|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Sábháilteacht agus Tionóiscí a Fhógairt) | Ar Aghaidh (CUID IV Leasuithe Ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht) |
AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT I dTIONSCAL, 1980
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Ionadaithe Sábháilteachta, Coistí Sábháilteachta, Toscairí Sábháilteachta agus Ráitis Sábháilteachta | |
[EN] |
Ionadaí sábháilteachta. |
35. —(1) Na daoine a bheidh fostaithe in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo féadfaidh siad, ó am go ham, mura mbeidh coiste sábháilteachta in oifig, ionadaí (dá ngairtear “an t-ionadaí sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as a líon chun bheith ina ionadaí dóibh i ndálaí comhairle de bhun an ailt seo leis an áititheoir agus mura túisce a éireoidh sé as nó a scoirfidh sé de bheith in a fhostaí san áitreabh lena mbaineann beidh ionadaí sábháilteachta a cheapfar faoin alt seo i seilbh oifige ar feadh tréimhse trí bliana dar tosach dáta a cheaptha. |
[EN] | (2) Nuair is féidir sin le réasún, beidh ag duine a cheapfar le bheith ina ionadaí sábháilteachta, sa tréimhse dhá bhliain a chríochnóidh díreach sula gceapfar é, taithí ar an obair a mbeidh na daoine arb é a sábháilteacht, a sláinte agus a leas is cúram dó ag gabháil dó i gcúrsa a bhfostaíochta. | |
[EN] | (3) I gcás ceapachán a dhéanamh faoin alt seo, rachaidh an t-áititheoir lena mbaineann i gcomhairle leis an ionadaí sábháilteachta d'fhonn a áirithiú go mbeidh comhoibriú san áitreabh i ndáil le— | |
[EN] | (a) forálacha na nAchtanna, | |
[EN] | (b) forálacha rialacháin faoi na hAchtanna a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas agus is infheidhme maidir leis na daoine sin nó ina leith, | |
[EN] | (c) forálacha cibé achtacháin eile a bhaineann leis an áitreabh nó leis na daoine sin nó leo araon de réir mar a fhorordófar. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin cibé feidhmeanna, a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte na ndaoine atá fostaithe agus a bheidh sonraithe sna rialacháin, a shannadh d'ionadaithe sábháilteachta (i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar leis an Acht seo). | |
[EN] | (b) Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin bhfo-alt seo rachaidh sé i gcomhairle le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí agus le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach do cheardchumainn nó do chomhlachtaí ar aon dul le ceardchumainn de réir mar is iomchuí leis. | |
[EN] | (5) Breithneoidh áititheoir aon uiríolla a dhéanfaidh ionadaí sábháilteachta chuige ar aon ní a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas na ndaoine atá fostaithe. | |
[EN] | (6) Ar fhógra chuige sin a fháil, taifeadfaidh an t-áititheoir sa chlár ginearálta ainm aon duine a bheidh ceaptha de thuras na huaire chun bheith ina ionadaí sábháilteachta faoin alt seo. | |
[EN] | (7) I gcás a rachaidh cigire isteach in áitreabh chun turas iniúchta a dhéanamh (seachas turas iniúchta a bheidh le déanamh chun tionóisc a imscrúdú), déanfaidh an t-áititheoir cibé bearta is féidir chun sin a chur in iúl don ionadaí sábháilteachta. | |
[EN] | (8) Ar iarratas a dhéanamh chun na críche sin, beidh an t-ionadaí sábháilteachta i dteideal bheith i gcuideachta cigire ar aon turas iniúchta ar an áitreabh iomchuí (nó ar aon chuid de thuras den sórt sin) a dhéanfaidh an cigire i gcúrsa dualgais nach turas iniúchta a dhéanfaidh an cigire go sonrach chun tionóisc a imscrúdú, agus i gcás é bheith ar intinn ag ionadaí sábháilteachta bheith i gcuideachta cigire amhlaidh, cuirfidh sé in iúl don chigire, roimh dhul ina chuideachta, go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh. | |
