|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Sceideal C Critéir Cháilithe le haghaidh CITÍ) | Ar Aghaidh (Sceideal D Iarscríbhinn) |
AN tACHT UM AN gCOMHCHISTE IDIRNÁISIÚNTA DO THRÁCHTEARRAÍ, 1982
|
Sceideal D Vótaí a Leithroinnt | ||
| [EN] | 1. Sealbhóidh gach Ballstát dá dtagraítear in airteagal 5 (a): | |
| [EN] | (a) 150 bunvóta; | |
| [EN] | (b) An líon vótaí a leithroinnfear air i leith Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a bheidh suibscríofa aige, mar atá leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an sceideal seo; | |
| [EN] | (c) Vóta amháin in aghaidh gach 37,832 Aonad Cuntais de Chaipiteal Ráthaíochta a sholáthróidh sé; | |
| [EN] | (d) Aon vótaí a leithroinnfear air de réir mhír 3 den sceideal seo. | |
| [EN] | 2. Sealbhóidh gach Ballstát dá dtagraítear in airteagal 5 (b): | |
| [EN] | (a) 150 bunvóta; | |
| [EN] | (b) Líon vótaí i leith Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a shuibscríobh sé, a bheidh le cinneadh ag an gComhairle Rialaithe le Tromlach Cáilithe ar bhonn atá ar comhréir leis an leithroinnt ar na vótaí dá bhforáiltear san iarscríbhinn a ghabhann leis an sceideal seo; | |
| [EN] | (c) Vóta amháin in aghaidh gach 37,832 Aonad Cuntais de Chaipiteal Ráthaíochta a sholáthróidh sé; | |
| [EN] | (d) Aon vótaí a leithroinnfear air de réir mhír 3 den sceideal seo. | |
| [EN] | 3. I gcás ina gcuirfear Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha neamhshuibscríofa nó breise ar fáil lena suibscríobh de réir airteagal 9, mír 4 (b) agus (c), agus airteagal 12, mír 3, déanfar dhá vóta breise a leithroinnt ar gach Ballstát in aghaidh gach Scair Chaipitil Dhíor-Ranníoctha bhreise a shuibscríobhfaidh sé. | |
| [EN] | 4. Coimeádfaidh an Chomhairle Rialaithe leagan amach na vótála faoi athbhreithniú i gcónaí agus má bhíonn éagsúlacht shuntasach idir leagan amach na vótála iarbhír agus an leagan amach dá bhforáiltear san iarscríbhinn a ghabhann leis an sceideal seo, déanfaidh an Chomhairle aon choigeartuithe is gá de réir na bprionsabal bunúsach a rialaíonn dáileadh vótaí atá léirithe sa sceideal seo. Nuair a bheidh an Chomhairle Rialaithe ag déanamh na gcoigeartuithe sin cuirfidh sí an méid seo a leanas san áireamh: | |
| [EN] | (a) An comhaltas; | |
| [EN] | (b) An líon Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha; | |
| [EN] | (c) An méid Caipitil Ráthaíochta. | |
| [EN] | 5. Déanfar coigeartuithe i ndáileadh vótaí de bhun mhír 4 den sceideal seo de réir rialacha agus rialachán a bheidh le glacadh chuici ag an gComhairle Rialaithe chun na críche sin le Tromlach Ardcháilithe ag a céadchruinniú bliantúil. |