21 1983


Uimhir 21 de 1983


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS) (UIMH. 2), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT Á CHUMASÚ D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS D'ÚDARÁIS SLÁINTÍOCHTA, MUIRIR ÁIRITHE A DHÉANAMH AGUS DO LEASÚ ALT 9 DEN ACHT RIAL-TAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS), 1978 . [12 Iúil, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

folaíonn “muirear”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, táille;

ciallaíonn “achtachán láithreach” achtachán atá i bhfeidhm ag tosach feidhme an Achta seo;

ciallaíonn “seirbhís” aon seirbhís, saoráid, ceadúnas, cead, deimhniú, ceadú nó ní eile a fhéadfaidh údarás áitiúil a thabhairt, a sholáthar, a dheonú, a eisiúint, nó a chur ar fáil ar athrach dóigh ag comhlíonadh nó ag feidhmiú aon cheann dá fheidhmeanna, dá chumhachtaí nó dá dhualgais d'aon duine nó i leith aon áitribh agus folaíonn sí iarratas a shaothrú le haghaidh ceadúnas, cead, deimhniú nó ceadú den sórt sin.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo do sheirbhís a chur ar fáil a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don tseirbhís a thabhairt, a sholáthar, a dheonú, a eisiúint nó a chur ar fáil ar athrach dóigh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(3) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar d'aon achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.

Cumasaítear d'údaráis áitiúla muirir áirithe a ghearradh.

2. —(1) Faoi réir alt 4 den Acht seo, measfar, maidir le haon achtachán láithreach a cheanglaíonn ar údarás áitiúil nó a chumasaíonn dó seirbhís a chur ar fáil ach nach dtugann cumhacht don údarás, ar leith ón bhfo-alt seo, muirear a ghearradh i leith an tseirbhís a chur ar fáil, go dtugann sé an chumhacht sin amhlaidh don údarás sin.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo maidir le hachtachán d'ainneoin foráil a bheith san achtachán a choisceann ar údarás áitiúil muirear a ghearradh i leith seirbhís a chur ar fáil nó a cheanglaíonn go gcuirfidh údarás den sórt sin seirbhís ar fáil saor ó mhuirear.

(3) Faoi réir alt 4 den Acht seo, agus d'ainneoin aon fhoráil in aon achtachán láithreach ina sonraítear—

(a) méid an mhuirir a fhéadfaidh údarás áitiúil a ghearradh i leith seirbhís a cheanglaítear ar an údarás nó a chumasaítear dó a chur ar fáil, nó

(b) méid nach ceadmhach muirear a thuairiscítear i mír (a) den fho-alt seo do dhul thairis,

féadfaidh an t-údarás áitiúil muirear a ghearradh is mó ná an méid a bheidh sonraithe amhlaidh agus measfar chun gach críche, maidir le haon mhuirear a gearradh de bhua an fho-ailt seo, gur muirear é a gearradh go cuí faoin achtachán.

Méid na muirear a ghearrfar de bhua alt 2 agus íoc na muirear sin.

3. —(1) Is é a bheidh i muirear a ghearrfaidh údarás áitiúil de bhua alt 2 den Acht seo cibé méid is iomchuí leis an údarás agus is é an duine a mbeidh sé iníoctha aige agus inghnóthaithe uaidh an duine ar cuireadh an tseirbhís ar fáil dó nó, más i leith áitribh a chuirfear an tseirbhís ar fáil—

(a) i gcás nach le húdarás áitiúil an t-áitreabh agus go mbeidh níos mó ná teaghais amháin ann, úinéir an áitribh, agus

(b) in aon chás eile, áititheoir an áitribh,

agus féadfaidh údarás den sórt sin muirir éagsúla den sórt sin a ghearradh i leith daoine, áitribh nó seirbhísí d'aicmí éagsúla nó de chineálacha éagsúla.