[EN] | (9) Baineann na forálacha sin roimhe seo den alt seo le háitreabh nach bhfuil níos mó ná fiche duine fostaithe ann de thuras na huaire agus ar áitreabh é, seachas duga, caladh, cé nó stóras, lena mbaineann alt 15 den Acht seo. | |
[EN] | (10) I gcás ina gceapfar ionadaí sábháilteachta de bhun an Achta seo agus go dtarlóidh tar éis a cheaptha agus le linn a théarma oifige gur mo ná fiche aon tráth áirithe an líon daoine a bheidh fostaithe san áitreabh lena mbaineann, ní scoirfidh an t-ionadaí sábháilteachta de bheith i seilbh oifige de bhíthin amháin gur mó ná fiche an líon daoine a bheidh fostaithe amhlaidh. | |
[EN] | (11) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin fo-alt (9) den alt seo a leasú trí líon a bheidh sonraithe sna rialacháin a chur in ionad “fiche”. | |
[EN] | (b) Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin bhfo-alt seo rachaidh sé i gcomhairle le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí agus le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach do cheardchumainn nó do chomhlachtaí ar aon dul le ceardchumainn de réir mar is iomchuí leis. | |
[EN] | (c) I gcás a mbeidh rialacháin faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire déanfar gach ceann de na tagairtí do “fiche” sna forálacha seo a leanas den Acht seo, eadhon, fo-alt (10) den alt seo agus ailt 36 (8) agus 37 (1) (a) den Acht seo, a fhorléiriú mar thagairt don líon a bheidh sonraithe sna rialacháin. | |
[EN] |
Coiste sábháilteachta agus toscaire sábháilteachta. |
36. —(1) (a) Faoi réir alt 37 (4) (b) den Acht seo, féadfaidh na daoine a bheidh fostaithe in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, más mian leo é, comhaltaí de choiste (dá ngairtear “coiste sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as a líon chun na feidhmeanna a shanntar leis an alt seo nó faoin alt seo do choistí sábháilteachta a chomhlíonadh. |
[EN] | (b) Ní lú ná triúr líon comhaltaí coiste sábháilteachta ná ní mó é ná duine amháin in aghaidh gach fiche duine a bheidh fostaithe san áitreabh iomchuí an tráth a cheapfar an coiste nó deichniúr, cibé líon díobh is lú. | |
[EN] | (c) Más rud é de bhun mhír (b) den fho-alt seo gurb é an líon comhaltaí atá le bheith ar choiste sábháilteachta— | |
[EN] | (i) ceathrar nó níos lú, féadfaidh an t-áititheoir iomchuí comhalta amháin den choiste a cheapadh agus, faoi réir alt 37 den Acht seo, féadfaidh na daoine a bheidh fostaithe san áitreabh iomchuí an chuid eile de chomhaltaí an choiste a roghnú agus a cheapadh as a líon, | |
[EN] | (ii) líon nach mó ná ochtar ná nach lú ná cúigear, féadfaidh an t-áititheoir iomchuí beirt chomhaltaí den choiste a cheapadh agus, faoi réir an ailt sin 37, féadfar an chuid eile de na comhaltaí sin a roghnú agus a cheapadh amhlaidh, | |
[EN] | (iii) líon is mó ná ochtar, féadfaidh an t-áititheoir iomchuí triúr comhaltaí den choiste a cheapadh agus, faoi réir an ailt sin 37, féadfar an chuid eile de na comhaltaí sin a roghnú agus a cheapadh amhlaidh. | |
[EN] | (2) Más rud é díreach roimh thosach feidhme an ailt seo gurb é a bhí i gcomhlacht ag a raibh triúr comhaltaí ar a laghad coiste sábháileachta de réir bhrí alt 73 (1) den Phríomh-Acht nó coiste nó comhlacht eile a raibh deimhniú arna eisiúint faoi alt 73 (2) den Phríomh-Acht i bhfeidhm an tráth sin ina leith, fiú más mó ná deichniúr líon comhaltaí an chomhlachta measfar, chun críocha an Achta seo, gur díreach tar éis an tosach feidhme sin faoi fho-alt (1) den alt seo a ceapadh an comhlacht agus forléireofar tagairtí san Acht seo do “coiste sábháilteachta” mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don chomhlacht. | |
