Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Pionóis a Mhéadú)

10 1982


Uimhir 10 de 1982


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA EILE. [15 Meitheamh, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Airteagail ag forordú rialachán do chuideachtaí.

2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 11—

“11.—Féadfar, i gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna agus i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici, agus déanfar, i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici nó cuideachta neamhtheoranta, airteagail chomhlachais, a bheidh sínithe ag sínitheoirí an mheabhráin agus a fhorordóidh rialacháin don chuideachta, a chlárú i dteannta an mheabhráin.”.

Sonraí a bheidh le seachadadh i dteannta meabhráin.

3. —(1) Seachadfar don chláraitheoir, i dteannta gach meabhrán cuideachta a sheachadfar dó de bhun alt 17 den Phríomh-Acht, ráiteas san fhoirm fhorordaithe ina mbeidh an t-ainm agus na sonraí a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo i ndáil—

(a) leis na daoine atá le bheith mar chéad stiúrthóirí ar an gcuideachta,

(b) leis an duine nó na daoine atá le bheith mar chéad rúnaí nó mar chéad chomhrúnaithe ar an gcuideachta, agus

(c) le suíomh oifig chláraithe na cuideachta.

(2) Is iad na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) i ndáil le duine atá ainmnithe mar stiúrthóir ar an gcuideachta lena mbaineann, na sonraí go léir a cheanglaítear, de bhun alt 195 (2) den Phríomh-Acht, a bheith sa chlár a choimeádtar faoin alt sin, i ndáil le stiúrthóir,

(b) i ndáil le duine atá ainmnithe mar rúnaí, nó mar dhuine de na comhrúnaithe, na sonraí go léir a cheanglaítear, de bhun alt 195 (4) den Phríomh-Acht, a bheith sa chlár a choimeádtar faoin alt sin, i ndáil leis an rúnaí nó i ndáil le gach duine de na comhrúnaithe, agus

(c) i ndáil le hoifig chláraithe na cuideachta, na sonraí a cheanglaítear a thabhairt don chláraitheoir de bhun alt 113 den Phríomh-Acht.

(3) Beidh an ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh de bhun an ailt seo le síniú ag na sínitheoirí nó thar a gceann agus, ag gabháil leis, beidh toiliú, agus é sínithe ag gach duine de na daoine a bheidh ainmnithe ann mar stiúrthóir, mar rúnaí nó mar chomhrúnaí, chun gníomhú sa cháil sin.

(4) I gcás ina mbeidh an meabhrán á sheachadadh don chláraitheoir de bhun alt 17 den Phríomh-Acht ag duine mar ghníomhaire do shínitheoirí an mheabhráin sonrófar an méid sin sa ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh don chláraitheoir de bhun an ailt seo agus sonrófar ann ainm agus seoladh an duine a bhfuil an meabhrán á sheachadadh aige.

(5) Maidir leis na daoine a bheidh sonraithe sa ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh don chláraitheoir de bhun an ailt seo mar stiúrthóirí, mar rúnaí mó mar chomhrúnaithe ar an gcuideachta dá dtagraíonn an ráiteas measfar, ar dháta corpraithe na cuideachta, gurb iad a bheidh ceaptha mar chéad stiúrthóirí, mar chéad rúnaí nó mar chéad chomhrúnaithe, de réir mar a bheidh, ar an gcuideachta agus beidh aon lua in aon airteagail a sheachadfar don chláraitheoir i dteannta an mheabhráin ina sonrófar duine mar stiúrthóir nó mar rúnaí cuideachta ar neamhní mura mbeidh an duine sin sonraithe mar stiúrthóir nó mar rúnaí sa ráiteas sin.

(6) Ní chláróidh an cláraitheoir aon mheabhrán a sheachadfar dó lena chlárú de bhun alt 17 den Phríomh-Acht ná aon airteagail a sheachadfar dó i dteannta an mheabhráin mura ndéanfar ráiteas a chomhlíonfaidh ceanglais an ailt seo a sheachadadh dó i dteannta an mheabhráin.

