An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Iascaigh a Fháil agus a Aistriú, etc.) Ar Aghaidh (CUID V Dobharshaothrú agus Tobhach Bradán)

1 1980

AN tACHT IASCAIGH, 1980

CUID IV

Imeachtaí Dlí, Pionóis, etc.

Féadfar cionta áirithe a thriail ar díotáil.

46. —(1) Féadfar duine a bheidh cúisithe i gcion faoi alt 65, 66, 69, 73, 94, 95, 96, 97, 127, 128, 129, 130, 132, 134, 135, 137, 140, 145, 146, 156, 176, 177 nó 182 den Phríomh-Acht a thriail ar díotáil.

(2) Féadfar duine a bheidh cúisithe i gcion faoi alt 28 (1) d'Acht 1962 a thriail ar díotáil agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000 mar aon le suim nach mó ná £50 ar gach bradán agus £5 ar gach breac a ndearnadh an cion ina leith, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Féadfar duine a bheidh cúisithe i gcion faoi alt 29 d'Acht 1962 a thriail ar díotáil agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó na £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) Duine a bheidh cúisithe i bhfodhlí a shárú a rinne an tAire faoi alt 9 den Phríomh-Acht, ar fodhlí é—

(a) a thoirmisceann aon sruthlíon, nó dhá shruthlíon nó níos mó nasctha le chéile, nó aon sruthlíon, nó dhá shruthlíon nó níos mó atá nasctha amhlaidh, is de chineál nó de thuairisc shonraithe, a úsáid nó féachaint lena úsáid, go ginearálta nó ar shlí a shonraítear san fhodhlí, ag iascaireacht bradán nó breac,

(b) a thoirmisceann aon sruthlíon nó sruthlíonta den sórt sin a bheith ar bord aon bháid, go ginearálta nó i limistéar a shonraítear san fhodhlí,

(c) a thoirmisceann aon líon atá déanta go hiomlán nó go páirteach de mhonaifhiliméad nó de mhonaifhiliméad ioldualach, a úsáid nó féachaint lena úsáid, ag iascach bradán nó breac, nó

(d) a thoirmisceann aon líon atá gléasta nó ullmhaithe ar shlí eile lena úsáid ag iascaireacht agus atá déanta go hiomlán nó go páirteach de mhonaifhiliméad nó de mhonaifhiliméad ioldualach, nó de mhonaifhiliméad nó de mhonaifhiliméad ioldhualach agus mogall ann is mó ná an méid a shonraítear san fhodhlí, a bheith ar bord aon bháid, nó a shealbhú chun iasc a ghabháil ar aon ché, ar aon phort abhann nó inbhir nó gar dó, nó ar aon chósta farraige nó gar dó, nó ar farraige,

féadfar é a thriail ar díotáil agus dlífear ar é a chiontú ar díotáil i gcion faoin alt sin 9, fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(5) Déanfar aon tagairt do chiontú achomair in aon alt den Phríomh-Acht atá luaite i bhfo-alt (1) den alt seo, nó in alt 28 nó 29 d'Acht 1962, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chiontú ar díotáil.

(6) Forléireofar fo-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1962) d'alt 9 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leis i ndáil le fodhlíthe a thuairiscítear san fho-alt sin agus ar fodhlíthe iad freisin a thuair iscítear i bhfo-alt (4) den alt seo ionann is dá bhfolódh an tagairt ann do chiontú achomair tagairt do chiontú ar díotáil.

(7) Is forálacha i dteannta, agus ní forálacha in ionad, fhorálacha alt 309 (1) den Phríomh-Acht (a chuirtear isteach le halt 49 den Acht seo) forálacha fho-ailt (1), (2), (3) agus (4) den alt seo.

Dlínse.

