An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Liúntais Leanaí) Ar Aghaidh (CUID VI Scéimeanna Béilí Scoile agus Breosla)

1 1981

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981

CUID V

Árachas Breac-Dhífhostaíochta

Réamhráiteach agus Ginearálta

Léiriú.

[1942 BD, a. 2, 6, 7, 8, 9]

[I.R. Uimh. 82 de 1955]

[1963 FI, a. 17]

[1942 BD, a. 7; 1963 FI, a. 17]

[1963 FI, a. 17]

[1942 BD, a. 7]

233. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “seachtain féilire” an tréimhse 7 lá dar tosach an meán oíche idir an Domhnach agus an Luan;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Díomhaointis Fhoirlíontaigh a bunaíodh faoin Acht Árachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 ;

ciallaíonn “doineann” aimsir a d'fhágfadh obair i bhfostaíocht inárachaithe contúirteach nó neamhphraiticiúil go sealadach mar gheall ar bháisteach, stoirm, sneachta, clocha sneachta, sioc, tuile nó mí-shíon eile, ag féachaint do shláinte nó sábháilteacht na ndaoine a bheidh a ghabháil don fhostaíocht sin nó ag féachaint do chineál nó riachtanais theicniúla na hoibre;

tá le “fostaíocht inárachaithe” an bhrí a shanntar le halt 234;

ciallaíonn “bliain árachais” cibé tréimhse a fhorordófar;

ciallaíonn “duine árachaithe” aon duine a bhfuil 16 bliana d'aois nó níos mó slánaithe aige agus atá fostaithe i bhfostaíocht inárachaithe faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta, scríofa nó ó bhéal, cibé acu sainráite nó intuigthe dó agus cibé acu is é an fostóir nó duine éigin eile a íocann an duine sin, agus cibé acu is de réir ama nó de réir an taisc nó go páirteach de réir ama agus go páirteach de réir an taisc, nó ar shlí eile, nó gan aon íocaíocht airgid, a íoctar é, ach ní fholaíonn sé duine atá fostaithe faoi chonradh printíseachta nach bhfuil aon airgead iníoctha faoi ag an bhfostóir, nó duine is duine eiscthe, de thuras na huaire de réir bhrí alt 236 (2);

ciallaíonn “breac-dhífhostaíocht” dífhostaíocht agus cailliúint iarmhartach pá de dheasca saotharstad nach féidir a sheachaint mar gheall ar dhoineann, i bhfostaíocht inárachaithe agus forléireofar an abairt “breac-dhífhostaithe” dá réir sin;

ciallaíonn “oifig áitiúil” malartán fostaíochta nó áit eile a cheapfaidh an tAire chun bheith ina hoifig áitiúil;

ciallaíonn “oifigeach áitiúil” oifigeach atá, de thuras na huaire, i bhfeighil oifige áitiúla;

ciallaíonn “oibrí oilte”—

(a) maidir le fostaíocht i gceirdeanna na foirgníochta, na hinnealtóireachta sibhialta nó na péintéireachta, duine árachaithe atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta—

(i) mar shaor adhmaid, siúinéir, meaisíneadóir gearrtha adhmaid, bríceadóir, saor cloiche, snoíodóir cloiche, fear suite cloch, oibrí terrazzo agus mósáice; tíleadóir urláir agus balla, pláistéir, slinneadóir, tíleadóir dín, péintéir, crochadóir páipéir, maisitheoir, gloineadóir, luadóir, oirtheoir téacháin, oirtheoir gáis, líomhnóir adhmaid nó leictreoir, nó

(ii) i cibé cáil eile a chinnfidh an tAire go ginearálta nó i gcás áirithe gur fostaíocht í mar oibrí oilte,

(b) maidir le fostaíocht in aon cheird eile a ndearbhaítear le hordú arna dhéanamh ag an Aire faoin gCuid seo gur fostaíocht inárachaithe í chun críocha na Coda seo, duine árachaithe atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta—

(i) i gcáil inar oibrí oilte mar a mhínítear leis an ordú sin an duine sin, nó

(ii) i cibé cáil eile a chinnfidh an tAire, go ginearálta nó i gcás áirithe, gur fostaíocht mar oibrí oilte í;

ciallaíonn “oibrí neamhoilte” duine árachaithe nach oibrí oilte;

ciallaíonn “duine óg” duine árachaithe a bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige ach nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige.

(2) Ní mheasfar duine a bheith ina oibrí oilte nó ina oibrí neamhoilte go dtí an chéad lá tar éis dheireadh na bliana árachais ina slánóidh sé 18 mbliana d'aois.

(3) Duine a shlánóidh 18 mbliana d'aois measfar é a bheith ina dhuine óg go dtí an lá deireanach den bhliain árachais ina slánóidh sé an aois sin.

(4) Duine árachaithe is oibrí oilte a n-athróidh a shlí bheatha rialta ar dhóigh a d'fhágfadh ina oibrí neamhoilte é, meafar gur oibrí oilte é go dtí cibé dáta a gcruthófar chun sástacht an Aire go bhfuil slí bheatha rialta an duine árachaithe athraithe amhlaidh.

(5) Duine árachaithe is oibrí neamhoilte a n-athróidh a shlí bheatha rialta ar dhóigh a d'fhágfadh ina oibrí oilte é, measfar gur oibrí neamhoilte é go dtí cibé dáta a gcruthófar chun sástacht an Aire go bhfuil slí bheatha rialta an duine árachaithe athraithe amhlaidh.

Fostaíocht inárachaithe.

[1942 BD, a. 4; I.R. Uimh. 82 de 1955]

234. —Sa Chuid seo ciallaíonn “fostaíocht inárachaithe” fostaíocht lámh-oibre is fostaíocht i gceirdeanna na foirgníochta, na hinnealtóireachta sibhialta nó na péintéireachta nó fostaíocht in aon cheird eile a ndearbhaítear le hordú a dhéanfaidh an tAire faoin gCuid seo gur fostaíocht inárachaithe í chun críocha na Coda seo agus—

(a) nach fostaíocht i gceird na foirgníochta—

(i) atá faoi aon údarás poiblí áitiúil nó údarás poiblí eile, in aon oifig, post nó fostaíocht inphinsin i gcáil bhuan, nó

(ii) i seirbhís mhíleata an Stáit, nó

(iii) is fostaíocht oibrithe neamhoilte agus daoine óga ar oibreacha atá á ndéanamh ag Coimisiún Talún na hÉireann nó thar a cheann ag feabhsú tailte a ceannaíodh nó a aontaíodh a cheannach faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, nó

(b) nach fostaíocht i gceirdeanna na hinnealtóireachta sibhialta nó na péintéireachta—

(i) atá faoi aon údarás poiblí áitiúil nó údarás poiblí eile, nó

(ii) is fostaíocht oibrithe neamhoilte agus daoine óga ar obair atá á dhéanamh chun portaigh a fhorbairt nó i ndáil le bunú agus cothabháil foraoiseacha, nó

(iii) is fostaíocht faoin Stát ar obair dhéanta, athdhéanta, cothabhála, athraithe, deisithe nó scartála bóithre poiblí, nó

(iv) is fostaíocht ar oibreacha atá á ndéanamh faoin Acht Siltin Airtéirigh, 1945 , nó faoin Acht um Míntíriú Talún, 1949 , nó faoi aon Achtanna atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a ghlacann ionad na nAchtanna sin nó a leasaíonn iad, nó

(v) is fostaíocht faoin Aire Poist agus Telegrafa ar an obair go léir a bhaineann le cuaillí, crainn, cleathair, piolóin, sreanga nó cáblaí le haghaidh cumarsáide teileafóin, teileagraif nó raidió nó le haghaidh craolta, a chur suas nó a leagan síos, a athrú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú nó a scartáil, nó

(vi) is fostaíocht faoi Chóras Iompair Éireann i gcás nach mbaintear asbhaintí as pá daoine fostaithe de dheasca am a cailleadh mar gheall ar dhoineann, nó

(vii) is fostaíocht faoi Bhord Soláthair an Leictreachais ar obair a dhéanann an Bord go díreach de réir a fheidhmeanna reachtúla.

Fostaíocht i gceirdeanna na foirgníochta, na hinnealtóireachta sibhialta agus na péintéireachta.