[EN] | (3) I gcás a gceapfar coiste sábháilteachta faoin alt seo agus go mbeidh, tráth an cheaptha, aon ionadaí arna cheapadh faoi alt 35 nó 37 den Acht seo maidir leis an áitreabh lena mbaineann, oibreoidh an ceapachán faoin alt seo chun ceapachán an ionadaí sin a chúlghairm. | |
[EN] | (4) I gcás a mbeidh coiste sábháilteachta ceaptha, nó a measfar é a bheith ceaptha, faoin alt seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) is feidhm de chuid an choiste sábháilteachta é cabhrú leis an áititheoir lena mbaineann agus leis na daoine a bheidh fostaithe sa mhonarcha iomchuí nó san áitreabh eile i ndáil le forálacha na nAchtanna agus forálacha rialacháin faoi na hAchtanna agus cibé feidhmeanna eile (más ann) a bhaineann le sábháilteacht nó sláinte cibé daoine, a bheidh de thuras na huaire sonraithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, a chomhlíonadh nó a fheidhmiú tar éis dul i gcomhairle le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí agus le cibé eagraíochtaí nó comhlachtaí eile daoine atá ionadaitheach do cheardchumainn nó do chomhlachtaí ar aon dul le ceardchumainn de réir mar is iomchuí leis an Aire, | |
[EN] | (b) (i) féadfaidh an coiste sábháilteachta ionadaí (dá ngairtear “an toscaire sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as an gcuid sin dá líon siúd a bhí roghnaithe agus ceaptha ag na daoine a bhí fostaithe san áitreabh iomchuí chun uiríolla a dhéanamh thar a gceann chuig cigirí agus chun bheith i gcuideachta cigirí de bhun an ailt seo, | |
[EN] | (ii) nuair is féidir sin le réasún, beidh ag duine a cheapfar chun bheith ina thoscaire sábháilteachta, sa tréimhse dhá bhliain díreach sula gceapfar é, taithí ar an obair a mbeidh na daoine arb é a sábháilteacht, a sláinte agus a leas is cúram dó, ag gabháil dó i gcúrsa a bhfostaíochta, | |
[EN] | (iii) i gcás a scoirfidh toscaire sábháilteachta de bheith ina chomhalta den choiste sábháilteachta a cheap é, scoirfidh sé an tráth céanna de bheith ina thoscaire den sórt sin, | |
[EN] | (c) is é is córam do chruinniú de choiste sábháilteachta cibé líon, nach lú ná triúr, a bheidh socraithe de thuras na huaire ag an gcoiste, | |
[EN] | (d) i gcás a scoirfidh comhalta de choiste sábháilteachta de bheith fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile lena mbaineann, scoirfidh sé an tráth céanna de bheith ina chomhalta den choiste, | |
[EN] | (e) beidh an t-áititheoir iomchuí i dteideal freastal go pearsanta, nó duine nó daoine a ainmniú le freastal thar a cheann, ar gach cruinniú den choiste sábháilteachta, | |
[EN] | (f) déanfaidh an t-áititheoir sin nó a ainmní nó a ainmnithe freastal ar an gcéad chruinniú den choiste sábháilteachta a thionólfar tar éis tosach feidhme an ailt seo agus tabharfaidh sé do chomhaltaí an choiste, a luaithe is féidir tar éis é a bheith ar fáil, an ráiteas a cheanglaítear faoi alt 39 den Acht seo, | |
[EN] | (g) breithneoidh an t-áititheoir sin aon uiríolla a dhéanfaidh an coiste sábháilteachta chuige maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine atá fostaithe sa mhonarcha iomchuí nó san áitreabh eile, | |
[EN] | (h) breithneoidh an coiste sábháilteachta aon uiríolla a dhéanfaidh an t-áititheoir sin chuige maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine atá fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile sin, | |
[EN] | (i) féadfaidh an toscaire sábháilteachta uiríolla a dhéanamh chuig cigire maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas na ndaoine atá fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile sin (ar uiríolla iad a rinneadh ar iarratas ón gcoiste sábháilteachta) agus, d'fhonn na huiríolla a bhreithniú, féadfaidh cigire aon taifid ar imeachtaí an choiste sábháilteachta a iniúchadh, | |