Oifig chláraithe chuideachta.

4. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 113—

“113.—(1) Beidh oifig chláraithe ag cuideachta sa Stát, gach uile thráth, a bhféadfar gach uile chumarsáid agus fógra a dhíriú chuici.

(2) Beidh sonraí maidir le suíomh oifig chláraithe na cuideachta le sonrú sa ráiteas a sheachadfar de bhun alt 3 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , sula gcorprófar an chuideachta.

(3) Déanfar fógra faoi aon athrú ar shuíomh oifig chláraithe chuideachta a thabhairt don chláraitheoir laistigh de cheithre lá dhéag tar éis dáta an athraithe agus cuirfidh seisean ar taifead é.

Ní ghlacfar leis gur sásamh ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo ráiteas maidir le seoladh a hoifige cláraithe a chur i dtuairisceán bliantúil cuideachta.

(4) I gcás meabhrán cuideachta a bheith seachadta don chláraitheoir lena chlárú faoi alt 17 den Phríomh-Acht roimh thosach feidhme Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , beidh ar an gcuideachta sin—

(a) amhail ón lá a thosóidh an chuideachta ar ghnó a sheoladh nó amhail ón gceathrú lá déag tar éis dáta a corpraithe, cibé acu lá díobh is luaithe, oifig chláraithe a bheith aici sa Stát a bhféadfar gach uile chumarsáid agus fógra a dhíriú chuici, agus

(b) fógra faoi shuíomh na hoifige cláraithe, agus faoi aon athrú air, a thabhairt don chláraitheoir laistigh de 14 lá tar éis dáta na cuideachta a chorprú, nó dáta an athraithe, cibé acu é, agus cuirfidh seisean ar taifead é.

Ní ghlacfar leis gur sásamh ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo ráiteas maidir le seoladh a hoifige cláraithe a chur i dtuairisceán bliantúil cuideachta.

(5) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(6) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí maidir le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.”.

Leasú ar alt 143 den Phríomh-Acht.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 143 (4) den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e)—

“(f) le rúin chun cearta nó srianta a chur ag gabháil le haon scair;

(g) le rúin chun aon chearta nó srianta den sórt sin a athrú;

(h) le rúin chun aon scair neamhaicmithe a aicmiú;

(i) le rúin chun scaireanna de chineál amháin a chomhshó ina scaireanna de chineál eile.”.

(2) Beidh ar gach cuideachta, laistigh de thrí mhí tar éis tosach feidhme an ailt seo, tuairisceán a chur ar aghaidh chuig cláraitheoir na gcuideachtaí ina mbeidh sonraí nár cuireadh ar aghaidh chuige cheana féin maidir le haon cheart nó srian a bheidh ag gabháil le scaireanna i scairchaipiteal na cuideachta a bheidh ar marthain ag an tosach feidhme sin agus cuirfidh seisean na sonraí ar taifead.

Cáilíocht is gá do dhuine chun é a cheapadh mar iniúchóir.

6. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 162—

“162.—(1) Ní bheidh duine cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta ná mar iniúchóir poiblí mura rud é—

(a) gur comhalta é de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an Aire; nó

(b) go bhfuil údaraithe de thuras na huaire ag an Aire é a cheapadh amhlaidh ar an ábhar—

(i) gur duine é a ghnóthaigh cáilíochtaí comhionanna ar dhóigh seachas ó chomhlacht den sórt sin, nó

(ii) gur duine é a shaothraigh eolas agus taithí leormhaith, roimh an dáta feidhme i gcás ceapachán mar iniúchóir ar chuideachta, nó roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1967, i gcás ceapachán mar iniúchóir poiblí, i gcúrsa a fhostaíochta ag comhalta de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta chun críocha mhír (a) nó faoi mhaoirseacht an chéanna, nó

(iii) gur duine é a bhí ag cleachtadh sa Stát mar chuntasóir roimh an dáta feidhme i gcás ceapachán mar iniúchóir ar chuideachta nó roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1967, i gcás ceapachán mar iniúchóir poiblí.

