An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL V Boird Choimeádaithe agus an tIontaobhas Iascaigh Intíre a Dhíscaoileadh) Ar Aghaidh (CUID IV Imeachtaí Dlí, Pionóis, etc.)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

CUID III

Iascaigh a Fháil agus a Aistriú, etc.

Iascaigh a fháil, etc.

37. —(1) I gcás ar deimhin leis an Aire tar éis don Phríomh-Bhord iarratas a dhéanamh chuige—

(a) gur gá, chun go bhféadfaí clár forbartha a d'ullmhaigh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach a chur i gcrích, iascach áirithe a fháil faoin alt seo, nó

(b) gur fóirsteanach, chun aon iascach a bhainistí, a oibriú, a chosaint, a chaomhnú nó a fhorbairt de réir chlár den sórt sin, an t-iascach a fháil faoin alt seo,

féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, a údarú don Phríomh-Bhord é a fháil.

(2) (a) Féadfaidh an Príomh-Bhord iascach lena mbaineann údarás faoi fho-alt (1) den alt seo a fháil trí chomhaontú nó, d'éagmais comhaontaithe, trí ordú faoin alt seo arna dhéanamh ag an Aire.

(b) Forléireofar mír (a) den fho-alt seo mar mhír a chuireann ar chumas an Phríomh-Bhoird ceachtar den dá ní seo a leanas, nó iad araon, a fháil trí chomhaontú nó trí ordú faoin alt seo:

(i) grinneall agus ithir uiscí nuair is cuid d'iascach iad,

(ii) aon eastát nó leas i dtalamh, nó aon chead slí, ceart rochtana nó éasúint eile nó aon cheart eile thar thalamh nó ar thalamh nó faoi thalamh atá ag teastáil, i dtuairim an Príomh-Bhoird, chun an t-iascach atá á fháil faoin gcomhaontú nó faoin ordú a bhuanchoimeád, a chaomhnú, a oibriú, a fhorbairt nó a fheabhsú, nó atá ag teastáil i ndáil leis sin.

(3) (a) Taispeánfaidh gach iarratas ar údarás faoin alt seo chun cead slí nó ceart slí a fháil, faoi threoir plean a chuirfear ag gabháil leis an iarratas, an cead slí nó an ceart slí a bhféachtar lena fháil.

(b) Le linn cinneadh a bheith á dhéanamh faoin alt seo ar iarratas chun cead slí nó ceart slí a fháil, féadfaidh an tAire nó an tEadránaí, más cuí leis, cead slí ar an bhfothionóntán beartaithe nó thairis nó faoi, nó ceart slí thar an tionóntán sin, de chineál seachas an cineál a bheidh sonraithe san iarratas a lamháil; ar choinníoll nach bhfeidhmeoidh an tAire ná an tEadránaí an chumhacht a thugtar dó leis an mír seo gan caoi a thabhairt i dtosach don duine a ndearnadh, de bhun Airteagal 1 (c) (i) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, fógra a sheirbheáil air, á rá cén fáth nár chóir an chumhacht a fheidhmiú.

(4) Sula dtabharfaidh an tAire údarás faoi fho-alt (1) den alt seo glacfaidh sé comhairle (i dteannta comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais) le cibé Aire eile de chuid an Rialtais, más ann, ar dealraitheach don Aire go mbaineann sé leis.

(5) I gcás a mbeartófar go bhfaighidh an Príomh-Bhord iascach faoin alt seo agus gur deimhin leis an Aire go bhfuil ceart iascaireachta ag an bpobal i ndáil leis an iascach, ní bhfaighfear an t-iascach amhlaidh ach amháin más deimhin leis an Aire, d'ainneoin an ceart sin a bheith ann, gur le leas an phobail é an t-iascach a fháil amhlaidh.

(6) (a) Aon duine arb éagóir leis údarás ón Aire faoi fho-alt (1) den alt seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an lae a tugadh an t-údarás, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an údaráis, agus féadfaidh an tEadránaí de dhroim an achomhairc sin an t-údarás a dhaingniú nó a neamhniú.

(b) Aon duine arb éagóir leis ordú a rinne an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an lae a rinneadh an t-ordú, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an ordaithe, agus féadfaidh an tEadránaí de dhroim an achomhairc sin an t-ordú mar a rinne an tAire é a dhaingniú nó an t-ordú a dhaingniú fara cibé modhnuithe is iomchuí leis.

(7) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann toirmeasc nó srian ar an bPríomh-Bhord aon iascach is leis an Aire a fháil ón Aire ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontófar.