[EN] | (j) i gcás a rachaidh cigire isteach in áitreabh chun turas iniúchta a dhéanamh (seachas turas iniúchta a bheidh le déanamh chun tionóisc a imscrúdú), déanfaidh an t-áititheoir sin cibé bearta is féidir chun sin a chur in iúl don toscaire sábháilteachta, | |
[EN] | (k) ar iarratas a dhéanamh chun na críche sin, beidh an toscaire sábháilteachta i dteideal bheith i gcuideachta cigire ar aon turas iniúchta ar an monarcha nó ar an áitreabh eile sin (nó ar aon chuid de thuras den sórt sin) a dhéanfaidh an cigire i gcúrsa dualgais nach turas iniúchta é a dhéanfar go sonrach chun tionóisc a imscrúdú. | |
[EN] | (5) Ar fhógra chuige sin a fháil, cuirfidh an t-áititheoir lena mbaineann taifead sa chlár ginearálta á shonrú— | |
[EN] | (a) gur ceapadh an coiste sábháilteachta, | |
[EN] | (b) más iomchuí, gur cúlghaireadh leis an gceapachán sin ceapachán faoi alt 35 nó 37 den Acht seo, | |
[EN] | (c) má tá toscaire sábháilteachta ceaptha ag an gcoiste sábháilteachta, ainm an toscaire sábháilteachta. | |
[EN] | (6) Ar iarratas chuige sin a dhéanamh ag coiste sábháilteachta, rachaidh an t-áititheoir iomchuí i gcomhairle leis an gcoiste sábháilteachta d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir le— | |
[EN] | (a) saoráidí chun cruinnithe den choiste sábháilteachta a thionól, agus | |
[EN] | (b) minicíocht, ré agus tráthanna cruinnithe an choiste sábháilteachta. | |
[EN] | (7) Faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe idir an t-áititheoir iomchuí agus coiste sábháilteachta, tionólfar cruinnithe den choiste sábháilteachta ó am go ham cibé laethanta a chinnfidh an coiste agus féadfar na cruinnithe sin a thionól le linn ghnáth-uaire oibre gan comhaltaí an choiste do chailleadh luach saothair má shásaítear na coinníollacha seo a leanas, eadhon: | |
[EN] | (a) ach amháin i gcás éigeandála ní thionólfar na cruinnithe sin níos minice ná uair amháin gach dhá mhí, | |
[EN] | (b) ní rachaidh ré gach cruinniú den sórt sin thar dhá uair a chloig, agus | |
[EN] | (c) is é an líon de chomhaltaí an choiste sábháilteachta a fhreastalóidh ar chruinniú den sórt sin oiread ar a laghad is gá chun córam a dhéanamh, agus | |
[EN] | (d) beidh na tráthanna a thionólfar cruinnithe den choiste sábháilteachta ag teacht le hoibriú éifeachtach na monarchan nó an áitribh eile lena mbaineann. | |
[EN] | (8) I gcás nach iolraí ar fhiche líon na ndaoine a bheidh fostaithe de thuras na huaire in áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, ansin chun críocha an ailt seo measfar gurb é an chéad líon eile is airde ar iolraí ar fhiche é an líon daoine a bheidh fostaithe amhlaidh de thuras na huaire. | |
[EN] | (9) Baineann an t-alt seo le haon áitreabh is áitreabh, seachas duga, caladh, cé nó stóras, lena mbaineann alt 15 den Acht seo ach nach áitreabh lena mbaineann alt 35 den Acht seo. | |
[EN] |
Ionadaí sábháilteachta nó coiste sábháilteachta le ceapadh ag an áititheoir in imthosca áirithe. |
37. —(1) Más rud é ar feadh tréimhse sé mhí nach mbeidh ionadaí sábháilteachta ná coiste sábháilteachta ceaptha faoi alt 35 nó 36 den Acht seo maidir le monarcha nó áitreabh eile, ansin déanfaidh an t-áititheoir iomchuí, a luaithe is féidir, agus in aon chás tráth nach déanaí na trí mhí tar éis deireadh na tréimhse sin, iad seo a leanas a cheapadh as líon na ndaoine a bheidh fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile— |
[EN] | (a) i gcás nach mbeidh níos mó ná fiche duine fostaithe sa mhonarcha nó san áitreabh eile nuair a dhéanfar an ceapachán, ionadaí sábháilteachta, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, coiste sábháilteachta agus toscaire sábháilteachta (agus ceapfar an toscaire sin as líon comhaltaí an choiste sin). | |