(2) San alt seo—

folaíonn “teaghais” cuid d'aon áitreabh atá ligthe mar theaghais ar leithligh cibé acu atá nó nach bhfuil an duine a bhfuil an chuid sin ligthe chuige i bpáirt le haon duine eile in aon chóiríocht, aosáid nó saoráid maidir leis an gcuid sin nó le haon chuid eile den áitreabh;

ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le háitreabh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh ach atá i dteideal, as a cheart féin nó mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire d'aon duine eile, cíos forlán an áitribh a fháil nó, i gcás nach mbeidh an t-áitreabh ligthe ar chíos forlán, a bheadh i dteideal amhlaidh dá mbeadh an t-áitreabh ligthe amhlaidh.

Gan feidhm a bheith ag alt 2 maidir le seirbhísí áirithe.

4. —(1) Ní bhainfidh alt 2 den Acht seo le haon seirbhís a bheidh sonraithe de thuras na huaire in ordú ón Aire faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire chun críocha fho-alt (1) den alt seo aon seirbhís a shonrú le hordú.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(4) Gach ordú faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú

Muirir a gearradh de bhua alt 2 a tharscaoileadh.

5. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más deimhin leis gur cuí sin a dhéanamh ar fhoras cruatain phearsanta, muirear a ghearr sé de bhua alt 2 den Acht seo, nó cuid de mhuirear den sórt sin, a tharscaoileadh.

(2) Má tharscaoiltear muirear (nó cuid de mhuirear) faoi fho-alt (1) den alt seo, scoirfidh an dliteanas a bheidh ar dhuine an muirear sin (nó an chuid sin de mhuirear) a íoc agus aon oibleagáid a bheidh ar an údarás áitiúil a rinne an tarscaoileadh an muirear sin (nó an chuid sin de mhuirear) a bhailiú.

Tuilleadh forálacha i ndáil le muirir a gearradh de bhua alt 2.

6. —(1) Beidh méid is iníoctha le húdarás áitiúil ar scór muirear a gearradh de bhua alt 2 den Acht seo iníoctha roimh ré nó i cibé tráthchodanna a bheidh le híoc ar cibé dátaí a chinnfidh an t-údarás, agus, mura mbeidh sé íoctha laistigh de dhá mhí ón am ar iníoctha é, féadfaidh an t-údarás é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) I gcás—

(a) muirear a bheith gearrtha ag údarás áitiúil de bhua alt 2 den Acht seo, agus

(b) go mbaineann an muirear le hiarratas chun an údaráis chun ceadú nó ceadúnas, cead, deimhniú nó doiciméad eile a thabhairt, a dheonú nó a eisiúint ag an údarás, agus

(c) nach mbeidh aon mhéid, nó go mbeidh méid is lú ná méid an mhuirir, faighte ag an údarás leis an iarratas,

ansin ní thosóidh an tréimhse a bhfuil sé de cheangal ar an údarás, nó a bhféadfaidh an t-údarás, an t-iarratas a bhreithniú lena linn go dtí go mbeidh méid an mhuirir faighte ag an údarás, agus, más rud é, ar bheith caite don tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a bhfaighidh an t-údarás an t-iarratas, nach mbeidh aon mhéid, nó go mbeidh méid is lú ná méid an mhuirir, faighte ag an údarás, measfar an t-iarratas a bheith tarraingthe siar, agus má bhíonn méid is lú ná méid an mhuirir faighte ag an údarás i ndáil leis an iarratas, aisíocfaidh an t-údarás an méid sin a luaithe is féidir.

Fritháireamh.

7. —Má bhíonn suim dlite do údarás áitiúil de dhuine i leith muirear a gearradh faoi aon achtachán, cibé acu is de bhua alt 2 den Acht seo nó ar athrach dóigh é, agus go ndlífidh an t-údarás sin suim eile, an tráth céanna, don duine sin, féadfar an tsuim tosaigh sin a fhritháireamh in aghaidh na suime deiridh sin, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí,

Leasú ar alt 65A den Public Health (Ireland) Act, 1878.

8. —Leasaítear leis seo alt 65A den Public Health (Ireland) Act, 1878, a cuireadh isteach le halt 7 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) A sanitary authority may make charges for water supplied, whether within or outside their functional area, by them.

