An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CAIBIDIL II Réigiúin Iascaigh agus Boird Réigiúnacha)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

CUID II

An Príomh-Bhord Iascaigh agus Boird Iascaigh Réigiúnacha

CAIBIDIL I

An Príomh-Bhord Iascaigh

An Príomh-Bhord Iascaigh.

7. —(1) Bunófar ar an lá ceaptha comhlacht ar a dtabharfar an Príomh-Bhord Iascaigh (comhlacht dá ngairtear “an Príomh-Bhord” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht, maidir leis an bPríomh-Bhord, le forálacha Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Feidhmeanna an Phríomh-Bhoird.

8. —(1) (a) Ní mór don Príomh-Bhord—

(i) comheagrú a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhfeidhmeanna ag boird réigiúnacha a shanntar dóibh faoin Acht seo agus, i gcás ar dóigh leis gur gá sin a dhéanamh, a ordú go gcomhlíonfaidh siad na feidhmeanna sin,

(ii) a áirithiú go ndéanfar aon iascach, gorlann nó feirm éisc atá ina sheilbh nó ar áitiú aige a bhain istí, a chaomhnú, a chosaint, a fhorbairt agus a fheabhsú, nó go ndéileálfar leis an gcéanna ar dhóigh eile, go cuí agus de réir aon ordachán ón Aire faoi mhír (b) den fho-alt seo,

(iii) a áirithiú go gcuirfear i gcrích na hordacháin a thabharfaidh an tAire faoin alt seo,

agus áiritheoidh an Príomh-Bhord, le linn dó an fheidhm a luaitear i bhfomhír (i) den mír seo a chomhlíonadh, go mbeidh aird ag na boird réigiúnacha, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, ar cibé ordacháin ón Aire faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham ordacháin a thabhairt don Phríomh-Bhord ina mbeidh beartas ginearálta le haghaidh bainistí, caomhnú, cosaint, forbairt agus feabhsú iascach nó le haghaidh maoracha a chosaint, agus déanfaidh an Príomh-Bhord, má ordaíonn an tAire dó é, aon ordachán a thug an tAire faoin mír seo a chur in iúl a luaithe is féidir do gach bord réigiúnach.

(c)  (i) Déanfaidh an Príomh-Bhord, laistigh de thréimhse dhá bhliain dar tosach an lá ceaptha (nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire), clár forbartha iascaigh intíre a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena mheas.

(ii) I gcás a mbeidh clár forbartha ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire faoin bhfo-alt seo ag an bPríomh-Bhord, déanfaidh sé ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, agus uair amháin ar a laghad gach cúig bliana tar éis an dáta a cuireadh an clár faoi bhráid an Aire, an clár a athbhreithniú agus aon chlaochlú is cuí leis a dhéanamh air trína athrú nó trí ábhar a chur leis nó a scriosadh as agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe faoi bhráid an Aire lena meas.

(iii) Féadfaidh clár faoin bhfo-alt seo moltaí a bheith ann i dtaobh caomhnú iascach intíre agus féadfaidh sé aird a thabhairt ar aon chlár faoi alt 11 den Acht seo.

(d) Féadfaidh an Príomh-Bhord moltaí a dhéanamh don Aire i dtaobh an tAire d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 29 d'Acht 1962, leibhéil rátaí iascaigh, dleachtanna ceadúnais iascaigh is iníoctha faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus tobhaigh is iníoctha faoi alt 55 den Acht seo.

(e)  (i) Féadfaidh an Príomh-Bhord le ceadú an Aire cúrsaí oideachais nó saoráidí chun daoine a oiliúint nó a theagasc ar shlí eile a chur ar fáil in aon ábhar a bhaineann le bainistí, caomhnú, cosaint, forbairt nó feabhsú iascach,

(ii) faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh an Príomh-Bhord, maidir le haon chúrsa nó saoráid a bheidh curtha ar fáil de bhun na míre seo, táillí a mhuirearú a mbeidh cibé méid iontu a bheidh ceadaithe amhlaidh.

(f) Féadfaidh an Príomh-Bhord, faoi réir cibé táillí a chinnfidh sé a íoc leis, cibé seirbhísí is cuí leis a chur ar fáil maidir le bainistí, caomhnú, cosaint, forbairt nó feabhsú iascach, nó maidir le cibé ábhar eile a bhaineann le hiascaigh, nó maidir le cibé ábhar eile a bhaineann leis sin amhlaidh, a chur chun cinn.

(g) Faoi réir alt 2(2) den Acht seo, féadfaidh an Príomh-Bhord maidir le haon iascach cibé taighde nó obair thurgnamhach a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ach ní fhorléireofar an mhír seo mar ní a chuireann ar chumas an Phríomh-Bhoird taighde nó obair thurgnamhach a dhéanamh ar aon speiceas éisc nó i ndáil le haon speiceas éisc is iasc mara de réir bhrí Chuid XIII den Phríomh-Acht, seachas taighde atá cosúil nó ar aon dul le taighde i ndáil le hiasc mara a bhí ar siúl ag an Iontaobhas sular díscaoileadh é.