[EN] | (2) Sula ndéanfar ceapachán faoin alt seo tabharfaidh an t-áititheoir lena mbaineann deis do na daoine a bheidh fostaithe sa mhonarcha iomchuí nó san áitreabh eile le haghaidh comhairle maidir leis an gceapachán. | |
[EN] | (3) Faoi réir alt 36 (3) den Acht seo, beidh ionadaí sábháilteachta a cheapfar faoin alt seo, mura túisce a éireoidh sé as, nó a scoirfidh sé de bheith ina fhostaí sa mhonarcha nó san áitreabh eile lena mbaineann, i seilbh oifige ar feadh tréimhse trí bliana dar tosach an dáta a cheapfar é. | |
[EN] | (4) (a) I gcás a gceapfar coiste sábháilteachta faoin alt seo, déanfaidh an t-áititheoir a mbeidh comhaltaí an choiste ceaptha aige líon comhaltaí an choiste a shocrú, de réir alt 36 (1) (b) den Acht seo, tráth na gceapachán a dhéanamh. | |
[EN] | (b) Is ar an lá céanna a cheapfar gach comhalta de choiste sábháilteachta a cheapfar faoin alt seo agus beidh sé i seilbh oifige ar feadh tréimhse trí bliana dar tosach an lá sin. | |
[EN] | (5) (a) I gcás ina dtarlóidh folúntas (dá ngairtear “corrfholúntas” san fho-alt seo) i measc na gcomhaltaí de choiste sábháilteachta a bheidh ceaptha faoin alt seo mar gheall ar chomhalta d'fháil bháis nó d'éirí as an gcoiste nó mar gheall ar fheidhm a bheith ag alt 36 (4) (d) den Acht seo, arna leathnú le fo-alt (8) den alt seo, ina leith, déanfaidh an t-áititheoir iomchuí, a luaithe is féidir, duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh. | |
[EN] | (b) Beidh duine a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh i seilbh oifige, mura túisce a éireoidh sé as an gcoiste sábháilteachta lena mbaineann nó a scoirfidh de bheith ina chomhalta den choiste sin mar gheall ar alt 36 (4) (d) den Acht seo arna leathnú le fo-alt (8) den alt seo, ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chúis leis an bhfolúntas. | |
[EN] | (6) Aon duine nach gcomhlíonfaidh ceanglais fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (7) In aon imeachtaí maidir le cion faoin alt seo is cosaint don chúisí a chruthú gur chaith sé gach dúthracht chuí agus go ndearna sé bearta réasúnacha chun an ceanglas a chomhlíonadh. | |
[EN] | (8) Déanfar tagairtí san Acht seo d'ionadaí sábháilteachta, do choiste sábháilteachta nó do thoscaire sábháilteachta, seachas tagairtí do choiste sábháilteachta i bhfo-alt (1) nó (2) d'alt 36, a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ionadaí sábháilteachta, do choiste sábháilteachta nó do thoscaire sábháilteachta a cheapfar de bhun an ailt seo. | |
[EN] |
Féadfaidh an tAire a chur faoi deara imscrúduithe áirithe a dhéanamh ar iarratas a fháil ó ionadaí sábháilteachta, ó choiste sábháilteachta nó ó oifigeach sábháilteachta. |
38. —I gcás ar iomchuí leis an Aire, ar iarratas chuige sin a fháil ó ionadaí sábháilteachta, ó choiste sábháilteachta nó ó oifigeach sábháilteachta, féadfaidh sé a chur faoi deara do chigire imscrúdú a dhéanamh maidir le contúirt nó ábhar contúirte do shábháilteacht, do shláinte nó do leas daoine a bheidh fostaithe sa mhonarcha iomchuí nó san áitreabh sonraithe, a chreideann an t-ionadaí sábháilteachta, an coiste sábháilteachta nó an t-oifigeach sábháilteachta a bheith ann agus a bheidh sonraithe aige san iarratas, agus nuair a bheidh an t-imscrúdú críochnaithe féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, toradh an imscrúdaithe a chur i bhfios don duine nó don choiste a rinne an t-iarratas. |
[EN] |
Ráitis sábháilteachta. |