47. —(1) Féadfar imeachtaí mar gheall ar aon chion faoi alt 65, 69, 97, 127, 140, 176, 182 nó 285A (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1962) den Phríomh-Acht nó faoi alt 29 d'Acht 1962 nó mar gheall ar aon chion in aghaidh fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo a shaothrú in aon Dúiche Cúirte Dúiche, agus i gcás na himeachtaí sin a shaothrú agus nach mbeadh ar leith ón alt seo dlínse ag an mBreitheamh ar os a chomhair a thionscnófar na himeachtaí na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh, ansin, chun an dlínse sin a thabhairt, féadfar a mheas gur sa Dúiche Cúirte Dúiche dá bhfuil an Breitheamh sin sannta a rinneadh an cion.

(2) I gcás a gcuirfear duine ar aghaidh lena thriail ar díotáil ag an gCúirt Chuarda mar gheall ar chion faoi alt 65, 69, 97, 127, 140, 176, 182 nó 285A (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1962) den Phríomh-Acht nó faoi alt 29 d'Acht 1962 nó mar gheall ar aon chion in aghaidh fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo agus nach mbeadh ar leith ón bhfo-alt seo, maidir leis na himeachtaí, cumhacht ag breitheamh den chúirt sin an dlínse a dílsíodh don chúirt sin le halt 25 (1) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a fheidhmiú, ansin chun a chur ar chumas an bhreithimh sin an dlínse sin a fheidhmiú féadfar a mheas gur sa chuaird dá bhfuil an breitheamh sin sannta a rinneadh an cion.

Cruthúnas gur bád iascaireachta mara coigríche bád áirithe.

48. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi Chaibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht, go bhfuil fianaise ann ónar dealraitheach don chúirt maidir leis an mbád iascaireachta mara lena mbaineann an cion a líomhnaítear nó ar ar bord uirthi a líomhnaítear a rinneadh an cion sin, gur de ghné choigríche nó de thionscnamh coigríche í nó gur tharla san am nó i dtrátha an ama a ndearnadh an cion a líomhnaítear—

(a) nach raibh aon bhratach ar foluain ar an mbád sin nó go raibh bratach ar foluain uirthi nárbh í an bhratach náisiúnta í, nó

(b) go raibh ainm aon áite seachas calafort atá luaite sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Loingis Thráchtála, 1955 , marcáilte ar dheireadh an bháid sin, nó

(c) go raibh aon leabhair, páipéir nó doiciméid eile ar bord an bháid sin ónar dealraitheach amhlaidh nár long Éireannach an bád,

ansin, go dtí go suífear a mhalairt, is leor an fhianaise sin lena chruthú gur bád iascaireachta mara coigríche an bád sin.

(2) I gcás a gcruthófar in imeachtaí mar gheall ar chion faoi Chaibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht go raibh ar an mbád iascaireachta mara lena mbaineann an cion a líomhnaítear, nó ar ar bord uirthi a líomhnaítear a rinneadh an cion sin, bratach ar foluain seachas an bhratach náisiúnta san am nó i dtrátha an ama a ndearnadh an cion a líomhnaítear, féadfaidh cosantóir an toimhde a tugadh ar aird le fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a bhraitheann sí ar an gcruthúnas sin, a fhrisnéis trína chruthú nár bhratach de shainghné náisiúntachta an bhratach a bhí ar foluain amhlaidh.

(3) Is forálacha i dteannta, agus ní forálacha in ionad, fhorálacha alt 19 (3) d'Acht 1962 (arna leasú le halt 73 den Acht seo) forálacha an ailt seo.

Cionta a thriail.

49. —Cuirtear, leis seo, an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 309 den Phríomh-Acht:

“(1) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh Bhreitheamh Dúiche, ar chomhalta den Gharda Síochána, an Príomh-Bhord, bord réigiúnach, oifigeach nó seirbhíseach do bhord, maor uisce príobháideach de réir bhrí Chuid XVIII den Acht seo nó aon duine eile do dhéanamh gearáin de bhriathra béil nó ar shlí eile cion faoi aon fhoráil de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, seachas alt a shonraítear i dTábla I a ghabhann le halt 2 den Acht Iascaigh (Leasú), 1978 , a éisteacht agus a chinneadh go hachomair.”

