25 1981


Uimhir 25 de 1981


AN tACHT UM AN gCISTE RÁTHAÍOCHTA FOSTAÍOCHTA (LEASÚ), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN gCISTE RÁTHAÍOCHTA FOSTAÍOCHTA, 1980 . [25 Iúil, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht um an gCiste Ráthaíochta Fostaíochta, 1980 .

Leasú ar alt 4 (1) d'Acht 1980.

2. —Leasaítear leis seo alt 4 (1) d'Acht 1980 trí “£20,000,000” a chur in ionad “£10,000,000” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

4.—(1) Is é a bheidh sa Chiste—

(a) an fáltas ón bhformhuirear fostaíochta fostóra, agus

(b) méid nach mó ná £20,000,000 (lena n-áirítear airgead atá íoctha isteach cheana féin i gcuntas deontas-i-gcabhair an Chiste Ráthaíochta Fostaíochta) as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1980.

3. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1980 trí “£30,000,000” a chur in ionad “£20,000,000” gach áit a bhfuil sé, agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

7.—(1) Ní rachaidh méid comhiomlán na n-íocaíochtaí as an gCiste chun na críche a luaitear in alt 3 den Acht seo thar £30,000,000.

(2) Foirceannfar an Ciste nuair a shroichfidh comhiomlán an chaiteachais as an gCiste (lena n-áirítear íocaíochtaí as cuntas deontas-i-gcabhair an Chiste Ráthaíochta Fostaíochta) £30,000,000, agus déanfar aon iarmhéid a bheidh fágtha sa Chiste nó chun creidmheas an Chiste a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht um an gCiste Ráthaíochta Fostaíochta (Leasú), 1981 , a ghairm den Acht seo.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um an gCiste Ráthaíochta Fostaíochta, 1980

1980, Uimh. 4