(8) Ní údaróidh aon ní san alt seo don Phríomh-Bhord go bhfaighidh sé go héigeantach—

(a) aon talamh atá dílsithe don Stát nó aon cheart thar an talamh sin, nó ann nó faoi nó ina leith;

(b) aon teach cónaithe nó a chúirtealáiste, nó aon áitreabh iata, clós, garraí nó talamh atá comhghabhálach le teach cónaithe nó aon cheart thar áitreabh, clós, garraí nó talamh den sórt sin nó ann nó faoi nó ina leith.

(9) Ní údaróidh aon ní san alt seo don Phríomh-Bhord aon talamh atá faoi réir blianachta ceannaigh talún ná aon cheart thar thalamh den sórt sin nó ann nó faoi nó ina leith a fháil (go héigeantach nó trí chomhaontú) gan toiliú ó Choimisiún Talún na hÉireann.

(10) I gcás an Príomh-Bhord d'fháil iascaigh faoin alt seo, ansin, d'ainneoin aon cheart iascaireachta a bheith ag an bpobal i ndáil leis an iascach, beidh de chumhacht ag an bPríomh-Bhord tógáil éisc as an iascach a thoirmeasc nó a rialú.

(11) Beidh feidhm, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, ag na forálacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil le haon cheann nó le gach ceann díobh seo a leanas, is é sin le rá, iarratas chun an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, údarás nó ordú faoin alt seo, iarratas ar ordú den sórt sin, nó cinneadh ag an Aire nó achomharc chun an Eadránaí faoin alt seo.

Codanna d'aibhneacha nó de lochanna atá tadhlach le hiascaigh chora (fíoruisce) áirithe a fháil.

38. —(1) I gcás nach mbeidh grinneall agus ithir aon choda d'abhainn nó de loch atá tadhlach le hiascach lena mbaineann an t-alt seo faoin úinéireacht chéanna leis an iascach sin, féadfaidh an tAire, le hordú, más dóigh leis go bhfuil sé riachtanach nó fóirsteanach chun an t-iascach sin a chothabháil, a oibriú, a fheabhsú nó a fhorbairt, cibé méid den ghrinneall agus den ithir sin, nach mó ná caoga slat (45.72 méadar) lastuas nó laistíos, nó caoga slat (45.72 méadar) lastuas agus caoga slat (45.72 méadar) laistíos, den iascach sin a aistriú—

(a) i gcás an grinneall agus an ithir sin a bheith tadhlach le hiascach is leis an Aire, chun an Aire,

(b) i gcás an grinneall agus an ithir sin a bheith tadhlach le hiascach a fuair an Príomh-Bhord faoi alt 37 den Acht seo, chun an Phríomh-Bhoird,

de réir mar a shonroidh an tAire san ordú.

(2) Maidir le hordú faoin alt seo, beidh sé sainráite ann agus oibreoidh sé chun grinneall agus ithir na coda den abhainn nó den loch lena mbaineann an t-ordú a aistriú chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird, de réir mar a bheidh, amhail ar agus ón dáta a bheidh sonraithe chuige sin san ordú, i bhfeo simplí, saor ó eirí agus ó gach eastát agus leas sa chéanna (seachas cibé ceart duánachta, más ann, a fhorchoiméadfar leis an ordú).

(3) Bainfidh alt 37 (6) (b) den Acht seo agus Airteagail 4, 5, 8 agus 9 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, modhnaithe mar is gá, le hordú faoin alt seo.

(4) Ní chuirfidh aon ní san alt seo ar chumas an Phríomh-Bhoird aon talamh atá dílsithe don Stát a fháil go héigeantach.

(5) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo cuirfidh sé faoi deara cóip den ordú sin a sheirbheáil ar úinéir ghrinneall agus ithir na habhann nó an locha lena mbaineann an t-ordú sin.

(6) Baineann an t-alt seo le hiascach is leis an Aire nó a fuair an Príomh-Bhord faoi alt 37 den Acht seo agus arb é atá ann, i gceachtar cás, iascach cora (fíoruisce).

(7) San alt seo ciallaíonn “iascach cora (fíoruisce)” iascach bradán, breac nó eascann a sheoltar i bhfíoruisce trí bhíthin cora iascaireachta agus déanmhas na cora sin agus an talamh ar a bhfuil an chora sin tógtha agus gach ceart eile chun bradáin, bric agus eascanna a iascaireacht san iascach sin nó ar láthair an iascaigh sin.

Ceart slí (fáil).

39. —(1) Féadfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach ordú faoin alt seo a iarraidh ar an Aire chun ceart slí (dá ngairtear “an ceart slí a éilítear”) a fháil go héigeantach ar chonair áirithe thar aon talamh.