(2) (a) Beidh gach iarratas de bhun fho-alt (1) (b) (ii) nó (1) (b) (iii) ar údarú le haghaidh ceapacháin mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí le déanamh chun an Aire tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis tosach feidhme alt 6 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 .

(b) Ní údaróidh an tAire ceapachán duine mar iniúchóir ar chuideachta ná mar iniúchóir poiblí de bhun iarratas a rinneadh faoi fho-alt (1) (b) (ii) nó (1) (b) (iii) tar éis sé mhí a bheith caite ó thosach feidhme alt 6 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 .

(3) D'ainneoin forálacha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, aon duine a bhí ceaptha ag an Aire mar iniúchóir poiblí an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1967, nó aon lá roimhe sin, measfar é a bheith údaraithe ag an Aire lena cheapadh mar iniúchóir poiblí de bhua an ailt seo.

(4) Má chiontaítear iniúchóir i gcion coiriúil a bhainfidh nó a ghabhfaidh le comhlíonadh a dhualgas nó lena iompar mar iniúchóir, ní bheidh sé cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta ná mar iniúchóir poiblí gan cead na cúirte.

(5) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta—

(a) oifigeach nó seirbhíseach don chuideachta;

(b) ach amháin nuair is cuideachta phríobháideach an chuideachta, duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach nó seirbhíseach de chuid na cuideachta;

(c) duine nach bhfuil cáilithe de bhua an fho-ailt seo lena cheapadh mar iniúchóir ar aon chomhlacht corpraithe eile arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin é nó ar fochuideachta de chuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin é, nó duine a bheadh dícháilithe amhlaidh dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe;

(d) duine nach bhfuil cáilithe de bhun fho-alt (6) den alt seo lena cheapadh mar iniúchóir poiblí ar Chumann Tionscail agus Soláthair ar fochumann nó cumann sealbhaíochta den chuideachta sin é nó ar fochumann de chumann sealbhaíochta na cuideachta sin é;

(e) comhlacht corpraithe.

Déanfar tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó seirbhíseach a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí d'iniúchóir.

(6) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir poiblí ar Chumann Tionscail agus Soláthair—

(a) oifigeach nó seirbhíseach don Chumann Tionscail agus Soláthair;

(b) duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach nó seirbhíseach don Chumann Tionscail agus Soláthair;

(c) duine nach bhfuil cáilithe de bhua an fho-ailt seo lena cheapadh mar iniúchóir poiblí ar aon Chumann Tionscail agus Soláthair eile arb é fochumann nó cumann sealbhaíochta an Chumainn Tionscail agus Soláthair é nó ar fochumann de chumann sealbhaíochta an chumainn sin é;

(d) duine nach bhfuil cáilithe de bhun fho-alt (5) den alt seo chun bheith ina iniúchóir ar chuideachta ar fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta den chumann sin í nó ar fochuideachta de chuideachta shealbhaíochta an chumainn sin í;

(e) comhlacht corpraithe.

Déanfar tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó seirbhíseach a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí d'iniúchóir.

(7) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir poiblí ar Chara-Chumann—

(a) oifigeach nó seirbhíseach don Chara-Chumann;

(b) duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach nó seirbhíseach don Chara-Chumann;

(c) comhlacht corpraithe.

(8) Aon duine a ghníomhóidh mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí nuair atá sé dícháilithe faoin alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(9) Ní bhainfidh an t-alt seo leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

(10) San alt seo ciallaíonn ‘iniúchóir poiblí’ iniúchóir poiblí chun críocha na nAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, agus Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977.”.

