An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981) Ar Aghaidh (CUID II ÁRACHAS SÓISIALACH)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú i gcoitinne.

[1952, a.2; 1966 DC, a.l; 1978 L, a. 4, 6, 13; 1980, a. 6, 14, 19, 23]

[1975 LLF, a.1]

[1980, a.12, 22]

[1977, a.13 (2)]

[1970, a.29(3), 34(2); 1966 DC, a.1]

[1978 L, a.4 (1)]

[1966 DC, a.36]

[1974 (Uimh. 1), a.4]

[1966 DC, a.1; 1952 LL, a.8]

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “cleithiúnaí aosaithe”, i ndáil le haon duine—

(a) banchéile atá ina cónaí lena fearchéile nó atá á cothabháil go hiomlán nó go formhór ag a fearchéile, nó

(b) fearchéile atá éagumasach de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach ar é féin a chothú agus atá á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag a bhanchéile, nó

(c) bean os cionn 16 bliana d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh cáilithe nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an duine sin i gcás an duine sin a bheith—

(i) ina dhuine singil, nó

(ii) ina bhaintreach, nó

(iii) ina bhaintreach fir, nó

(iv) ina dhuine pósta nach bhfuil ina chónaí le céile an duine phósta sin ná ag cothabháil chéile an duine phósta sin go hiomlán nó go formhór ná á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag céile an duine phósta sin;

ciallaíonn “oifigeach achomhairc” duine a shealbhaíonn oifig mar oifigeach achomhairc faoi alt 297;

ciallaíonn “cúnamh” cúnamh faoi Chuid III;

ciallaíonn “tairbhí” duine atá i dteideal sochair;

ciallaíonn “sochar” sochar faoi Chuid II;

ciallaíonn “bliain sochair” an tréimhse dar tosach an chéad Luan i mbliain áirithe agus dar críoch an Domhnach díreach roimh an gcéad Luan an bhliain dár gcionn;

ciallaíonn “Ard-Bhailitheoir” an tArd-Bhailitheoir a ceapadh faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “seachtain ranníoca” ceann de na tréimhsí comhleanúnacha 7 lá as a chéile i mbliain ranníoca dar tosach an chéad lá den bhliain ranníoca sin, nó aon 7ú lá tar éis an lae sin, á ghlacadh go n-áirítear an lá deiridh de bhliain ranníoca (nó an dá lá dheiridh de bhliain ranníoca a chríochnaíonn i mbliain bhisigh) sa tseachtain ranníoca deiridh den bhliain ranníoca sin;

ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “ranníoc creidiúnaithe”, i ndáil le haon duine árachaithe, ranníoc a chreidiúnófar don duine sin de bhua alt 14;

tá le “lá éagumais chun oibre” an bhrí a shanntar in alt 18;

tá le “lá dífhostaíochta” an bhrí a shanntar in alt 29;

ciallaíonn “oifigeach breithiúnachta” duine a shealbhaíonn oifig mar oifigeach breithiúnachta faoi alt 295;

tá le “ranníocóir fostaithe” an bhrí a shanntar in alt 5 (1);

tá le “ranníoc fostóra” an bhrí a shanntar in alt 9 (1)(a);

tá le “ranníoc fostaíochta” an bhrí a shanntar in alt 9 (1) (a);

ciallaíonn “teacht faoi árachas”, faoi réir ailt 16 (3), 79 (11) agus 93 (6) i ndáil le haon duine, an dáta a dtagann sé chun bheith ina dhuine árachaithe;

ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn duine a bheith “éagumasach chun oibre” é a bheith éagumasach chun oibre de dheasca galair shonraigh éigin nó míchumais shonraigh choirp nó mheabhrach nó é a bheith arna mheas, de réir rialachán, a bheith éagumasach amhlaidh;

ciallaíonn “méadú”, i ndáil le haon sochar, méadú faoi alt 21, 32, 44, 45, 46, 47, 50, 51, 81, 86, 87, 91, 95 nó 103;

ciallaíonn “cigire” duine a shealbhaíonn oifig mar chigire faoi alt 114;

ciallaíonn “fostaíocht inárachaithe” fostaíocht de shaghas gur ranníocóir fostaithe duine, os cionn 16 bliana d'aois agus faoi bhun aoise inphinsin, a bheadh fostaithe inti;

tá le “fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde)” an bhrí a shanntar in alt 38;

ciallaíonn “duine árachaithe” duine atá árachaithe faoi Chuid II;

ciallaíonn “sochar máithreachais” liúntas máithreachais nó deontas máithreachais, de réir mar a bheidh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;

tá le “árachas díobhálacha ceirde” an bhrí a shanntar in alt 37 (2);

ciallaíonn “Ciste na nDíobhálacha Ceirde” an Ciste lena mbaineann alt 67;

ciallaíonn “dílleachta”, faoi réir ailt 52 (4) agus 97 (3)—

(a) leanbh cáilithe, ar leanbh dlisteanach é, a bhfuil a bheirt tuismitheoir marbh agus, i gcás leas-tuismitheoir a bheith aige, nach mbíonn cónaí go rialta air i dteannta an leastuismitheora nó i dteannta duine atá pósta leis an leastuismitheoir agus in aontíos leis an leas-tuismitheoir, nó

