8 1982


Uimhir 8 de 1982


AN tACHT UM LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA, 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH RÁTHAÍOCHTAÍ ÓN AIRE AIRGEADAIS MAIDIR LE hAIRGEAD IS INÍOCTHA AG LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA MAIDIR LE RÁTHAÍOCHTAÍ A THUG, NÓ LE CONARTHAÍ FAOINA nDEACHAIGH, LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA LE CEADÚ AN AIRE IOMPAIR ARNA THABHAIRT LE TOILIÚ AN AIRE AIRGEA-DAIS. [25 Bealtaine, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” Loingeas Éireann Teoranta;

ciallaíonn “ráthaíocht”, ach amháin in alt 2 den Acht seo, ráthaíocht arna tabhairt faoin alt sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Ráthaíochtaí i leith ráthaíochtaí áirithe a thug an Chuideachta nó i leith airgead is iníoctha aici.

2. —(1) Féadfaidh an tAire a ráthú, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-íocfaidh an Chuideachta go cuí aon airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) is iníoctha ag an gCuideachta i leith aon ráthaíocht a thug an Chuideachta, nó faoi aon chonradh faoina ndeachaigh an Chuideachta chun earraí nó seirbhísí nó earraí agus seirbhísí a sholáthar, arb é atá ann i gceachtar cás ráthaíocht a tugadh nó conradh a rinneadh le ceadú an Aire Iompair agus le toiliú an Aire.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná méid is ionann agus £50,000,000 méid, nó méid comhiomlán, an airgid a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc de bhun ráthaíochta nó ráthaíochtaí a thug sé faoin alt seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid airgid (más ann) a bheidh íoctha aige cheana féin de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta.

(3) Chun an méid airgid a ríomh a bheidh ráthaithe ag an Aire faoin alt seo faoi threoir na teorann le hairgead atá i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is coibhéis d'airgead in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a tugadh an ráthaíocht.

(4) I ndáil le ráthaíochtaí a thug an tAire faoin alt seo i leith airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, glacfar leis na tagairtí d'airgead i bhfo-alt (1) den alt seo agus in ailt 3 agus 5 den Acht seo mar thagairtí do choibhéis an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit, agus an choibhéis sin a ríomh de réir chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

Airleacan as an bPríomh-Chiste i leith suimeanna a cheanglaítear a íoc faoi ráthaíocht.

3. —Déanfar an t-airgead a cheanglaítear ar an Aire a íoc i leith suimeanna a bheidh dlite faoi ráthaíocht a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

Airgead a íocadh faoi ráthaíocht a aisíoc.

4. —(1) Déanfaidh an Chuideachta aon airleacain as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis chun críocha alt 3 den Acht seo a aisíoc leis an Aire (mar aon le hús ar na hairleacain sin, má cheanglaíonn an tAire amhlaidh, de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airleacain.

(2) I gcás an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a airleacadh faoi alt 3 den Acht seo a bheith gan aisíoc leis an Aire de réir fho-alt (1) den alt seo, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (2) den alt seo chun méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta faoi dhliteanas don Aire i leith an mhéid sin agus déanfaidh an Chuideachta an méid sin (mar aon le hús air, má cheanglaíonn an tAire amhlaidh, de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire) a aisíoc leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire agus, mura n-aisíocfar an méid sin mar a dúradh agus, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste airgead a aisíocfaidh an Chuideachta leis an Aire,nó a ghnóthóidh an tAire ón gCuideachta, faoin alt seo.

Ráiteas bliantúil maidir le ráthaíochtaí.

5. —A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas a inseoidh maidir le gach ráthaíocht a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a aisíocadh leis an Aire i leith na híocaíochta,

(c) an méid airgid a bheadh dlite den Aire faoin ráthaíocht dá gcuirfí an ráthaíocht i bhfeidhm díreach ar an mbliain sin a bheith caite.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Loingeas Éireann Teoranta, 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 go 1982 a ghairm de na hAchtanna um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 go 1980, agus den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 go 1980

Na hAchtanna um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 go 1982