|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Sceideal B Socruithe Speisialta do na Tíortha is Lú Forás de bhun Airteagal 11, Mír 6) | Ar Aghaidh (Sceideal D Vótaí a Leithroinnt) |
AN tACHT UM AN gCOMHCHISTE IDIRNÁISIÚNTA DO THRÁCHTEARRAÍ, 1982
|
Sceideal C Critéir Cháilithe le haghaidh CITÍ | ||
| [EN] | 1. Bunófar CIT ar bhonn idir-rialtasach agus beidh a chomhaltas ar oscailt do gach Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe nó d'aon ghníomhaireacht dá shainghníomhaireachtaí nó den Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach. | |
| [EN] | 2. Beidh baint aige ar bhonn leanúnach le gnéithe trádála, táirgthe agus tomhaltais an tráchtearra áirithe. | |
| [EN] | 3. Ar a chomhaltas áireofar táirgeoirí agus tomhaltóirí a bheidh ag freagairt do scair leordhóthanach d'onnmhairí agus d'allmhairí an tráchtearra lena mbaineann. | |
| [EN] | 4. Beidh próis éifeachtach aige chun cinntí a dhéanamh ina léireofar leasanna a rannpháirtithe. | |
| [EN] | 5. Beidh ar a chumas glacadh le modh oiriúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfar go cuí aon fhreagrachtaí teicniúla nó eile de dhroim a chomhlachais le gníomhaíochtaí an Dara Cuntas. |