(b) leanbh cáilithe, ar leanbh neamhdhlisteanach é, a bhfuil a mháthair marbh agus a bhfuil a athair marbh nó nach eol cé hé féin agus, má mhaireann fearchéile a mháthar, nach gcónaíonn go rialta leis an bhfearchéile sin nó le bean atá pósta leis an bhfearchéile sin nó in aontíos leis, nó

(c) leanbh cáilithe a bhfuil duine dá thuismitheoirí marbh agus a bhfuil an tuismitheoir a mhaireann tar éis é a thréigean nó tar éis diúltú nó mainneachtain soláthar dó;

ciallaíonn “aois inphinsin” 66 bliana d'aois;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin;

ciallaíonn “leanbh cáilithe”, ach amháin in ailt 92 (5), 107 (2), 157, 176 agus 223, duine—

(a) atá faoi bhun 18 mbliana d'aois,

(b) a bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát, agus

(c) nach bhfuil faoi choinneáil i scoil cheartúcháin nó i scoil saothair;

ciallaíonn “ranníoc cáilitheach” an ranníoc fostaíochta iomchuí (nó na ranníocaí fostaíochta iomchuí) a íocadh nó a d'íocfaí murach alt 10 (1) (c), i leith aon duine árachaithe;

ciallaíonn “tuilleamh ináirithe”, faoi réir rialachán agus faoi réir alt 71, tuilleamh ó fhostaíocht inárachaithe nó ó fhostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde);

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “an Ciste Árachais Shóisialaigh” an Ciste lena mbaineann alt 122;

ciallaíonn “an Ciste Dífhostaíochta Forlíontach” an Ciste lena mbaineann alt 269;

tá le “ranníoc saorálach” an bhrí a shanntar in alt 11 (1) (a);

tá le “ranníocóir saorálach” an bhrí a shanntar in alt 5 (2);

ciallaíonn “na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre” na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, agus na hachtacháin a aisghairtear leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934.

(2) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar duine a bheith os cionn aon aoise a luaitear ann má tá an aois sin slánaithe aige agus measfar é a bheith faoi bhun aon aoise a luaitear ann mura bhfuil an aois sin slánaithe aige;

(b) measfar duine a bheith idir dhá aois a luaitear ann má tá an chéad aois a luaitear slánaithe aige agus mura bhfuil an dara haois a luaitear slánaithe aige;

(c) measfar nach bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe ag duine go dtí tosach an lae atá cothrom 16 bliana ón lá a rugadh é, agus mar sin d'aon aois eile;

(d) féadfar, chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ranníoc iníoctha i leith aon duine áirithe, nó cad é an ráta ar a bhfuil ranníoc iníoctha, a fhoráil le rialacháin go measfar gur shlánaigh an duine sin i dtús seachtaine ranníoca, nó nár shlánaigh sé go dtí deireadh seachtaine ranníoca, aon aois a shlánaigh sé i rith na seachtaine sin.

(3) Aon tagairt atá san Acht seo do ranníocaí déanfar, má tá an tagairt gan cháiliú, í a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt do ranníocaí fostaíochta agus tagairt do ranníocaí saorálacha.

(4) Féadfar a shonrú le rialacháin, maidir le haon aicme nó cineál fostaíochta inárachaithe nó fostaíochta inárachaithe (díobhálacha ceirde), cé hiad na daoine a áireofar chun críocha an Achta seo mar fhostóirí ranníocóirí fostaithe atá ar fostú san fhostaíocht sin.

(5) Ní dhéanfar tagairtí san Acht seo d'fhostóir ranníocóra fhostaithe a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fhostóir an ranníocóra sin in aon fhostaíocht nach fostaíocht inárachaithe ná fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).

(6) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, faoi réir alt 224 (2), de réir rialachán faoin bhfo-alt seo.

(7) I gcás ina ndearnadh nó ina ndéanfar leanbh cáilithe a uchtáil de bhun na nAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, ansin, chun críocha an Achta seo—

(a) áireofar dá éis sin, an leanbh ionann agus dá mba leanbh é leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó, di, nó dóibh de phósadh dleathach agus nárbh é leanbh aon duine eile é agus, má ba dhílleachta é díreach roimh an uchtáil, ionann agus dá mba rud é gur scoir sé de bheith ina dhílleachta, agus

(b) mura bhfuil ann ach uchtóir amháin, in aon fheidhmiú, tar éis na huchtála, maidir leis an leanbh ar an míniú ar “dílleachta” atá i bhfo-alt (1), cuirfear “a bhfuil a thuismitheoir marbh” in ionad “a bhfuil a bheirt tuismitheoir marbh” i mír (a) den mhíniú sin.