Leasú ar alt 168 den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 168 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) Má dhiúltaíonn aon oifigeach nó gníomhaire don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile aon leabhar nó doiciméad a thabhairt ar aird do na cigirí a mbeidh sé de dhualgas air faoin alt seo é a thabhairt ar aird amhlaidh nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a fhreagairt a chuirfidh na cigirí air maidir le cúrsaí na cuideachta nó an chomhlachta corpraithe eile, cibé acu é, beidh an t-oifigeach nó an gníomhaire ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

agus, má leantar tar éis an chiontaithe den diúltú arb ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion breise agus dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil bhreise nach mó ná £250 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den diúltú.”.

Clár na stiúrthóirí agus na rúnaithe.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 195 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (6), (7) agus (8)—

“(6) Beidh ar an gcuideachta, laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag tar éis d'aon cheann díobh seo a leanas tarlú—

(a) aon athrú i measc a stiúrthóirí nó ar a rúnaí, nó

(b) aon athrú ar aon cheann de na sonraí sa chlár,

faisnéis san fhoirm fhorordaithe a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí maidir leis an athrú agus leis an dáta ar ar tharla sé.

(7) Ag gabháil le faisnéis a chuirfear chuig cláraitheoir na gcuideachtaí de bhun fho-alt (6) den alt seo maidir le duine a cheapadh mar stiúrthóir, mar rúnaí nó mar chomhrúnaí ar chuideachta, beidh toiliú, arna shíniú ag an duine sin, chun gníomhú mar stiúrthóir, mar rúnaí nó mar chomhrúnaí, cibé acu é.

(8) I gcás meabhrán cuideachta a bheith seachadta don chláraitheoir lena chlárú de bhun alt 17 roimh thosach feidhme alt 8 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , beidh ar an gcuideachta tuairisceán a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí ina dtabharfar na sonraí faoi chéad stiúrthóirí agus chéad rúnaí na cuideachta sin a shonraítear sa chlár a cheanglaítear a choimeád de bhun alt 195, mar aon le faisnéis san fhoirm fhorordaithe faoi aon athrú i measc a stiúrthóirí nó ar a rúnaí nó ar aon cheann de na sonraí sa chlár agus a shonróidh dáta an athraithe agus cuirfear na tuairisceáin sin chuig an gcláraitheoir laistigh de cheithre lá dhéag ón dáta a cheapfar na chéad stiúrthóirí nó an chéad rúnaí nó a tharlóidh an t-athrú, cibé acu é.”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (10) d'alt 195 den Phríomh-Acht—

(a) trí “(6), (7) nó (8)” a chur in ionad “nó (6)”, agus

(b) trí “£500” a chur in ionad “£100”.

Leasú ar alt 256 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 256 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—

“(2) Ní bheidh aon éifeacht chun críocha an Achta seo le dearbhú a dhéanfar mar a dúradh mura rud é—

(a) go ndéanfar é laistigh de na 28 lá díreach roimh an dáta a rithfear an rún chun an chuideachta a fhoirceannadh agus go seachadfar do chláraitheoir na gcuideachtaí é tráth nach déanaí ná an dáta a seachadfar don chláraitheoir cóip den rún chun an chuideachta a fhoirceannadh de réir fhorálacha alt 143; agus

(b) go mbeidh ráiteas ann ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta amhail ar dháta nach luaithe ná trí mhí roimh an dearbhú a dhéanamh.”.

Íocaíochtaí tosaíochta i bhfoirceannadh.

