An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Earraí a Dhíol) Ar Aghaidh (CUID IV Soláthar Seirbhísí)

16 1980

AN tACHT UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980

CUID III

Comhaontuithe Fruilcheannaigh

Cuid III a lua agus a fhorléiriú.

25. —(1) Féadfar na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 go 1980, a ghairm de na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960, agus den Chuid seo le chéile.

(2) Forléireofar na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960, agus an Chuid seo mar aon ní amháin.

Téarmaí intuigthe maidir le teideal.

26. —(1) Tá i ngach comhaontú fruilcheannaigh, seachas ceann lena mbaineann fo-alt (2)—

(a) coinníoll intuigthe ó thaobh an úinéara go mbeidh de cheart aige na hearraí a dhíol an tráth a aistreoidh an mhaoin, agus

(b) baránta intuigthe go bhfuil na hearraí saor, agus go bhfanfaidh siad saor go dtí an tráth a aistreoidh an mhaoin, ó aon mhuirear nó aon eire nár nochtadh don fhruilitheoir sula ndearnadh an comhaontú agus go mbeidh seilbh shíothach ag an bhfruilitheoir ar na hearraí ach amháin a mhéid a shuaithfear í ag aon duine a bheidh i dteideal sochair aon mhuirir nó eire a nochtfar amhlaidh.

(2) Tá i gcomhaontú fruilcheannaigh, i gcás ar dealraitheach ón gcomhaontú nó a bhfuil sé le tuiscint ó imthosca an chomhaontaithe go bhfuil ar intinn nach n-aistreodh an t-úinéir ach cibé teideal atá aige nó ag tríú pearsa—

(a) baránta intuigthe go ndearnadh gach muirear nó eire a bhí ar eolas ag an úinéir a nochtadh don fhruilitheoir sula ndearnadh an comhaontú, agus

(b) baránta intuigthe nach ndéanfaidh—

(i) an t-úinéir, ná

(ii) i gcás a bhfuil sé ar intinn ag na páirtithe sa chomhaontú nach mbeidh in aon teideal a aistreofar ach cibé teideal a bheidh ag tríú pearsa, an phearsa sin, ná

(iii) aon duine a éilíonn tríd an úinéir nó an tríú pearsa sin nó fúthu seachas faoi mhuirear nó eire a nochtadh don fhruilitheoir sula ndearnadh an comhaontú,

seilbh shíothach an fhruilitheora ar na hearraí a shuaitheadh.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'oibriú aon achtacháin nó aon rialach eile dlí trína mbeidh aon choinníoll nó baránta le bheith intuigthe le comhaontú fruilcheannaigh.

(4) Cúlghairtear leis seo alt 9 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946 (lena bhforáiltear do théarmaí intuigthe).

Ligean trí thuairisc.

27. —(1) I gcás a ndéanfar faoi chomhaontú fruilcheannaigh earraí a ligean trí thuairisc, tá coinníoll intuigthe ann go bhfreagróidh na hearraí don tuairisc, agus más rud é faoin gcomhaontú go ligfear na hearraí faoi threoir sampla chomh maith le tuairisc ní leor go bhfreagróidh bulc na n-earraí don sampla mura bhfreagróidh na hearraí freisin don tuairisc.

(2) Ní choiscfear earraí óna ligean trí thuairisc de bhíthin amháin gurb é an fruilitheoir, ar iad a bheith ar taispeáint lena ndíol nó lena bhfruiliú, a roghnaíonn iad.

(3) Féadfaidh tagairt d'earraí ar lipéad nó ábhar tuairisciúil eile a bheidh ag gabháil le hearraí a bheidh ar taispeáint lena ndíol nó lena bhfruiliú a bheith ina gcuid de thuairisc nó cuid de thuairisc a dhéanamh.

Gealltanais intuigthe maidir le cáilíocht nó feiliúnacht.

28. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo agus faoi réir fhorálacha aon achtacháin eile, níl aon choinníoll ná baránta intuigthe maidir le cáilíocht nó feiliúnacht earraí chun aon chríche áirithe is earraí a ligtear faoi chomhaontú fruilcheannaigh.

(2) I gcás a ligfidh an t-úinéir earraí faoi chomhaontú fruilcheannaigh i gcúrsa gnó, tá coinníoll intuigthe go mbeidh na hearraí i riocht díola de réir bhrí alt 14 (3) d'Acht 1893 mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le halt 10 den Acht seo ach amháin nach bhfuil aon choinníoll den sórt sin ann—

(a) maidir le lochtanna a dtarraingeofar aird an fhruilitheora orthu go sonrach sula ndéanfar an comhaontú, nó

(b) má scrúdaíonn an fruilitheoir na hearraí sula ndéanfar an comhaontú, maidir le lochtanna ar cheart don scrúdú sin iad a nochtadh.

(3) I gcás a ligfidh an t-úinéir earraí faoi chomhaontú fruilcheannaigh i gcúrsa gnó agus go gcuirfidh an fruilitheoir, go sainráite nó go hintuigthe, i bhfios don úinéir nó don duine a sheolfaidh aon réamhchaibidlí (mar a mhínítear in alt 35) aon chríoch áirithe a mbeidh na hearraí á bhfruiliú ina leith, tá coinníoll intuigthe go mbeidh na hearraí a sholáthrófar faoin gcomhaontú feiliúnach le réasún chun na críche sin, cibé acu ar críoch í sin a soláthraítear earraí den sórt sin de ghnáth ina leith nó nach ea, ach amháin i gcás a dtaispeánfaidh na himthosca nach gcuireann an fruilitheoir iontaoibh i scil nó i mbreithiúnas an úinéara nó an duine sin nó gur míréasúnach dó sin a dhéanamh.

(4) Féadfar coinníoll nó baránta intuigthe maidir le cáilíocht nó feiliúnacht chun críche áirithe a chur i gceangal le comhaontú fruilcheannaigh de réir gnáthaimh.

(5) Baineann na forálacha sin roimhe seo den alt seo le comhaontú fruilcheannaigh a dhéanfaidh duine agus é ag gníomhú i gcúrsa gnó mar ghníomhaire don úinéir mar a bhaineann siad le comhaontú a rinne an t-úinéir, ach amháin i gcás nach mbeidh an t-úinéir ag ligean i gcúrsa gnó agus go mbeidh an t-eolas sin ag an bhfruilitheoir nó go nglacfar bearta réasúnacha chun aird an fhruilitheora a tharraingt ar an bhfíoras sin sula ndéanfar an comhaontú.

Samplaí.

29. —I gcás a ndéanfar faoi chomhaontú fruilcheannaigh earraí a ligean faoi threoir sampla, beidh coinníoll intuigthe—

(a) go bhfreagróidh an bulc don sampla maidir le cáilíocht, agus

(b) go mbeidh caoi réasúnach ag an bhfruilitheoir an bulc a chur i gcomórtas leis an sampla, agus

(c) go mbeidh na hearraí saor ó locht a d'fhágfadh nárbh earraí indíolta iad de réir bhrí alt 14 (3) d'Acht 1893 mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le halt 10 den Acht seo, rud nach mbeadh follasach tar éis scrúdú réasúnach a dhéanamh ar an sampla.

Ráitis a airbheartaíonn cearta an fhruilitheora a shrianadh.

30. —(1) Baineann fo-ailt (2) agus (3) le haon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis mar ráiteas a chuirfidh in iúl go mbeidh ceart nó feidhmiú cirt a thugtar le halt 26, 27, 28 nó 29, nó dliteanas a thig de bhua na n-alt sin, srianta nó eisiata seachas faoi alt 31.

(2) Is cion ag duine aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh i gcúrsa gnó i ndáil le ráiteas dá dtagraíonn fo-alt (1):

(a) fógra ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thaisealbhadh in aon chuid d'aon áitreabh, nó

(b) fógrán ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara é a fhoilsiú, nó

(c) earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh aon ráiteas den sórt sin a sholáthar, nó

(d) doiciméad ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thabhairt, nó a chur faoi deara é a thabhairt, ar aon slí eile.

(3) Chun críocha an ailt seo déileálfar le ráiteas á chur in iúl nach malartófar earraí, nó nach n-aisíocfar airgead, nó nach dtabharfar ach nótaí creidmheasa in aghaidh earraí a tugadh ar ais, mar ráiteas lena mbaineann fo-alt (1) mura mbeidh sé cáilithe chomh soiléir sin nach bhféadfar é a fhorléiriú mar ráiteas is infheidhme in imthosca ina mbeidh an fruilitheoir ag iarraidh ceart a fheidhmiú a thugtar le haon fhoráil d'alt a luaitear i bhfo-alt (1).