[1942 BD, a. 3; I.R. Uimh. 82 de 1955]

235. —(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “fostaíocht i gceird na foirgníochta” fostaíochta ar obair de chineál is gnách d'fhoirgneoirí nó do chonraitheoirí foirgníochta a ghlacadh de láimh nó a dhéanamh agus folaíonn sí fostaíocht ar obair de na cineálacha seo a leanas—

(a) an obair go léir a bhaineann le foirgnimh a dhéanamh, a athdhéanamh, a athrú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú nó a scartáil;

(b) an obair go léir a bhaineann le hearraí, feistis, píopaí, coimeádáin, feadáin, sreanga nó ionstraimí (lena n-áirítear fearas nó innealra téimh lárnaigh nó coimeádáin bhreosla i gceangal leis an gcéanna), le haghaidh téamh, soilsiú nó soláthar cumhachta nó uisce aon fhoirgnimh, a shuiteáil, a athrú, a fheistiú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú, a chothabháil nó a scartáil san fhoirgneamh sin nó ar a láithreán ach gan obair a áireamh a bhaineann le príomhphíopaí poiblí soláthair uisce, gáis nó leictreachais a dhéanamh nó a leagan síos nó le foirgnimh agus a láithreáin a chur i gceangal le príomhphíopaí den sórt sin;

(c) an obair go léir a dhéanann foirgneoir nó conraitheoir foirgníochta de ghnáth—

(i) chun láithreáin i gcóir foirgneamh a ghlanadh agus a leagan amach,

(ii) chun dúshraitheanna a dhéanamh ar na láithreáin sin,

(iii) chun gach séarach, draein nó obair eile le húsáid i ndáil le sláintíocht foirgneamh nó diúscairt iarmhair a dhéanamh, a athdhéanamh, a dheisiú agus a chothabháil laistigh de na láithreáin sin,

(iv) chun ballaí nó fálta teorann a thógáil ar na láithreáin sin chun úsáide foirgneamh, nó mar chosaint nó mar ornáidiú dóibh, agus

(v) chun bóithre agus cosáin a dhéanamh laistigh de theorainneacha na láithreán sin;

(d) an obair go léir a bhaineann le monarú, athrú, feistiú nó deisiú earraí d'adhmad, de chloch oibrithe, de mharmar, de shlinn, de phlástar, de stroighin (lena n-áirítear bloic choincréite) nó earraí d'ábhar de chineál stroighne, lena n-úsáid chun foirgnimh a dhéanamh, a athdhéanamh, a athrú, a fheistiú, a dheisiú, a mhaisiú nó a chothabháil agus ar earraí iad de chineál a dhéantar de ghnáth i gceardlanna nó i gclóis foirgneoirí, ach gan iad seo a leanas a áireamh—

(i) aon earra nó séadchomhartha atá ceaptha mar chuimhneachán ar bheo nó ar mhairbh a mhonarú, a athrú nó a dheisiú,

(ii) slinn a bhaint agus a ghearradh i gcairéal,

(iii) garbh-bhloic marmair nó cloiche a bhaint,

(iv) earraí troscáin soghluaiste a mhonarú,

(v) earraí a mhonarú is gá a chóireáil in oigheann nó in áith i bpróiseas a monaraithe,

(vi) píopaí séaraigh, píopaí draenála, brící, tíleanna urláir, tíleanna dín a mhonarú, agus

(vii) earraí a mhonarú arb é atá iontu go hiomlán nó go formhór cumasc stroighne agus aispeiste.

(2) Ciallaíonn “fostaíocht i gceird na hinnealtóireachta sibhialta” fostaíocht ar obair de chineál is gnách le conraitheoirí innealtóireachta sibhialta nó oibreacha poiblí a ghlacadh de láimh nó a dhéanamh agus folaíonn sé fostaíocht ar obair de na cineálacha seo a leanas—

(a) iad seo a leanas a dhéanamh, a athdhéanamh, a athrú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú nó a scartáil—

(i) bóithre, cosáin, ciumhaiseanna, droichid, tarbhealaí, uiscerianta, cuanta, dugaí, calaí, piaraí, lamairní, céanna, promanáid, áiteanna calaíochta, tithe solais, rabhcháin, cumhdaigh mara, aerfoirt, iarnróid, tolláin, trambhealaí nó canálacha,

(ii) oibreacha uisce, taiscumair, leapacha scagtha, toibreacha, oibreacha soláthair gháis nó leictreachais, oibreacha séarachais, príomhphíopaí nó príomhcháblaí poiblí chun uisce, gás nó leictreachas a sholáthar nó chun séarachas a dhiúscairt agus an obair go léir a bhaineann le foirgnimh agus a láithreáin a cheangal leis na príomhphíopaí nó na príomhcháblaí sin,

(iii) oibreacha abhann, dambaí, coraí, claífoirt, tonnchoscanna, muirmhúrtha, oibreacha chun talamh nó bóthar nó abhainn a dhraenáil, chun talamh a mhíntiriú nó chun creimeadh cósta a chosc, agus

(iv) faichí spóirt, faichí súgartha, faichí leadóige, cúirteanna liathróid láimhe, linnte snámha agus folcadáin phoiblí nó áiteanna snámha de choincréit, de chloch, de tharramhacadam, d'asfalt, nó d'ábhar dá samhail;

(b) cuaillí, crainn, cleathair, piolóin, sreanga nó cáblaí le haghaidh cumarsáide teileafóin, teileagraif nó raidió nó le haghaidh craolta a chur suas nó a leagan síos, a athrú, a dheisiú, a phéinteáil, a mhaisiú nó a scartáil; agus

(c) talamh a leacú, talamh a fhoirmiú nó a dhraenáil i ndáil le féar-fhaichí spóirt, páirceanna poiblí, páirceanna imeartha, faichí leadóige, faichí gailf, faichí súgartha, ráschúrsaí agus rás-rianta con a dhéanamh nó a athdhéanamh, ach gan síol-chur féir ar an talamh sin a áireamh.

(3) Ciallaíonn “fostaíocht i gceird na péintéireachta” fostaíocht ar obair de chineál is gnách le conraitheoirí péintéireachta a ghlacadh de láimh nó a dhéanamh.

Daoine eiscthe.

[1942 BD, a. 5]

236. —(1) Aon uair is deimhin leis an Aire, i leith aon aicme daoine ar fostú ag fostóir áirithe i bhfostaíocht inárachaithe—

(a) gur buan-fhostaíocht fostaíocht na haicme sin daoine, ag féachaint do ghnáth-chleachtadh an fhostóra, agus

(b) nach mbaintear aon ní as pá na haicme sin daoine de dheasca am a cailleadh mar gheall ar dhoineann, agus

(c) de bharr imthosca eile a bhaineann le fostaíocht na haicme sin daoine, nach gá do dhaoine a bhaineann leis an aicme sin a bheith árachaithe faoin gCuid seo,

féadfaidh sé deimhniú (dá ngairtear deimhniú eisceachta sa Chuid seo) a eisiúint don fhostóir á rá gur deimhin leis amhlaidh.

(2) I gcás deimhniú eisceachta i leith aicme daoine a bheith eisithe d'fhostóir, ansin, is duine eiscthe chun críocha na Coda seo aon duine ar fostú leis an bhfostóir agus a bhaineann leis an aicme sin agus a bhfuil trí bliana nó níos mó de bhuanseirbhís curtha isteach aige leis an bhfostóir, fad a bheidh an deimhniú sin i bhfeidhm agus fad a leanfaidh sé i bhfostaíocht an fhostóra, agus forléireofar “daoine eiscthe” dá réir sin sa Chuid seo.

(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, aon deimhniú eisceachta a chúlghairm.

Daoine ar fostú ag an Stát.

[1942 BD, a. 11]

237. —Bainfidh an Chuid seo le daoine ar fostú i bhfostaíocht inárachaithe ag an Stát lena mbainfeadh an Chuid seo dá mba dhuine príobháideach an fostóir, lasmuigh de cibé méid de na daoine sin atá ag fónamh i gcáil bhunaithe i mbuanseirbhís an Stáit nó atá, tar éis deimhnithe a bheith deonaithe dóibh ag Coimisinéirí na Státseirbhíse, ag cur tréimhse profa díobh roimh a mbunú.

Brí “fostaíocht inárachaithe” agus “oibrí oilte” a leathnú.

[1942 BD, a. 15]

238. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is cuí leis, le hordú—

(a) a dhearbhú gur fostaíocht inárachaithe chun críocha na Coda seo fostaíocht in aon cheird (arna míniú i cibé slí is cuí leis an Aire), agus

(b) an abairt “oibrí oilte” i ndáil leis an bhfostaíocht a ndearbhaítear leis an ordú gur fostaíocht inárachaithe í a mhíniú, faoi threoir fostaíochta sna cáileanna sin is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

(2) Ní thiocfaidh aon ordú a dhéanfar faoin alt seo i bhfeidhm mura leagfar, agus go dtí go leagfar, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é agus go ndaingneofar é le rún ó gach Teach acu sin.

Daoine Árachaithe agus Ranníocaí

Árachas in aghaidh breac-

dhífhostaíochta.

[1942 BD, a. 16]

239. —Ní mór gach duine árachaithe bheith faoi árachas in aghaidh breac-dhífhostaíochta sa tslí a fhoráiltear leis an gCuid seo.

Ranníocaí.

[1942 BD, a. 17]

240. —Na cistí is gá chun sochar forlíontach (de réir bhrí alt 251 (1)) a sholáthar agus chun aon íocaíochtaí eile a dhéanamh a bheidh le déanamh faoin gCuid seo as an gCiste, gheofar iad go páirteach as ranníocaí seachtainiúla ó dhaoine árachaithe agus go páirteach as ranníocaí seachtainiúla ó fhostóirí na ndaoine sin.

Dlíteanas i leith ranníocaí.

[1942 BD, a. 18]

241. —(1) Dlífidh gach duine árachaithe sna haicmí atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid I den Chúigiú Sceideal agus gach fostóir atá ag aon duine árachaithe den sórt sin ranníocaí (dá ngairtear ranníocaí seachtainiúla sa Chuid seo) a íoc in aghaidh na seachtaine de réir na rátaí faoi seach atá leagtha amach i gcolúin (2) agus (3) den Chuid sin den Sceideal sin.

