atá forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo—

(a) iascaireacht breac nó garbhéisc a dhéanamh de réir dlí in uiscí aon iascaigh a aistrítear chuig an bPríomh-Bhord le halt 35 den Acht seo fad a bheidh an leas ann a aistrítear amhlaidh chuig an bPríomh-Bhord ar marthain, agus

(b) i gcás an duine a bheith cláraithe de thuras na huaire de bhua alt 58 (4) den Acht seo i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara, fad a bheidh sé cláraithe amhlaidh, iascaireacht breac agus garbhéisc a dhéanamh de réir dlí in uiscí aon iascaigh—

(i) atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an mbord réigiúnach a chothabhálann an clár,

(ii) atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an bPríomh-Bhord (cibé acu a aistríodh an t-iascach sin chuig an bPríomh-Bhord leis an alt sin 35 nó a fuair an Príomh-Bhord é ar dhóigh eile).

(2) I gcás duine a bheith cláraithe ar dhóigh seachas de bhua alt 58 (4) den Acht seo i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara, ansin, fad a bheidh sé cláraithe amhlaidh, beidh de chead aige, faoi réir cibé sriantachtaí nó ceanglais eile, más ann, a mheasfaidh an tAire is iomchuí chun an t-iascach lena mbaineann a bhainistí go cuí agus ar sriantachtaí nó ceanglais iad atá forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo, iascaireacht breac agus garbhéisc a dhéanamh de réir dlí in uiscí—

(a) de chuid aon iascaigh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an mbord réigiúnach a chothabhálann an clár, agus

(b) de chuid aon iascaigh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an bPríomh-Bhord.

(3) (a) Féadfaidh ordú faoi alt 37, 40, 41 nó 42 den Acht seo a fhoráil nach mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo i ndáil leis an iascach a gheofar nó a aistreofar leis an ordú, nó, i gcás dhá iascach nó níos mó a aistriú amhlaidh, nach mbeidh feidhm aige i ndáil le haon iascach den sórt sin, nó, de réir mar a fhorálfar amhlaidh, nach mbeidh feidhm aige ach i ndáil le cibé cinn de na hiascaigh sin a shonróidh an t-ordú.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil nach mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, seachas mír (a) den fho-alt seo, i ndáil le hiascach a gheobhaidh an Príomh-Bhord trí chomhaontú faoi alt 37 den Acht seo agus a bheidh sonraithe san ordú.

(4) I gcás iascach a bheith eisiata, le hordú faoin alt seo nó le hordú a thuairiscítear i bhfo-alt (3) (a) den alt seo, ó fheidhm fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, forléireofar an t-alt seo agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí an ordaithe.

Cumhachtaí an Aire ag oibriú iascaigh.

60. —(1) Féadfaidh an tAire, chun iascach atá ar úinéireacht aige a oibriú, gach ní a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá chun an t-iascach sin a sheoladh mar ghnóthas tráchtála agus a d'fhéadfadh sé a dhéanamh dá mba phearsa aonair phríobháideach é agus é ina úinéir ar an iascach sin, agus gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo féadfaidh sé gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) iasc a cheannach agus a dhíol in aon áit;

(b) aon earra a cheannach nó a mhonarú atá riachtanach i ndáil le hiasc a ghabháil, a stóráil, a iompar, a chóireáil, a cheannach nó a dhíol;

(c) aon ghnó a sheoladh a bhaineann nó a ghabhann le hoibriú an iascaigh sin;

(d) conarthaí a dhéanamh;

(e) cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a fhostú;

(f) ceadúnais iascaireachta a cheannach.

(2) Déanfar luach saothair gach uile dhuine a bheidh fostaithe i ndáil leis an Aire d'oibriú aon iascach a bheidh ar úinéireacht aige a chinneadh le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Ní bhainfidh Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ná Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, le haon duine arna fhostú nó arna cheapadh ag an Aire faoin alt seo.

Dliteanas an Aire nó an Phríomh-Bhoird i leith damáiste trí thuile.

