An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Achtacháin a Leasú)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Na Forálacha dá dTagraítear in Ailt 37, 38 agus 39

Ailt 37 , 38 agus 39.

1. I gcás a ndéanfar iarratas lena mbaineann an Sceideal seo, déanfaidh an t-iarratasóir:

(a) cóip den iarratas agus d'aon phlean a bhí ag gabháil leis a thaisceadh agus a choimeád ar taisce, san áit nó i ngach ceann de na háiteanna a bheidh ceaptha ag an Aire, ar feadh cibé tréimhse (is tréimhse nach lú ná trí sheachtain) a ordóidh an tAire,

(b) fógra a fhoilsiú i cibé nuachtáin a ordóidh an tAire á rá go ndearnadh an t-iarratas agus a inseoidh an áit nó na háiteanna ina bhféadfar an t-iarratas agus aon phlean a bhí ag gabháil leis a iniúchadh de bhun Airteagal 3 den Sceideal seo i rith tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (arb í an tréimhse í a bheidh ordaithe amhlaidh) agus a inseoidh freisin go bhféadfar fógra i dtaobh uiríolla nó agóidí maidir leis an údarás nó leis an ordú fála atá beartaithe, cibé acu é, a thabhairt i scríbhinn don Aire i rith na tréimhse sin (agus údaraítear leis seo na fógraí sin a thabhairt amhlaidh).

(c) tráth nach déanaí ná dhá sheachtain roimh dheireadh na tréimhse a bheidh ordaithe amhlaidh, fógra i scríbhinn ina mbeidh na sonraí a luaitear in Airteagal 2 den Sceideal seo agus a chomhlíonann ceanglais an Airteagail sin a sheirbheáil ar an úinéir, agus mura mbeidh an t-úinéir á áitiú, ar cibé duine nó daoine díobh seo a leanas is iomchuí sna himthosca, eadhon:

(i) úinéir an iascaigh, an áitribh nó na talún eile a bheartaítear a fháil más féidir an t-úinéir sin a fhionnadh amhlaidh, agus, mura mbeidh an t-úinéir sin á áitiú, áititheoir an iascaigh, an áitribh nó na talún eile sin,

(ii) úinéir na talún arb é an fothionóntán beartaithe é más féidir an t-úinéir sin a fhionnadh le fiosrú réasúnach agus, mura mbeidh an t-úinéir sin á áitiú, áititheoir na talún sin.

(iii) an duine ag a bhfuil teideal aon cheart a bheartaítear a fháil a theachtadh, más féidir an duine sin a fhionnadh amhlaidh,

(d) i gcás ar iarratas faoi alt 39 den Acht seo an t-iarratas, fógra i scríbhinn á rá go ndearnadh an t-iarratas a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse a bheidh ordaithe amhlaidh—

(i) ar an gCoimisiún agus na Coimisinéirí, agus

(ii) ar aon údarás pleanála ar laistigh dá limistéar feidhme atá an fothionóntán (nó aon chuid den fhothionóntán) lena mbaineann an t-iarratas.

2. Taispeánfaidh fógra dá dtagraítear in Airteagal 1 den Sceideal seo cá bhfuil an fothionóntán nó an talamh eile lena mbainfeadh an t-iarratas, dá ndeonófaí é, agus lena bhfuil baint ag an duine a bhfuil an fógra á sheirbheáil air.

3. I gcás iarratas lena mbaineann an Sceideal seo a dhéanamh, féadfaidh aon duine i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar de bhun Airteagal 1 den Sceideal seo aon iarratas agus aon doiciméad a taisceadh ina theannta a iniúchadh aon tráth réasúnach in áit a bheidh sonraithe san fhógra.

4. Ní foras chun agóide in aghaidh ordú fála a dhéanamh díospóid nó easaontas a bheith ann i dtaobh méid an chúitimh is iníoctha faoin Acht seo.

5. Beidh na daoine seo a leanas i dteideal éisteacht a fháil (i bpearsa nó trí abhcóide nó aturnae) nuair a bheidh iarratas lena mbaineann an Sceideal seo á éisteacht ag an Aire nó ar achomharc, eadhon:

(a) an t-iarratasóir,

(b) úinéir an iascaigh nó na talún a bheartaítear a fháil nó, más iomchuí, úinéir an fhothionóntáin bheartaithe,

(c) aon duine ag a bhfuil teideal aon cheart a bheartaítear a fháil a theachtadh,

(d) aon duine a mbeidh fógra tugtha aige go cuí i ndáil leis an iarratas de bhun Airteagal 1 (b) den Sceideal seo,

(e) i gcás ar iarratas faoi alt 39 den Acht seo an t-iarratas—

(i) an Coimisiún agus na Coimisinéirí, agus

(ii) an t-údarás pleanála ar a ndearnadh fógra i ndáil leis an iarratas a sheirbheáil de bhun Airteagal 1 (d) den Sceideal seo.