(4) Is cion ag duine earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh, nó aon doiciméad ina mbeidh, aon ráiteas a thabhairt i gcúrsa gnó do fhruilitheoir, gan spleáchas d'éifeacht dhlíthiúil an ráitis, a leagann amach, a theorannaíonn nó a thuairiscíonn cearta a thugtar do fhruilitheoir nó dliteanais maidir leis an bhfruilitheoir i ndáil leis na hearraí nó aon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis mar ráiteas den sórt sin mura mbeidh dearbhú soiléir suntasach ag gabháil leis an ráiteas sin nach dochar ar aon slí do na cearta conarthacha atá ag an gceannaitheoir de bhua alt 26, 27, 28 nó 29 an ráiteas iomchuí.

Téarmaí agus coinníollacha intuigthe a eisiamh.

31. —(1) Ní dhéanfaidh coinníoll nó baránta sainráite coinníoll nó baránta is intuigthe leis an gCuid seo a chealú mura mbeidh sé ar neamhréir leis.

(2) Is téarma ar neamhní téarma i gcomhaontú fruilcheannaigh nó in aon chomhaontú eile a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó ó aon chuid d'fhorálacha, alt 26.

(3) Is téarma ar neamhní téarma i gcomhaontú fruilcheannaigh nó in aon chomhaontú eile a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó ó aon chuid d'fhorálacha, alt 27, 28 nó 29 i gcás ar mar thomhaltóir a dhéileálann an fruilitheoir agus ní bheidh sé inchurtha i bhfeidhm in aon chás eile mura suífear go bhfuil sé cóir réasúnach.

(4) Ní choiscfidh fo-alt (3) an chúirt ó thuairim a bheith aici, de réir aon rialach dlí, nach téarma sa chomhaontú fruilcheannaigh téarma a airbheartóidh aon cheann d'fhorálacha alt 27, 28 nó 29 a eisiamh nó a shrianadh.

(5) Aon tagairt san alt seo do théarma a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó aon chuid d'fhorálacha, aon ailt den Acht seo is tagairt í do théarma a airbheartaíonn oibriú fhorálacha uile, nó aon chuid d'fhorálacha, an ailt sin, nó feidhmiú cirt a thugtar le haon fhoráil den alt sin, nó aon dliteanas a bheidh ar an úinéir mar gheall ar choinníoll nó baránta a shárú is intuigthe le haon fhoráil den alt sin a eisiamh nó a shrianadh nó a mbeidh d'éifeacht leis eisiamh nó srianadh den sórt sin a dhéanamh.

(6) Aon tagairt san alt seo do théarma i gcomhaontú folaíonn sí tagairt do théarma arb éard é, cé nach téarma é atá i gcomhaontú é féin, téarma atá corpraithe sa chomhaontú ag téarma eile sa chomhaontú.

Dliteanas daoine a sheolann caibidlí roimh chomhaontuithe fruilcheannaigh.

32. —I gcás earraí a ligean faoi chomhaontú fruilcheannaigh le fruilitheoir a dhéileálann mar thomhaltóir, measfar maidir leis an duine, más ann, a sheol na réamhchaibidlí (mar a mhínítear in alt 35) gur páirtí sa chomhaontú é agus beidh an duine sin agus an t-úinéir, i gcomhpháirt agus go leithleach, freagrach don fhruilitheoir mar gheall ar an gcomhaontú a shárú agus mar gheall ar aon mhífhaisnéis a thug an duine sin maidir leis na hearraí i gcúrsa na réamh-chaibidlí.

Ailt 12, 15 go 19 a fheidhmiú ar chomhaontuithe fruilcheannaigh.

33. —I gcás earraí a ligean faoi chomhaontú fruilcheannaigh beidh éifeacht le halt 12 (a bhaineann le barántaí le haghaidh páirteanna breise agus seirbhísithe) agus le hailt 15 go 19 (a bhaineann le ráthaíochtaí agus gealltanais) amhail is dá mba chomhaontú fruilcheannaigh conradh chun earraí a dhíol, dá mba é an ceannaitheoir an fruilitheoir agus dá mba é an díoltóir an duine a sheol na réamhchaibidlí (mar a mhínítear in alt 35).

Alt 13 a fheidhmiú ar fhruilcheannach mótarfheithiclí.

34. —I gcás mótarfheithicil a ligean faoi chomhaontú fruilcheannaigh, beidh éifeacht le halt 13 (a bhaineann le coinníoll intuigthe maidir le díol mótarfheithiclí) amhail is dá mba chomhaontú fruilcheannaigh conradh i gcomhair díolacháin, dá mba é an fruilitheoir an ceannaitheoir agus dá mba é an díoltóir an duine a sheol na réamhchaibidlí (mar a mhínítear in alt 35); agus beidh an t-úinéir, i gcomhpháirt leis an duine sin agus go leithleach, freagrach don fhruilitheoir mar gheall ar an gcoinníoll intuigthe a shárú.

