An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Comhrac Dóiteáin agus Sábháilteacht ó Dhóiteán)

30 1981

AN tACHT SEIRBHÍSÍ DÓITEÁIN, 1981

CUID IV

Airgeadas agus Riarachán

Deontais d'údaráis dóiteáin.

32. —Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníocaí bliantúla nó ranníocaí eile a íoc le húdaráis dóiteáin i leith an chaiteachais a thabhóidh siad le seirbhís dóiteáin a chur ar fáil.

Deontais le haghaidh taighde.

33. —Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, ranníoc a dhéanamh i leith cistí aon duine nó aon chomhlachta a bheidh ag déanamh taighde a bhaineann le comhrac dóiteáin nó le sábháilteacht ó dhóiteán nó ag réiteach lena dhéanamh.

Tuarascálacha agus staidreamh.

34. —Beidh de dhualgas ar gach údarás dóiteáin cibé tuarascálacha agus staidreamh a thabhairt don Aire a éileoidh sé maidir le dóiteáin a tharla i limistéar feidhme an údaráis agus maidir le hiniúchtaí i dtaobh sábháilteacht ó dhóiteán agus gníomhaíochtaí gaolmhara.

Caiteachais údarás dóiteáin.

35. —(1) Déanfar caiteachais chomhairle chontae Bhaile Átha Cliath mar údarás dóiteáin a mhuirearú ar an gcontae, gan buirg Dhún Laoghaire a áireamh.

(2) Déanfar na caiteachais, mar údarás dóiteáin, a thabhóidh comhairle aon chontae eile ina bhfuil buirg nó ceantar uirbeach, agus ar údarás dóiteáin de thuras na huaire bardas nó comhairle na buirge nó an cheantair uirbigh sin, a mhuirearú ar an gcontae, gan aon bhuirg nó ceantar uirbeach den sórt sin a áireamh.

(3) Beidh údarás dóiteáin i dteideal táille a ghearradh ar úsáidirí nó ar thairbhithe seirbhíse dóiteáin i leith seirbhísí a chuireann sé ar fáil.

Díolúine don Aire, d'údaráis dóiteáin agus d'údaráis sláintíochta.

36. —Ní bheidh aon ábhar caingne ná imeachta eile ann i gcoinne an Aire ná insaothraithe ina choinne, ná i gcoinne údaráis dóiteáin nó údaráis sláintíochta, ná i gcoinne aon oifigeach nó seirbhíseach d'aon údarás den sórt sin nó aon duine fruilithe ag údarás den sórt sin, chun damáistí a ghnóthú i leith díobhála do dhaoine nó do mhaoin a líomhnaítear gur faillí i gcomhlíonadh aon fheidhmeanna a thugtar leis an Acht seo ba chúis leis an díobháil nó gur chuir an fhaillí sin léi.

Rialacháin um shábháilteacht ó dhóiteán.

37. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar na réamhchúraimí a bheidh le glacadh in áitreabh lena mbaineann alt 18 chun daoine agus maoin a chosaint ar fhiontar ó dhóiteán.

(2) Féadfaidh feidhm a bheith ag na rialacháin maidir le haon úsáid áirithe áitribh nó aon aicme sonraithe áitreabh.

(3) Féadfar leis na rialacháin, gan dochar do ghinearáltacht na bhfo-alt sin roimhe seo, ceanglais a shonrú maidir le haon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas—

(a) síneacha asbhealaigh, soilsiú éigeandála agus fógraí faoin nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás dóiteáin, a chur ar fáil agus a chothabháil;

(b) cóir éalaithe i gcás dóiteáin a chur ar fáil, a chothabháil agus a choimeád saor ó bhac;

(c) cóir a chur ar fáil agus a chothabháil chun a áirithiú go bhféadfar aon chóir éalaithe a úsáid go sábháilte agus go héifeachtúil gach uile thráth ábhartha;

(d) cóir a chur ar fáil agus a chothabháil chun dóiteáin a chosc agus a mhúchadh agus cóir a chur ar fáil agus a chothabháil chun dóiteáin a bhrath agus chun rabhadh a thabhairt i gcás dóiteáin;

(e) druileanna aslonnúcháin um shábháilteacht ó dhóiteán a sheoladh ag eatraimh shonraithe agus taifid a choimeád ar na druileanna sin;

(f) déanamh inmheánach áitribh agus na hábhair a úsáidtear sa déanamh sin;

(g) toirmeasc iomlán a chur ar throscán, ar chóiriú nó ar threalamh d'aon tuairisc shonraithe, nó ar earraí nó ábhair de chineál inlasta, a bheith in áitreabh nó á n-úsáid ann, nó toirmeasc a chur ar iad a bheith ann nó á n-úsáid ann mura gcomhlíonfar caighdeáin shonraithe nó coinníollacha sonraithe;

(h) feistiú, cothabháil agus úsáid córas soláthair cumhachta, soilsiúcháin, téacháin agus aerúcháin;

(i) a áirithiú go bhfaighidh daoine a bheidh ar fostú san áitreabh teagasc agus oiliúint iomchuí ar a mbeidh le déanamh i gcás dóiteáin;

(j) an líon uasta daoine is cead a bheith san áitreabh nó in aon chuid den áitreabh aon tráth áirithe;

(k) a áirithiú, in imthosca sonraithe, go mbeidh líon sonraithe freastalaithe ar stáisiún i gcodanna sonraithe den áitreabh;

(l) taifid ar theagasc nó ar oiliúint a tugadh, nó ar nithe a rinneadh, de bhun na rialachán, a choimeád, agus

(m) leorchóir rochtana le haghaidh fearas agus trealaimh dóiteáin a chur ar fáil.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní i rialacháin faoin alt seo laghdú ar fheidhmeanna údarás dóiteáin faoin Acht seo ná ar dhualgas a fhorchuirtear ar aon duine faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 18.

Fógraí a sheirbheáil.

38. —(1) Déanfar aon fhógra a cheanglaítear a thabhairt nó a sheirbheáil faoin Acht seo a dhíriú chuig an duine i gceist agus tabharfar é nó seirbheálfar é ar cheann de na slite seo a leanas—

(a) trína dhíriú chuige faoina ainm agus trína sheachadadh dó,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air,

(d) mura féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fháil amach ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear an fógra a thabhairt i leith aon áitribh, trína sheachadadh do dhuine os cionn 16 bliana d'aois a chónaíonn nó atá ar fostú san áitreabh nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an áitreabh nó ina aice.

(2) Mura féidir ainm an áititheora a fháil amach ó fhiosrú réasúnach féadfar fógra faoin alt seo a dhíriú go dtí “an t-áititheoir”.

(3) Chun críche an ailt seo measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta atá cláraithe faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe eile.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Cinematograph Act, 1909

1909, c. 30

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972

1972, Uimh. 10

Explosive Act, 1875

1875, c. 17

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht Briogáideacha Tóiteáin, 1940

1940, Uimh. 7

Na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1979

Na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1981

An tAcht Rialtais áitiúil, 1955

1955, Uimh. 9

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964

An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971

1971, Uimh. 6

An tAcht um áitribh Oifige, 1958

1958, Uimh. 3

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935

1935, Uimh. 2

Public Health Acts Amendment Act, 1890

1890, c. 59

Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1981

Na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980.