Pionóis áirithe faoin bPríomh-Acht nó faoi Acht 1962 a athrú.

50. —(1) Duine a chiontóidh an Chuirt Dúiche i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt den Phríomh-Acht ar pionós é a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad an oiread sin den phionós dá bhforáiltear amhlaidh arb éard é fíneáil, príosúnacht, fíneáil nó príosúnacht, nó fíneáil agus príosúnacht, an pionós iomchuí a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(2) (a) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (4) d'alt 9 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1962, seachas cion in aghaidh fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo) dlífear, in ionad an oiread sin den phionós a shonraítear san fho-alt sin ar fíneáil é, fíneáil nach mó ná £200 a chur air, agus forléireofar an fo-alt sin (4) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(b) Duine a bheidh ciontach i gcion in aghaidh aon fhodhlí, seachas fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo, a mbaineann fo-alt (2) d'alt 9 den Phríomh-Acht leis agus a rinneadh roimh thosach feidhme alt 3 d'Acht 1962 dlífear, in ionad an oiread sin den phionós a shonraítear in alt 32 (2) d'Acht 1962 ar fíneáil é agus d'ainneoin aon ní atá san fho-alt sin (2), fíneáil nach mó ná £200 a chur air, agus forléireofar an t-alt sin 32 (2) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(c) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (4) d'alt 9 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1962), ar cion é in aghaidh fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo dlífear, in ionad an oiread sin den phionós a shonraítear san alt sin ar fíneáil é, fíneáil nach mó ná £500 a chur air, agus forléireofar an fo-alt sin (4) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(3) (a) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 164 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1962) dlífear, in ionad an phionóis a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (4) den alt sin, fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, agus forléireofar an t-alt sin 164 agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(b) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 285A (1) den Phríomh-Act (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1962) dlífear, in ionad an phionóis a shonraítear i mír (b) den alt sin, fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air, agus forléireofar an t-alt sin 285A (1) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(c) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 65, 66, 73, 94, 95, 96, 97, 127, 130, 132, 134, 135, 137, 140, 145, 146, 156, 176, 177 nó 182 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 46 (1) den Acht seo, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(d) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 69, 128 nó 129 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 46 (1) den Acht seo, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a dhéanfar an cion, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) Duine a chiontóidh an Chúirt Dúiche i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt d'Acht 1962 ar pionós é a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad an oiread sin den phionós dá bhforáiltear amhlaidh arb éard é fíneáil, príosúnacht, fíneáil nó príosúnacht, nó fíneáil agus príosúnacht, an pionós iomchuí a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(5) I gcás a gciontófar duine i gcion faoi alt 69 den Phríomh-Acht, beidh an t-inneall a ndearnadh an cion ina leith arna fhorghéilleadh mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú.

(6) I gcás a gciontófar duine i gcion faoi alt 95 den Phríomh-Acht, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith arna fhorghéilleadh mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú.

(7) I gcás a gciontófar duine i gcion faoi alt 152 den Phríomh-Acht, beidh an t-inneall nó an ní eile a úsáideadh chun an cion a dhéanamh arna fhorghéilleadh mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú.

(8) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le cionta a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo.

AN TÁBLA

CUID I

Uimh. Thag.

An tAlt den Phríomh-Acht

An Pionós

(1)

(2)

(3)

1.

12, 13, 80, 289, 305.

Fíneáil nach mó ná £50.

2.

49, 105, 106, 152, 153, 162, 240, 241, 242, 243, 255, 265, 286, 287, 288, 290, 294, 298, 303, 304, 306, 323.

Fíneáil nach mó ná £200.

3.