(2) Ach amháin mar a bhforordaítear a mhalairt faoin gCuid seo, dlífidh fostóir duine árachaithe, sa chéad ásc, an ranníoc seachtainiúil is iníoctha aige féin (dá ngairtear ranníoc an fhostóra sa Chuid seo) agus freisin, thar ceann agus d'eisiamh an duine árachaithe, an ranníoc seachtainiúil is iníoctha ag an duine árachaithe (dá ngairtear ranníoc an duine árachaithe sa Chuid seo) a íoc, agus chun críocha na Coda seo measfar gur ranníocaí seachtainiúla ón duine árachaithe ranníocaí seachtainiúla a íocfaidh fostóir thar ceann duine árachaithe.

(3) Beidh ranníoc seachtainiúil iníoctha in aghaidh gach seachtaine féilire a mbeidh duine árachaithe ar fostú ag fostóir ar feadh na seachtaine sin go huile nó ar feadh coda di, ach sin faoi réir an méid seo a leanas—

(a) i gcás ranníoc seachtainiúil amháin a bheith íoctha i leith duine árachaithe in aon seachtain féilire, ní bheidh aon ranníoc seachtainiúil eile iníoctha ina leith in aghaidh na seachtaine féilire céanna, agus

(b) i gcás gan aon seirbhísí a bheith tugtha ag duine árachaithe le linn aon seachtaine féilire agus gan aon luach saothair a bheith íoctha i leith na seachtaine féilire sin, ní dhlífidh an fostóir aon ranníoc seachtainiúil a íoc thar a cheann féin ná thar ceann an duine árachaithe i leith na seachtaine féilire sin.

(4) I gcás duine a bheith ar fostú in aon seachtain féilire faoin bhfostóir céanna, go páirteach i bhfostaíocht inárachaithe agus go páirteach i bhfostaíocht eile, ansin, d'ainneoin fho-alt (3), ní bheidh aon ranníoc seachtainiúil iníoctha i leith an duine sin in aghaidh na seachtaine féilire sin mura rud é gur san fhostaíocht inárachaithe atá leath nó breis agus leath an ama a mbeidh sé ar fostú amhlaidh.

Gan ranníoc an fhostóra a bheith inghnóthaithe ón duine árachaithe.

[1942 BD, a. 19]

242. — D'ainneoin aon chonradh dá mhalairt, ní bheidh fostóir duine árachaithe i dteideal ranníoc an fhostóra a bhaint as pá an duine árachaithe ná a ghnóthú uaidh i slí eile.

Fostóir do ghnóthú ranníoc an duine árachaithe.

[1942 BD, a. 20]

243. —(1) Faoi réir an ailt seo agus aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin gCuid seo, beidh fostóir duine árachaithe i dteideal méid aon ranníoca sheachtainiúil a íocfaidh sé thar ceann an duine árachaithe a ghnóthú ón duine árachaithe de réir an ailt seo.

(2) Má fhaigheann duine árachaithe pá nó luach saothair airgid eile óna fhostóir beidh méid aon ranníoca sheachtainiúil a íocfaidh an fostóir thar ceann an duine árachaithe, d'ainneoin forálacha aon Achta nó conradh dá mhalairt, inghnóthaithe trí asbhaintí as pá an duine árachaithe nó as aon luach saothair eile a bheidh dlite den fhostóir don duine árachaithe agus ní ar aon slí eile, ach ní fhéadfar aon asbhaintí den sórt sin a bhaint as pá nó luach saothair seachas an pá nó an luach saothair sin a bheidh íoctha i leith na tréimhse nó na coda den tréimhse ar iníoctha an ranníoc seachtainiúil ina leith nó de bhreis ar an tsuim is ionann agus méid na ranníocaí seachtainiúla in aghaidh na tréimhse a n-íoctar an pá nó an luach saothair eile ina leith.

(3) I gcás ranníoc seachtainiúil a bheidh íoctha ag fostóir duine árachaithe thar ceann an duine árachaithe a bheith inghnóthaithe ón duine árachaithe, ach nach mbeidh sé inghnóthaithe trí asbhaintí faoi fho-alt (2), beidh sé (gan dochar d'aon slí ghnóthaithe eile) inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla ach ní bheidh aon ranníoc seachtainiúil den sórt sin inghnóthaithe mura ndéanfar imeachtaí chun na críche a thionscnamh laistigh de thrí mhí ón dáta ar a raibh an ranníoc iníoctha.

(4) I gcás nach n-íocann a fhostóir nó aon duine eile pá nó íocaíochtaí airgid eile le duine árachaithe, dlífidh an fostóir na ranníocaí seachtainiúla is iníoctha aige féin agus ag an duine árachaithe a íoc agus ní bheidh sé i dteideal aon chuid díobh a ghnóthú ón duine árachaithe.

(5) Aon suim a bhainfidh fostóir as pá nó luach saothair eile faoin alt seo measfar í a bheith tugtha dó ar iontaoibh chun an ranníoc seachtainiúil ar ina leith a asbhaineadh í a íoc.

Daoine a áirítear mar fhostóirí.

[1942 BD, a. 21]

244. —I gcás duine árachaithe a bheith ar fostú ag níos mó ná duine amháin in aon seachtain féilire, measfar gurb é an chéad duine a d'fhostaigh é an tseachtain sin fostóir an duine árachaithe chun críocha fhorálacha na Coda seo i dtaobh ranníocaí seachtainiúla a íoc.

Dátaí chun ranníocaí a íoc.

[1942 BD, a. 22; I.R. Uimh. 11 de 1953 ]

245. —(1) I gcás inar cinneadh de réir alt 271 nach iníoctha ranníocaí seachtainiúla faoin gCuid seo i leith aon duine nó aicme daoine agus go ndéanfar an cinneadh sin a choigeartú nó a fhreaschur ina dhiaidh sin de réir ailt 295 go 300 nó, go ndéanfaidh an Ard-Chúirt amhlaidh, ar achomharc, chun gur iníoctha ranníocaí seachtainiúla i leith an duine sin nó na haicme daoine sin ní iníoctha ranníocaí seachtainiúla amhlaidh ach amháin amhail ón dáta a ndearnadh an cinneadh a choigeartú nó a fhreaschur.

(2) I gcás inar cinneadh de réir alt 271 gur iníoctha ranníocaí seachtainiúla faoin gCuid seo i leith duine nó aicme daoine de réir ráta áirithe faoin gCuid seo agus go ndéanfar an cinneadh sin a choigeartú nó a fhreaschur ina dhiaidh sin de réir ailt 295 go 300, nó go ndéanfaidh an Ard-Chúirt amhlaidh, ar achomharc, chun gur iníoctha ranníocaí seachtainiúla de réir ráta eile i leith an duine nó na haicme daoine sin, ní iníoctha ranníocaí seachtainiúla amhlaidh de réir an ráta eile sin ach amháin amhail ón dáta a ndearnadh an cinneadh a choigeartú nó a fhreaschur.

Ranníocaí a aisíoc.

[1942 BD, a. 23]

246. —Féadfaidh an tAire aon ranníocaí seachtainiúla a íocfaidh duine agus a fhostóir faoi seach ar an míthuiscint go raibh na ranníocaí seachtainiúla iníoctha i leith an duine sin faoin gCuid seo a thabhairt ar ais dóibh ar iarratas a dhéanamh chuige chun na críche sin i cibé foirm a éileoidh sé sula mbeidh 12 mhí caite ón dáta a íocadh na ranníocaí seachtainiúla, ach, i gcás ranníocaí an duine árachaithe, asbhainfear aon mhéid de shochar forlíontach a bheidh faighte aige agus nach mbeadh sé i dteideal a fháil dá mba rud é nár íocadh na ranníocaí seachtainiúla sin.

Rialacháin maidir le ranníocaí a íoc le stampaí, etc.

[1942 BD, a. 24; 1952, a. 122]

[1952, a. 122]

247. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i dtaobh aon nithe a ghabhann le ranníocaí seachtainiúla a íoc agus a bhailiú agus go háirithe i dtaobh—

(a) ranníocaí seachtainiúla a íoc le stampaí greamaitheacha (dá ngairtear stampaí árachais forlíontacha sa Chuid seo) a bheidh greamaithe de leabhair nó de chártaí (dá ngairtear faoi seach sa Chuid seo leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha agus cártaí dífhostaíochta forlíontacha) nó ar shlí eile, agus i dtaobh na slí ina mbeidh, na dtráthanna a bheidh, agus na gcoinníollacha faoina mbeidh stampaí árachais forlíontacha le greamú nó íocaíochtaí le déanamh ar shlí eile;

(b) sonraí a thaifeadadh i leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha nó i gcártaí dífhostaíochta forlíontacha maidir le ranníocaí seachtainiúla a bheidh íoctha i leith aon tréimhse sonraithe nó cibé sonraí eile a thaifeadadh is gá i gcás daoine lena mbaineann na leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha nó na cártaí dífhostaíochta forlíontacha, agus i dtaobh glacadh leis an taifeadadh sin mar leorfhianaise ar an líon ranníocaí seachtainiúla a bheidh íoctha amhlaidh nó ar na sonraí eile a bheidh taifeadta amhlaidh;

(c) leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha nó cártaí dífhostaíochta forlíontacha a iarraidh, agus a eisiúint, a dhíol, a choimeád, a thabhairt ar aird agus a thabhairt suas agus leabhair dhífhostaíochta fhorlíontacha nó cártaí dífhostaíochta forlíontacha a bheidh caillte, díothaithe nó aghloite a athsholáthar;

(d) fostóirí do thabhairt don Aire cibé sonraí a bhaineann le daoine ar fostú acu a éileoidh nó a fhorordóidh an tAire.