(2) Taispeánfaidh gach iarratas ar ordú faoin alt seo, faoi threoir plean a chuirfear ag gabháil leis an iarratas, an ceart slí a bhféachtar lena fháil.

(3) I gcás a ndéanfar iarratas ar ordú faoin alt seo, beidh feidhm, faoi réir fho-alt (4) den alt seo, ag na forálacha seo a leanas:

(a) Féadfaidh an tAire, tar éis an t-iarratas a bhreithniú—

(i) más deimhin leis go bhfuil an ceart slí a lorgaítear ag teastáil chun a chur ar chumas an iarratasóra feidhm a sannadh don iarratasóir faoin Acht seo a chomhlíonadh nó go bhfuil sé riachtanach chun go mbeadh rochtain ag iascairí chuig uiscí iascaireachta chun iascaireacht a dhéanamh go dleathach agus gur ní réasúnach, i gceachtar cás, ordú a dhéanamh faoin alt seo, in imthosca an cháis, ordú a dhéanamh ag bunú ceart slí (arb é a bheidh ann, de réir mar is cuí leis, an ceart slí a éilítear nó ceart slí eile) thar an bhfothionóntán beartaithe, nó

(ii) diúltú don iarratas;

(b) má dhéanann an tAire ordú faoin alt seo, féadfaidh áititheoir nó úinéir an fhothionóntáin bheartaithe, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a rinneadh an t-ordú, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an ordaithe, agus féadfaidh an tEadránaí, de dhroim an achomhairc sin—

(i) más deimhin leis amhlaidh, an t-ordú a dhaingniú, nó an t-ordú a dhaingniú ach athrú a dhéanamh ar chonair an cheart slí a bunaíodh leis an ordú thar an bhfothionóntán beartaithe, nó

(ii) mura deimhin leis amhlaidh, an t-ordú a chúlghairm;

(c) má dhiúltaíonn an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an diúltaithe sin, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an diúltaithe sin, agus féadfaidh an tEadránaí, de dhroim an achomhairc sin—

(i) an diúltú a dhaingniú, nó

(ii) más deimhin leis amhlaidh, ordú a dhéanamh faoin alt seo ag bunú ceart slí (arb é a bheidh ann, de réir mar is cuí leis, an ceart slí a éilítear nó ceart slí eile) thar an bhfothionóntán beartaithe;

(d) má dhéanann an tAire ordú faoin alt seo ach go mbunaíonn sé leis sin ceart slí seachas an ceart slí a éilítear, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a rinneadh an t-ordú, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an ordaithe, sa mhéid go mbunaíonn sé ceart slí seachas an ceart slí a éilítear, agus féadfaidh an tEadránaí, de dhroim an achomhairc sin—

(i) an t-ordú mar a rinne an tAire é a dhaingniú, nó

(ii) an t-ordú sin a athrú trí cheart slí a lamháil thar an bhfothionóntán beartaithe de chineál seachas an cineál a bheidh sonraithe san ordú.

(4) I gcás a ndéanfar iarratas faoin alt seo, ní fheidhmeoidh an tAire ná an tEadránaí an chumhacht a thugtar dó leis an alt seo chun ceart slí a bhunú nó a lamháil de chineál seachas an cineál a thaispeántar de réir fho-alt (2) den alt seo gan caoi a thabhairt i dtosach don duine a ndearnadh, de bhun Airteagal 1 (c) (i) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, fógra a sheirbheáil air, á rá cén fáth nár chóir an chumhacht a fheidhmiú.

(5) Beidh feidhm, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, ag na forálacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil le hordú faoin alt seo nó le hiarratas ar ordú den sórt sin.

Na Coimisinéirí d'aistriú iascach chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird.

40. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí le hordú faoina séala eastát agus leas uile na gCoimisinéirí in aon iascach nó ceart iascaireachta atá ina seilbh nó ar áitiú ag na Coimisinéirí agus, freisin, aon talamh, cead slí, ceart uisce, ceart rochtana nó éasúint eile nó ceart eile atá ina seilbh nó ar áitiú ag na Coimisinéirí agus atá coimhdeach le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta den sórt sin a aistreofar amhlaidh a aistriú chun an Aire nó, le toiliú an Aire, chun an Phríomh-Bhoird, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh na Coimisinéirí agus an tAire eatarthu le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Oibreoidh ordú faoin alt seo chun eastát agus leas uile na gCoimisinéirí i ngach iascach agus i ngach ceart iascaireachta agus sna tailte, sna ceadanna slí, sna cearta uisce, sna cearta rochtana agus sna héasúintí nó sna cearta eile go léir a airbheartaítear a bheith aistrithe chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird leis an ordú a dhílsiú, gan aon tíolacadh breise ná tíolacadh eile, don Aire nó don Phríomh-Bhord, de réir mar is iomchuí.

