|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID III Comhaontuithe Fruilcheannaigh) |
AN tACHT UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980
[EN] | ||||||||||||||||
[EN] |
CUID II Earraí a Dhíol | |||||||||||||||
[EN] |
Cuid II a lua agus a fhorléiriú. |
9. —(1) Féadfar na hAchtanna um Dhíol Earraí, 1893 agus 1980, a ghairm d'Acht 1893 agus den Chuid seo le chéile. | ||||||||||||||
[EN] | (2) Forléireofar Acht 1893 agus an Chuid seo mar aon ní amháin. | |||||||||||||||
Coinníollacha agus Barántaí | ||||||||||||||||
[EN] |
Sale of Goods Act, 1893, ailt 11, 12, 13 14 agus 15. |
10. —Cuirfear na hailt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas in ionad ailt 11, 12, 13, 14 agus 15 d'Acht 1893: | ||||||||||||||
| ||||||||||||||||
[EN] |
Ráitis a airbheartaíonn cearta ceannaitheora a shrianadh. |
11. —(1) Baineann fo-ailt (2) agus (3) le haon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis go gcuireann sé in iúl go bhfuil ceart nó feidhmiú cirt a thugtar le halt 12, 13, 14 nó 15 d'Acht 1893, nó dliteanas a thig de bhua aon cheann de na hailt sin, srianta nó eisiata seachas faoi alt 55 den Acht sin. | ||||||||||||||
[EN] | (2) Is cion ag duine aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh i gcúrsa gnó i ndáil le ráiteas dá dtagraíonn fo-alt (1): | |||||||||||||||
[EN] | (a) fógra ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thaisealbhadh in aon chuid d'aon áitreabh, nó | |||||||||||||||
[EN] | (b) fógrán ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara é a fhoilsiú, nó | |||||||||||||||
[EN] | (c) earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh aon ráiteas den sórt sin a sholáthar, nó | |||||||||||||||
[EN] | (d) doiciméad ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thabhairt, nó a chur faoi deara é a thabhairt, ar aon slí eile. | |||||||||||||||
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo déileálfar le ráiteas á chur in iúl nach malartófar earraí, nó nach n-aisíocfar airgead, nó nach dtabharfar ach nótaí creidmheasa in aghaidh earraí a tugadh ar ais, mar ráiteas lena mbaineann fo-alt (1) mura mbeidh sé cáilithe chomh soiléir sin nach bhféadfar é a fhorléiriú mar ráiteas is infheidhme in imthosca ina mbeidh an ceannaitheoir ag iarraidh ceart a fheidhmiú a thugtar le haon fhoráil d'alt a luaitear i bhfo-alt (1). | |||||||||||||||
[EN] | (4) Is cion ag duine earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh, nó aon doiciméad ina mbeidh, aon ráiteas a thabhairt i gcúrsa gnó do cheannaitheoir, gan spleáchas d'éifeacht dhlíthiúil an ráitis, a leagann amach, a theorannaíonn nó a thuairiscíonn cearta a thugtar do cheannaitheoir, nó dliteanais maidir leis an gceannaitheoir i ndáil le hearraí a fuair sé nó aon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis mar ráiteas den sórt sin, mura mbeidh dearbhú soiléir suntasach ag gabháil leis an ráiteas sin nach dochar ar aon slí do na cearta conarthacha atá ag an gceannaitheoir de bhua ailt 12, 13, 14 agus 15 d'Acht 1893 an ráiteas iomchuí. | |||||||||||||||
[EN] |
Baránta intuigthe leith páirteanna breise agus seirbhísithe. |
12. —(1) I gconradh chun earraí a dhíol tá baránta intuigthe go ndéanfaidh an díoltóir páirteanna breise agus seirbhís iardhíola leordhóthanach a chur ar fáil i cibé imthosca atá luaite i dtairiscint, i dtuairisc nó i bhfógrán ag an díoltóir thar ceann an mhonaróra nó thar a cheann féin agus go ceann cibé tréimhse atá luaite amhlaidh nó, mura mbeidh aon tréimhse luaite amhlaidh, go ceann tréimhse réasúnaí. | ||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó comhairle a ghlacadh le cibé páirtithe leasmhara a mheasfaidh sé a bheith cuí, a mhíniú le hordú, i ndáil le haon aicme earraí a thuairiscítear san ordú, céard is tréimhse réasúnach ann chun críche fho-alt (1). | |||||||||||||||
[EN] | (3) D'ainneoin alt 55 (1) d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 22 den Acht seo) is téarma ar neamhní aon téarma i gconradh a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó ó aon chuid d'fhorálacha, an ailt seo. | |||||||||||||||