(2) Rialacháin faoin alt seo a fhorálfaidh ranníocaí seachtainiúla a íoc, de rogha na ndaoine a dhlífidh iad a íoc—

(a) le stampaí árachais forlíontacha, nó

(b) ar shlí éigin eile, a tharraingeoidh níos mó caiteachais riaracháin ar na ranna Stáit iomchuí ná mar a tharraingeofaí dá mba le stampaí árachais forlíontacha a d'íocfaí na ranníocaí,

féadfaidh, le toiliú an Aire Airgeadais, foráil a bheith iontu go n-íocfaidh aon duine a roghnóidh aon slí eile na táillí forordaithe leis an Aire agus go ngnóthóidh an tAire iad. Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin agus baileofar agus tógfar gach táille den sórt sin i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar iad isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad de réir orduithe an Aire sin.

Stampaí árachais forlíontacha a eisiúint.

[1942 BD, a. 25]

248. —Déanfar stampaí árachais forlíontacha a ullmhú agus a eisiúint i cibé slí a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, le toiliú an Aire Airgeadais, agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, le rialacháin, foráil a dhéanamh chun gach ceann nó aon cheann nó cinn d'fhorálacha, lena n-áirítear pianfhorálacha, ailt 21, 35 agus 36 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, an Stamp Duties Management Act, 1891, alt 9 den Stamp Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908, a chur i bhfeidhm, fara aon oiriúnuithe is gá, maidir le stampaí árachais forlíontacha, agus féadfaidh siad, le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa, foráil a dhéanamh chun stampaí árachais forlíontacha a dhíol i bPost-Oifigí.

Cumhachtaí an Aire Poist agus Telegrafa i ndáil le stampaí árachais forlíontacha.

[1942 BD, a. 26]

249. —Féadfaidh an Rialtas le hordú a fhoráil go ndéanfaidh an tAire Poist agus Telegrafa, d'eisiamh na gCoimisinéirí Ioncaim nó i gcomhthráth leis na Coimisinéirí Ioncaim, aon chumhachtaí agus dualgais de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le stampaí árachais forlíontacha a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, agus féadfaidh cibé forálacha a bheith in aon ordú den sórt sin a dhealraíonn don Rialtas a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun éifeacht iomlán a thabhairt d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh na ndualgas lena mbaineann an t-ordú sa tslí a fhoráiltear le hordú den sórt sin.

Foirceannadh agus féimheacht.

[1976 (Uimh. 2), a.7]

[1942 BD, a. 27 (3)]

250. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1889” an Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889.

(2) Aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid agus a bhainfear as amhlaidh faoi alt 243 i leith ranníoca sheachtainiúil faoin gCuid seo agus a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith an ranníoca sin, ní bheidh sí ina cuid de shócmhainní cuideachta teoranta i bhfoirceannadh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus i bhfoirceannadh den sórt sin déanfar, d'ainneoin aon ní san Acht sin, suim ar cóimhéid leis an tsuim a asbhaineadh amhlaidh a íoc leis an gCiste i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 285 (2) den Acht sin.

(3) Aon suim a bhainfidh fostóir as luach saothair fostaí dá chuid agus a bhainfear as amhlaidh faoi alt 243 i leith ranníoca sheachtainiúil faoin gCuid seo agus a bheidh gan íoc ag an bhfostóir i leith an ranníoca sin roimh dháta an ordaithe bhreithnithe nó roimh dháta comhdaithe na hachainí comhshocraíochta (de réir mar a bheidh), ní bheidh sí ina cuid de mhaoin an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí comhshocraíochta sa dóigh go ndéanfaí í a áireamh ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 d'Acht 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile nuair a bheidh an mhaoin sin á dáileadh, ach déanfar, roimh an dáileadh sin agus d'ainneoin aon ní in Acht 1889, í a íoc leis an gCiste i dtosaíocht ar na fiacha a shonraítear in alt 4 den Acht sin.

(4) Ní gá cruthúnas foirmiúil maidir le fiach dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo ach amháin i gcás ina gceanglaítear sin le hAcht 1889 nó faoi, nó le hAcht na gCuideachtaí, 1963 , nó faoi.

(5) Ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 d'Acht 1889, nuair a bheidh maoin féimhigh nó féichiúnaí chomhshocraíochta á dáileadh, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, áireofar na ranníocaí seachtainiúla go léir is iníoctha ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta i leith daoine árachaithe i gcaitheamh na 4 mhí roimh dháta an ordaithe bhreithnithe i gcás féimhigh nó roimh dháta comhdaithe na hachainí comhshocraíochta i gcás féichiúnaí comhshocraíochta agus beidh éifeacht ag an Acht sin dá réir sin agus ní gá cruthúnas foirmiúil maidir leis na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhforálfar a mhalairt le horduithe ginearálta arna ndéanamh faoin Acht sin.

Sochar Forlíontach

Ceart chun sochair fhorlíontaigh.

[1942 BD, a. 28]

[1963 FI, a. 18]

251. —(1) Gach duine árachaithe a bheidh breac-dhífhostaithe lá ar bith (seachas Domhnach nó lá saoire poiblí de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , nó an chéad lá de sheal fostaíochta inárachaithe leis an duine arbh é a fhostóir é nuair a tharla an bhreac-dhífhostaíocht sin) agus a mbeidh na coinníollacha in alt 253 comhlíonta ina chás, beidh sé, faoi réir na Coda seo, i dteideal íocaíocht a fháil (dá ngairtear sochar forlíontach sa Chuid seo) i leith gach uair a chloig de bhreac-dhífhostaíocht a tharlóidh an lá sin le linn uaire oibre.

(2) I gcás gan ach codán d'uair a chloig nó i gcás uair nó uaire a chloig agus codán d'uair a chloig a bheith i dtréimhse breacdhífhostaíochta a tharlóidh le linn uaire oibre aon lá ní bheidh sochar forlíontach iníoctha i leith an chodáin sin d'uair a chloig agus, chun críocha an fho-ailt seo, má tharlaíonn dhá thréimhse nó níos mó de bhreac-dhífhostaíocht le linn uaire oibre aon lá measfar gur tréimhse leanúnach amháin na tréimhsí sin:

Ar choinníoll, más é atá in uaire oibre aon lá líon uaire agus codán d'uair a chloig (nach lú ná leathuair), go mbeidh sochar forlíontach iníoctha i leith an chodáin sin d'uair a chloig má tharlaíonn breacdhífhostaíocht le linn na n-uaire oibre an lá sin agus go leanfaidh sí ar feadh iomlán na n-uaire sin.

(3) San alt seo ciallaíonn “uaire oibre”, i ndáil le duine árachaithe, na huaire, gan breis-am ná am béilí a áireamh, a ndéanfadh an duine árachaithe obair i bhfostaíocht inárachaithe lena linn mura mbeadh doineann ann.

Rátaí sochair fhorlíontaigh.

[1942 BD, a. 29; 1963 FI, a. 19]

252. —Faoi réir na Coda seo, i gcás duine árachaithe d'aon aicme atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid II den Chúigiú Sceideal, is de réir an ráta uairiúil atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin os coinne lua na haicme sin a íocfar sochar forlíontach: ach i gcás inarb iníoctha sochar forlíontach i leith codán d'uair a chloig, is é méid an tsochair fhorlíontaigh is iníoctha amhlaidh leath an ráta uairiúil iomchuí.

Coinníollacha maidir le sochar forlíontach a fháil.

[1942 BD, a. 30; 1978 L, a. 15]

253. —(1) Is é an chéad choinníoll maidir le duine árachaithe d'fháil sochar forlíontach i leith breac-dhífhostaíochta aon bhliain árachais go mbeidh 12 ranníoc sheachtainiúla ar a laghad íoctha ina leith mar dhuine árachaithe roimh an tseachtain ina dtarlóidh an bhreacdhífhostaíocht—

(a) i gcás inarb í an bhliain árachais sin an chéad bhliain árachais, ó thosach na bliana árachais sin, agus

(b) in aon chás eile, ó thosach na bliana árachais díreach roimh an mbliain árachais ina dtarlóidh an bhreacdhífhostaíocht.

(2) Is é an dara coinníoll maidir le duine árachaithe d'fháil sochar forlíontach i leith aon tréimhse breac-dhífhostaíochta go mbeidh tuarascáil i dtaobh na tréimhse sin faighte ag an duine chun a gcuirfear í faoi alt 254 laistigh de thrí lá (nó cibé tréimhse is faide ná sin a nglacfaidh an tAire léi i gcás áirithe) tar éis an lae a tharla an bhreac-dhífhostaíocht agus go mbeidh admháil tugtha ag an duine sin go bhfuair sé an tuarascáil sin.