61. —Ní bheidh aon ábhar éilimh ann in aghaidh an Aire nó an Phríomh-Bhoird i leith tuile nó damáiste iarmhartach eile mar gheall ar aon déanmhas a bheith ar marthain go leanúnach (lena n-áirítear cora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta a bhí, ar an dáta a dílsíodh iascach don Aire nó don Phríomh-Bhord nó a fuair an tAire nó an Príomh-Bhord iascach, ina chuid den iascach sin nó ar marthain san iascach sin) mura mbeidh an tAire nó an Príomh-Bhord, de réir mar is iomchuí, tar éis airde an déanmhais sin a mhéadú nó tar éis aon oscailtí nó bearnaí ann a dhúnadh a mhéid nach bhféadfaí iad a dhúnadh go dleathach ar an dáta sin.

Srian le halt 12 den Finance Act, 1895.

62. —Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895 (a cheanglaíonn ionstraimí áirithe a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim agus dleachtanna stampa áirithe a íoc) le maoin a aistrítear le halt 9 nó 35 den Acht seo nó le hordú faoi alt 10 den Acht seo a dhílsiú don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

63. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “, ar an táille fhorordaithe (más ann) a íoc leis,” a chur isteach roimh “le ceadúnas” i bhfo-alt (1);

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(6) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí a fhorordú is iníoctha i leith cheadúnais arna ndeonú ag an Aire faoin alt seo.

 (b) Déanfar gach táille a gheobhaidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(7) Aon duine a bheidh ag gabháil d'oiliúint éisc ar dhóigh seachas faoi réim agus de réir cheadúnas faoin alt seo nó faoi alt 54 den Acht Iascaigh, 1980 , beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(8) I gcás—

(a) duine a chuirfidh isteach trí iascaireacht nó eile ar aon ní a dhéantar de bhun cheadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo, agus

 (b) gur gan cead ón duine dar deonaíodh an ceadúnas a dhéantar an cur isteach sin,

beidh an duine a dhéanfaidh an cur isteach sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(c) ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air,

(d) ar é a chiontú ann ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 a chur air.”.

Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht.

64. —Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin teorainneacha cheantar iascaigh a athrú trí aon uiscí sonraithe atá i limistéar farraige, nó i gcuid den fharraige, a thuairiscítear i bhfomhír (i) nó (ii) d'alt 10 (9) (a) den Acht Iascaigh, 1980 , a áireamh ann, agus taispeánfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo, faoi threoir léarscáil a bheidh sonraithe sna rialacháin, teorainneacha an cheantair nó na gceantar iascaigh iomchuí mar a bheidh siad athraithe leis na rialacháin.”

Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht.

65. —(1) Leasaítear leis seo alt 50 den Phríomh-Acht—

(a) trí “ag an bPríomh-Bhord nó ag aon bhord réigiúnach” a chur in ionad “ag aon bhord coimeádaithe” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “maidir leis an bPríomh-Bhord nó le bord réigiúnach” a chur in ionad “maidir le bord coimeádaithe” i bhfo-alt (3),

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

AN TÁBLA

1.—(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más cuí leis é, a ordú fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh comhlíonadh a dhualgas ag an bPríomh-Bhord nó ag aon bhord réigiúnach agus féadfaidh sé duine ar bith a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

2.—(3) Nuair a dhéanfar fiosrúchán maidir leis an bPríomh-Bhord nó le bord réigiúnach faoin alt seo, deimhneoidh an tAire méad an chaiteachais faoina ndeachaigh an tAire maidir leis an bhfiosrúchán sin, agus déanfaidh an tAire an méad a dheimhneofar amhlaidh a ghnóthú as ioncam an bhoird sin.

Leasú ar alt 65 den Phríomh-Acht.

66. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 65 den Phríomh-Acht trí “don duine sin” a chur isteach roimh “an t-inneall sin a úsáid sa cheantar iascaigh sin”, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú leis an alt seo agus le halt 46 (1) den Acht seo agus arna mhodhnú le halt 50 (1) den Acht seo, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1)—Má dhéanann duine ar bith aon inneall sceidealta a úsáid nó a chur suas in aon cheantar iascaigh chun bradáin, bric nó eascanna a thógáil, agus gan gnáth-cheadúnas iascaireachta a bheith i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire á údarú don duine sin an t-inneall sin a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

Leasú ar alt 67 den Phríomh-Acht.

