|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 7 de 1983 | ||
[EN] |
AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TIONSCAIL, 1933 GO 1979. [31 Márta, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo, ciallaíonn “An Príomh-Acht” an tAcht Cáirde Tionnscail, 1933 . | ||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “£800,000,000” a chur in ionad “£400,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1979 ) i gclásal (i) d'fhomhír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1971 ), agus tá an clásal sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
[EN] |
Ráthaíochtaí ón Aire. |
3. —Leasaítear leis seo alt 3 (3) den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 , trí “£800,000,000” a chur in ionad “£400,000,000” (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1979 ), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
[EN] |
Aisíoc airleacan ag an gCuideachta a tharscaoileadh. |
4. —(1) I gcás ina ndéanfar, nó ina ndearnadh roimh dháta an Achta seo a rith, aon suim a airleacan faoi alt 4 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1959 , beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas d'ainneoin aon ní san Acht sin: | ||||||||||||||||||
[EN] | (a) féadfaidh an tAire Airgeadais— | |||||||||||||||||||
[EN] | (i) aisíoc na suime sin, nó | |||||||||||||||||||
[EN] | (ii) aisíoc an iarmhéid den tsuim sin a bheidh fós gan aisíoc, | |||||||||||||||||||
[EN] | ag an gCuideachta a tharscaoileadh go hiomlán nó go páirteach; | |||||||||||||||||||
[EN] | (b) as a aithle sin, scoirfidh an méid ar tarscaoileadh a aisíoc de bheith inaisíoctha ag an gCuideachta. | |||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aisíocfar leis an Aire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas aon mhéid a ndearnadh, de bhun fho-alt (1) den alt seo, a aisíoc ag an gCuideachta a tharscaoileadh. | |||||||||||||||||||
(3) Má bhíonn aon aisíoc déanta de bhun fho-alt (2) den alt seo leis an Aire Airgeadais, íocfar isteach sa Státchiste é. | ||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar líon stiúrthóirí na Cuideachta. |
5. —(1) Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “naonúr” a chur in ionad “seachtar” i mír 3 den Sceideal sin agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo tuilleadh an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí “naonúr” a chur in ionad “seachtar” agus “cúigear” a chur in ionad “ceathrar” i gclásal (i) de mhír 4 (a), agus tá an clásal sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
[EN] |
Cumhacht Meabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú. |
6. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, chun Meabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú le go mbeidh siad ar comhréir leis na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1983. | ||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
7. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1979, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin. | |||||||||||||||||||
|