[EN] |
Coinníoll intuigthe maidir le díol mótarfheithiclí. |
13. —(1) San alt seo ciallaíonn “mótarfheithicil” feithicil ata beartaithe nó oiriúnaithe chun a gluaiste le córacha meicniúla, lena n-áirítear— | ||||||||||||||
[EN] | (a) dhárothach nó trírothach, le gabhálas chun é a ghluaiseacht le cumhacht mheicniúil, agus | |||||||||||||||
[EN] | (b) feithicil a ghluaistear le córacha leictreacha nó le córacha idir leictreach agus mheicniúil. | |||||||||||||||
[EN] | (2) Gan dochar d'aon choinníoll nó baránta eile tá coinníoll intuigthe i ngach conradh chun mótarfheithicil a dhíol (ach amháin conradh inar duine an ceannaitheoir arb é a ghnó déileáil i mótarfheithiclí) go bhfuil an fheithicil, tráth a seachadta faoin gconradh, saor ó aon locht a thabharfadh gur chontúirt í don phobal, lena n-áirítear daoine a bheidh ag taisteal san fheithicil. | |||||||||||||||
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo— | |||||||||||||||
[EN] | (a) má shocraítear idir an díoltóir agus an ceannaitheoir nach bhfuil sé beartaithe an fheithicil a úsáid sa riocht ina bhfuil sí le seachadadh ar an gceannaitheoir faoin gconradh, agus | |||||||||||||||
[EN] | (b) má dhéanann an díoltóir agus an ceannaitheoir, nó má dhéantar thar a gceann, doiciméad arb é a bheidh ann ráiteas sa chéill sin a shíniú agus a thabhairt don cheannaitheoir roimh an seachadadh sin nó tráth an tseachadta sin, agus | |||||||||||||||
[EN] | (c) má thaispeántar gur socrú cóir réasúnach an socrú dá dtagraítear i mír (a). | |||||||||||||||
[EN] | (4) Ach amháin i gcás nach cuid den chonradh nó gur coinníodh go héifeachtach as an gconradh de bhun fho-alt (2) an coinníoll intuigthe maidir le bheith saor ó lochtanna dá dtagraítear san fho-alt sin, i gcás gach díol mótarfheithicle a dhéanfaidh duine arb é a ghnó déileáil i mótarfheithiclí déanfaidh an díoltóir nó déanfar thar a cheann deimhniú i scríbhinn i cibé foirm a fhorordóidh an tAire le rialacháin a thabhairt don cheannaitheoir á rá go bhfuil an fheithicil, tráth an tseachadta, saor ó aon locht a thabharfadh gur chontúirt í don phobal, lena n-áirítear daoine a bheidh ag taisteal san fheithicil. | |||||||||||||||
[EN] | (5) I gcás caingean a thabhairt mar gheall ar shárú ar an gcoinníoll intuigthe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) de bharr lochta shonraigh i mótarfheithicil agus nach gcruthófar gur tugadh deimhniú a chomhlíonann ceanglais an ailt seo, toimhdeofar mura gcruthófar a mhalairt go raibh an locht a cruthaíodh uirthi tráth an tseachadta. | |||||||||||||||
[EN] | (6) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (4) feidhm a bheith acu maidir le mótarfheithiclí i gcoitinne nó le mótarfheithiclí d'aicme nó de thuairisc áirithe (arna míniú i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) agus féadfar foirmeacha éagsúla deimhnithe a fhorordú le haghaidh aicmí nó tuairiscí éagsúla feithiclí. | |||||||||||||||
[EN] | (7) Duine a úsáideann mótarfheithicil le toiliú cheannaitheoir na feithicle agus a mbaineann caillteanas dó de bharr coinníoll a shárú atá intuigthe le fo-alt (2) sa chonradh díola féadfaidh sé caingean ar dhamáistí in aghaidh an díoltóra maidir leis an sárú a chothabháil amhail is dá mba é an ceannaitheoir é. | |||||||||||||||
[EN] | (8) Leasaítear leis seo Reacht na dTréimhsí, 1957 — | |||||||||||||||
[EN] | (I) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in alt 11 (2)— | |||||||||||||||
[EN] | “(d) Ní dhéanfar caingean ar dhamáistí faoi alt 13 (7) den Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , a thionscnamh tar éis dhá bhliain a bheith caite ón dáta a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.”; | |||||||||||||||
[EN] | (II) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 49— | |||||||||||||||
