Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Na hAchtacháin A Aisghairtear)

18 1981


Uimhir 18 de 1981


AN tACHT UM SHAINMHARCÁIL, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE ÓR AGUS AIRGEAD A MHEISIÚNÚ AGUS A SHAINMHARCÁIL, DO LEATHNÚ AN DLÍ SIN CHUN EARRAÍ PLATANAIM A THABHAIRT FAOINA RÉIM, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [2 Meitheamh, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1913” an Forgery Act, 1913;

tá le “sainmharc formheasta” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “earraí de mhiotal lómhar” earraí arb éard iad, nó ina bhfuil, ór, airgead nó platanam nó cóimhiotail d'ór, d'airgead nó de phlatanam;

ciallaíonn “Meisiúnóir” an Meisiúnóir a bheidh ceaptha de thuras na huaire ag an gCuideachta;

ciallaíonn “an Chairt” an Chairt a deonaíodh don Chuideachta an 22ú lá de Nollaig, 1637;

ciallaíonn “an Chuideachta” an Chuideachta ar a dtugtar sa Chairt the Wardens and Commonalty of Goldsmiths of the city of Dublin;

tá le “brionnú” an bhrí chéanna atá le “forgery” in Acht 1913, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “sainmharc idirnáisiúnta” an bhrí a shanntar dó le halt 2(1) (c) den Acht seo;

tá le “caighdeáin mhíne Éireannacha” an bhrí a shanntar dó le halt 7 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;

ciallaíonn “tionscnóir”, i ndáil le hearra de mhiotal lómhar, an duine a dhéanann nó a shaoirsíonn earra den sórt sin nó a dhéileálann ann;

tá le “marc tionscnóra” an bhrí a shanntar dó le halt 9 den Acht seo.

Sainmharcanna formheasta.

2. —(1) Chun críocha an Achta seo is sainmharc formheasta gach sainmharc díobh seo a leanas—

(a) marc arna bhualadh go dleathach ag an Meisiúnóir, roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, de réir rialacháin a rinneadh faoi alt 3 den Acht seo,

(b) marc arna bhualadh go dleathach in oifig mheisiúnachta sa Ríocht Aontaithe roimh an 21ú lá d'Fheabhra, 1927,

(c) marc, dá ngairfear “sainmharc idirnáisiúnta”, a bhforordaítear le rialacháin faoi alt 3 den Acht seo gur marc é atá aitheanta ag an Rialtas nó ag an Aire faoi chonradh nó coinbhinsiún idirnáisiúnta inar páirtí an Stát nó an Rialtas agus a bhaineann le miotail lómhara agus ar marc é atá buailte go dleathach—

(i) ag an Meisiúnóir, nó

(ii) i dtír seachas an Stát, ach nach marc é dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo.

(2) Forléireofar tagairtí sa Chairt do stampaí nó do mharcanna a chuirtear ar ór nó ar airgead mar thagairtí do shainmharcanna formheasta.

Rialacháin ag forordú sainmharcanna formheasta.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCuideachta, rialacháin a dhéanamh ag forordú sainmharc formheasta d'earraí de mhiotal lómhar a bheidh sonraithe sna rialacháin nó ag cur marc in ionad marc eile a buaileadh roimh thosach feidhme an Achta seo, agus, ó thosach feidhme na rialachán, beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le sainmharc formheasta maidir le hearraí de mhiotal lómhar a bheidh sonraithe amhlaidh nó le marcanna a cuireadh amhlaidh in ionad marcanna eile.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo marcanna éagsúla a fhorordú d'earraí a monaraíodh sa Stát agus d'earraí a allmhairíodh isteach sa Stát.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo sainmharc idirnáisiúnta a fhorordú mar shainmharc formheasta.

(4) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo cibé forálacha iarmhartacha nó coimhdeacha a bheith iontu a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó inmhianaithe.

Sainmharcanna idirnáisiúnta.

4. —(1) D'ainneoin aon achtachán a ritheadh nó a rithfear roimh thosach feidhme an Achta seo, féadfaidh earra de mhiotal lómhar a monaraíodh sa Stát, de réir mar is rogha leis an tionscnóir, sainmharc idirnáisiúnta dá dtagraítear in alt 2(1) (c) (i) den Acht seo nó marc dá dtagraítear in alt 2 (1) (a) den Acht seo, nó iad araon, a bheith air.

(2) D'ainneoin aon achtachán a ritheadh nó a rithfear roimh thosach feidhme an Achta seo, ní gá aon earra allmhairithe de mhiotal lómhar ar a bhfuil sainmharc idirnáisiúnta dá dtagraítear in alt 2(1) (c) (ii) den Acht seo agus atá i gcomhréir leis na caighdeáin mhíne Éireannacha a mheisiúnú ná a shainmharcáil tuilleadh sa Stát.

(3) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Meisiúnóir, dá rogha féin, cibé tástálacha a dhéanamh go hamasach nó go tréimhsiúil, de réir mar a mheasfaidh sé is gá nó is inmhianaithe, chun a áirithiú go gcloífear leis na caighdeáin mhíne Éireannacha agus chun brionnú a bhrath.