Fógra i dtaobh breacdhífhostaíochta.

[1942 BD, a. 31]

254. —(1) I gcás saotharstad tarlú lá ar bith agus go ndéarfaidh fostóir duine árachaithe nó an duine árachaithe gur breacdhífhostaíocht an saotharstad, cuirfidh an fostóir tuarascáil an lá sin chuig cibé duine a ordóidh an tAire in aon chás áirithe nó, in éagmais ordú den sórt sin, chuig oifigeach áitiúil á chur in iúl gur tharla an saotharstad, cá fhad a mhair sé agus cad é an cineál aimsire a líomhnaítear ba chúis leis.

(2) I gcás ina ndéarfaidh duine árachaithe go raibh sé breacdhífhostaithe lá ar bith, féadfaidh sé tuarascáil a chur chuig cibé duine a ordóidh an tAire in aon chás áirithe nó, in éagmais ordú den sórt sin, chuig oifigeach áitiúil á chur in iúl gur tharla an saotharstad, cá fhad a mhair sé agus cad é an cineál aimsire a líomhnaítear ba chúis leis, ach ní fhorléireofar an fhoráil seo mar ní a shaorfaidh fostóir an duine árachaithe ón oibleagáid a fhorchuirtear air le fo-alt (1).

(3) I gcás ina bhfaighidh duine tuarascáil faoin alt seo tabharfaidh sé admháil, a luaithe is féidir, go bhfuair sé í.

Fostóirí d'íoc sochair fhorlíontaigh

[1942 BD, a. 32]

255. —(1) Faoi réir na Coda seo agus cibé orduithe a thabharfaidh an tAire go ginearálta nó in aon chás áirithe, íocfaidh fostóir duine árachaithe aon mhéid nó méideanna de shochar forlíontach a bheidh duine árachaithe i dteideal a fháil, agus déanfaidh an duine árachaithe agus a fhostóir, i leith gach íocaíocht den sórt sin, cibé sonraí a sholáthar don Aire, agus cibé foirmeacha a chomhlánú agus a chur ar aghaidh, lena n-áirítear an admháil ón duine árachaithe ar an méid a fuair sé, amhail mar a bheidh forordaithe.

(2) I gcás ar dóigh le duine árachaithe maidir leis an méid de shochar forlíontach a d'íoc a fhostóir leis nach é an méid é atá sé i dteideal a fháil faoin gCuid seo, beidh an duine árachaithe sin, nó beidh a fhostóir, ar achainí uaidh, i dteideal a iarraidh ar oifigeach breithiúnachta a chinneadh cad é an méid de shochar forlíontach a bhfuil teideal aige chuige de réir fhorálacha na Coda seo i dtaobh ceisteanna a chinneadh maidir le sochar forlíontach a íoc.

(3) I gcás ina gcuirfidh oifigeach áitiúil nó duine eile a mbeidh tuarascáil i ndáil le breac-dhífhostaíocht duine árachaithe curtha chuige de réir alt 254 fógra chuig fostóir an duine árachaithe á rá nach deimhin leis gur mar gheall ar dhoineann a tharla an saotharstad lena mbaineann an tuarascáil nó nach deimhin leis gur comhlíonadh forálacha eile na Coda seo a rialaíonn íoc sochair fhorlíontaigh, nó má tharlaíonn in aon chás go mbeidh fostóir in amhras i dtaobh sochar forlíontach a bheith iníoctha nó i dtaobh méid nó ráta an tsochair fhorlíontaigh is iníoctha, iarrfaidh an fostóir láithreach ar oifigeach breithiúnachta an cheist a chinneadh de réir fhorálacha na Coda seo a bhaineann le ceisteanna a chinneadh i dtaobh sochar forlíontach a íoc.

(4) Má tharlaíonn i gcás ar bith nach bhfaighidh duine árachaithe íocaíocht ar aon sochar forlíontach a gcreideann sé teideal a bheith aige chuici faoin gCuid seo agus nach deimhin leis gur tarchuireadh an cheist i dtaobh é a bheith i dteideal an sochar sin a fháil chuig oifigeach breithiúnachta faoi fho-alt (3), beidh sé i dteideal a iarraidh ar a fhostóir í a tharchur amhlaidh nó beidh sé féin i dteideal an cheist a tharchur chuig oifigeach breithiúnachta lena cinneadh.

(5) Fostóir a gheobhaidh iarratas ó dhuine árachaithe go ndéanfar ceist i dtaobh a theideal chun sochair fhorlíontaigh a tharchur chuig oifigeach breithiúnachta lena cinneadh, beidh air, mura mbeidh sin déanta aige cheana féin, an cheist a tharchur láithreach chuig oifigeach breithiúnachta lena cinneadh.

(6) I gcás inar gá, de réir fho-alt (3) nó fho-alt (4), aon cheist a tharchur chuig oifigeach breithiúnachta, ní bheidh an duine árachaithe i dteideal íocaíocht a fháil óna fhostóir faoi fho-alt (1) mura gcinnfidh agus go dtí go gcinnfidh an t-oifigeach breithiúnachta teideal a bheith aige chuici amhlaidh, agus ní dhéanfaidh an fostóir an íocaíocht sin go dtí go ndéanfar an cinneadh sin ná ní dhéanfaidh sé í ach de réir an chinnidh sin.

An tAire d'íoc sochair fhorlíontaigh.

[1942 BD, a. 33]

256. —In aon chás speisialta inarb é tuairim an Aire go mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair d'fhostóir an méid de shochar forlíontach a bheidh dlite do dhuine árachaithe a íoc faoin gCuid seo, féadfaidh an tAire an fostóir a shaoradh ó dhualgas a íoctha amhlaidh agus i gcás ina saorfar fostóir amhlaidh íocfaidh an tAire, nó cuirfidh sé faoi deara go n-íocfar, as an gCiste, aon mhéid de shochar forlíontach ab iníoctha leis an duine árachaithe ag an bhfostóir dá mbeadh sé gan bheith saortha amhlaidh.

An tAire d'aisíoc sochair a d'íoc fostóirí.

[1942 BD, a. 34]

257. —Déanfaidh an tAire an méid d'aon sochar forlíontach a bheidh íoctha go cuí de réir na Coda seo ag fostóir a aisíoc leis as an gCiste ar an bhfostóir do dhéanamh iarratais, i cibé slí a fhorordófar, ag lorg na haisíocaíochta sin.

Na himthosca nach ceadaithe aisíocaíochtaí ar bith a dhéanamh le fostóirí.

[1942 BD, a. 35]

258. —Aon uair a íocfaidh fostóir sochar forlíontach le duine nach bhfuil i dteideal sochar forlíontach a fháil faoin gCuid seo nó a íocfaidh fostóir méid de bhreis ar an méid a raibh teideal aige chuige, ní bheidh an méid ná an méid breise a íocfar amhlaidh inaisíoctha leis an bhfostóir as an gCiste.

Méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú.

[1942 BD, a. 36]

259. —(1) Aon mhéid de shochar forlíontach a gheobhaidh duine árachaithe óna fhostóir nach mbeidh inaisíoctha leis an bhfostóir as an gCiste de dheasca alt 258, beidh sé inaisíoctha ag an duine árachaithe leis an bhfostóir ar an bhfostóir á éileamh sin agus, mura n-aisíocfar amhlaidh é, féadfaidh an fostóir é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla nó trína bhaint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí sochair fhorlíontaigh chun a mbeidh teideal ag an duine árachaithe ina dhiaidh sin.

(2) Gach íocaíocht de shochar forlíontach a gheobhaidh duine árachaithe ón Aire gan teideal a bheith aige í a fháil faoin gCuid seo, beidh sí inaisíoctha aige leis an Aire ar an Aire á éileamh sin agus, mura n-aisíocfar amhlaidh, í féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla nó trína baint as aon íocaíocht nó íocaíochtaí de shochar forlíontach chun a mbeidh teideal ag an duine árachaithe ina dhiaidh sin.

(3) I gcás ina bhféadfar, faoi fho-alt (2), méid a bhaint as an sochar forlíontach a mbeidh teideal ag duine árachaithe chuige, beidh sé de dhualgas ar fhostóir cibé asbhaint a ordóidh an tAire a dhéanamh as aon sochar forlíontach is iníoctha leis an duine árachaithe ag an bhfostóir sin faoin gCuid seo agus aon mhéid nó méideanna a asbhainfear amhlaidh a íoc leis an Aire.

(4) Aon mhéid a íocfar le fostóir as an gCiste nach mbeidh teideal aige chuige faoin gCuid seo, beidh sé inaisíoctha ag an bhfostóir ar an Aire á éileamh sin agus, mura n-aisíocfar amhlaidh é, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla nó trína bhaint as aon mhéid nó méideanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an bhfostóir sin as an gCiste ina dhiaidh sin.

(5) Déanfar gach suim a ghnóthóidh an tAire nó a aisíocfar leis faoin alt seo a íoc isteach sa Chiste.

Fógra i dtaobh méideanna a íocadh go míchuí.