[EN] | “(5) I gcás caingean chun damáistí a éileamh faoi alt 13 (7) den Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirfí na focail ‘dhá bhliain’ in ionad na bhfocal ‘sé bliana’.”. | |||||||||||||||
[EN] | (9) D'ainneoin alt 55 (1) d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 22 den Acht seo) is téarma ar neamhní aon téarma i gconradh a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó ó aon chuid d'fhorálacha, an ailt seo. | |||||||||||||||
[EN] |
Dliteanas tithe airgeadais. |
14. —I gcás a ndíolfar earraí le ceannaitheoir a dhéileálann mar thomhaltóir agus go ndéanfaidh an ceannaitheoir comhaontú i ndáil leis an díol le duine eile a ghníomhaíonn i gcúrsa gnó (dá ngairtear teach airgeadais san alt seo) chun airgead a d'íoc an teach airgeadais leis an díoltóir maidir le praghas na n-earraí a aisíoc leis an teach airgeadais, measfar gur páirtí sa díol an teach airgeadais agus beidh an teach airgeadais agus an díoltóir freagrach, i gcomhpháirt agus go leithleach, don cheannaitheoir mar gheall ar an gconradh díolacháin a shárú agus mar gheall ar aon mhífhaisnéis a thug an díoltóir maidir leis na hearraí. | ||||||||||||||
Ráthaíochtaí | ||||||||||||||||
[EN] |
Míniú ar ráthaíocht. |
15. —In ailt 16 go 19 ciallaíonn “ráthaíocht” aon doiciméad, fógra nó ráiteas scríofa eile, cibé slí a thuairiscítear é, arna thabhairt ag monaróir nó ag soláthróir eile, seachas miondíoltóir, i ndáil le haon earraí a sholáthar agus á chur i iúl go ndéanfaidh an monaróir nó an soláthróir eile na hearraí a sheirbhísiú nó a dheisiú nó go ndéileálfaidh sé leo ar shlí eile tar éis iad a cheannach. | ||||||||||||||
[EN] |
Téarmaí ráthaíochta. |
16. —(1) Beidh ráthaíocht soiléir soléite agus ní thagróidh sí ach d'earraí sonracha nó d'earnáil amháin earraí. | ||||||||||||||
[EN] | (2) Dearbhóidh ráthaíocht go soiléir ainm agus seoladh an duine a thugann an ráthaíocht. | |||||||||||||||
[EN] | (3) Dearbhóidh ráthaíocht go soiléir tréimhse na ráthaíochta ó dháta an cheannaigh ach féadfar tréimhsí éagsúla a dhearbhú le haghaidh comhpháirteanna éagsúla d'aon earraí. | |||||||||||||||
[EN] | (4) Dearbhóidh ráthaíocht go soiléir an nós imeachta chun éileamh a thíolacadh faoin ráthaíocht ar nós imeachta é nach deacra ná gnáthnós imeachta tráchtála nó nós imeachta tráchtála coitianta. | |||||||||||||||
[EN] | (5) Dearbhóidh ráthaíocht go soiléir céard a gheallann an monaróir nó an soláthróir eile a dhéanamh i ndáil leis na hearraí agus cé na muirir, más ann, lena n-áirítear an costas iompair, is gá don cheannaitheoir a sheasamh i ndáil le gealltanais den sórt sin. | |||||||||||||||
[EN] | (6) Is cion ag an monaróir nó ag an soláthróir eile earraí ráthaíocht nach gcomhlíonann an t-alt seo a thabhairt i ndáil leis na hearraí. | |||||||||||||||
[EN] |
Dliteanas an díoltóra faoi ráthaíocht. |
17. —(1) I gcás a seachadfaidh díoltóir earraí ráthaíocht ar an gceannaitheoir, cibé uair nó cibé slí a seachadfar é, beidh an díoltóir faoi dhliteanas don cheannaitheoir maidir le téarmaí na ráthaíochta a chomhlíonadh amhail is dá mba é an ráthóir é, mura gcuirfidh sé a mhalairt in iúl go sainráite tráth an tseachadta. | ||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás, áfach, a dtabharfaidh an díoltóir, ar miondíoltóir é, a ghealltanas scríofa féin don cheannaitheoir go ndéanfaidh sé, tar éis na hearraí a cheannach, iad a sheirbhísiú nó a dheisiú nó go ndéileálfaidh sé leo ar shlí eile, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, nach ndearna sé é féin a chur faoi dhliteanas don cheannaitheoir faoin ráthaíocht a seachadadh amhlaidh. | |||||||||||||||
[EN] | (3) Bainfidh ailt 16, 18 agus 19 le haon ghealltanas den sórt sin mar a bhaineann siad le ráthaíocht. | |||||||||||||||
[EN] | (4) Is dliteanas gan dochar do na cearta a thugtar don cheannaitheoir faoi alt 19 dliteanas an díoltóra do cheannaitheoir faoin alt seo. | |||||||||||||||
[EN] |
Cearta an cheannaitheora faoi ráthaíocht a eisiamh. |