10. —Leasaítear leis seo alt 285 den Phríomh-Acht—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (g)—

“(h) na suimeanna go léir a bheidh dlite d'aon fhostaí de bhun aon scéime nó comhshocraíochta chun íocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfostaí le linn dó bheith as láthair ón bhfostaíocht de dheasca easláinte;

(i) aon íocaíochtaí a bheidh dlite den chuideachta de bhun aon scéime nó comhshocraíochta chun sochair aoisliúntais a sholáthar d'fhostaithe na cuideachta nó ina leith cibé acu a bheidh na híocaíochtaí sin dlite i leith ranníoc na cuideachta don scéim sin nó faoin gcomhshocraíocht sin nó i leith ranníocaí den sórt sin is iníoctha ag na fostaithe leis an gcuideachta faoi aon scéim nó comhshocraíocht den sórt sin agus a bheidh bainte as pá nó tuarastal na bhfostaithe.”;

(b) trí “£2,500” a chur in ionad “£300” i bhfo-alt (3);

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (6) i ndiaidh mhír (b)—

“nó

(c) d'aon chléireach, seirbhíseach, oibrí nó saothraí den sórt sin le linn dó bheith as láthair ón bhfostaíocht de dheasca easláinte nó de bhun aon scéime nó comhshocraíochta chun sochar aoisliúntais a sholáthar dó nó ina leith;”; agus

(d) trí “nó tréimhse asláithreachta ó obair ar” a chur in ionad “, tréimhse asláithreachta ó obair mar gheall ar bhreoiteacht nó ar” i bhfo-alt (11);

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12)—

“(13) Féadfaidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo an tsuim airgid a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a athrú.”.

Cumhacht an chláraitheora chun cuideachta neamhghnóthach a bhaint den chlár.

11. —Leasaítear leis seo alt 311 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2), (3) agus (4)—

“(1) Má bhíonn cúis réasúnach ag cláraitheoir na gcuideachtaí chun a chreidiúint nach bhfuil gnó á sheoladh ag cuideachta, féadfaidh sé litir chláraithe a chur leis an bpost chuig an gcuideachta ag fiafraí an bhfuil gnó á sheoladh ag an gcuideachta agus á rá go ndéanfar, mura bhfaighfear freagra laistigh de mhí ó dháta na litreach sin, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil d'fhonn ainm na cuideachta a bhaint den chlár.

(2) Má fhaigheann an cláraitheoir freagra sa chéill nach bhfuil gnó á sheoladh ag an gcuideachta nó mura bhfaighidh sé aon fhreagra laistigh de mhí tar éis dó an litir a chur amach, féadfaidh sé fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus a chur leis an bpost cláraithe chuig an gcuideachta á rá go ndéanfar, i gceann míosa ó dháta an fhógra sin, ainm na cuideachta a bheidh luaite san fhógra a bhaint den chlár, mura suífear cúis lena mhalairt, agus go mbeidh an chuideachta díscaoilte.

(3) Más rud é, in aon chás ina mbeidh cuideachta á foirceannadh, go mbeidh cúis réasúnach ag an gcláraitheoir chun a chreidiúint nach bhfuil aon leachtaitheoir ag gníomhú, nó go bhfuil cúrsaí na cuideachta foirceanta go hiomlán, agus nár tugadh, le tréimhse 6 mhí as a chéile, na tuairisceáin is gá don leachtaitheoir a thabhairt, foilseoidh an cláraitheoir san Iris Oifigiúil, agus cuirfidh sé chuig an gcuideachta nó chuig an leachtaitheoir, más ann, fógra de shamhail an fhógra dá bhforáiltear i bhfo-alt (2).”.

Cumhacht an chláraitheora chun cuideachtaí a mhainníonn tuairisceáin a thabhairt a bhaint den chlár.

12. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 311 den Phríomh-Acht, i gcás nach dtabharfaidh cuideachta, feadh trí bliana as a chéile, na tuairisceáin bhliantúla a cheanglaítear le halt 125 nó 126 den Phríomh-Acht, féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí litir chláraithe a chur leis an bpost chuig an gcuideachta ag fiafraí an bhfuil gnó á sheoladh ag an gcuideachta agus á rá go ndéanfar, mura bhfaighfear freagra laistigh de mhí ó dháta na litreach sin, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil d'fhonn ainm na cuideachta a bhaint den chlár.