Tuairiscí bréagacha ar earraí áirithe.

5. —Faoi réir alt 6 den Acht seo, duine a thabharfaidh, i gcúrsa trádála nó gnó, tuairisc ar earra nach earra de mhiotal lómhar, á thabhairt le fios nó á shonrú gur d'ór, d'airgead nó de phlatanam, go hiomlán nó go páirteach, a rinneadh an t-earra sin, nó a sholáthróidh earra den sórt sin ar ar tugadh tuairisc den sórt sin nó a thairgfidh go soláthróidh sé é nó a mbeidh sé ina sheilbh chun a dhíola, beidh sé ciontach i gcion faoi alt 2 den Merchandise Marks Act, 1887, as tuairisc thrádála bhréagach a thabhairt.

Tuairiscí is incheadaithe ar earraí nach bhfuil sainmharcáilte.

6. —(1) Ní bhaineann alt 5 den Acht seo le tuairisc is incheadaithe faoin Acht seo.

(2) Is incheadaithe tuairisc faoin Acht seo má chomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas:

(a) gur le dath an earra agus leis sin amháin, go sainráite nó go hintuigthe, a bhaineann sí;

(b) más éard í nó más cuid di an focal “ór”, go mbeidh an focal “plátáilte” nó an focal “rollta” mar cháiliú ar an bhfocal sin;

(c) más éard í nó más cuid di an focal “airgead” nó an focal “platanam”, go mbeidh an focal “plátáilte” mar cháiliú ar cibé focal díobh sin a úsáidfear;

(d) i gcás gur i scríbhinn a bheidh an tuairisc agus go n-úsáidtear an focal “plátáilte” nó an focal “rollta”, go mbeidh an focal sin chomh mór ar a laghad leis an gcuid eile den tuairisc.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo más tuairisc bhréagach an tuairisc nó má thugtar í ar earra a bhfuil an tuairisc neamhoiriúnach dó.

Rialacháin ag forordú caighdeán míne.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCuideachta, rialacháin a dhéanamh ag forordú caighdeán míne (dá ngairtear, agus ar a dtugtar san Acht seo, “caighdeáin mhíne Éireannacha”) d'earraí de mhiotal lómhar a bheidh sonraithe sna rialacháin agus do shádair na n-earraí sin.

(2) Ar thosach feidhme rialachán faoin alt seo agus uaidh sin amach déanfar na tagairtí sa Chairt agus in alt 3 den Plate Assay (Ireland) Act, 1807, do chaighdeáin mhíne óir agus airgid agus na tagairtí in alt 22 den Plate Assay Act, 1783, do chaighdeáin mhíne óir a fhorléiriú mar thagairtí do na caighdeáin mhíne Éireannacha atá i gcomhréir leo.

Achtacháin áirithe do bhaint le platanam.

8. —(1) Ó thosach feidhme an Achta seo déanfar gach tagairt d'ór nó d'airgead in achtachán a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do phlatanam.

(2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) Cairt na Cuideachta,

(b) an Plate Assay Act, 1783,

(c) an Customs Act, 1842,

(d) an Plate Assay (Ireland) Act, 1807,

(e) alt 10 den Revenue Act, 1883,

(f) an Hall-marking of Foreign Plate Act, 1904,

(g) Acht 1913.

Marc tionscnóra.

9. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás ina mbeartóidh tionscnóir earra de mhiotal lómhar a chur faoi bhráid an Mheisiúnóra le sainmharc formheasta a bhualadh air, cuirfidh an tionscnóir faoi deara go mbuailfear ar an earra marc suntasach de chuid an tionscnóra (dá ngairtear agus ar a dtugtar “marc tionscnóra” san Acht seo), ar a mbeidh cibé dearadh a cheadóidh an Meisiúnóir.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Meisiúnóir agus tionscnóir socruithe a dhéanamh faoina mbuailfidh an Meisiúnóir marc an tionscnóra a luaithe is féidir tar éis an t-earra chur faoina bhráid le sainmharc ceadaithe a bhualadh air.

(3) Coimeádfaidh an Chuideachta clár de mharcanna tionscnóirí a buaileadh ar earraí a cuireadh faoi bhráid an Mheisiúnóra le sainmharc formheasta a bhualadh orthu nó a bhuail an Meisiúnóir faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) Beidh clárú mairc thionscnóra bailí go ceann deich mbliana ó dháta an chláraithe agus féadfar, ar iarratas chun na Cuideachta, an clárú sin a athnuachan gach deich mbliana.

(5) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire, cibé táille a bhaint amach i leith clárú nó athnuachan cláraithe, agus i leith cló a thaifeadadh de dhíslí, de mharcanna nó de phuinseanna tionscnóra, a bheidh sonraithe sa toiliú sin, agus is ar phlátaí nó ar leatháin de phéatar nó de chopar a chuirfidh sí an cló sin de mharcanna nó de phuinseanna.

(6) Aon chlár de mharcanna tionscnóirí a bheidh á choinneáil ag an gCuideachta agus a bheidh ar marthain ar thosach feidhme an Achta seo, scoirfidh sé de bheith á choinneáil tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an tosach feidhme sin.