(8) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(9) San Acht seo, aon tagairt do Chuid nó do Chaibidil, d'alt nó do Sceideal, is tagairt í do Chuid, nó do Chaibidil nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(10) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do chlásal, is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don chlásal den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Forálacha ginearálta maidir le rialacháin.

[1952, a.3; 1933 CD, a.7; 1935 PBD, a.65; 1942 BD, a.12; 1944 LL, a.20; 1966 DC, a.1(7); 1975 LLF, a.21]

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon chríche a bhforáiltear le haon cheann d'fhorálacha an Achta seo go bhféadfar rialacháin a dhéanamh ina taobh, agus

(b) chun aon ní nó rud a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú.

(2) Ach amháin sa mhéid go bhforálann an tAcht seo a mhalairt, féadfar aon chumhacht dá dtugtar leis an Acht seo a fheidhmiú chun rialacháin a dhéanamh—

(a) i ndáil leis na cásanna go léir lena mbaineann an chumhacht, nó i ndáil leis na cásanna sin go léir faoi réir eisceachtaí sonraithe, nó i ndáil le haon chásanna sonraithe nó aon aicmí sonraithe cásanna, agus

(b) ionas go ndéanfar, maidir leis na cásanna a bhfeidhmeofar i ndáil leo í—

(i) an fhoráil iomlán lena mbaineann an chumhacht nó aon fhoráil is lú ná sin (cibé acu is trí eisceacht nó eile é),

(ii) an fhoráil chéanna maidir leis na cásanna go léir a bhfeidhmeofar an chumhacht i ndáil leo nó foráil éagsúil maidir le cásanna éagsúla nó aicmí éagsúla cásanna, nó foráil éagsúil maidir leis an gcás céanna nó leis an aicme chéanna cásanna chun críocha éagsúla an Achta seo,

(iii) aon fhoráil den sórt sin gan choinníoll nó faoi réir aon choinníll shonraithe.

(3) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach san Acht seo, is cead go mbeadh in aon rialacháin cibé forálacha foghabhálacha nó forlíontacha a dhealróidh don Aire a bheith oiriúnach chun críocha na rialachán.

(4) Beidh na nithe seo a leanas faoi réir a gceadaithe ag an Aire Airgeadais—

(a) rialacháin chun críocha alt 2 (1), 6, 7, 11 (1) (d), 13, 15, 16, 19 (4), 30 (4), 38 (8) (9) (10), 73, 76 (1) (a), 79 (7) (9), 84 (3) (4), 89 (4), 93 (4), 101 (4), 108 (4) (6), 133, 209, 210 (3), 269 (6), 286, 308 nó 309,

(b) dréacht de rialacháin faoi alt 5 (4) (5), 10 (2), 12, 19 (3), 25 (2), 30 (3), 79 (6), 84 (2), 89 (3), 93 (3), 97 (2), 101 (3), 105 (3) nó 108 (3).

(5) Déanfar rialacháin (nach rialacháin a gceanglaíonn an tAcht seo dréacht díobh a cheadú trí rún ó gach Teach den Oireachtas) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Caiteachais.

[1908 OAP, a.10 1930 BSG, a.10; 1933 CD, a.24; 1933 BSG, a.2; 1935 PBD, a.43; 1942 BD, a.14; 1944 LL, a.21; 1952, a 40 1957 FI, a.6; 1975 LLF, a.27]

4. —(1) Déanfar aon chaiteachais (seachas caiteachais lena mbaineann alt 285) a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile ag cur an Achta seo in éifeacht agus caiteachais na gcoistí pinsean áitiúla faoi Chaibidil 3 de Chuid III suas go dtí méid a cheadóidh an tAire, a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Íocfar leis an Aire Airgeadais as an gCiste Árachais Shóisialaigh, cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, cibé suimeanna a mheasfaidh an tAire, ar cibé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais, gurb iad an chuid iad de chaiteachais sin an Aire nó aon Aire eile a bhaineann leis an scéim árachais shóisialaigh (seachas árachas díobhálacha ceirde) dá bhforáiltear i gCuid II agus déanfar aon suimeanna a íocfar amhlaidh a leithreasú i gcabhair ar airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

(3) Nuair a bheidh caiteachais á meas chun críocha fho-alt (2), cuirfear san áireamh cibé méid is dóigh leis an Aire Airgeadais is ionann agus méid an dliteanais atá ag faibhriú i leith aon aoisliúntas nó liúntas scoir eile, cnapshuimeanna nó aiscí atá ag faibhriú i leith fhostaíocht aon oifigigh nó aon duine eile chun críocha an Achta seo.