[1942 BD, a. 37]

260. —I gcás ina gcinnfear de réir na Coda seo nach inaisíoctha as an gCiste méid a bheidh íoctha ag fostóir, cuirfidh an t-oifigeach breithiúnachta an cinneadh in iúl don fhostóir a d'íoc an méid sin agus don duine a fuair é.

Nós imeachta.

[1942 BD, a. 42]

261. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) a fhorordú cad í an fhianaise a bheidh ina ceangal i dtaobh chomhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha amach in alt 253 agus na bhforálacha eile den Chuid seo a bhaineann le teideal duine árachaithe chun sochair fhorlíontaigh, agus féadfaidh sé, chun na críche sin, a cheangal ar dhaoine árachaithe freastal ag cibé oifigí nó áiteanna agus cibé tráthanna a cheanglófar, agus a cheangal ar fhostóirí fiafraithe a fhreagairt a bhaineann le haon nithe a n-iarrtar faisnéis ina dtaobh chun go bhféadfar teideal duine árachaithe chun sochair fhorlíontaigh a chinneadh;

(b) an t-am, an tslí agus an fhoirm a fhorordú—

(i) ina ndéanfaidh fostóirí sochar forlíontach a bheidh dlite do dhaoine árachaithe a íoc leo,

(ii) ina ndéanfar méideanna de shochar forlíontach a bheidh íoctha ag fostóirí a aisíoc leo as an gCiste,

(iii) ina dtógfar ceisteanna le cinneadh oifigigh bhreithiúnachta a fháil orthu, agus

(iv) ina ndéanfar aon ní eile a ghabhann le breacdhífhostaíocht a thuairisciú, le hadmháil a thabhairt faoi thuarascálacha ar bhreac-dhífhostaíocht a fháil agus le sochar forlíontach a íoc agus sochar forlíontach a bheidh íoctha ag fostóirí a aisíoc as an gCiste;

(c) le rialacháin, a cheangal ar fhostóirí, ar dhaoine árachaithe agus ar dhaoine eile cibé faisnéis a mheasfaidh an tAire a bheith inmhianaithe a thabhairt maidir le híocaíochtaí sochair fhorlíontaigh agus maidir le breac-dhífhostaíocht;

(d) a fhorordú cad é an cleachtas agus an nós imeachta a leanfar nuair a bheidh ceisteanna atá le meas agus le cinneadh ag oifigigh achomhairc agus ag oifigigh bhreithiúnachta á meas agus á scrúdú;

(e) le rialacháin, a fhoráil go gceapfar duine a ghlacfaidh, thar ceann duine nó mar ionadaí do dhuine, a éireoidh mímheabhrach nó a gheobhaidh bás, aon suimeanna is iníoctha leis nó ina leith as an gCiste.

(2) Ní fhorléireofar rialacháin a dhéanfaidh an tAire de bhua fho-alt (1) (a) mar ní a dhéanfaidh difear d'oibriú alt 262.

Modhanna breise chun coinníollacha a chomhlíonadh.

[1942 BD, a. 43; 1978 L, a. 15]

[1952, a. 122]

262. —(1) I gcás ina mbeidh sochar forlíontach íoctha le duine árachaithe, i leith aon lae nó coda de lá, ansin, maidir le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe, agus é sínithe ag an duine árachaithe nó ag an duine arbh é fostóir an duine árachaithe é an lá sin, ag deimhniú aon ní nó nithe acu seo a leanas—

(a) go raibh an duine árachaithe breac-dhífhostaithe an lá sin,

(b) gur uaire oibre na huaire a raibh an duine árachaithe breacdhífhostaithe lena linn an lá sin,

(c) nár Dhomhnach ná lá saoire poiblí de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 an lá sin, agus

(d) nárbh é an lá sin an chéad lá de sheal fostaíochta inárachaithe leis an duine arbh é fostóir an duine árachaithe é,

beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach, chun críocha na Coda seo, ar na fíorais a bheidh deimhnithe amhlaidh, mura gcruthófar agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(2) I gcás ina mbeidh sochar forlíontach íoctha le duine árachaithe ansin, maidir le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe, ón duine árachaithe á dheimhniú gurb é is sealbhóir dlisteanach ar leabhar dífhostaíochta forlíontach áirithe nó deimhniú, san fhoirm fhorordaithe, ón duine arbh é fostóir an duine sin é an tráth a íocadh an sochar forlíontach sin á dheimhniú gur deimhin leis gurb é an duine árachaithe is sealbhóir dlisteanach ar an leabhar sin, beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach, chun críocha na Coda seo, ar chéannacht an duine árachaithe sin, mura suífear agus go dtí go suífear a mhalairt.

(3) I gcás ina ndéanfar ranníocaí seachtainiúla i leith duine árachaithe a íoc trí stampaí árachais forlíontacha a ghreamú dá leabhar dífhostaíochta forlíontach nó i slí eile, agus go mbeidh sochar forlíontach íoctha leis an duine árachaithe in aon bhliain árachais, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, chun críocha an chéad choinníll in alt 253—

(a) maidir le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe agus na sonraí forordaithe ann, ón duine (dá ngairtear an fostóir san fho-alt seo) arbh é fostóir an duine árachaithe é an tráth a íocadh an sochar forlíontach sin á dheimhniú go ndearnadh, roimh an tseachtain inar tharla an bhreac-dhífhostaíocht ar íocadh an sochar forlíontach ina haghaidh, líon sonraithe ranníocaí seachtainiúla a íoc don duine árachaithe sin i leith na bliana árachais sin, beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach ar na fíorais a bheidh deimhnithe amhlaidh, mura suífear agus go dtí go suífear a mhalairt;

(b) maidir le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe agus na sonraí forordaithe ann, ón bhfostóir á dheimhniú go ndearnadh, de réir rialacháin faoi alt 247, ráiteas a thaifeadadh ar leabhar dífhostaíochta forlíontach reatha an duine árachaithe gur íocadh líon sonraithe ranníocaí seachtainiúla don duine árachaithe sin i leith na bliana árachais díreach roimhe sin, beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach, mura suífear agus go dtí go suífear a mhalairt, gur íocadh an líon ranníocaí seachtainiúla ar deimhníodh amhlaidh iad a bheith taifeadta amhlaidh.

Srian le sochar dífhostaíochta agus cúnamh dífhostaíochta a íoc.

[1942 BD, a. 44]

263. —Ní bheidh sochar dífhostaíochta ná cúnamh dífhostaíochta iníoctha in aghaidh lá ar ina leith nó i leith coda de a íoctar nó is iníoctha sochar forlíontach faoin gCuid seo.

Riarachán

Cigirí.

[1942 BD, a. 48, 49; 1952, Sc. 6]

264. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis a cheapadh ina gcigirí chun críocha na Coda seo.

(2) Sa Chuid seo ciallaíonn “cigire” duine—

(a) is duine a cheapfar ina chigire faoi fho-alt (1), nó

(b) is duine ar cigire é a cheapfar faoi alt 114.

(3) Chun críocha na Coda seo, beidh cumhacht ag cigire, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) dul isteach, gach tráth réasúnach, in aon áitreabh nó áit a mbeidh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil aon daoine i bhfostaíocht inárachaithe ar fostú ann nó go gcoimeádtar aon taifid i ndáil le haon duine den sórt sin ann;

(b) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fháil amach an bhfuil forálacha na Coda seo á gcomhlíonadh in aon áitreabh nó áit den sórt sin;

(c) scrúdú a dhéanamh, ina aonar nó i láthair duine eile, de réir mar is cuí leis, i ndáil le haon nithe faoin gCuid seo ar gach duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh nó áit den sórt sin, nó a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil nó go raibh sé ina dhuine fostaithe, agus a cheangal go scrúdófar amhlaidh gach duine den sórt sin agus go síneoidh gach duine den sórt sin dearbhú ar fhírinne na nithe a scrúdofar amhlaidh é ina dtaobh;

(d) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun an Chuid seo a chur in éifeacht.

(4) Déanfaidh áititheoir aon áitribh nó áite den sórt sin agus aon duine eile a bheidh ag fostú aon duine árachaithe, agus seirbhísigh agus gníomhairí aon áititheora nó duine eile den sórt sin, agus aon duine fostaithe, an fhaisnéis sin go léir a theastóidh le réasún ó aon chigire a thabhairt dó agus déanfaidh siad na cláir, na leabhair, na cártaí, na leatháin phá, na taifid phá agus na doiciméid eile sin go léir a theastóidh ón gcigire le réasún a thabhairt ar aird d'aon chigire lena n-iniúchadh.

(5) Duine ar bith a mhoilleoidh nó a bhacfaidh cigire go toiliúil agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo nó a mhainneoidh cibé faisnéis a thabhairt nó cibé doiciméid a thabhairt ar aird mar a dúradh, nó a cheilfidh nó a choiscfidh aon duine, nó a fhéachfaidh le haon duine a cheilt nó a chosc, ar láithriú os comhair cigire nó ar a scrúdú ag cigire, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar é a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air.

(6) Ní bheidh ceangal faoin alt seo ar aon duine aon cheist a fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a d'ionchoireodh é féin.

(7) Tabharfar deimhniú a cheaptha do gach cigire, agus aon uair a iarrfaidh sé cead dul isteach in aon áitreabh nó áit chun críocha na Coda seo tabharfaidh sé an deimhniú ar aird don áititheoir má iarrtar sin air.