(2) Má fhaigheann an cláraitheoir freagra sa chéill nach bhfuil gnó á sheoladh ag an gcuideachta, nó mura bhfaighidh sé, laistigh de mhí tar éis dó an litir a chur amach, aon fhreagra nó na tuairisceáin bhliantúla go léir a bheidh gan tabhairt, féadfaidh sé fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus a chur leis an bpost cláraithe chuig an gcuideachta á rá go ndéanfar, i gceann míosa ó dháta an fhógra sin, ainm na cuideachta a bheidh luaite san fhógra a bhaint den chlár, mura suífear cúis lena mhalairt nó mura dtabharfar na tuairisceáin bhliantúla go léir a bheidh gan tabhairt, agus go mbeidh an chuideachta díscaoilte.

(3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5) den alt seo, ar an tréimhse a bheidh luaite san fhógra a bheith caite, féadfaidh an cláraitheoir, mura suífidh an chuideachta cúis lena mhalairt roimhe sin, ainm na cuideachta a bhaint den chlár, agus foilseoidh sé fógra ina thaobh sin san Iris Oifigiúil, agus ar an bhfógra sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil beidh an chuideachta díscaoilte.

(4) Mairfidh dliteanas, más ann, gach stiúrthóra, oifigigh agus comhalta de chuid na cuideachta, agus féadfar é a chur i bhfeidhm ionann is dá mbeadh an chuideachta gan bheith díscaoilte.

(5) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (3) nó (4) den alt seo difear do chumhacht na cúirte chun cuideachta ar baineadh a hainm den chlár a fhoirceannadh.

(6) Más éagóir le cuideachta, nó le haon chomhalta nó creidiúnaí dá cuid, an chuideachta a bheith bainte den chlár, feádfaidh an chúirt, ar an gcuideachta nó an comhalta nó an creidiúnaí do dhéanamh iarratais (tar éis fógra a thabhairt don chláraitheoir) sula mbeidh 20 bliain caite ón dáta a foilsíodh an fógra a dúradh san Iris Oifigiúil, más deimhin leis an gcúirt go raibh an chuideachta ag an am a baineadh den chlár í ag seoladh gnó, nó gur chóir ar chúis eile an chuideachta a chur ar ais ar an gclár, a ordú go gcuirfear ainm na cuideachta ar ais ar an gclár, agus ar chóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir lena clárú, measfar an chuideachta a bheith ar marthain ionann is nach mbeifí tar éis a hainm a bhaint den chlár; agus féadfaidh an chúirt, leis an ordú, cibé treoracha a thabhairt agus cibé forálacha a dhéanamh a fheicfear di a bheith cóir chun an chuideachta agus gach duine eile a chur sa staid chéanna, an oiread agus is féidir sin, ina mbeidís dá mba nár baineadh ainm na cuideachta den chlár.

(7) Féadfar litir nó fógra a bheidh le cur faoin alt seo chuig cuideachta a dhíriú chun na cuideachta ag a hoifig chláraithe, nó murar cláraíodh aon oifig, faoi chúram oifigigh éigin don chuideachta nó, mura bhfuil aon oifigeach don chuideachta ann a bhfuil a ainm agus a sheoladh ar eolas ag cláraitheoir na gcuideachtaí, féadfar é a chur chuig gach duine de na daoine a shínigh an meabhrán, agus é dírithe chuige ag an seoladh a bheidh luaite sa mheabhrán.

Ní bheidh feidhm ag alt 376 den Phríomh-Acht maidir le comhpháirtíochtaí áirithe.

