|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 15 de 1980 | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1980 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ BREISE NACH MÓ NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA. [25 Meitheamh, 1980] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | ||||||
[EN] | “(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar agus nuair is iomchuí iad a íoc thar ceann an Rialtais, a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis: | |||||||
[EN] | (a) íocaíochtaí faoi fho-ailt (a) go (d) d'Alt 2 d'Airteagal II den Chomhaontú, | |||||||
[EN] | (b) íocaíochtaí faoi Alt 1 d'Airteagal III den Chomhaontú, | |||||||
[EN] | (c) íocaíochtaí faoi mhír (a) d'Alt 2 d'Airteagal IV den Chomhaontú, | |||||||
[EN] | (d) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná méid is comhionann in airgead reatha na hÉireann le 4 mhilliún dollar de chuid na Stát Aontaithe den mheáchan agus den ghlaine a bhí i bhfeidhm an 1ú lá d'Eanáir, 1960, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais, | |||||||
[EN] | (e) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £3,100,070 de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais, | |||||||
[EN] | (f) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £5,819,705, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais, | |||||||
[EN] | (g) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £6,230,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais, | |||||||
[EN] | (h) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.” | |||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1980, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1978, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
|