(1A) Notwithstanding any provision in any enactment which was in force on the commencement of the Local Government (Financial Provisions) (No. 2) Act, 1983, whereby there is specified—

(a) the amount of the charge which may be made by a sanitary authority for the supply by them (otherwise than to another sanitary authority) of a supply of water for domestic purposes, or

(b) an amount which a charge described in paragraph (a) of this subsection is not to exceed,

the authority may make a charge which exceeds the amount so specified, and any charge made by virtue of this subsection shall for all purposes be deemed to have been duly made under the enactment.

(1B) Notwithstanding any provision of an agreement whereby there is specified—

(a) the amount of the charge which may be made by a sanitary authority for the supply by them (otherwise than to another sanitary authority) of a supply of water for domestic purposes, or

(b) an amount which a charge described in paragraph (a) of this subsection is not to exceed,

the authority may make a charge which exceeds the amount so specified, and any charge made by virtue of this subsection shall for all purposes be deemed to have been duly made under the agreement.”;

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3)  (a) A sanitary authority may, if it is satisfied that it is appropriate so to do on grounds of personal hardship, waive all or portion of a charge made by it under this section.

(b) Where a charge (or portion thereof) is waived under paragraph (a) of this subsection, the liability of a person to pay that charge (or portion thereof) and any obligation on the sanitary authority by whom the waiver was made to collect the charge (or portion thereof) shall cease.”; agus

(c) trí “, or by such other instalments as the sanitary authority to whom the charge is payable shall determine,” a chur isteach i bhfo-alt (7) i ndiaidh “the 1st day of October”;

agus tá an fo-alt sin (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(7) A charge under this section for water supplied otherwise than by measure shall be payable in advance by equal half-yearly instalments on the 1st day of April and the 1st day of October or by such other instalments as the sanitary authority to whom the charge is payable shall determine, and, in default of being paid within two months after becoming payable, shall be recoverable as a simple contract debt in any court of competent jurisdiction.

Leasú ar alt 9 den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 .

9. —Leasaítear leis seo an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 9:

“Deontais d'údaráis rátúcháin, etc.

9.—(1) Déanfaidh an tAire, i ndáil le bliain airgeadais áitiúil, deontas nach mó ná comhiomlán na lamháltas a thug an t-údarás faoi alt 3, 4 nó 6 den Acht seo sa bhliain airgeadais áitiúil a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le húdarás rátúcháin nó le húdarás tithíochta.

(2) Déanfaidh an tAire, maidir le gach bliain airgeadais áitiúil, meastachán a sholáthar a luaithe is féidir do gach údarás rátúcháin ar an deontas atá beartaithe aige a thabhairt don údarás faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil sin, agus, i ndáil leis an méid (más aon mhéid é) ar mó an comhiomlán dá dtagraítear san fho-alt sin (1) ná an deontas, mar a bheidh measta amhlaidh, áireofar, ar cibé slí a ordóidh an tAire, sa mheastachán caiteachas iomchuí i leith na bliana sin, a bheidh ullmhaithe agus a mbeidh glactha leis faoi ailt 9 agus 10, faoi seach, d'Acht 1955, foráil maidir leis an mbarrachas sin.

(3) Más rud é, roimh dháta an Achta seo a rith, i ndáil leis an mbliain airgeadais áitiúil dar thosach an 1ú lá d'Eanáir, 1982, nó le haon bhliain airgeadais áitiúil dá éis sin, go raibh ar áireamh i meastachán caiteachas, de réir bhrí Acht 1955 agus baint aige leis an mbliain sin freisin, foráil de shamhail na forála a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a bheith ar áireamh i meastachán den sórt sin, beidh ag an áireamh, agus measfar go raibh riamh aige, an bhailíocht agus an éifeacht sin go léir a bheadh aige dá mba rud é go raibh an fo-alt sin (2), seachas na forálacha sin de a chuireann ar chumas an Aire orduithe a thabhairt, i bhfeidhm tráth a cuireadh san áireamh í.

(4) San alt seo ciallaíonn “Acht 1955” an tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 .”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

10. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983” an tAcht seo.

(3) Forléireofar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1983, mar aon Acht amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955

1955, Uimh. 12

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978

1978, Uimh. 35

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962

1962, Uimh. 26

Public Health (Ireland) Act, 1878

1878, c. 52