17, 65, 66, 73, 91, 92, 93, 112, 113, 119, 120, 121, 122, 125, 130, 140, 141, 143, 144, 145, 146, 163, 167, 168, 169, 178, 179, 180, 181, 237, 238, 239, 253, 273, 274, 277, 285, 291.

Fíneáil nach mó ná £500.

4.

69, 123, 128, 129.

Fíneáil nach mó ná £500 agus i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

5.

100.

Fíneáil nach mó ná £500 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den chion tar éis duine a chiontú ann.

6.

111.

Fíneáil nach mó ná £500 agus fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £10 sa ló go dtí go gcuirfidh an cosantóir grinneall na habhann ar ina leith a rinneadh an cion faoin alt sin 111 ar ais ina riocht bunaidh.

7.

124.

Fíneáil nach mó ná £500 agus fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a mhairfidh an fhaillí dá dtagraítear in alt 124.

8.

172.

Fíneáil nach mó ná £500 agus fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a mhairfidh an mhainneachtain dá dtagraítear san alt sin 172.

9.

127, 134, 135, 136, 137, 138, 177.

Fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó a méid ná £500, mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach iasc eile a ndearnadh an cion faoin alt ina leith.

10.

94.

Fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó a méid ná £500, mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach iasc eile a thógfar le haon líon a úsáideadh ag déanamh an chiona faoin alt sin 94.

11.

95, 96, 97, 99, 102, 103, 104, 107, 110, 114, 116, 131, 132, 164, 165, 166, 170, 171, 173, 174, 183, 285A, 301, 308.

Fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

12.

156, 157, 176, 182.

Fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó a méid ná £500, mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach iasc eile a ndearnadh an cion faoin alt ina leith nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

CUID II

Uimh. Thag.

(1)

An tAlt d'Acht 1962

(2)

An Pionós

(3)

1.

27.

Fíneáil nach mó ná £100.

2.

28(1)

Fíneáil (nach mó ná £600 san iomlán) nach mó a méid ná £200, mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach breac a ndearnadh an cion ina leith.

3.

28(3),

28(5).

Fíneáil nach mó ná £200.

4.

29.

Fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Ceadúnais a fhorghéilleadh agus orduithe dícháiliúcháin iarmhartacha.

51. —Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 90 den Phríomh-Acht:

“90.—(1) (a) I gcás—

(i) duine a chiontú i gcion faoin Acht seo, seachas cion a thuairiscítear i bhfo-alt (3) den alt seo, agus

(ii) an duine sin a bheith ina shealbhóir ar cheadúnas nó ceadúnais iascaireachta nó ar cheadúnas nó ceadúnais iascaireachta oisrí,

féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteannta aon phionóis eile, a ordú an ceadúnas nó na ceadúnais sin a fhorghéilleadh.

 (b) I gcás a n-ordófar ceadúnas a fhorghéilleadh faoin bhfo-alt seo, scoirfidh an ceadúnas sin air sin de bheith i bhfeidhm.

(2) (a) I gcás a ndéanfar duine nach sealbhóir ar cheadúnas iascaireachta ná ar cheadúnas iascaireachta oisrí a chiontú i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteannta aon phionóis eile, a dhearbhú go mbeidh an duine sin dícháilithe chun ceadúnas iascaireachta nó ceadúnas iascaireachta oisrí a shealbhú i gcaitheamh cibé tréimhse nach faide ná bliain a shonróidh an chúirt.

 (b) I gcás a ndéanfar dearbhú faoin bhfo-alt seo, oibreoidh an dearbhú chun an duine lena mbaineann a dhícháiliú chun ceadúnas den chineál a shonraítear sa dearbhú a shealbhú, agus d'ainneoin aon ní san Acht seo ní dhéanfar ceadúnas den chineál sin a eisiúint chuig an duine sin i leith na tréimhse a bheidh sonraithe sa dearbhú.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo leis na cionta seo a leanas, eadhon—

(i) cion faoi alt 65, 69, 73, 94, 95, 96, 97, 127, 128, 129, 130, 132, 134, 140, 145, 146, 176, 182, 285A (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1962) nó 301 den Acht seo,

(ii) cion faoi alt 29 d'Acht 1962,

(iii) cion faoi aon fhodhlí a thuairiscítear i bhfo-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1962) d'alt 9 den Acht seo ar fodhlí é freisin a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht Iascaigh, 1980 .