Coimisiún Talún na hÉireann d'aistriú iascach chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird.

41. —(1) Féadfaidh Coimisiún Talún na hÉireann le hordú faoina séala eastát agus leas uile an Choimisiúin sin in aon iascach nó ceart iascaireachta atá ina sheilbh nó ar áitiú ag an gCoimisiún sin agus, freisin, aon talamh, cead slí, ceart uisce, ceart rochtana nó éasúint eile nó ceart eile i dtalamh nó thar thalamh nó faoi thalamh atá ina sheilbh nó ar áitiú ag an gCoimisiún sin agus atá coimhdeach le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta den sórt sin a aistreofar amhlaidh a aistriú chun an Aire nó, le toiliú an Aire, chun an Phríomh-Bhoird, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an Coimisiún agus an tAire eatarthu le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Oibreoidh ordú faoin alt seo chun eastát agus leas uile Choimisiún Talún na hÉireann i ngach iascach agus i ngach ceart iascaireachta agus sna tailte, sna ceadanna slí, sna cearta uisce, sna cearta rochtana agus sna héasúintí nó sna cearta eile go léir a airbheartaítear a bheith aistrithe chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird leis an ordú sin a dhílsiú, gan aon tíolacadh breise ná tíolacadh eile, don Aire nó don Phríomh-Bhord, de réir mar is iomchuí.

An tAire d'aistriú iascach áirithe chun an Phríomh-Bhoird.

42. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach nó ceart iascaireachta lena mbaineann an t-alt seo a aistriú, le hordú, chun an Phríomh-Bhoird.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta a fuair an tAire nó a dílsíodh dó faoi na hAchtanna Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoi na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976, nó a dílsíodh amhlaidh de bhua an Ordaithe Foraoiseachta (Seirbhísí Poiblí d'Athroinnt), 1933,

(b) le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta a aistríodh chun an Aire faoi alt 40 nó 41 den Acht seo,

(c) le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta a fuair an tAire ar shlí eile.

(3) Oibreoidh ordú faoin alt seo chun eastát agus leas uile an Aire i ngach iascach agus i ngach ceart iascaireachta agus sna tailte, sna ceadanna slí, sna cearta uisce, sna cearta rochtana nó sna héasúintí nó sna cearta eile go léir a airbheartaítear a bheith aistrithe chun an Phríomh-Bhoird leis an ordú sin a dhílsiú, gan aon tíolacadh breise ná tíolacadh eile, don Phríomh-Bhord.

Cúiteamh.

43. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh feidhmiú aon chumhachta faoi alt 18, 37, 38 nó 39 den Acht seo faoi réir cúiteamh a íoc—

(a) i leith aon eastát nó leas in aon iascach nó i leith aon eastát nó leas eile i dtalamh, a fuarthas de bhun nó de bhua an Achta seo,

(b) i leith aon éasúint nó aon cheart eile i dtalamh, nó thar thalamh nó faoi thalamh nó i leith talún nó i leith aon eastát no leas in éasúint nó i gceart eile den sort sin, a fuarthas amhlaidh,

(c) i leith aon laghdú, de bhíthin feidhmiú na cumhachta, ar luach aon éasúint nó ceart eile i dtalamh nó thar thalamh nó faoi thalamh nó i leith talún, nó aon eastát nó leas eile in aon talamh nó in aon éasúint nó i gceart den sórt sin,

agus is é a íocfaidh an cúiteamh, mar aon le haon ús is iníoctha air de bhua fho-alt (2) den alt seo—

(i) i gcás gur faoin alt sin 37 a fheidhmítear an chumhacht, an Príomh-Bhord, agus

(ii) in aon chás eile, an duine ar ina fhabhar a fheidhmítear an chumhacht.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, i gcás cúiteamh a bheith iníoctha le duine faoin alt seo maidir le feidhmiú cumhachta faoin Acht seo, íocfar de réir fho-alt (1) den alt seo ús ar an méid den chúiteamh is iníoctha leis an duine, de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham chun críocha an ailt seo, ó dháta na cumhachta a fheidhmiú go dtí tráth an chúitimh a íoc.

(b) Más rud é—

(i) go ndéanfaidh an duine a bhfuil cúiteamh faoin alt seo iníoctha aige aon suim a thairiscint go neamhchoinníollach i scríbhinn mar chúiteamh don duine a bhfuil an cúiteamh iníoctha leis, agus

(ii) nach nglacfaidh an duine dar tairgeadh í leis an tairiscint, agus

(iii) nach mó an tsuim a dhámh an t-eadránaí oifigiúil mar chúiteamh ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh,

ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin.

