An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AN FHORAIS NÁISIÚNTA UM ARD-OIDEACHAS, BAILE ÁTHA CLIATH, 1980) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL An Stiúrthóir)

30 1980

ACHT AN FHORAIS NÁISIÚNTA UM ARD-OIDEACHAS, BAILE ÁTHA CLIATH, 1980

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Comhlacht Ceannais

Alt 5.

1. (1) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Achta seo, soláthróidh an Comhlacht Ceannais, agus coimeádfaidh sé ina sheilbh. séala don Fhoras.

(2) Fíordheimhneofar séala an Fhorais le síniú an chathaoirligh nó chomhalta den Chomhlacht Ceannais a bheidh údaraithe ag an gComhlacht Ceannais gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Fhoras a bheidh údaraithe gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Fhorais agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Foras agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an Sceidil seo) an Fhorais agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

2. (1) Is é an Rialtas ar mholadh ón Aire a cheapfaidh cathaoirleach an Chomhlachta Ceannais agus féadfaidh an Rialtas é a chur as oifig ar mholadh ón Aire.

(2) Féadfaidh cathaoirleach an Chomhlachta Ceannais, tráth ar bith, éirí as a oifig mar chathaoirleach trí litir a sheolfar chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht ón dáta ar a bhfaighfear an litir.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, sealbhóidh cathaoirleach an Chomhlachta Ceannais oifig mar chathaoirleach ar cibé téarmaí a chinnfidh an Rialtas ar dháta a cheaptha.

(4) Scoirfidh cathaoirleach an Chomhlachta Ceannais d'oifig a shealbhú ar sheachtó bliain d'aois a shlánú.

3. (1) Is é an Rialtas, ar mholadh ón Aire, a cheapfaidh gach gnáthchomhalta den Chomhlacht Ceannais, agus féadfaidh an Rialtas é a chur as oifig ar mholadh ón Aire.

(2) Féadfaidh gnáthchomhalta den Chomhlacht Ceannais, tráth ar bith, éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a sheolfar chun an Aire agus glacfaidh an t-eirí-as éifeacht ón dáta ar a bhfaighfear an litir.

(3) Scoirfidh gnáthchomhalta den Chomhlacht Ceannais d'oifig a shealbhú ar sheachtó bliain d'aois a shlánú.

(4) Beidh gnáthchomhalta den Chomhlacht Ceannais a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha.

4. (1) Beidh comhalta den Chomhlacht Ceannais (lena n-áirítear an cathaoirleach ach gan gnáthchomhalta ar mac léinn cláraithe den Fhoras é a chur san áireamh) i seilbh oifige ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana.

(2) Beidh gnáthchomhalta den Chomhlacht Ceannais ar mac léinn é i seilbh oifige ar feadh tréimhse bliana.

5. (1) Déanfaidh an Comhlacht Ceannais, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, duine a cheapadh as líon a chomhaltaí (seachas an cathaoirleach nó an Stiúrthóir) chun bheith ina leaschathaoirleach ar an gComhlacht.

(2) Beidh leaschathaoirleach an Chomhlachta Ceannais i seilbh oifige go dtí deireadh a thréimhse oifige mar chomhalta den Chomhlacht Ceannais mura túisce a éireoidh sé as oifig an leaschathaoirligh nó a scoirfidh sé de bheith ina leaschathaoirleach faoi fhomhír (3) den mhír seo.

(3) I gcás leaschathaoirleach an Chomhlachta Ceannais do scor, le linn a théarma oifige mar leaschathaoirleach, de bheith ina chomhaita den Chomhlacht Ceannais, scoirfidh sé ansin freisin de bheith ina leaschathaoirleach ar an gComhlacht Ceannais.

6. (a) I gcás maidir le comhalta den Chomhlacht Ceannais—

(i) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, nó go n-ainmneofar é lena thoghadh chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó go gceapfar é le bheith ina ionadaí sa Tionól sin,

(ii) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé, faoi choimirce nó faoi nós imeachta cúirte, imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó

(iii) go gcuirfidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Chomhlacht Ceannais.

