23 1982


Uimhir 23 de 1982


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 AGUS 1982. [31 Iúil, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar Chuid VIII den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .

1. —Leasaítear leis seo Cuid VIII den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 301:

“Breithnithe ón mBinse Leasa Shóisialaigh.

301A—(1) Más rud é, i ndáil le saotharstad, nó le haighneas ceirde, a bhí nó atá ar marthain an 1ú lá de Mheitheamh, 1982, nó dá éis, go mbeidh cinneadh déanta ag oifigeach breithiúnachta agus ag oifigeach achomhairc go bhfuil duine dícháilithe faoi alt 35 (1) chun sochar dífhostaíochta a fháil nó faoi alt 142 (3) chun cúnamh dífhostaíochta a fháil, féadfaidh an duine sin, d’ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo, iarratas a dhéanamh chun an Bhinse Leasa Shóisialaigh (dá ngairtear ‘an Binse’ san alt seo agus in alt 301B) ar bhreithniú faoin alt seo.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le breithniú faoin alt seo:

(a) sula ndéanfaidh an Binse an breithniú cuirfidh sé san áireamh na dálaí go léir a bhaineann leis an saotharstad áirithe agus leis an aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad, lena n-áirítear (gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo)—

(i) an cheist i dtaobh an bhfuil nó an raibh an t-iarratasóir ar fáil chun obair a dhéanamh agus toilteanach obair a dhéanamh, ach go bhfuil nó go raibh a fhostaíocht ceilte air mar gheall ar ghníomh nó neamhghníomh éigin ag an bhfostóir áirithe arb ionann é agus cóir éagórach nó éigeart a chur ar an iarratasóir,

(ii) an cheist i dtaobh an ndéanann nó an ndearna an fostóir an t-iarratasóir a chosc ó fhreastal chun obair a dhéanamh ina áit fostaíochta nó an ndearna an fostóir é a asleagan go sealadach, gan an fostóir do dhul i gcomhairle (i gceachtar cás den sórt sin) go réasúnach nó go leordhóthanach leis an iarratasóir nó le ceardchumann ag gníomhú thar ceann an iarratasóra, nó gan an fostóir nó aon chomhlacht ag gníomhú thar a cheann d'úsáid (i gceachtar cás) na seirbhísí as a mbaineann fostóirí leas go rialta ar mhaithe le dea-chaidreamh tionscail,

(iii) an cheist i dtaobh arbh aon ghníomh nó cinneadh de chuid an fhostóra, arbh ionann é agus dochar a dhéanamh do théarmaí nó do choinníollacha fostaíochta an iarratasóra agus a rinneadh gan dul i ndáil chomhairle ná i ndáil chomhairle leordhóthanach leis an iarratasóir nó gan aon fhógra ná aon fhógra leordhóthanach a thabhairt dó, ba chúis leis an saotharstad nó leis an aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad agus a bhí ina fhoras ábhartha don saotharstad sin nó don aighneas ceirde sin,

(iv) an cheist i dtaobh an raibh iompar an iarratasóra nó ceardchumainn ag gníomhú thar a cheann réasúnach;

(b) tar éis don Bhinse cibé fianaise a bheidh tugtha ar aird os a chomhair, agus cibé uiríolla a bheidh déanta chuige, ag an iarratasóir agus ag an bhfostóir a éisteacht agus tar éis a mheas an raibh iompar an iarratasóra nó ceardchumainn ag gníomhú thar a cheann réasúnach agus an raibh an fostóir nó comhlacht ag gníomhú thar a cheann toilteanach leas a bhaint as na seirbhísí as a mbaintear leas go rialta ar mhaithe le dea-chaidreamh tionscail, cinnfidh an Binse an bhfuil nó an raibh a fhostaíocht ceilte go míréasúnach ar an iarratasóir agus (má chinneann an Binse go bhfuil nó go raibh sí ceilte air amhlaidh) an mbeidh sé, d'ainneoin chinneadh an oifigigh bhreithiúnachta nó an oifigigh achomhairc faoi alt 35 (1) nó faoi alt 142 (3), cáilithe chun sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta a fháil agus (más iomchuí) cad í an tréimhse dá mbeidh sé cáilithe amhlaidh:

Ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha eile chun an sochar sin nó an cúnamh sin a fháil;

(c) is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh an Bhinse maidir le hiarratas ar bhreithniú, ach féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí:

Ar choinníoll go bhféadfaidh duine ar díol leasa dó é (lena n-áirítear an tAire) a iarraidh ar an mBinse an cinneadh aige a athbhreithniú agus, más deimhin leis an mBinse gur tháinig athrú ábhartha ar dhálaí an tsaotharstad nó an aighnis cheirde ba chúis leis an saotharstad, féadfaidh sé an cinneadh aige a athbhreithniú agus measfar gur breithniú faoin alt seo athbhreithniú den sórt sin.

An Binse Leasa Shóisialaigh

301B.—(1) Beidh Binse ann, ar a dtabharfar an Binse Leasa Shóisialaigh, chun iarratais ar bhreithnithe faoi alt 301A a éisteacht agus a chinneadh.