67. —Leasaítear leis seo alt 67 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Gach gnáth-cheadúnas a eiseofar i leith innill iascaireachta (seachas slat agus ruaim) beidh ar a aghaidh—

(a) i gcás inneall a bheidh le húsáid in iascach eisiatach, ainm an duine (dá ngairtear ‘an t-úinéir’ san alt seo) a bheidh de thuras na huaire i dteideal an t-inneall sin a úsáid amhlaidh chun a thairbhe féin, nó

(b) i ngach cás eile, ainm agus seoladh an duine a íocfaidh an dleacht ceadúnais ar an inneall sin.

agus ina theannta sin, má dhéanann an duine sin, nó i gcás a mbainfidh an ceadúnas le hinneall a bheidh le húsáid amhlaidh, má dhéanann an t-úinéir, iarratas i scríbhinn chun na críche sin chuig an mbord réigiúnach lena mbaineann, ainm duine amháin eile ar a mhéid a bheidh sonraithe san iarratas, agus oibreoidh gach gnáth-cheadúnas a eiseofar amhlaidh chun a údarú d'aon duine a bheidh ainmnithe sa cheadúnas an t-inneall lena mbaineann sé a úsáid.”.

Leasú ar Chaibidil III de Chuid VI den Phríomh-Acht.

68. —(1) Leasaítear leis seo alt 81 den Phríomh-Acht:

(a) trí “trí phunt” a chur in ionad “cúig scilling” i mír (a) d'fho-alt (2);

(b) trí “puint” a chur in ionad “sé phingin” i mír (b) agus i mír (c) d'fho-alt (2); agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(3)  (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le hordú, an dleacht ceadúnais is iníoctha i leith gach cineál nó aon chineál de na cineálacha ceadúnas slaite breac a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú, agus i gcás ordú faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar fo-alt (2) den alt seo, arna leasú le halt 68 den Acht Iascaigh, 1980 , agus beidh éifeacht leis, de réir théarmaí an ordaithe.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 68 den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Iascaigh (Leasú), 1976 ) maidir le hordú faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm aige maidir le hordú faoin alt sin.”;

agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 83 den Phríomh-Acht trí “méid na dleachta is iníoctha de thuras na huaire faoi alt 81 den Acht seo i leith an cheadúnais” a chur in ionad “suim cúig scilling” i mír (b) d'fho-alt (1) agus in ionad “suim sé phingin” i mír (c) d'fho-alt (2) agus d'fho-alt (3), agus tá an mhír sin (b), mír (c) den fho-alt sin (2) agus mír (c) den fho-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 2, 3 agus 4, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1.  (2) Beidh dleacht mar a leanas iníoctha ar na ceadúnais sin—

(a) ceadúnas slaite breac (ginearálta), dleacht ceadúnais trí phunt,

(b) ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir), dleacht ceadúnais puint,

(c) ceadúnas slaite breac (sóisear), dleacht ceadúnais puint.

2.  (b) go dtairgfidh an duine sin méid na dleachta is iníoctha de thuras na huaire faoi alt 81 den Acht seo i leith an cheadúnais,

3.  (c) go dtairgfidh an duine sin méid na dleachta is iníoctha de thuras na huaire faoi alt 81 den Acht seo i leith an cheadúnais,

4.  (c) go dtairgfidh an duine sin méid na dleachta is iníoctha de thuras na huaire faoi alt 81 den Acht seo i leith an cheadúnais,

Leasú ar ailt 159 agus 160 den Phríomh-Acht, ar alt 42 den Acht Airgid, 1925 , agus ar alt 12 den Acht Airgeadais, 1940 .