18. —(1) Ní dhéanfaidh cearta faoi ráthaíocht cearta an cheannaitheora faoin dlí coiteann nó de bhun reachta a eisiamh ná a theorannú in aon slí agus is foráil ar neamhní gach foráil i ráthaíocht lena gcuirtear oibleagáidí ar an gceannaitheoir de bhreis ar a chuid oibleagáidí faoin gconradh. | ||||||||||||||
[EN] | (2) Is foráil ar neamhní foráil i ráthaíocht a airbheartaíonn go ndéanfar den ráthóir nó d'aon duine a ghníomhaíonn thar a cheann an t-aon-údarás lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil carraí lochtach nó cé acu atá nó nach bhfuil teideal ag an gceannaitheoir thairis sin éileamh a thíolacadh. | |||||||||||||||
[EN] |
Ceart caingne faoi ráthaíocht. |
19. —(1) Féadfaidh ceannaitheoir earraí caingean a chothabháil in aghaidh monaróir nó soláthróir eile nach n-urramóidh aon cheann de théarmaí na ráthaíochta amhail is dá mbeadh an monaróir nó an soláthróir sin tar éis na hearraí a dhíol leis an gceannaitheoir agus tar éis baránta a shárú, agus féadfaidh an chúirt a ordú don mhonaróir nó don soláthróir cibé beart a dhéanamh a bheidh riachtanach chun téarmaí na ráthaíochta a urramú, nó damáistí a íoc leis an gceannaitheoir. San fho-alt seo, folaíonn “ceannaitheoir” gach duine a fhaigheann teideal chun na n-earraí laistigh de thréimhse na ráthaíochta agus, i gcás earraí a allmhaireofar, folaíonn “monaróir” an t-allmhaireoir. | ||||||||||||||
[EN] | (2) In aon chás ina mbeidh ráthóir faoi dhliteanas ag úinéir maidir le damáistí, féadfaidh an chúirt dá rogha féin agus ar cibé téarmaí a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir deis a thabhairt don ráthóir na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh faoin ráthaíocht chun sástacht na cúirte laistigh de thréimhse a bheidh teorannaithe ag an gcúirt. | |||||||||||||||
An Conradh a Chomhlíonadh | ||||||||||||||||
[EN] |
Sale of Goods Act, 1893, ailt 34 agus 35. |
20. —Cuirtear na hailt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas in ionad ailt 34 agus 35 d'Acht 1893: | ||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Leigheasanna ar Shárú Conartha | ||||||||||||||||
[EN] |
Sale of Goods Act, 1893, alt 53. |
21. —Cuirfear an t-alt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas in ionad alt 53 d'Acht 1893: | ||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Forlíonadh | ||||||||||||||||
[EN] |
Sale of Goods Act, 1893, alt 55. |
22. —Cuirfear an t-alt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas in ionad alt 55 d'Acht 1893: | ||||||||||||||
| ||||||||||||||||
[EN] |
Sale of Goods Act, 1893, alt 55A. |
23. —Cuirfear an t-alt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas isteach i ndiaidh alt 55 d'Acht 1893: | ||||||||||||||
| ||||||||||||||||
[EN] |
Díolacháin idirnáisiúnta. |
24. —In alt 61 d'Acht 1893 (Savings) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (5)— | ||||||||||||||
[EN] | “(6) (a) Nothing in section 55 or 55A of this Act shall prevent the parties to a contract for the international sale of goods from negativing or varying any right, duty or liability which would otherwise arise by implication of law under sections 12 to 15 of this Act. | |||||||||||||||
[EN] | (b) In this subsection ‘contract for the international sale of goods' means a contract of sale of goods made by parties whose places of business (or, if they have none, habitual residences) are in the territories of different States and in the case of which one of the following conditions is satisfied: | |||||||||||||||
[EN] | (i) the contract involves the sale of goods which are at the time of the conclusion of the contract in the course of carriage or will be carried from the territory of one State to the territory of another; or | |||||||||||||||
[EN] | (ii) the acts constituting the offer and acceptance have been effected in the territories of different States; or | |||||||||||||||
[EN] | (iii) delivery of the goods is to be made in the territory of a State other than that within whose territory the acts constituting the offer and the acceptance have been effected.”. |