6. I gcás a ndéanfar iarratas ar ordú faoi alt 37 nó 39 den Acht seo beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an tAire, chun go bhféadfar úinéireacht fothionóntáin bheartaithe a fhionnadh, a ordú don iarratasóir fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine arb é áititheoir na talún é nó a fhaigheann, go díreach nó go neamhdhíreach, cíos i leith na talún, á cheangal air a chur in iúl i scríbhinn cén cineál leasa atá aige féin ann agus cad é ainm agus seoladh aon duine eile ar feasach dó leas a bheith aige ann, mar úinéir i bhfeo simplí, mar mhorgáistí, mar léasaí nó ar dhóigh eile,

(b) más deimhin leis an Aire nó leis an Eadránaí, cibé acu é, nach féidir, tar éis dianfhiosrú a dhéanamh, úinéir an iascaigh a bheartaítear a fháil nó, i gcás ar iarratas é ar ordú faoin alt sin 39 nó ar ordú faoin alt sin 37 á fhoráil go bhfaighfear cead slí, ceart rochtana nó ceart eile thar thalamh nó i dtalamh nó faoi thalamh, úinéir an fhothionóntáin bheartaithe, a fháil nó a fhionnadh, féadfar an t-iarratas nó achomharc faoin alt sin 37 nó 39 a éisteacht agus a chinneadh d'ainneoin nach féidir an t-úinéir sin a fháil nó a fhionnadh.

7. Maidir le gach ordú fála—

(a) i gcás ar ordú faoi alt 39 den Acht seo an t-ordú nó ar ordú é faoi alt 37 den Acht seo á fhoráil go bhfaighfear ceart rochtana—

(i) beidh léarscáil i gceangal leis a thaispeánfaidh conair an chirt slí nó an chirt rochtana a bunaíodh nó a fuarthas leis an ordú sin agus a mhéid,

(ii) faoi réir cibé sriantachtaí agus forálacha (más ann) a shonrófar ann, oibreoidh sé chun go ndeonófar don iarratasóir an ceart slí nó an ceart rochtana saor ó gach éileamh agus ó gach ceart eile de chuid aon duine eile,

(iii) i gcás ar faoi alt 39 den Acht seo a dhéanfar an t-ordú, beidh sé sainráite ann agus oibreoidh sé chun go dtabharfar, de réir mar a fhoráiltear leis an ordú, ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon, eadhon:

(A) do chomhaltaí, oifigigh, seirbhísigh, gníomhairí agus ceadúnaithe an Phríomh-Bhoird nó an bhoird réigiúnaigh ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an fothionóntán iomchuí go hiomlán nó go páirteach, chun go bhféadfar suirbhéanna a dhéanamh nó oibreacha feabhsúcháin nó oibreacha eile i ndáil le hiascach a chur i gcrích, ceart gabhála agus athghabhála gach tráth réasúnach i dteannta nó d'éagmais feithiclí (luchtaithe nó neamhluchtaithe) nó innealra nó trealamh eile nó ainmhithe feadh na conaire sin thar an talamh a bhfuil an ceart slí sin infheidhmithe thairsti,

(B) d'aon duine ceart gabhála agus athghabhála chun go mbeadh rochtain aige chun uiscí iascaireachta agus iascaireacht a dhéanamh go dleathach iontu (ó bhruacha na n-uiscí sin nó ar dhóigh eile), mar aon le ceart chun úsáid réasúnach a bhaint, le haghaidh iascaireachta, as aon bhruach nó as aon chuid eile den fhothionóntán is cuid d'iascach nó atá díreach lena ais,

(b) i gcás ar ordú faoi alt 37 den Acht seo an t-ordú—

(i) beidh sé sainráite ann agus oibreoidh sé chun go n-aistreofar chuig an bPríomh-Bhord, ar an agus ón dáta a bheidh sonraithe ann chuige sin, an t-eastát, an ceart, an teideal agus an leas uile san iascach iomchuí a bhí ag an duine óna bhfuarthas é, saor ó eirí agus ó gach uile eastát agus leas ann (seachas cibé ceart duánachta, más ann, a fhorchoimeádfar leis an ordú) mar aon le cibé ceann díobh seo a leanas (más ann) a shonróidh an t-ordú, eadhon, aon eastát nó leas eile i dtalamh nó aon eastát nó leas in aon chead slí, ceart rochtana nó éasúint eile nó ceart eile thar thalamh nó uisce, nó ann nó faoi, agus i gcás a sonróidh an t-ordú é, oibreoidh sé chun grinneall agus ithir na n-uiscí arb iad an t-iascach iad a aistriú i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach uile eastát agus leas den sórt sin ann,

(ii) tabharfaidh sé tuairisc ar an iascach a fuarthas leis an ordú, sonróidh sé na bealaí rochtana chuige a fuarthas amhlaidh (má fuarthas) agus beidh léarscáil i gceangal leis a thaispeánfaidh achar agus suíomh an iascaigh sin agus aon bhealach rochtana den sórt sin,

(iii) beidh sé inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar chineál agus ar achar an iascaigh iomchuí mar a bheidh luaite ann.

8. (1) I gcás a ndéanfaidh an tAire cinneadh faoi alt 37 den Acht seo nó a ndéanfar ordú faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo, tiocfaidh an cinneadh nó an t-ordú i bhfeidhm—

(a) i gcás nach ndéanfar aon achomharc ina leith faoin Acht seo, nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh,

(b) i gcás a ndéanfar achomharc den sórt sin agus go dtarraingeofar siar an t-achomharc, nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse a luaitear i bhfomhír (a) den mhír seo nó ar an lá díreach tar éis an lae ar a dtarraingeofar siar an t-achomharc, cibé acu is deireanaí.

(2) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú lena mbaineann an Sceideal seo agus go ndéanfaidh an tEadránaí é a dhaingniú nó a athrú de dhroim achomhairc faoin Acht seo, nó i gcás a ndéanfaidh an tEadránaí diúltú ón Aire a dheimhniú amhlaidh nó a ndéanfaidh sé aon chinneadh eile de dhroim achomhairc faoin Acht seo, ansin, mura n-ordóidh an tEadránaí a mhalairt, tiocfaidh an cinneadh ar an achomharc i bhfeidhm an lá díreach tar éis an lae ar a ndéanfar an cinneadh, agus, i gcás a dtabharfaidh an tEadránaí ordachán faoin bhfomhír seo, tiocfaidh an cinneadh lena mbaineann an t-ordachán i bhfeidhm an lá a shonrófar san ordachán sin.

9. Féadfaidh ordú lena mbaineann an Sceideal seo forálacha a bheith ann á údarú don duine ar ina fhabhar a rinneadh é, tráth ar bith sula gcinnfear an cúiteamh is iníoctha faoin Acht seo maidir leis an iascach nó leis an talamh eile nó le ceart thar thalamh nó uisce, nó ann nó faoi, a bheidh á fháil faoin ordú, dul isteach ar an talamh sin agus seilbh a ghlacadh air agus é a úsáid nó an ceart sin a fheidhmiú i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a bheidh tugtha leis an ordú, agus, i gcás forálacha den sórt sin a bheith san ordú, beidh forálacha ann freisin—

(a) á cheangal ar an duine sin, i gcás an duine do dhul isteach agus do ghlacadh seilbh amhlaidh ar an talamh nó d'fheidhmiú an chirt sin amhlaidh, ús a íoc ar mhéid an chúitimh is iníoctha amhlaidh de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham, ón dáta ar ar feidhmíodh an ceart sin go dtí go n-íocfar é,

(b) á cheangal ar an duine ar ina fhabhar a rinneadh an t-ordú, i gcás an duine do dhul isteach agus do ghlacadh seilbh amhlaidh ar an talamh nó d'fheidhmiú aon chirt amhlaidh thar thalamh nó uisce, nó ann nó faoi, fógra i scríbhinn a thabhairt mí ar a laghad roimh ré d'áititheoir na talún á rá go bhfuil ar intinn aige an ceart sin a fheidhmiú amhlaidh,

(c) á údarú don duine sin an fógra a dúradh a sheirbheáil ar dhuine trína chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuig an duine ag a ghnáthsheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige agus á mheas go ndearnadh an fógra a sheirbheáil ar an duine an tráth a sheachadfaí an clúdach i ngnáthchúrsa an phoist agus, i gcás nach féidir seoladh an duine a fhionnadh le fiosrú réasúnach, á údarú don duine ar ina fhabhar a rinneadh an t-ordú an fógra a sheirbheáil trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an talamh lena mbaineann sé nó ina aice agus á údarú an clúdach a dhíriú chuig an duine dá bhfuil sé ceaptha, i gcás nach féidir a ainm a fhionnadh le fiosrú réasúnach, trína dhíriú go dtí “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” (de réir mar is gá sa chás) gan é a ainmniú.