69. —(1) Leasaítear leis seo alt 159 den Phríomh-Acht—

(a) trí “cúig phunt is fiche” a chur in ionad “puint” i bhfomhír (ii) d'fho-alt (1) (b) agus i bhfomhír (ii) d'fho-alt (2) (b); agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

 “(6)   (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le hordú, fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo a leasú d'fhonn an tsuim a shonraítear ann a athrú, agus i gcás ordú faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an fo-alt sin (1) agus an fo-alt sin (2), nó an dá fho-alt sin, de réir mar is iomchuí, arna leasú le halt 69 den Acht Iascaigh, 1980 , agus beidh éifeacht leo, de réir théarmaí an ordaithe.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 68 den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Iascaigh (Leasú), 1976 ) maidir le hordú faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm aige maidir le hordú faoin alt sin.”;

agus tá an fhomhír sin (ii) den fho-alt sin (1) (b) agus an fhomhír sin (ii) den fho-alt sin (2) (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 160 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal go léir bhfo-alt (1) idir deireadh mhír (a) agus deireadh an fho-ailt:

“(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais suim cúig phunt is fiche,

féadfaidh an bord sin an ceadúnas sin a athnuachan.”; agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(5) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le hordú, fo-alt (1) den alt seo a leasú d'fhonn an tsuim a shonraítear ann a athrú, agus i gcás ordú faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an fo-alt sin (1), arna leasú le halt 69 den Acht Iascaigh, 1980 , agus beidh éifeacht leis de réir théarmaí an ordaithe.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 68 den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Iascaigh (Leasú), 1976 ) maidir le hordú faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm aige maidir le hordú faoin alt sin.”.

(3) Amhail ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, scoirfidh alt 42 den Acht Airgid, 1925 , agus alt 12 den Acht Airgeadais, 1940 , d'éifeacht a bheith leo.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm cibé lá a shocróidh an tAire chuige sin le hordú.

AN TÁBLA

1. (ii) suim cúig phunt is fiche,

2. (ii) suim cúig phunt is fiche,

Leasú ar Chuid XIV den Phríomh-Acht.

70. —(1) I gcás a gcuirfear aon deis nó ní eile a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, in oiliúint oisrí i leaba oisrí nó ar leaba oisrí, nó san uisce nó ar an uisce lastuas de leaba oisrí, measfar, chun críocha alt 245 den Phríomh-Acht, gur plandáil leaba oisrí é ar mhodh a thuairiscítear san alt sin, agus forléireofar aon cheadúnas faoin alt sin, cibé acu is roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis a deonaíodh é, agus beidh éifeacht leis, de réir a bhfuil anseo roimhe seo.

(2) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanann difear don chumhacht a thugtar don Aire Turasóireachta agus Iompair le halt 10 den Acht Imeall Trágha, 1933 .

(3) Leasaítear leis seo alt 253 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(g) aon deis nó ní eile a cuireadh sa leaba sin nó ar an leaba sin nó san uisce nó ar an uisce lastuas den leaba sin agus a úsáidtear in oiliúint oisrí a aistriú nó a dhamáistiú, nó cur isteach ar shlí eile ar an gcéanna, gan toiliú den sórt sin.”

(4) Leasaítear leis seo alt 256 den Phríomh-Acht trí “nó lastuas de chladach agus grinneall,” a chur isteach roimh “na mara”, agus tá an t-alt sin 256, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(5) Leasaítear leis seo alt 261 den Phríomh-Acht trí “i cibé slí is iomchuí leis tar éis féachaint do na himthosca ar dá mbarr is gá an t-ordú a leasú” a chur in ionad na bhfocal go léir ó “, agus na forálacha go léir” go dtí deireadh an ailt agus tá an t-alt sin 261, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 2 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(6) Leasaítear leis seo alt 265 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) agus gan é ina dheontaí, nó ina sheirbhíseach nó ina ghníomhaire don deontaí nó do na deontaithe, nó gan a bheith údaraithe go cuí mar atá ráite roimhe seo, aon deis nó ní eile a cuireadh san iascach sin nó ar an iascach sin nó thar an iascach sin agus a úsáidtear in oiliúint oisrí a aistriú nó a dhamáistiú nó cur isteach ar shlí eile ar an gcéanna, nó”.