(2) Féadfaidh an Príomh-Bhord aon iascach, gorlann nó feirm éisc atá ina sheilbh nó ar áitiú aige a chur, ar feadh cibé tréimhse ama agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh sé, faoi chúram agus faoi bhainistí boird réigiúnaigh.

(3) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a údarú don Phríomh-Bhord gabháil do phróiseáil agus do mhargaíocht cibé speiceas éisc a bheidh sonraithe san údarás.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna eile is cuí leis a shannadh don Phríomh-Bhord i ndáil le hiascaigh (ar feidhmeanna iad i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar don Phríomh-Bhord leis an Acht seo).

Maoin áirithe de chuid bord coimeádaithe a aistriú chuig an bPríomh-Bhord.

9. —(1) Déanfar ar an lá ceaptha an mhaoin seo a leanas (lena n-áirítear gach uile éasúint, ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin), is maoin atá ar áitiú ag boird choimeádaithe nó thar a gceann, a aistriú chuig an bPríomh-Bhord, is é sin le rá, an mhaoin ar a dtugtar—

(a) Gorlann Loch Cheathrú Mhór, Contae Mhaigh Eo,

(b) Gorlann Inis Tíog, Contae Chill Chainnigh,

(c) Gorlann Mhala agus Cora Ros na Laoi, Contae Chorcaí,

(d) Gorlann Chonga, Contae na Gaillimhe,

(e) Gorlann agus Cora Eascanna Achadh an Iúir, Contae an Chabháin,

agus a bhfuil tuairisc ar gach ceann díobh sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, lena n-áirítear na foirgnimh, na hoifigí agus na fothithe orthu agus aon innealra, trealamh nó maoin shochorraithe eile a bhí ar an maoin sin díreach roimh an lá ceaptha agus a bhí á n-úsáid i gcóir oiliúna éisc nó i ndáil leis sin.

(2) An mhaoin dá dtagraítear san alt seo tiocfaidh sí, an lá ceaptha, gan aon tíolacadh ná sannadh, chun bheith agus beidh sí dílsithe don Phríomh-Bhord nó ina maoin de chuid an Phríomh-Bhoird nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha (de réir mar a dhlífidh an cás) don Phríomh-Bhord go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir ar a raibh sí ar teachtadh díreach roimh an lá ceaptha ach sin faoi réir na n-iontaobhas, na gcothromas, na leasanna, na gcoinníollacha, na gcearta agus na gceanglas reachtúil go léir a dhéanann difear don mhaoin agus a bhí ann agus infheidhmithe an tráth sin.

(3) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear aon dliteanas neamhleachtaithe) a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dlite agus gan íoc agus tabhaithe agus gan ghlanadh ag bord coimeádaithe i ndáil le haon mhaoin a aistreofar chuig an bPríomh-Bhord leis an alt seo, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá ceaptha agus dá éis, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an bPríomh-Bhord agus íocfaidh nó glanfaidh an Príomh-Bhord é agus féadfar é a ghnóthú ón bPríomh-Bhord nó a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin.

(4) Más rud é de bhua an ailt seo go mbeidh aon éasúint nó ceart eile thar thalamh nó aon eastát nó leas eile i dtalamh dílsithe don Phríomh-Bhord nó go dtiocfaidh sin chun bheith ina mhaoin de chuid an Phríomh-Bhoird nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníll don Phríomh-Bhord agus díreach roimh an lá ceaptha go raibh an ceart sin nó an t-eastát nó an leas eile sin dílsithe do dhuine seachas bord coimeádaithe nó ina mhaoin dá chuid nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníll dó, beidh cúiteamh iníoctha—

(a) i leith an chirt nó an eastáit nó an leasa eile a fuair an Príomh-Bhord de bhua an ailt seo,

(b) i leith aon laghdú eile ar luach aon chirt thar thalamh nó eastáit nó leasa eile de chuid an duine sin mar gheall ar an bhfáil sin,

(c) i leith aon chaillteanais eile a thabhaigh duine mar gheall ar an bhfáil sin,

agus íocfaidh an Príomh-Bhord an cúiteamh mar aon le haon ús is iníoctha air de bhua an fho-ailt seo.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3), (6), (7) agus (8) d'alt 43 den Acht seo maidir le cúiteamh is iníoctha faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le cúiteamh is iníoctha faoin alt sin.

(6) Forléireofar tagairtí san alt seo do bhord coimeádaithe mar thagairtí a fholaíonn tagairt do dhuine a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ceaptha faoi alt 51 den Phríomh-Acht.