10. I gcás a ndéanfar ordú faoi alt 37 nó 38 den Acht seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) oibreoidh ordú, ar a thosach feidhme agus uaidh sin amach, chun na heastáit, na hiontaobhais agus na heirí go léir a bheidh ar marthain i leith leas an duine san iascach nó i dtalamh nó in uisce eile díreach roimh dháta an ordaithe a aistriú chun an méid iomchuí a íocfar faoin Acht seo le duine mar chúiteamh agus a chur in astú sa mhéid sin, agus

(b) beidh an méid sin, ó thaobh aon chearta nó éilimh a bheidh ar marthain díreach roimh dháta an ordaithe, i leith an leasa sin nó ina choinne, in ionannas an leasa sin chun gach críche.

11. (1) Aon uair a thabharfaidh an tAire údarás faoi alt 37 (1) den Acht seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis an t-údarás a thabhairt, cóip den údarás a sheirbheáil ar úinéir an iascaigh lena mbaineann an t-údarás, agus ar aon duine (seachas an t-úinéir sin) a thug fógra go cuí i ndáil leis an údarás de bhun Airteagal 1 (b) den Sceideal seo i dtaobh an údaráis.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a dhéanamh, fógra á rá go ndearnadh an t-ordú sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus inseoidh an fógra sin cad é an tréimhse ina bhféadfar achomharc a dhéanamh faoin alt sin 37, 38 nó 39, agus déanfaidh sé cóip den ordú a sheirbheáil, a luaithe is féidir, ar úinéir an iascaigh lena mbaineann an t-ordú.

12. (1) I gcás a ndéanfar iascach nó aon talamh a aistriú chun an Phríomh-Bhoird de bhua ordú faoin Acht seo, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , ar chóip den ordú faoi shéala oifigiúil an Aire a thabhairt ar aird, an Príomh-Bhord a chlárú sa chlár cuí a bheidh á chothabháil faoin Acht sin mar úinéir (de réir bhrí an Achta sin) an iascaigh nó na talún eile agus cuirfidh an t-údarás faoi deara ina theannta sin cibé athruithe eile (más ann) a dhéanamh sa chlár sin is iomchuí ag féachaint do théarmaí an ordaithe.

(2) Má tá talamh ar bunaíodh ceart slí thairsti le hordú faoi alt 39 den Acht seo cláraithe, nó má mheastar é a bheith cláraithe, faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar chóip den ordú faoi shéala oifigiúil an Aire a thabhairt ar aird, an ceart slí sin a chlárú mar ualach a théann i gcion ar an talamh sin.

(3) Ní bheidh aon táille iníoctha i leith aon imeachtaí i gClárlann na Talún faoin Airteagal seo.

13. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht ná d'éifeacht ordú lena mbaineann an Sceideal seo aon fhoráil dá bhfuil sa Sceideal seo a fhágáil gan chomhlíonadh, is foráil a bhaineann le cóip den ordú sin a sheirbheáil ar dhuine áirithe nó le fógra á rá go ndearnadh an t-ordú sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

14. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “an Coimisiún” Coimisún Talún na hÉireann;

ciallaíonn “ordú fála” ordú arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

1919, c. 57

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht Airgid, 1925

1925, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais, 1940

1940, Uimh. 14

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1978

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1959, Uimh. 14

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1962

1962, Uimh. 31

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1978

1978, Uimh. 18

An tAcht Imeall Trágha, 1933

1933, Uimh. 12

Na hAchtanna Foraoiseachta, 1919 agus 1928

Na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976

Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952

1952, Uimh. 5

Lands Clauses Consolidation Act, 1845

1845, c. 18

Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926

1926, Uimh. 39

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976

An tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959

1959, Uimh. 22

An tAcht Loingis Thráchtála, 1955

1955, Uimh. 29

Merchant Shipping Act, 1894

1894, c. 60

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976

1976, Uimh. 22

Valuation (Ireland) Act, 1854

1854, c. 8