Forálacha a bhaineann le daoine eiscthe a bhfoirceannfar a bhfostaíocht.

[1942 BD, a. 50]

265. —I gcás ina bhfoirceannfaidh duine (dá ngairtear an fostóir san alt seo) fostaíocht duine (dá ngairtear an fostaí san alt seo) i bhfostaíocht inárachaithe agus é ina dhuine eiscthe díreach roimh fhoirceannadh den sórt sin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás an fostaí a bheith ina dhuine eiscthe i gcaitheamh an 12 sheachtain díreach roimh an bhfoirceannadh sin, íocfaidh an fostóir leis an Aire, i leith an 12 sheachtain sin, suim ar cóimhéid le méid na ranníocaí seachtainiúla ab iníoctha, dá mba rud é nár dhuine eiscthe an fostaí i gcaitheamh an 12 sheachtain sin, i leith an fhostaí faoin gCuid seo in aghaidh an 12 sheachtain sin;

(b) i gcás gan an fostaí a bheith ina dhuine eiscthe i gcaitheamh an 12 sheachtain díreach roimh an bhfoirceannadh sin, íocfaidh an fostóir leis an Aire, i leith na seachtainí díreach roimh an bhfoirceannadh sin ina raibh an fostaí ina dhuine eiscthe, suim ar cóimhéid le méid na ranníocaí seachtainiúla ab iníoctha, dá mba rud é nár dhuine eiscthe an fostaí i gcaitheamh na seachtainí sin, faoin gCuid seo i leith an fhostaí in aghaidh na seachtainí sin;

(c) ní bheidh aon chuid d'aon suim a íocfaidh an fostóir faoin alt seo inghnóthaithe ag an bhfostóir ón bhfostaí;

(d) measfar, chun críocha fhorálacha eile (lena n-áirítear pianfhorálacha) na Coda seo gur ranníocaí seachtainiúla aon suim is iníoctha leis an Aire ag an bhfostóir faoin alt seo, agus beidh feidhm ag na forálacha sin dá réir sin;

(e) déanfar aon suim a ghnóthóidh an tAire nó a íocfar leis a íoc isteach sa Chiste;

(f) measfar, chun críocha an chéad choinníll in alt 253, maidir le haon suimeanna a ghnóthóidh an tAire nó a íocfar leis faoin alt seo i leith aon seachtainí, gur ranníocaí seachtainiúla iad arna n-íoc faoin gCuid seo i leith an fhostaí in aghaidh na seachtainí sin.

Cionta, lena n-áirítear cionta a bhaineann le comhlachtaí corpraithe.

[1942 BD, a. 51; 1976 (Uimh. 2), a. 8]

[1976 (Uimh. 2), a. 6]

266. —(1) (a) Duine ar bith—

(i) a cheannóidh, a dhíolfaidh nó a thairgfidh le díol, a ghlacfaidh nó a thabharfaidh ar malairt, nó a gheallearbfaidh nó a ghlacfaidh ar geallearbadh aon chárta dífhostaíochta forlíontach, leabhar dífhostaíochta forlíontach nó aon stampa árachais forlíontach úsáidte,

(ii) a ghreamóidh aon stampa árachais forlíontach úsáidte d'aon chárta dífhostaíochta forlíontach nó d'aon leabhar dífhostaíochta forlíontach, nó

(iii) a ghreamóidh aon stampa árachais forlíontach brionnaithe nó góchumtha d'aon chárta dífhostaíochta forlíontach nó d'aon leabhar dífhostaíochta forlíontach,

beidh sé ciontach i gcion.

(b) Duine ar bith, chun aon sochar forlíontach nó íocaíocht nó aisíocaíocht a fháil faoin gCuid seo, dó féin nó do dhuine éigin eile, nó chun aon chríche a bhaineann leis an gCuid seo—

(i) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha, nó

(ii) a thabharfaidh ar aird nó a sholáthróidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird nó go soláthrófar, aon doiciméad nó faisnéis is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha,

beidh sé ciontach i gcion.

(c) Má chabhraíonn nó má neartaíonn duine ar bith le fostaí dá chuid, nó má chomhairlíonn dó nó má thugann air, aon chion faoi mhír (a) nó (b) a dhéanamh nó má chomhcheilgeann sé leis an bhfostaí chun an fostaí do dhéanamh aon chiona den sórt sin, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(d) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(e) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo maidir le stampaí árachais forlíontacha úsáidte, measfar go ndearnadh stampa árachais forlíontach a úsáid má greamaíodh é de chárta dífhostaíochta forlíontach nó de leabhar dífhostaíochta forlíontach nó má cealaíodh nó má aghloiteadh in aon slí é, agus cibé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh é iarbhír chun ranníoc seachtainiúil a íoc.

(2) (a) Má mhainníonn aon fhostóir aon ranníoc seachtainiúil a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe a bheidh dlite de faoin gCuid seo a íoc, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Má dhéanann aon fhostóir iomlán aon ranníoca fostóra, nó aon chuid de ranníoc fostóra, i leith duine a bhaint as luach saothair an duine sin, nó má fhéachann sé leis sin a dhéanamh, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(c) Má dhéanann aon fhostóir asbhaint as luach saothair duine i leith aon ranníoc seachtainiúil a dhlíonn an fostóir faoin gCuid seo a íoc agus go mainneoidh sé an ranníoc seachtainiúil a ndearnadh an asbhaint ina leith a íoc am forordaithe nó laistigh d'am forordaithe, beidh an fostóir ciontach i gcion.

(d) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó cibé suim ar cóimhéid le dhá oiread na suime a bheidh gan íoc nó asbhainte amhlaidh, cibé acu is mó, nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Féadfar le rialacháin foráil a dhéanamh i dtaobh cionta is sárú nó neamhchomhlíonadh rialachán agus a fhoráil go ndéanfar, de rogha na cúirte—

(a) i gcás duine a chiontú go hachomair i gcionta den sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) i gcás duine a chiontú ar díotáil i gcionta den sórt sin, fíneáil nach mó a méid sonraithe ná £2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, mar aon, i gcás cionta leanúnacha, le fíneáil bhreise den sórt sin i leith gach lae a leanfar den chion, a chur air.

(4) (a) I gcás fostóir a chiontú faoin alt seo sa chion gur mhainnigh sé aon ranníocaí seachtainiúla a íoc a dhlitear de faoin gCuid seo a íoc, dlífidh sé suim a íoc leis an gCiste ar cóimhéid leis an tsuim a mhainnigh sé amhlaidh a íoc agus, ar chiontú den sórt sin, má rinneadh fógra i dtaobh é a bheith beartaithe sin a dhéanamh a sheirbheáil leis an toghairm nó leis an mbarántas, féadfar fianaise a thabhairt gur mhainnigh an fostóir ranníocaí seachtainiúla eile a íoc i leith an duine chéanna i rith na dtrí bliana roimh an dáta a seirbheáladh an fógra amhlaidh, agus ar an mainneachtain sin a bheith cruthaithe féadfaidh an chúirt a ordú don fhostóir suim a íoc leis an gCiste ar cóimhéid le hiomlán na ranníocaí seachtainiúla go léir a mbeidh cruthaithe air gur mhainnigh sé iad a íoc, agus áireofar ar cheart an fhostóra achomharc a dhéanamh in aghaidh an chiontaithe faoin alt ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh ordaithe den sórt sin.

(b) Aon suim a íocfaidh fostóir faoin bhfo-alt seo déileálfar léi mar íocaíocht do shásamh na ranníocaí seachtainiúla neamhíoctha, agus ní fhéadfaidh an fostóir cuid an duine árachaithe de na ranníocaí seachtainiúla sin a ghnóthú ón duine árachaithe.

(5) (a) In aon imeachtaí faoin alt seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo nó in aon imeachtaí a bhaineann le haon cheist i dtaobh ranníocaí seachtainiúla a íoc faoin gCuid seo nó aon suimeanna atá dlite don Chiste a ghnóthú, beidh feidhm mar an gcéanna ag alt 119, ach é modhnaithe mar is gá, i ndáil le cinneadh faoin gCuid seo is iomchuí do na himeachtaí sin.

(b) Beidh feidhm ag alt 301 i ndáil le cinneadh de bhun na Coda seo nó de bhun rialacháin faoin gCuid seo.

(6) Aon suim a dhlífidh fostóir a íoc faoi fho-alt (4) nó aon suim a bheidh dlite don Chiste a ndearna cúirt ordú íoca ina leith, féadfaidh an tAire, gan dochar do mhodhanna gnóthaithe eile, an tsuim sin a bhaint as aon suimeanna is iníoctha as an gCiste leis an bhfostóir sin faoin gCuid seo agus íocfaidh an tAire isteach sa Chiste aon suimeanna a asbhainfear amhlaidh.

(7) Ní dhéanfar aon ní san alt seo nó i rialacháin faoin alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann ar an Aire aon suimeanna a bheidh dlite don Chiste a ghnóthú trí imeachtaí sibhialta agus féadfar na suimeanna uile den sórt sin a ghnóthú mar fhiacha atá dlite don Stát agus gan dochar d'aon leigheas eile féadfaidh an tAire iad a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gCuid seo, beidh gach duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir, ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin, ciontach sa chion sin freisin.