(b) Ní bheidh duine i dteideal bheith ina chomhalta den Chomhlacht Ceannais—

(i) má bhíonn sé de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin,

(ii) má bhíonn sé de thuras na huaire ina ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach,

(iii) más féimheach neamhurscaoilte é,

(iv) má rinne sé, sa tréimhse trí bliana díreach roimhe sin, faoi choimirce cúirte, imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó

(v) má chuir cúirt dlínse inniúla, sa tréimhse cúig bliana díreach roimhe sin, téarma príosúnachta air.

7. (1) Comhalta den Chomhlacht Ceannais—

(a) a bhfuil aon leas aige in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartaíonn an Foras aon chonradh a dhéanamh, nó

(b) a bhfuil aon leas aige in aon chonradh a bheartaíonn an Foras a dhéanamh,

nochtfaidh sé don Chomhlacht Ceannais go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon bhreithniú ná cinneadh ag an gComhlacht Ceannais maidir leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an Chomhlachta Ceannais.

(2) Comhalta den Chomhlacht Ceannais a bhfuil gaol aige le duine is iarrthóir lena cheapadh ag an gComhlacht Ceannais mar oifigeach nó seirbhíseach don Fhoras nochtfaidh sé don Chomhlacht Ceannais go bhfuil an gaol sin aige agus cad é an gaol é agus ní ghlacfaidh sé, má chinneann an Comhlacht Ceannais amhlaidh, aon pháirt in aon bhreithniú ná cinneadh ag an gComhlacht Ceannais maidir leis an gceapadh, agus taifeadfar an nochtadh agus an cinneadh i miontuairiscí an Chomhlachta Ceannais.

8. Íocfar le cathaoirleach agus le gnáthchomhaltaí an Chomhlachta Ceannais, as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhlacht Ceannais, cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnnfidh an tAire le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí.

9. (1) Tionólfaidh an Comhlacht Ceannais cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Socróidh an tAire dáta, tráth agus ionad chéad-chruinniú an Chomhlachta Ceannais.

(3) Ochtar is córam do chruinniú den Chomhlacht Ceannais.

10. Ag cruinniú den Chomhlacht Ceannais—

(a) is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, is é an leaschathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(c) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, agus nach mbeidh an leaschathaoirleach i láthair nó go mbeidh oifig an leaschathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Chomhlacht Ceannais a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

11. Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhlacht Ceannais a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

12. Faoi réir Airteagal 9 (3) den Sceideal seo, féadfaidh an Comhlacht Ceannais gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

13. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialálfaidh an Comhlacht Ceannais, le buan-orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ghnó.

14. Rialóidh agus seolfaidh an Comhlacht Ceannais gnóthaí an Fhorais agus comhlíonfaidh sé na feidhmeanna go léir a shanntar dó leis an Acht seo agus go háirithe, maidir leis an gComhlacht Ceannais—

(a) cinnfidh sé na coinníollacha ar fúthu a ligfear daoine isteach san Fhoras agus chuig aon chúrsa staidéir áirithe ann,

(b) cinnfidh sé na coinníollacha faoina bhféadfar mic léinn a bheidh ligthe isteach san Fhoras a choinneáil amach as,

(c) féadfaidh sé caidreamh a bhunú le hinstitiúidí eile ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Comhlacht Ceannais.

(d) féadfaidh sé comhoibriú le haon institiúid, údarás nó comhlacht eile chun aon chríche de chuid an Fhorais,

(e) faoi réir fhomhír (a) den Airteagal seo, féadfaidh sé glacadh, mar chomhlíonadh nó mar pháirtchomhlíonadh ar an gceanglas chun aon chúrsa staidéir a dhéanamh san Fhoras, le freastal a bheith déanta ag mac léinn ar chúrsa nó ar chuid de chúrsa i gCeard-Choláiste Réigiúnach nó i cibé institiúid eile a chinnfidh an Comhlacht Ceannais, agus

(f) féadfaidh sé cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhruiliú a mheasfaidh sé is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh agus íocfaidh an Foras as airgead a bheidh faoina réir aige aon táillí a bheidh iníoctha le sainchomhairleoirí nó le comhairleoirí den sórt sin.