(3) Déanfar éileamh faoin alt seo ar chúiteamh a íoc a chinneadh, cheal comhaontú, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú le haon achtachán dá éis sin, sa tslí chéanna ar gach uile bhealach amhail is dá mba i ndáil le fáil talún go héigeantach a tharla an t-éileamh, agus measfar chun na críche sin gur údarás poiblí de réir bhrí an Achta sin an Príomh-Bhord nó an bord réigiúnach lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, agus déanfar an tagairt in alt 69 (1) de Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , d'údarás pleanála a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Phríomh-Bhord nó don bhord réigiúnach sin, de réir mar is iomchuí.

(4) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil leis an gcúiteamh a shocrú is iníoctha faoin alt seo maidir le hiascach lena mbaineann údarás faoi alt 37 den Acht seo, eadhon, féadfaidh an Príomh-Bhord nó an t-eadránaí oifigiúil, de réir is iomchuí, féachaint do na nithe seo a leanas:

(a) margadh-luach reatha an iascaigh,

(b) fianaise ar bhrabúsmhaireacht an iascaigh faoi threoir—

(i) brabúis i leith tréimhse a raibh deireadh léi roimh lá an údaráis sin, agus

(ii) do réamhaisnéis brabúis maidir leis an iascach—

(A) a bhfuil baint aige le tréimhse ar comhfhad leis an tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo ach a thosóidh aon lá tar éis lá an údaráis sin, agus

(B) atá measta ar fhoras réasúnach agus ar an toimhde gur lean an t-áititheoir air ag úsáid an iascaigh agus nach bhfuarthas an t-iascach amhlaidh.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69 go 74 agus 76 go 80 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon chúiteamh is iníoctha faoin alt seo, agus, chun críocha na feidhme sin, measfar gurb é an Príomh-Bhord nó an bord réigiúnach lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, tionscnóir an ghnóthais.

(6) Déanfar éileamh ar chúiteamh faoin alt seo a thabhairt ar aghaidh—

(a) i gcás ar mionaoiseach nó duine mímheabhrach an duine atá i dteideal an chúitimh, laistigh de thréimhse sé bliana ón dáta a scoir an duine sin de bheith faoin míchumas sin nó a d'éag sé, cibé teagmhas díobh is túisce a tharlóidh, ach tráth nach déanaí ná tríocha bliain tar éis an chumhacht iomchuí faoin Acht seo a fheidhmiú.

(b) in aon chás eile, laistigh de thréimhse sé bliana ó dháta na cumhachta sin a fheidhmiú.

(7) Faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (6) den alt seo, féadfar cúiteamh faoin alt seo a íoc le hionadaithe pearsanta an duine a bheidh ina theideal.

(8) San alt seo ciallaíonn “an t-eadránaí oifigiúil” an t-eadránaí oifigiúil faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Eadránaí.

44. —(1) “An tEadránaí” a ghairtear san Acht seo, seachas alt 43, de dhuine a bheidh ceaptha ag an Aire faoin alt seo.

(2) I gcás a bhfaighidh an tAire fógra achomhairc faoi alt 37, 39 nó 54 den Acht seo, nó de bhua alt 38 (3) den Acht seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, duine a cheapadh, ar abhcóide é a bhfuil seasamh seacht mbliana ar a laghad aige, chun an t-achomharc a éisteacht (agus údaraítear leis seo don duine sin an t-achomharc a chinneadh).

(3) I gcás a mbeartóidh an tAire ordú a rinneadh faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo a leasú, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, duine a cheapadh, ar abhcóide é mar a thuairiscítear i bhfo-alt (2) den alt seo, chun na feidhmeanna a shanntar don Eadránaí le fomhíreanna (i), (iv), (v), (vi) agus (vii) d'alt 5 (2) (b) den Acht seo a chomhalladh.

An tAire do dhíol iascaigh, cearta iascaireachta agus gnóthaí áirithe.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach nó ceart iascaireachta atá dílsithe dó de bhun alt 40 nó 41 den Acht seo nó eile, agus freisin cáilmheas agus stoc trádála agus sócmhainní eile de chuid aon ghnó (is gnó atá coimhdeach nó foghabhálach le hoibriú iascaigh) atá á sheoladh aige a dhíol (seachas leis an bPríomh-Bhord) ar cibé praghas a mheasfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, is cuí.

(2) Déanfar aon airgead a gheofar as díol faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.