An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Banc Taisce an Phoist agus Seirbhísí Coigiltis eile) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Stiúrthóirí Áirithe a Thoghadh)

24 1983

AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983

CUID VII

Feidhmeanna an Aire Poist agus Telegrafa

Cumhachtaí ginearálta an Aire i ndáil le seirbhísí poist agus teileachumarsáide.

110. —(1) Féadfaidh an tAire ordacháin i scríbhinn a eisiúint chuig ceachtar cuideachta á cheangal ar an gcuideachta—

(a) déanamh de réir cinntí polasaí de chineál ginearálta a bheidh déanta ag an Rialtas i dtaobh fhorbairt na seirbhísí poist agus teileachumarsáide ar cinntí iad a chuirfidh sé in iúl don chuideachta ó am go ham,

(b) aon ní a dhéanamh (nó gan aon ní a dhéanamh) a shonróidh sé ó am go ham mar ní is gá ar mhaithe leis an leas náisiúnta nó chun a chumasú don Rialtas nó don Stát bheith ina chomhalta d'eagraíocht idirnáisiúnta nó ina pháirtí i gcomhaontú idirnáisiúnta nó chun a chumasú dó a oibleagáidí mar chomhalta d'eagraíocht idirnáisiúnta nó mar pháirtí i gcomhaontú idirnáisiúnta a chomhlíonadh,

(c) cibé obair a dhéanamh nó cibé seirbhísí a chur ar fáil nó a chothabháil d'údarás Stáit de réir mar a bheidh sonraithe san ordachán.

(2) Is le toiliú an Aire Airgeadais, agus leis an toiliú sin amháin, a thabharfar aon ordachán do chuideachta faoin alt seo chun obair a dhéanamh nó seirbhísí a chur ar fáil nó a chothabháil má tá íocaíocht airgid ag an Státchiste i gceist san ordachán sin.

(3) Ní mór do chuideachta déanamh de réir gach ordachán a thabharfar di faoin alt seo.

(4)  (a)  Aon ordachán a thabharfar do cheachtar cuideachta faoin alt seo, seachas ordachán a bhaineann le haon eagraíocht idirnáisiúnta nó comhaontú idirnáisiúnta nó leis an ord poiblí nó leis an tslándáil phoiblí, is le hordú ón Aire a thabharfar é, má iarrann an chuideachta sin i scríbhinn.

(b)  Leanfaidh ordú den sórt sin d'fheidhm a bheith aige go ceann tréimhse sonraithe nach faide ná dhá mhí dhéag mura ndéanfar é a shíneadh nó a chúlghairm le hordú ón Aire.

(5) Féadfaidh an tAire, i gcomhairle le ceachtar cuideachta agus le toiliú an Aire Airgeadais, na spriocanna airgeadais (lena n-áirítear íoc díbhinní i leith scaireanna sa chuideachta) a bheidh le baint amach ag an gcuideachta a leagan síos mar choinníoll.

Ceadúnais a dheonú chun seirbhísí poist agus teileachumarsáide a chur ar fáil.

111. —(1)  (a)  Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh le hordú chun go ndeonóidh an tAire ceadúnas d'aon duine, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire a fhorchur, chun seirbhís poist nó seirbhís teileachumarsáide d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe san ordú a chur ar fáil, ar seirbhís í lena mbaineann pribhléid eisiatach a thugtar do cheachtar cuideachta faoin Acht seo agus féadfaidh sé déanamh amhlaidh—

(i) tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcuideachta iomchuí, agus

(ii) más é a thuairim gur le leas an phobail an ceadúnas a dheonú agus go bhfuil sé ar comhréir leis na fáthanna a thugtar in alt 63 (2) nó 87 (2), de réir mar is iomchuí, leis an bpribhléid eisiatach sin a thabhairt don chuideachta,

agus féadfaidh sé, leis an toiliú céanna, aon ordú den sórt sin a chúlghairm.

(b) Má dhéantar ordú a rinneadh faoi mhír (a) a chur ar neamhní faoi alt 3 nó má dhéantar é a chúlghairm, beidh ceadúnas a deonaíodh faoin ordú sin arna chúlghairm.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcuideachta teileachumarsáide, ceadúnas a dheonú d'aon duine chun seirbhís teileachumarsáide a chur ar fáil ar seirbhís í de chineál nach dtagann faoi réim na pribhléide eisiataí a thugtar don chuideachta teileachumarsáide (ach nach seirbhís de chineál a luaitear i mír (a), (b) nó (c) d'alt 87 (3) ).

(3) Aon cheadúnas a dheonófar faoi fho-alt (2) agus a údaraíonn seirbhís teileachumarsáide a chur ar fáil deonófar é, i dteannta aon choinníollacha eile is cuí leis an Aire a fhorchur, faoi réir coinníollacha teicniúla maidir leis an gcineál trealaimh agus ábhar a bheidh le húsáid chun an tseirbhís a chur ar fáil agus maidir le suiteáil agus cothabháil an trealaimh agus na n-ábhar sin, ar coinníollacha iad a bheidh ceaptha chun a áirithiú go mbeidh na nithe sin comhoiriúnach do mhogalra na cuideachta teileachumarsáide.

(4) Is é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcuideachta, a chinnfidh na coinníollacha teicniúla sin.

(5) I gcás ina ndeonófar ceadúnas faoin alt seo d'aon duine chun aon fheidhm a chomhlíonadh, beidh feidhm ag gach foráil den Acht seo, nó d'aon achtachán eile a bhaineann leis an gcuideachta iomchuí agus a bheidh sonraithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, maidir leis an gceadúnaí mar atá feidhm aici maidir leis an gcuideachta, i ndáil leis an bhfeidhm sin ach sin faoi réir cibé coinníollacha, teorainneacha nó modhnuithe a bheidh forordaithe sna rialacháin sin.

(6)  (a)  Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí a ghearradh i ndáil le ceadúnais a dheonú faoin alt seo.

(b)  Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí a ghearrfar faoin bhfo-alt seo.