(9) Is cosaint mhaith ar ionchúiseamh i leith cion faoi fho-alt (8) do dhuine a shuíomh gur gan fhios dó a rinneadh an cion agus go ndearna sé gach dícheall ba chóir dó a dhéanamh chun an cion a chosc, ag féachaint dá phost mar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile agus do na himthosca go léir.

(10) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá, chun críche imeachtaí faoin gCuid seo, a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe féadfar an céanna a sheirbheáil—

(a) trína fhágáil in oifig chláraithe an chomhlachta chorpraithe nó trína chur leis an bpost go dtí an oifig sin,

(b) trína fhágáil in aon áit sa Stát ina ndéanann an comhlacht corpraithe gnó nó trína chur leis an bpost go dtí an áit sin, nó

(c) trína chur leis an bpost chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe nó a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin san áit a gcónaíonn an duine sin.

Ionchúisimh.

[1942 BD, a. 52]

[1976 (Uimh. 2) a.5]

[1976 (Uimh. 2), a. 11]

267. —(1) Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag cigire nó oifigeach eile a cheapfar chun críche na Coda seo agus é údaraithe chuige sin le horduithe speisialta nó ginearálta ón Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion faoi aon alt den Chuid seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Coda seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ndeimhneofar i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise ar dheis nó i seilbh an Aire ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim, nó d'fheidhmiú forálacha, na Coda seo go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go bhfuil iarratas déanta ag duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) ar shochar forlíontach, agus

(b) go ndearnadh, de thoradh an iarratais sin an sochar sin a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an sochar sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir a íocadh é nó nár leis),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás ar faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurb eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

Imeachtaí sibhialta i gcoinne fostóra.

[1942 BD, a. 53]

268. —(1) I gcás inar mhainnigh nó inar fhailligh aon fhostóir aon ranníocaí seachtainiúla a íoc a dhlíonn sé faoin gCuid seo a íoc i leith aon duine árachaithe ar fostú aige nó inar mhainnigh sé nó inar fhailligh sé aon cheanglais eile den Chuid seo agus na rialacháin fúithi a chomhlíonadh agus, dá dheasca sin, gur chaill an duine sin go hiomlán nó go páirteach an sochar forlíontach a mbeadh teideal aige chuige faoin gCuid seo, beidh sé i dteideal suim ar cóimhéid le méid an tsochair fhorlíontaigh a cailleadh amhlaidh a ghnóthú ón bhfostóir mar fhiach conartha shimplí.

(2) Féadfar imeachtaí a thionscnamh faoin alt seo d'ainneoin imeachtaí a bheith tionscanta faoi aon fhoráil eile den Chuid seo i leith na mainneachtana nó na faillí céanna.

An Ciste a bhuanú, etc.

[1942 BD, a. 45]

[1942 BD, a. 46]

269. —(1) Leanfaidh an Ciste ar marthain faoi rialú agus faoi bhainistí an Aire. Íocfar isteach sa Chiste na ranníocaí seachtainiúla go léir is iníoctha ag fostóirí agus ag daoine árachaithe agus aon airgead eile a cheanglaítear a íoc amhlaidh faoin gCuid seo agus íocfar as an gCiste na híocaíochtaí go léir a cheanglaítear a dhéanamh amhlaidh faoin gCuid seo.

(2) Coimeádfar cuntais an Chiste i cibé foirm a ordóidh nó a cheadóidh an tAire Airgeadais.

(3) Cuirfear cuntais an Chiste do gach bliain chuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus tar éis iad a scrúdú agus a dheimhniú leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(4) Féadfar aon airgead is cuid den Chiste a íoc, ó am go ham, leis an Aire Airgeadais agus féadfaidh seisean é a infheistiú agus a choimeád infheistithe dá rogha féin thar ceann an Chiste i ngach slí nó in aon slí nó slite acu seo a leanas, is é sin le rá, aon stoc, ciste nó urrús a cheannach a mbeidh údarás ag iontaobhaithe leis an dlí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire cistí iontaobhais a infheistiú ann nó aon stoc, scaireanna nó urrús a cheannach a mbeidh an phríomhshuim agus an t-ús ráthaithe faoi údarás reachtúil ag an Rialtas agus déanfar aon ús a gheofar ó infheistíocht den sórt sin a íoc isteach sa Chiste.

(5) Aon airgead a bheidh ar fáil lena infheistiú faoi fho-alt (4) is airgead Rialtais é de réir bhrí an Achta um Shuncáil Cheaduithe, 1933 , agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht sin maidir leis an airgead sin.

(6) Aon uair agus a mhinice a fheicfear don Aire go bhfuil nó gur dócha go mbeidh an Ciste neamhdhóthanach nó ródhóthanach chun na dliteanais a fhorchuirtear nó a bheifear ar tí a fhorchur ar an gCiste faoin gCuid seo a chur i gcrích nó go bhfuil nó gur dócha go mbeidh na rátaí ranníocaí seachtainiúla iomarcach nó easnamhach féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) Cuid I den Chúigiú Sceideal a leasú trí cibé rátaí ranníocaí seachtainiúla eile is cuí leis a chur in ionad na rátaí ranníocaí seachtainiúla faoi seach atá leagtha amach i gcolúin (2) agus (3) den Chuid sin, ach ní i slí a d'athródh na rátaí ranníocaí seachtainiúla go mí-chothrom idir fostóirí agus daoine árachaithe,

(b) Cuid II den Chúigiú Sceideal a leasú trí cibé rátaí uairiúla eile sochair fhorlíontaigh is cuí leis a chur in ionad na rátaí uairiúla sochair fhorlíontaigh atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin.

(7) Forléireofar tagairtí i bhfo-alt (6) don Chúigiú Sceideal mar thagairtí don Sceideal sin arna leasú le haon rialacháin a rinneadh roimhe sin faoi fho-alt (6).

Airleacain as an bPríomh-Chiste.

[1942 BD, a. 47]

270. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suimeanna a bheidh ag teastáil chun dliteanais an Chiste a urscaoileadh a thabhairt ar airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, agus chun na suimeanna a bheidh le tabhairt ar airleacan amhlaidh a sholáthar féadfaidh an tAire Airgeadais airgead a fháil ar iasacht i cibé slí is cuí leis agus déanfar an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh a íoc isteach sa Státchiste.

(2) Déanfar aon suimeanna a thabharfar ar airleacan faoi fho-alt (1) mar aon le hús (más ann) orthu de réir cibé ráta a shocróidh an tAire Airgeadais a mhuirearú ar an gCiste agus beidh siad inaisíoctha as an gCiste agus nuair a aisíocfar amhlaidh iad déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste.

(3) Déanfar príomhshuim aon urrús agus an t-ús ar aon urrúis a eiseoidh an tAire Airgeadais chun críche iasachta faoi fho-alt (1) agus na caiteachais a thabhófar i ndáil le heisiúint na n-urrús sin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

Cinntí.

[1942 BD, a. 40; I.R. Uimh. 11 de 1953 ]

271. —Is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh gach ceist—

(a) i dtaobh ar dhoineann ba chúis le saotharstad i bhfostaíocht inárachaithe; nó

(b) i dtaobh chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le duine árachaithe d'fháil sochar forlíontach; nó

(c) i dtaobh teideal duine árachaithe chun sochair fhorlíontaigh nó i dtaobh ráta nó méid an tsochair sin; nó

(d) i dtaobh teideal fostóra chun aisíoc a fháil as an gCiste; nó

(e) i dtaobh chomhlíonadh aon fhorála in ailt 251 go 263 a bhaineann le sochar forlíontach a íoc nó a bhaineann le haisíoc as an gCiste; nó

(f) i dtaobh aon fhostaíocht nó aicme fostaíochta a bheith san am i láthair, san am a caitheadh nó san am le teacht ina fostaíocht de chineál a dhéanfaidh duine árachaithe de réir bhrí na Coda seo den duine ar fostú inti nó i dtaobh duine a bheith, san am i láthair nó san am a caitheadh, ina dhuine árachaithe de réir bhrí na Coda seo; nó

(g) i dtaobh duine árachaithe a bheith, san am i láthair nó san am a caitheadh, ina oibrí oilte nó ina oibrí neamhoilte nó ina dhuine óg de réir bhrí na Coda seo; nó

(h) i dtaobh cé hé nó cérbh é fostóir aon duine árachaithe; nó

(i) i dtaobh an ráta ranníoca sheachtainiúil a íocfar faoin gCuid seo i leith duine árachaithe; nó

(j) i dtaobh aon ní eile a bhaineann leis an gCuid seo agus a bheidh forordaithe.

Forálacha riaracháin a chur i bhfeidhm.

[1952, a. 123]

272. —Féadfar, le rialacháin, aon cheann d'fhorálacha ailt 111, 112, 113, 128, 295, 296, 297, 298, 299 agus 300 nó d'fhorálacha arna ndéanamh faoi na hailt sin a chur chun feidhme maidir le hárachas in aghaidh breac-dhífhostaíochta, agus féadfaidh aon fheidhm den sórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan mhodhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forálacha láithreacha na Coda seo agus ailt 295 go 300.