(b) I gcás duine a chiontú i gcion ar cion é lena mbaineann an fo-alt seo agus, freisin, arb é an dara cion nó aon chion dá éis sin den sórt sin é, déanfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin ordú (dá ngairtear ordú dícháiliúcháin iarmhartach’ san Acht seo) á dhearbhú go bhfuil sé dícháilithe chun gnáth-cheadúnas iascaireachta a shealbhú maidir le haon inneall sceidealta a luaitear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus oibreoidh an t-ordú sin chun an duine lena mbaineann sé a dhícháiliú amhlaidh i gcaitheamh na tréimhse trí bliana dar tosach an dáta a dhéanfar an t-ordú.

(4) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, i ngach cás ina bhféadfar achomharc a dhéanamh maidir le ciontú i gcion lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo, tugtar leis seo dlínse don chúirt achomhairc ordú dícháiliúcháin iarmhartach a dhéanamh, a dhaingniú nó a chealú.

(5) Ní dhéanfar ordú dícháiliúcháin iarmhartach a chealú ar achomharc mura ndéanfar an ciontú ar ina leith a rinneadh é a fhreaschur.”.

Fíneálacha áirithe a íoc mar chúiteamh; oisrí nó iasc eile a sheachadadh.

52. —(1) (a) I gcás a ngearrfaidh cúirt fíneáil nó a ndaingneoidh nó a n-athróidh sí fíneáil a ghearr cúirt eile mar gheall ar chion a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo ar ciontaíodh duine ann, féadfaidh sí, dá rogha féin, ar iarratas (arna dhéanamh roimh an am a gearradh, a daingníodh nó a athraíodh an fhíneáil sin) ó aon duine a toghaireadh mar fhinné thar ceann an ionchúisimh sna himeachtaí inar gearradh an fhíneáil agus a d'fhulaing caillteanas nó damáiste arb é an cion, go hiomlán nó go páirteach, ba chúis leis, a fhoráil le hordú go n-íocfar méid na fíneála nó cuid shonraithe di mar chúiteamh i leith an chaillteanais nó an damáiste a bhain don duine a rinne an t-iarratas.

(b) Ní bheidh aon ábhar iarratais ann faoi mhír (a) den fho-alt seo i leith aon chaillteanais nó damáiste má rinneadh imeachtaí ag éileamh damáistí i leith an chaillteanais nó an damáiste a thionscnamh in aon chúirt.

(2) Má chiontaítear duine i gcion faoi alt 54(17) den Acht seo nó faoi alt 253 den Phríomh-Acht mar gheall ar gur thóg sé oisrí nó iasc eile as leaba oisrí nó áit eile, i gcás na hoisrí (nó aon chuid díobh) nó an t-iasc eile a ndearnadh an cion ina leith a bheith gan díol an tráth sin, beidh siad nó sé, de réir mar is iomchuí, mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú, ar forghéilleadh, agus féadfaidh an chúirt a ordú iad nó é a sheachadadh d'úinéir nó d'áititheoir na leapa oisrí nó na háite eile as ar tógadh iad nó é nó don duine dar deonaíodh an ceadúnas iomchuí nó atá i dteideal sochar an cheadúnais sin.

(3) I gcás a ndéanfar, de bhun an ailt seo, iomlán fíneála nó cuid d'fhíneáil a íoc le duine agus go ndéanfaidh cúirt damáistí a dhámhachtain i leith an chaillteanais nó an damáiste lena mbaineann an íocaíocht, measfar gur sásamh an íocaíocht san oiread sin de na damáistí is comhionann le méid na híocaíochta.