Réamhchaibidlí agus uiríolla.

35. —(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “réamhchaibidlí”, i ndáil le comhaontú fruilcheannaigh, aon chaibidlí nó comhshocraíochtaí leis an bhfruilitheoir trínar aslaíodh é an comhaontú a dhéanamh nó a chuir an t-idirbheart lena mbaineann an comhaontú chun cinn ar shlí eile; agus aon tagairt don duine a sheol aon réamhchaibidlí is tagairt í don duine a sheol na caibidlí nó a rinne na comhshocraíochtaí áirithe i gcúrsa gnó a sheolann sé.

(2) Chun críocha na Coda seo, measfar, maidir le haon chaibidlí a sheol seirbhíseach nó gníomhaire nó le haon chomhshocraíochtaí nó uiríolla a rinne sé, más i gcúrsa a fhostaíochta nó a ghníomhaireachta a sheol nó a rinne sé iad, gurb é a fhostóir nó a phríomhaí a sheol nó a rinne iad; agus measfar, maidir le haon rud a fuair seirbhíseach nó gníomhaire, más i gcúrsa a fhostaíochta nó a ghníomhaireachta a fuair sé é, gurb é a fhostóir nó a phríomhaí a fuair é.

San fho-alt seo folaíonn “uiríolla” aon ráiteas nó gealltanas, cibé acu ar coinníoll nó baránta é nó nach ea, agus déanfar tagairtí d'uiríolla a dhéanamh a fhorléiriú dá réir sin.

Easontacht dlíthe.

36. —I gcás arbh é dlí na hÉireann, ar leith ó théarma á rá gur chóir gurbh é dlí tíre éigin eile nó téarma sa chéill chéanna, dlí cuí comhaontaithe fruilcheannaigh nó i gcás téarma a bheith in aon chomhaontú den sórt sin a airbheartóidh forálacha de chuid dlí tíre éigin eile a chur in ionad fhorálacha uile, nó aon cheann d'fhorálacha, ailt 26 go 29 agus 31, nó arb é a éifeacht sin a dhéanamh, bainfidh na hailt sin, d'ainneoin an téarma sin, leis an gconradh.

Comhaontuithe fruilcheannaigh idirnáisiúnta.

37. —(1) Ní choiscfidh aon ní in alt 31 nó 36 na páirtithe i gcomhaontú fruilcheannaigh idirnáisiúnta ó aon cheart, dualgas nó dliteanas a thiocfadh ar shlí eile de dhroim dlí faoi ailt 26 go 29 a chealú nó a athrú.

(2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “comhaontú fruilcheannaigh idirnáisiúnta” comhaontú fruilcheannaigh arna dhéanamh ag páirtithe ar i gcríocha Stát éagsúil dá n-áiteanna gnó agus a sásófar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ina chás:

(a) go gcuimsíonn an comhaontú earraí a fhruiliú atá, tráth an chomhaontaithe a thabhairt chun críche, i gcúrsa a n-iompair nó a iomprófar ó chríoch Stáit amháin go dtí críoch Stáit eile; nó

(b) go mbeidh na gníomhartha arb é a bheidh iontu an tairiscint agus an glacadh déanta i gcríocha Stát éagsúil; nó

(c) go ndéanfar na hearraí a sheachadadh i gcríoch Stáit seachas an Stát ar laistigh dá chríoch a rinneadh na gníomhartha arb é a bheidh iontu an tairiscint agus an glacadh.

Earraí a ligtear seachas faoi chomhaontú fruilcheannaigh.

38. —I gcás earraí a ligean, seachas faoi chomhaontú fruilcheannaigh, le duine a dhéileálann mar thomhaltóir, bainfidh forálacha na Coda seo, seachas alt 26, leis an gcomhaontú ligin amhail is dá mba chomhaontú fruilcheannaigh é agus i ngach comhaontú den sórt sin beidh baránta intuigthe go bhfuil na hearraí saor, agus go bhfanfaidh siad saor, ó aon mhuirear nó eire nár nochtadh, sula ndearnadh an comhaontú, don duine a thógfaidh na hearraí agus go mbeidh seilbh síothach ag an duine sin ar na hearraí ach amháin a mhéid a shuaithfear í ag aon duine a bheidh i dteideal sochair aon mhuirir nó eire a nochtfar amhlaidh.