An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 9 Sochar Marthanóra) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 11 Pinsean Baintrí (Ranníocach).)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 10

Pinsean Easláine

Teideal chun pinsin.

[1952, a. 25C; 1970, a. 6]

[1974 (Uimh. 2), a. 10]

88. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh duine i dteideal pinsin easláine—

(a) má tá sé buan-éagumasach chun oibre, agus

(b) má chomhlíonann sé na coinníollacha ranníoca atá in alt 89.

(2) Faoi réir alt 125, leanfar de phinsean easláine a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis dáta báis tairbhí a raibh cleithiúnaí aosaithe aige.

(3) Sonrófar le rialacháin na coinníollacha ar faoina réir a measfar chun críocha an ailt seo duine a bheith buan-éagumasach chun oibre.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndícháileofar duine chun pinsean easláine a fháil má mhainníonn sé gan cúis mhaith aon rialacha forordaithe iompair a chomhlíonadh.

Coinníollacha maidir le pinsean a fháil.

[1952, Sc. 4; 1970, Sc.; 1978 L, a. 13]

[1952, a. 14]

[1952, a. 66B; 1970, a. 16]

89. —(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás pinsin easláine—

(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad ó tháinig sé faoi árachas a bheith ag an éilitheoir roimh an dáta iomchuí, agus

(b) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 48 seachtain ranníoca ar a laghad sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh an dáta sin a bheith ag an éilitheoir roimh an dáta iomchuí.

(2) San alt seo ciallaíonn “dáta iomchuí” aon dáta i ndiaidh tréimhse iomlán bliana d'éagumas leanúnach chun oibre i gcás an duine árachaithe a bheith tar éis tosú ar thréimhse leanúnach éagumais chun oibre agus go mbeifear tar éis a chruthú ina dhiaidh sin é a bheith buan-éagumasach chun oibre.

(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go modhnófar na coinníollacha ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) ach, i gcás ina mbeartófar rialacháin den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Aon ranníocaí a bheidh íoctha faoi na hAchta um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, ag ranníocóir fostaithe nó ina leith, féadfar iad a chur san áireamh ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a bheidh forordaithe le haghaidh comhlíonadh na gcoinníollacha ranníoca i leith pinsin easláine.

Na rátaí pinsin.

[1952, a. 14]

90. —Faoi réir na Coda seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a bheidh na rátaí seachtainiúla pinsin easláine.

Méaduithe (lena n-áirítear méaduithe i leith cleithiúnaithe aosaithe agus leanaí cleithiúnacha).

[1952, a. 26; 1970, a.8; 1980, a. 19]

[1952, a. 27; 1960 L, a.9; 1970, a.9; 1976, a. 18]

[1952, a. 26; 1974 (Uimh. 2), a. 19]

[1977, a.14(2)]

91. —(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse ina bhfuil cleithiúnaí aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh tairbhí i dteideal méadú pinsin faoin bhfo-alt seo in aghaidh na tréimhse céanna i leith níos mó ná duine amháin.

(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (4) de Chuid I den Dara Sceideal i leith libh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus, ina theannta sin, i gcás níos mó ná beirt leanbh den sórt sin a bheith ann, déanfar é a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (5) den Chuid sin i leith gach leanbh den sórt sin de bhreis ar bheirt.

(3) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú, i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a mbeidh gaol forordáithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.

(4) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (7) de Chuid I den Dara Sceideal i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine atá i dteideal an phinsin agus é ina chónaí ina aonar.