39. —(1) (a) Déanfaidh áititheoir áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, a luaithe is féidir, ráiteas i scríbhinn a ullmhú nó a chur faoi deara é a ullmhú ina sonrófar an modh ina ndéanfar sábháilteacht agus sláinte daoine atá fostaithe san áitreabh a áirithiú, agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, sonróidh an ráiteas na comhshocraíochtaí chun sábháilteacht agus sláinte na ndaoine sin a chaomhnú, an comhoibriú is gá ó na daoine sin ó thaobh sábháilteachta agus sláinte, dualgais oifigeach sábháilteachta (más ann), aon saoráidí oiliúna sábháilteachta atá ar fáil agus na bearta atá le déanamh i ndáil le contúirtí a bheidh sonraithe amhlaidh agus a tharlóidh i ndáil leis an áitreabh nó i ndáil le baol na contúirte sin, agus beidh sa ráiteas freisin aon fhaisnéis a cheanglófar le rialacháin faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire. |
[EN] | (b) Déanfar, más gá, ráiteas a ullmhaíodh de bhun mhír (a) den fho-alt seo a athbhreithniú ó am go ham. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a cheangal go mbeidh faisnéis i dtaobh nithe a bheidh sonraithe sna rialacháin i ráitis a ullmhófar de bhun fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (3) A luaithe is féidir tar éis don áititheoir lena mbaineann ráiteas a ullmhú nó a athbhreithniú de bhun an ailt seo tabharfaidh sé, nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar, cóip den ráiteas nó den athbhreithniú— | |
[EN] | (a) i gcás ionadaí sábháilteachta a bheith ann le haghaidh an áitribh lena mbaineann, don duine sin, | |
[EN] | (b) i gcás coiste sábháilteachta a bheith ann le haghaidh an áitribh sin, don choiste sin, | |
[EN] | (c) i gcás gan ionadaí den sórt sin ná coiste den sórt sin a bheith ann, do gach duine a bheidh fostaithe san áitreabh. | |
[EN] | (4) (a) I gcás a n-ullmhófar ráiteas de bhun an ailt seo agus nach deimhin leis an Aire gur leor an ráiteas chun críocha an ailt seo (agus cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an ráiteas a athbhreithniú), féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar an ráiteas a athbhreithniú ar mhodh a bheidh sonraithe san ordú, agus i gcás a dtabharfaidh an tAire ordú faoin bhfo-alt seo cuirfidh sé faoi deara a luaithe is féidir cóip de a sheirbheáil ar áititheoir an áitribh lena mbaineann an t-ordú, agus comhlíonfaidh an t-áititheoir an t-ordú tráth nach déanaí ná mí tar éis dáta an ordaithe nó cibé dáta is déanaí ná sin a bheidh sonraithe san ordú. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ordú a thug sé faoin bhfo-alt seo a chealú. | |
[EN] | (5) I gcás a ndéanfar ráiteas a ullmhú nó a athbhreithniú de bhun an ailt seo, áiritheoidh an t-áititheoir lena mbaineann go gcuirfear cóip den ráiteas nó den athbhreithniú i gceangal le clár ginearálta an áitribh lena mbaineann, agus tabharfar cóip den ráiteas (arna athbhreithniú, i gcás inar iomchuí sin) do chigire ar é do dhéanamh iarratas chuige sin. | |
[EN] | (6) (a) Baineann an t-alt seo le haon áitreabh a bhfuil deichniúr nó níos mó fostaithe ann de thuras na huaire, agus ar áitreabh é lena mbaineann alt 26 den Acht seo. | |
[EN] | (b) I gcás ar deimhin leis an Aire gur de chineál aon mhonarú, gléasra nó próis gur dóigh dó díobháil coirp a dhéanamh do dhaoine atá fostaithe, féadfaidh sé le rialacháin feidhm a thabhairt don alt seo maidir le haon mhonarcha nó áitreabh eile ina n-úsáidtear an monarú, an gléasra nó an phróis agus nárbh áitreabh é, ar leith ó na rialacháin, lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire le rialacháin monarchana nó áitribh eile d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe a dhíolmhú ó fhorálacha an ailt seo agus féadfar gur díolúine iomlán nó díolúine faoi réir coinníollacha an díolúine sin. |