AN TÁBLA

1. 256.—Faoi réir alt 11 agus fhorálacha na Caibidle seo, féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh chun iascach oisrí a bhunú nó a fheabhsú agus chun é a chothabháil agus a rialú ar chladach agus grinneall, nó lastuas de chladach agus grinneall, na mara nó inbhir nó abhann taoidmhire taobh thuas nó taobh thíos nó go páirteach taobh thuas agus go páirteach taobh thíos den mharc diathrá (agus gairtear an cladach sa Chaibidil seo den chladach agus den ghrinneall sin), agus, más inmhianaithe é, forálacha a chur iontu chun bord nó comhlacht a bhunú chun críche an ordaithe sin, ar iarratas a fháil don Aire ó aon duine ar mian leis ordú den sórt sin a fháil.

2. 261.—Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, ordú um iascach oisrí a leasú, i cibé slí is iomchuí leis tar éis féachaint do na himthosca ar dá mbarr is gá an t-ordú a leasú.

Leasú ar alt 297 den Phríomh-Acht.

71. —Leasaítear leis seo alt 297—

(a) trí “d'aon duine údaraithe” a chur in ionad “d'aon mhaor uisce nó d'aon oifigeach arna cheapadh ag an Aire” i bhfo-alt (1); agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2)  (a) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, oibreoidh barántas a eiseofar faoin alt seo chun a údarú don duine dá n-eiseofar é (agus a bheidh ainmnithe ann) gníomhú mar a leanas aon tráth réasúnach, nó aon tráthanna réasúnacha, laistigh de sheacht lá tar éis an barántas a eisiúint—

(i) dul isteach agus cuardach a dhéanamh, le forneart más gá, sa ghairdín, sa teach cónaithe nó i gcúirtealáiste an tí chónaithe a bheidh ainmnithe sa bharántas nó in aon déanmhas nó foirgneamh sa ghairdín nó sa chúirtealáiste sin.

(ii) a cheangal ar aon duine a gheofar ar an talamh sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó,

(iii) a cheangal ar dhuine atá ag áitiú na talún sin nó á rialú nó a bhfuil páirt aige ina bainistí a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó,

agus má bhíonn forais réasúnacha ag an duine atá ainmnithe amhlaidh chun bheith in amhras go bhfuil cion déanta nó á dhéanamh faoin Acht seo le haon ní nó i ndáil le haon ní a gheofar le linn an chuardaigh, féadfaidh an duine an ní sin nó aon ní eile a gheofar amhlaidh agus ar dóigh leis gur ní é a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo a urghabháil agus a choimeád.

 (b) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, oibreoidh barántas a eiseofar faoin alt seo chun a chumasú d'aon duine nó daoine díobh seo a leanas, eadhon, aon chomhalta den Gharda Síochána, aon oifigeach don Aire agus, i gcás an barántas a bheith eisithe d'oifigeach do bhord réigiúnach, aon duine eile a bheidh fostaithe ag an mbord sin le bheith i gcuideachta an duine a n-eiseofar an bárantas chuige agus cabhrú leis i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an mbarántas.

(3) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar do dhuine a bheidh ainmnithe i mbarántas a eiseofar faoin alt seo infheidhmithe ag an duine maidir le teach cónaithe ach amháin má bhíonn, agus fad a bheidh, comhalta den Gharda Síochána ina chuideachta.”;

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Más rud é ar fhaisnéis faoi mhionn gur dóigh le haon Bhreitheamh Dúiche nó Feidhmeannach Síochána go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar fhorálacha an Achta seo nó aon ionstraime arna déanamh faoi laistigh d'aon ghairdín iata nó d'aon teach cónaithe nó de chúirtealáiste aon tí chónaithe, féadfaidh sé le barantas faoina láimh a údarú d'aon duine údaraithe dul isteach sa ghairdín sin nó sa teach cónaithe sin nó i gcúirtealáiste an tí chónaithe sin, na tráthanna sin den lá nó den oíche a bheidh luaite sa bharántas.

Leasú ar alt 312 den Phríomh-Acht.

72. —Leasaítear leis seo alt 312 den Phríomh-Acht trí “más go hachomhair a ionchúiseofar é” a chur isteach i ndiaidh “a ionchúiseamh”, agus tá an t-alt sin 312, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

312. Féadfaidh an tAire cion faoi aon fhoráil den Acht seo a ionchúiseamh más go hachomair a ionchúiseofar é.

Leasú ar alt 19 d'Acht 1962.

73. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 19 d'Acht 1962 trí “leordhóthanach” a chur in ionad “chríochnaitheach” sa dá áit ina bhfuil sé, agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon deimhniú faoi láimh an chláraitheora long chun críocha an Merchant Shipping Act, 1894, agus an Achta Loingis Thráchtála, 1955 , ag aon phort cláraitheachta sa Stát á dheimhniú go bhfuil bád a bheidh sonraithe sa deimhniú gan bheith cláraithe de réir mhír (a) den mhíniú ar “bád iascaireachta mara Éireannach” (a cuireadh isteach leis an alt seo) in alt 219 den Phríomh-Acht sa phort cláraitheachta sin is fianaise leordhóthanach é nach bhfuil an bád cláraithe amhlaidh agus beidh deimhnithe mar a dúradh maidir le gach port cláraitheachta sa Stát ina bhfianaise leordhóthanach nach bhfuil an bád cláraithe amhlaidh sa Stát agus ní gá síniú chláraitheora a chruthú ná a chruthú gur cláraitheoir é iarbhír.

Leasú ar alt 59 d'Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 .

74. —Leasaítear leis seo mír (a) d'alt 59 (1) d'Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 , trí “nó fanacht orthu” a chur isteach i ndiaidh “ar a bhfeadh” i mír (a), agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(a) dul isteach ar bhruacha nó imill aon aibhneacha a thaithíos bradáin nó bric, nó ar bhruacha nó imill a suainmheachán, agus gabháil tríothu nó ar a bhfeadh nó fanacht orthu.

Leasú ar ailt 2 agus 19 den Acht Iascaigh (Leasú), 1978 .

75. —Leasaítear leis seo an tAcht Iascaigh (Leasú), 1978

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'alt 2 (2):

“(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh in aghaidh cosantóir a cúisíodh i gcion den sórt sin,”;

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 2:

“(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ionann is dá mba rud é, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin, gur sonraíodh ann an pionós agus an forghéilleadh (más ann) dá bhforáiltear, i ndáil leis an gcion sin ar é a thriail go hachomair, le fo-alt (2) den alt seo agus le Tábla II a ghabhann leis an alt seo, agus forléireofar dá réir sin an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin don phionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin,”; agus

(c) trí “Chaibidil II nó III de Chuid” a chur in ionad “Chuid II nó III de Chaibidil” i bhfo-alt (1) d'alt 19,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) I gcás a mbeartóidh Breitheamh Dúiche ordú a dhéanamh go scaoilfear ar bannaí cosantóir a bheidh os a chomhair agus é cúisithe i gcion faoi fhoráil de Chaibidil II nó III de Chuid XIII den Phríomh-Acht agus ar lasmuigh den Stát atá gnáthchónaí air, ordóidh sé (mura deimhin leis go bhféadfar na doiciméid go léir (lena n-áirítear díotáil) a cheanglaítear le dlí a sheirbheáil ar an gcosantóir i ndáil leis an gcúiseamh nó chun críche an chúisimh nó aon imeachtaí de dhroim an chúisimh nó a bhaineann leis a sheirbheáil go cuí ar an gcosantóir sa Stát) go bhféadfar na doiciméid sin, in ionad iad a sheirbheáil ar an gcosantóir, a sheirbheáil ar dhuine a bheidh sonraithe san ordú agus ar sa Stát atá gnáthchónaí air.

Cosaint d'alt 278 den Phríomh-Acht, a mhéid a bhaineann sé le Limistéar Bhun an Phobail agus d'alt 10 (1) d'Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961 .

76. —Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d'oibriú—

(a) alt 278 den Phríomh-Acht a mhéid a bhaineann sé le Líomatáiste Mhagh Bhile de réir bhrí Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 ,

(b) alt 10 (1) d'Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961 ,

agus beidh feidhm maidir leis an limistéar sin ag an alt sin 278, mar aon leis na forálacha den Phríomh-Acht atá curtha i mbaint le Limistéar sin Bhun an Phobail ag an alt sin 10 (1), arna leasú leis an Acht seo, ach sin faoi réir na modhnuithe céanna leis na modhnuithe lena raibh feidhm acu ina leith díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.