13. —(1) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 376 den Phríomh-Acht maidir le comhpháirtíocht a fhoirmiú—

(a) chun cleachtadh mar chuntasóirí i gcás gur duine atá cáilithe faoi alt 162 (1) (a) nó (b) den Phríomh-Acht, arna leasú leis an Acht seo, gach duine de na comhpháirtithe, nó

(b) chun cleachtadh mar aturnaetha i gcás gur aturnae gach duine de na comhpháirtithe.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú arna dhéanamh faoin alt seo a dhearbhú nach mbeidh feidhm ag forálacha alt 376 den Phríomh-Acht maidir le foirmiú comhpháirtíochta de thuairisc, agus a bheidh á foirmiú chun críche, a bheidh sonraithe san ordú.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoi fho-alt (2) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(4) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(5) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 4 (2) den Limited Partnerships Act, 1907 maidir le comhpháirtíocht a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ná le comhpháirtíocht a shonraítear in ordú a dhéanfar de bhun fho-alt (2) den alt seo.

Table C a ghlacadh agus a chur chun feidhme.

14. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13—

“13A.—(1) I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici féadfar sna hairteagail chomhlachais glacadh le gach ceann nó aon cheann de na rialacháin atá in Table C nó le gach ceann nó aon cheann de na rialacháin atá sa leagan Gaeilge de Table C atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(2) I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici agus a chlárófar tar éis tosach feidhme Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982, mura gcláraítear airteagail, nó, má chláraítear airteagail, sa mhéid nach n-eisiann na hairteagail nó nach modhnaíonn siad na rialacháin atá in Table C, is iad na rialacháin sin, chomh fada agus is infheidhme iad, rialacháin na cuideachta sa dóigh céanna agus sa mhéid céanna is dá mbeidís in airteagail a cláraíodh go cuí.

(3) Más i nGaeilge atá meabhrán na cuideachta, déanfar na tagairtí i bhfo-alt (2) do Table C a fhorléiriú mar thagairtí do na rialacháin atá sa leagan Gaeilge de Table C atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.”.

Pionóis a mhéadú.

15. —Duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad an pionós dá bhforáiltear in aon cheann de na hailt sin agus a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, an pionós a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

Ionchúiseamh i gcionta áirithe.

16. —Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí maidir le cionta faoi ailt 227, 234, 249, 252, 262, 263, 272, 273, 278, 280, 319, 320 agus 321 den Phríomh-Acht a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

17. —Leasaítear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht trí “meabhrán cuideachta” a chur in ionad “meabhrán agus airteagail chuideachta” i mír (b).

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

18. —Leasaítear leis seo alt 19 (2) den Phríomh-Acht trí “ó dhuine atá ainmnithe mar stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta sa ráiteas a sheachadfar de bhun alt 3 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 ” a chur in ionad “ó dhuine atá ainmnithe sna hairteagail mar stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta”.

Leasú ar alt 58 den Phríomh-Acht.

19. —Leasaítear leis seo alt 58 den Phríomh-Acht trí “agus slite beatha” a scriosadh i bhfo-alt (1) (a).

Leasú ar alt 116 den Phríomh-Acht.

20. —Leasaítear leis seo alt 116 den Phríomh-Acht trí “agus slite beatha” a scriosadh i bhfo-alt (1) (a).

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

21. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí “Subject to section 3 of the Companies (Amendment) Act, 1982,” a chur isteach roimh “The secretary” i Regulation 113 i Part I de Table A,

(b) trí “, faoi réir alt 3 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 ,” a chur isteach i ndiaidh “a cheapadh” i Rialachán 113 i gCuid I de Thábla A, agus

(c) trí “, faoi réir alt 3 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 ,” a chur isteach i ndiaidh “a cheapadh” in Airteagal 59 de Thábla C.

Leasú ar an gCúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

22. —Leasaítear leis seo an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí “agus slite beatha” a scriosadh i mír 5 (a) de Chuid I den Sceideal sin; agus

(b) trí “agus slite beatha” a scriosadh sa dara colún i mír 5 de Chuid II den Sceideal sin.

Aisghairm.

23. —Aisghairtear leis seo ailt 29 agus 30 den Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 .

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

24. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo agus Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1977, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.