(2) Cathaoirleach agus ceathrar gnáthchomhalta a bheidh ar an mBinse.

(3) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Bhinse agus beidh siad inathcheaptha.

(4) (a) Daoine atá ionadaitheach d'oibrithe agus atá ainmnithe lena gceapadh mar ghnáthchomhaltaí den Bhinse ag an gcomhlacht ar a dtugtar Comhar Ceardchumann na hÉireann a bheidh i mbeirt ghnáthchomhalta den Bhinse.

(b) Daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí agus atá ainmnithe lena gceapadh mar ghnáthchomhaltaí den Bhinse ag eagraíocht atá ionadaitheach d'fhostóirí a bheidh sa bheirt ghnáthchomhalta eile den Bhinse.

(5) Is é téarma oifige comhalta den Bhinse cibé tréimhse a shonróidh an tAire nuair a cheapfaidh sé an comhalta sin.

(6) (a) Féadfaidh comhalta den Bhinse, trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, éirí as bheith ina chomhalta.

(b) Féadfaidh an tAire comhalta den Bhinse a chur as oifig.

(7) (a) Aon uair a tharlóidh folúntas i gcomhaltas an Bhinse agus gurb é is cúis leis gnáthchomhalta a luaitear i bhfo-alt (4) (a) d'éirí as, a chur as oifig nó d'fháil bháis, líonfaidh an tAire an folúntas trí cheapachán mar a shonraítear san fho-alt sin.

(b) Aon uair a tharlóidh folúntas i gcomhaltas an Bhinse agus gurb é is cúis leis gnáthchomhalta a luaitear i bhfo-alt (4) (b) d'éirí as, a chur as oifig nó d'fháil bháis, líonfaidh an tAire an folúntas trí cheapachán mar a shonraítear san fho-alt sin.

(8) I gcás comhalta den Bhinse a líonfaidh folúntas de dhroim comhalta d'éirí as, a chur as oifig nó d'fháil bháis sula mbeidh téarma oifige an chomhalta sin is déanaí a luaitear caite, beidh an comhalta a líonfaidh an folúntas sin i seilbh oifige ar feadh na coda eile de théarma oifige an duine a d'éirigh as amhlaidh, a fuair bás nó a cuireadh as oifig amhlaidh.

(9) Íocfar le comhalta den Bhinse cibé luach saothair (más ann) agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(10) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé fostaithe den Bhinse a cheapadh a mheasfaidh sé is gá chun cabhrú leis an mBinse ag comhlíonadh a fheidhmeanna, agus sealbhóidh na fostaithe sin oifig ar cibé téarmaí, agus gheobhaidh siad cibé luach saothair, a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(11) (a) Beidh cumhacht ag an mBinse, nuair a bheidh iarratas faoi alt 301A á éisteacht, fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh sé a chur faoi deara daoine a fhreastalóidh mar fhinnéithe ag éisteacht den sórt sin a chur faoi mhionn.

(b) Má thugann duine fianaise bhréagach os comhair an Bhinse, in imthosca a d'fhágfadh ciontach i mionnú éithigh é dá dtabharfadh sé an fhianaise sin os comhair cúirte, beidh sé ciontach sa chion sin.

(c) Féadfaidh an Binse, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn d'aon duine, a cheangal ar an duine sin freastal cibé tráth agus i cibé áit a shonrófar san fhógra chun fianaise a thabhairt maidir le haon ábhar a tarchuireadh chun an Bhinse faoin alt seo nó aon doiciméid a thabhairt ar aird a bheidh ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhainfidh le haon ábhar den sórt sin.

(d) Féadfar fógra faoi mhír (c) a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbainfidh sé nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a dhíreofar chun an duine sin ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air.

(e) Aon duine a mbeidh fógra faoi mhír (c) tugtha dó agus a dhiúltóidh nó a fhailleoidh go toiliúil freastal de réir an fhógra nó a dhiúltóidh, agus é ag freastal amhlaidh, fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad a thabhairt ar aird lena mbainfidh an fógra, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(12) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do thabhairt éifeachta don alt seo agus féadfaidh na rialacháin sin, go háirithe ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) an nós imeachta a leanfar maidir le hiarratais a dhéanamh chun an Bhinse,

(b) tráthanna agus ionaid éisteachtaí an Bhinse,

(c) ionadaíocht páirtithe a fhreastalóidh ag éisteachtaí an Bhinse,

(d) an nós imeachta maidir le héisteacht iarratas ag an mBinse,

(e) cinntí an Bhinse a fhoilsiú agus a fhógairt,

(f) fógraí maidir le hiarratais nó éisteachtaí ag an mBinse,

(g) an Binse do dhámhadh costas agus caiteachas agus dámhachtana den sórt sin a íoc,

(h) séala oifigiúil an Bhinse.”.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 agus 1982, mar aon ní amháin agus folófar é sa chomhlua, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 agus 1982.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 agus 1982