(4) Na cionta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo is cionta iad faoi alt 54(17) den Acht seo nó faoi alt 253 nó 265 den Phríomh-Acht.

Cumhacht a bheith ag oifigeach údaraithe bád a thabhairt chun calafoirt, etc.

53. —Leasaítear leis seo alt 301 den Phríomh-Acht—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (d):

“(da) má bhíonn, nó má chreideann sé nó má bhíonn amhras air go bhfuil, sa bhád iasc a gabhadh go neamhdhleathach, féadfaidh sé gan toghairm, barántas ná próis eile an bád agus gach duine ar an mbád a thabhairt go dtí an calafort nó an áit eile is gaire nó is caothúla, agus má chinneann sé ar na bearta a luaitear i bhfo-alt (2A) den alt seo a ghlacadh, féadfaidh sé, fad a bheifear ag feitheamh leis na bearta sin a ghlacadh, an bád agus na daoine a choinneáil;

(db)  féadfaidh sé, chun an chumhacht a thugtar dó le mír (da) den fho-alt seo a fheidhmiú, cibé forneart a mheasfaidh sé is gá a imirt;”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás a ndéanfaidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo aon bhád agus na daoine ar bord uirthi a thabhairt go dtí calafort nó áit eile, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, an duine a bhí, nó a dhealraigh dó a bheith, an tráth a tugadh an bád amhlaidh, i bhfeighil an bháid, agus aon duine eile a bhí ar bord uirthi an tráth sin, agus a mbeidh, i gceachtar cás, imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 65, 69, 73, 97, 127, 132, 140 nó 182 den Phríomh-Acht nó faoi alt 29 d'Acht 1962 nó mar gheall ar fhodhlí a thuairiscítear i mír (a), (b), (c) nó (d) d'alt 46 (4) den Acht Iascaigh, 1980 , a shárú, tionscanta nó ar tí a dtionscanta ina leith, a thabhairt os comhair Breithimh Dhúiche nó, i gcás nach mbeidh Breitheamh Dúiche ar fáil láithreach, os comhair Feidhmeannaigh Shíochána, agus air sin cuirfidh an Breitheamh Dúiche nó an Feidhmeannach Síochána (de réir mar a bheidh), más deimhin leis go bhfuil na himeachtaí tionscanta nó ar tí a dtionscanta in aghaidh an duine, le hordú arna dhíriú chuig oifigeach nó oifigigh údaraithe, de cheangal ar an oifigeach údaraithe nó ar na hoifigigh údaraithe an bád sin agus an duine nó na daoine a tugadh os a chomhair nó an bád sin amháin, de réir mar a shonrófar san ordú, a choinneáil i gcalafort sonraithe nó in áit eile sa Stát go dtí go mbeidh breithniú déanta ag Breitheamh Dúiche ar na himeachtaí, agus déanfar an bád nó an bád agus an duine nó na daoine sin, de réir mar is iomchuí, a choinneáil dá réir sin.”,

(c) trí “, cibé acu is mar gheall ar rud éigin a rinne an t-oifigeach sin go pearsanta nó a rinne duine ag gníomhú ar orduithe uaidh a tharlóidh an caillteanas nó an damáiste,” a chur isteach roimh “murarbh” i bhfo-alt (6), agus tá an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(6) Ní bheidh dliteanas ar aon oifigeach údaraithe i leith aon chaillteanais nó damáiste a thiocfaidh de dhroim nó i gcúrsa aon chumhachta a fheidhmiú dá dtugtar dó leis an alt seo, cibé acu is mar gheall ar rud éigin a rinne an t-oifigeach sin go pearsanta nó a rinne duine ag gníomhú ar orduithe uaidh a tharlóidh an caillteanas nó an damáiste, murarbh é féin, go hainrianta nó go mailíseach dó, ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste sin.