Srian le halt 59 den Customs Act, 1842.

10. —Ní bhaineann alt 59 den Customs Act, 1842, le pláta óir nó platanaim nó airgid a dhíol, a mhalartú nó a thaisealbhadh lena dhíol, is pláta a monaraíodh lasmuigh den Stát 100 bliain ar a laghad roimh dháta an allmhairithe.

Srian le halt 10 den Revenue Act, 1883.

11. —Ní bhaineann alt 10 den Revenue Act, 1883, le haon ghréithe d'ór, d'airgead nó de phlatanam a allmhaireofar isteach sa Stát tar éis tosach feidhme an Achta seo agus a gcruthófar ina leith chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur monaraíodh é lasmuigh den Stát 100 bliain ar a laghad roimh dháta an allmhairithe.

Breisiú, etc. ar earraí sainmharcáilte.

12. —(1) Faoi réir fho-ailt (3) go (5) den alt seo, duine a dhéanfaidh breisiú, athrú nó deisiú ar earra ar a bhfuil sainmharc formheasta, seachas de réir toiliú scríofa ón Meisiúnóir, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, duine a dhéanfaidh aon sainmharc formheasta a buaileadh ar earra a dhíobhadh, a athrú nó a aghlot, seachas de réir toiliú scríofa ón Meisiúnóir, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(3) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, ní cion faoin alt seo earra de mhiotal lómhar a bhatráil chun é a dhéanamh oiriúnach lena athmhonarú agus chuige sin amháin.

(4) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, ní cion faoin alt seo breisiú a chur le hearra de mhiotal lómhar nach earra nua más rud é—

(a) go bhfágtar gan athrú gné an earra agus na críocha chun ar féidir é a úsáid;

(b) gurb é an miotal lómhar céanna a bheidh sa bhreisiú agus san earra féin;

(c) go mbeidh míne sa mhiotal a cuireadh mar bhreisiú leis an earra nach lú ná caighdeán míne Éireannach an earra de thuras na huaire;

agus

(d) nach mó an méid miotail a cuireadh mar bhreisiú leis ná an ceann is lú díobh seo a leanas—

(i) 1 ghram amháin óir, 5 ghram airgid nó 0.5 gram platanaim (de réir mar is iomchuí);

(ii) 50 faoin gcéad den mheáchan a bhí san earra díreach sular cuireadh an breisiú leis.

(5) Ní cion faoin alt seo coirt nach mó ná 2 mhicriméadar ar tiús ag aon phointe a chur le hiomlán aon earrá díobh seo a leanas nó le haon chuid d'earra den sórt sin—

(a) earra óir, más amhlaidh don choirt gur d'ór nach 1ú míne ná an caighdeán míne Éireannach de thuras na huaire don earra;

(b) earra airgid, más amhlaidh don choirt gur d'airg ad í nach lú míne ná an caighdeán míne Éireannach de thuras na huaire nó

(c) earra airgid, más amhlaidh don choirt gur d'ór í nach lú míne ná an caighdeán míne Éireannach íosta;

(d) earra óir, airgid nó platanaim, más de róidiam an choirt.

(6) Le linn aon toiliú a bheith á thabhairt faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, féadfaidh an Meisiúnóir é a chur de choinníoll lena thoiliú go bhféadfar an t-earra nó aon bhreisiú a chuirfear leis a mheisiúnú tuilleadh agus marc an tionscnóra agus cibé sainmharcanna formheasta a bheidh sonraithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire a bhualadh air.

(7) Duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.

Pionóis mar gheall ar dhíslí agus stampaí áirithe a bhrionnú, etc.

13. —(1) D'ainneoin aon ní in Acht 1913, is é an pionós mar gheall ar bhrionnú faoi alt 5(4) (b) d'Acht 1913, i gcás ciontú achomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, agus, i gcás ciontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon.

(2) D'ainneoin aon ní in Acht 1913, is é an pionós mar gheall ar chion faoi alt 8(2) (a) d'Acht 1913, i gcás ciontú achomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, agus, i gcás ciontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon.

(3) D'ainneoin aon ní sa Plate Assay (Ireland) Act, 1807, nó in aon achtachán eile, is é an pionós mar gheall ar fheileonacht faoi alt 16 den Acht sin nó mar gheall ar aon chion eile faoin alt sin, i gcás ciontú achomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, agus, i gcás ciontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon.

(4) Folóidh na tagairtí in Acht 1913 do dhíslí codanna de dhísle.

An Chuideachta do ghearradh táillí.

14. —Féadfaidh an Chuideachta cibé táillí a cheadóidh an tAire ó am go ham a ghearradh i leith earraí de mhiotail lómhara a mheisiúnú agus sainmharcanna formheasta a bhualadh orthu is earraí a cuireadh faoi bhráid an Mheisiúnóra lena meisiúnú agus lena mbualadh.

Aisghairm.

15. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

16. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

17. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

18. —(1) Féadfar an tAcht um Shainmharcáil, 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.