An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CAIBIDIL 4 Pinsin Bhaintrí agus Dílleachta (Neamhranníocach)) Ar Aghaidh (CAIBIDIL 6 Liúntas Leasa Forlíontach)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CAIBIDIL 5

Liúntais do Mhná Áirithe

Liúntas banchéile thréigthe.

[1970, a. 22; 1972, a. 19; 1979, a. 7]

195. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas banchéile thréigthe a íoc le bean—

(a) atá tréigthe ag a fearchéile,

(b) a bhfuil, i gcás í a bheith faoi bhun 40 bliain d'aois, leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí léi, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh ráta liúntais bhanchéile thréigthe comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi Chaibidil 4 dá mba bhaintreach í.

(3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le bean leanbh dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe an leanbh i ndáil léi chun críocha Chaibidil 4.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas banchéile thréigthe agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin sin—

(a) na dálaí a shonrú ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean tréigthe ag a fearchéile,

(b) aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus

(c) a fhoráil gurb amhlaidh a bheidh, le linn forálacha alt 300 a chur chun feidhme agus d'ainneoin aon ní atá san alt sin, go mbeidh, i gcás ar bith ina ndílamhálfar nó ina laghdófar liúntas banchéile thréigthe de bhua cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc, cibé méid a ordóidh an tAire d'aon chuid den liúntas a bheidh íoctha thar an ráta a chinnfear leis an gcinneadh sin a bheith iníoctha, inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát.

Liúntas do bhanchéile príosúnaigh.

[1974 (Uimh. 2), a.9; 1979, a. 7]

[1979, a.8]

196. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas do bhanchéile príosúnaigh a íoc le bean—

(a) a ndearnadh a fearchéile, is príosúnach, a chimiú i gcoimeád chun príosúin nó áite coinneála ar feadh tréimhse nach lú ná 6 mhí féilire,

(b) a bhfuil, i gcás í a bheith faoi bhun 40 bliain d'aois, leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina chónaí léi, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh ráta an liúntais do bhanchéile príosúnaigh comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi Chaibidil 4 dá mba bhaintreach í.

(3) Leanfar de liúntas do bhanchéile príosúnaigh a íoc go ceann tréimhse 4 sheachtain tar éis an príosúnach a scaoileadh saor as príosún nó as áit choinneála.

(4) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le bean leanbh dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe an leanbh i ndáil léi chun críocha Chaibidil 4.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin, a dhéanamh i ndáil le liúntas do bhanchéile príosúnaigh agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh.

Liúntas cúnaimh. shóisialaigh.

[1973, a. 8; 1979, a. 7]

197. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas cúnaimh shóisialaigh a íoc le bean—

(a) atá gan phósadh,

(b) a gcónaíonn leanbh cáilithe amháin ar a laghad léi, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh ráta an liúntais chúnaimh shóisialaigh comhionann le ráta an phinsin bhaintrí (neamhranníocach) ab iníoctha leis an mbean faoi Chaibidil 4 dá mba bhaintreach í.

(3) Is leanbh cáilithe chun críocha an ailt seo i ndáil le bean leanbh más í máthair an linbh í agus dá mba rud é, ar é a ghlacadh ina áirithe gur bhaintreach í, gur leanbh cáilithe an leanbh i ndáil léi chun críocha Chaibidil 4.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin—

(a) na dálaí a shonrú ina mbeidh sé le meas chun críocha an ailt seo go bhfuil bean ina máthair neamhphósta,

(b) aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh, agus

(c) a fhoráil gurb amhlaidh a bheidh, le linn forálacha alt 300 a chur chun feidhme agus d'ainneoin aon ní atá san alt sin, go mbeidh, i gcás ar bith ina ndílamhálfar nó ina laghdófar liúntas cúnaimh shóisialaigh de bhua cinneadh athbhreithnithe ó oifigeach breithiúnachta nó ó oifigeach achomhairc, cibé méid a ordóidh an tAire den liúntas a bheidh íoctha thar an ráta a chinnfear leis an gcinneadh sin. inghnóthaithe mar fhiach atá dlite don Stát.

Liúntas do bhean shingil.

[1974 (Uimh. 2), a.8].

[1980, a. 13]

198. —(1) Déanfar, faoi réir rialachán, liúntas do bhean shingil a íoc le bean—

(a) atá singil,

(b) a bhfuil 58 mbliana d'aois slánaithe aici ach nach bhfuil aois inphinsin slánaithe aici, agus

(c) a chomhlíonann na coinníollacha maidir le hacmhainn atá sonraithe chun críocha an fho-ailt seo le rialacháin.

(2) Beidh liúntas do bhean shingil iníoctha—

(a) i gcás nach mó ná £1 a hacmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, agus

(b) i gcás ar mó ná £1 a hacmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sin arna laghdú mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £1, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1: ach, más lú ná 50p an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an liúntas iníoctha, ní bheidh an liúntas iníoctha.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le liúntas do bhean shingil agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, féadfaidh na rialacháin aon fhorálacha de chuid, nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoi réim, Chodanna I, II agus VIII a chur chun feidhme (modhnaithe nó gan mhodhnú), nó forálacha ar comhréir leo (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh.