31 1983


Uimhir 31 de 1983


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1983.

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1979.

[15 Samhain, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta. 1939.

(2) Chun críocha na nAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1983, folóidh “teaghaisín saoire” teaghaisín cuartaíochta, teaghaisóstán agus árasán saoire.

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha áirithe don Bhord.

2. —(1) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc leis an mBord chun an Bord do thabhairt deontas le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt thar £30,000,000 agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 2(1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , trí “£30,000,000” a chur in ionad na suime a shonraítear ansin.

(2) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc leis an mBord chun an Bord do thabhairt deontas le haghaidh oibreacha forbartha den chineál a luaitear in alt 2(1) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1975 , thar £14,000,000 agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 2(1) den Acht sin trí “£14,000,000” a chur in ionad na suime a shonraítear ansin.

Méadú ar phionóis.

3. —Duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós in aon fhoráil a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha d'Acht a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thargartha sin dlífear, in ionad an phionóis a fhoráiltear amhlaidh, an pionós a shonraítear i gcolún (4) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur air.

AN TÁBLA

Uimhir Thagartha

 

 

 

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Alt 31 (4)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 .

Fíneáil nach mó ná £200 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £200) nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

2

Alt 31 (5)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £50 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £200) nach mó ná £5 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

3

Alt 33 (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £500 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £300) nach mó ná £20 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

4

Alt 34 (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £500 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £300) nach mó ná £20 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

5

Alt 35 (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £500 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £300) nach mó ná £20 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

6

Alt 36 (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £500 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £300) nach mó ná £20 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

7

Alt 37 (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £500 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £300) nach mó ná £20 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

8

Alt 37A (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £500 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £300) nach mó ná £20 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

9

Alt 37B (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £500 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £300) nach mó ná £20 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

10

Alt 37C (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £500 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £300) nach mó ná £20 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

11

Alt 39 (4)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £500.

12

Alt 41 (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £50.

13

Alt 43 (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £100 mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £100) nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

14

Alt 44 (2)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £100.

15

Alt 44 (4)

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

Fíneáil nach mó ná £100.

Toirmeasc ag an gCúirt Chuarda ar úsáid neamhúdaraithe teideal atá cosanta ag na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1983.

4. —(1) I gcás duine a bheith ag gníomhú ar shlí a sháraíonn alt 33, 34, 35, 36, 37, 37A, 37B, 37C nó 37D den Phríomh-Acht (arna leasú), féadfaidh an Chúirt, le hordú, ar iarratas ón mBord, toirmeasc a chur le buanú an tsáraithe.

(2) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chun na Cúirte ar ordú faoin alt seo agus féadfaidh an Chúirt, nuair a bheidh an t-ábhar á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) is cuí léi a dhéanamh.

(3) Féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) is cuí leis an gCúirt i dtaobh íoc costas a bheith san ordú lena gcinnfear iarratas faoin alt seo.

(4) Maidir le haon iarratas faoin alt seo is chun bhreitheamh na cuarda ina bhfuil an t-áitreabh is ábhar don iarratas a dhéanfar é.

(5) San alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda.

Forordú táillí.

5. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 26 den Phríomh-Acht trí “nach mó ná dhá phunt,” i mír (c) a scriosadh agus tá an fo-alt sin, arna leasú leis an alt seo, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

Maidir le gach iarratas fén alt seo á iarraidh go ndéanfaí aon áitreabh, do chlárú—

(a) is i scríbhinn, agus sa bhfuirm agus sa tslí orduithe a déanfar é,

(b) beidh na mion-innste orduithe ann,

(c) beidh ina theanta an táille sin a bheidh orduithe, agus

(d) beidh ina theanta, freisin, ráiteas (dá ngairmtear scála d'éilithe san Acht so) sa bhfuirm orduithe ar na héilithe bheidh beartuithe ag an iarratasóir a éileamh ar sheomraí, ar bhéilí, agus ar sheirbhísí bheidh ar fáil san áitreabh san i gcaitheamh na tréimhse idir an clárú san (má deontar é) agus an chéad 31ú lá de Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin.

(2) Leasaítear leis seo alt 42 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Deimhniú a airbheartaíonn a bheith arna shíniú ag oifigeach don Bhord le húdarás chuige sin ón mBord, á rá nach bhfuil aon áitreabh a shonraítear sa deimhniú sin taifeadta sa chlár a shonraítear sa deimhniú sin, beidh an deimhniú sin, nó go suífear a mhalairt, ina fhianaise leordhóthanach ar na nithe a bheidh deimhnithe amhlaidh, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é ná go raibh an t-údarás sin aige.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Féadfaidh aon duine—

(a) aon chlár a iniúchadh ach cibé táille in aghaidh gach iniúchta a bheidh forordaithe a íoc;

(b) cóip, a mbeidh sé deimhnithe sa tslí a luaitear anseo roimhe seo gur cóip dhílis í, a fháil d'aon taifead in aon chlár ach cibé táille in aghaidh gach fóilió de 72 fhocal den chóip a bheidh forordaithe a íoc;

(c) cibé deimhniú a luaitear anseo roimhe seo á rá nach bhfuil aon áitreabh sonraithe cláraithe i gclár sonraithe, a fháil ach cibé táille a bheidh forordaithe in aghaidh gach deimhnithe a íoc.”.

An Bord do sholáthar seirbhísí agus oiliúint áirithe.

6. —Féadfaidh an Bord, ina aonar nó in éineacht le daoine eile, seirbhísí agus oiliúint mar a leanas a sholáthar (cibé acu ar luaíocht nó ar shlí eile) laistigh nó lasmuigh den Stát—

(a) seirbhísí comhairleacha i ndáil le cuartaíocht,

(b) seirbhísí eolais i ndáil le cuartaíocht, agus

(c) oiliúint do dhaoine i ndáil le cuartaíocht,

agus beidh na cumhachtaí sin go léir aige is gá chun na gcríoch sin.

Teaghaisíní saoire a chlárú.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 24(1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h) (a cuireadh isteach le hAcht 1970):

“(i) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal (agus dá ngairtear san Acht seo) an clár de theaghaisíní saoire.”,

agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

Chó luath agus a bheidh caothúil tar éis an Bhúird do bhunú bunóidh an Bord agus cothabhálfaidh agus coimeádfaidh ina dhiaidh sin na cláir seo leanas, sé sin le rá:—

(a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de thithe ósta;

(b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de thithe aoidheachta;

(c) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de bhrughanna saoire;

(d) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de bhrughanna ógraidh;

(e) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de champaí saoire.

(f) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht seo an clár de mhótar-óstáin;

(g) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairtear san Acht seo an clár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála;

(h) clár ar a dtabharfar agus dá ngairfear an clár d'iostáin saoire cheadaithe agus dá dtagraítear san Acht seo faoin teideal sin;

(i) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal (agus dá ngairtear san Acht seo) an clár de theaghaisíní saoire.

(2) Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h) (a cuireadh isteach le hAcht 1970):

“(i) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é bheith inchláraithe sa chlár de theaghaisíní saoire.”,

agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

Ordóidh an Bord, le rialacháin a dhéanfaid fén Acht so, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de thithe ósta;

(b) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de thithe aoidheachta;

(c) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de bhrughanna saoire;

(d) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de bhrughanna ógraidh;

(e) an carachtar generálta is gá do bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá do bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá do bheith aige chun é bheith ionchláruithe sa chlár de champaí saoire;

(f) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é bheith inchláruithe sa chlár de mhótar-óstáin;

(g) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é bheith inchláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála;

(h) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann, agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é bheith inchláraithe sa chlár d'iostáin saoire cheadaithe;

(i) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é bheith inchláraithe sa chlár de theaghaisíní saoire.

(3) Leasaítear leis seo alt 45 (1) den Phríomh-Acht trí “áitribh a bheidh cláraithe sa chlár de theagaisíní saoire” a chur isteach i ndiaidh “áitribh a bheidh cláraithe sa chlár d'iostáin saoire cheadaithe” (a cuireadh isteach le hAcht 1970) agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

Foillseoidh an Bord no cuirfid fé ndeár go bhfoillseofar, uair amháin ar a laighead gach bliain, liost d'áitreabhacha cláruithe ar n-a chóiriú i slí go dtaisbéanfar ar leithligh áithreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de thithe ósta, áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de thithe aoidheachta, áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de bhrughanna saoire, áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de bhrughanna ógraidh, áitribh a bheidh cláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála, áitribh a bheidh cláraithe sa chlár d'iostáin saoire cheadaithe, áitribh a bheidh cláraithe sa chlár de theaghaisíní saoire, áitribh a bheas cláraithe sa chlár de mhótar-óstáin agus áitreabhacha bheidh cláruithe sa chlár de champaí saoire.

(4) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 37C (a cuireadh isteach le hAcht 1970):

“37D. (1) Ní dleathach do dhílseánach ná d'áithitheoir aon áitribh a thabhairt de thuairisc ar an áitreabh sin ná a thabhairt le tuiscint faoin áitreabh sin gur teaghaisín saoire, teaghaisín cuartaíochta, teaghais-óstán nó árasán saoire é nó gur d'aon tuairisc eile é a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo, ná a cheadú d'aon duine eile sin a dhéanamh, mura mbeidh an t-áitreabh cláraithe sa chlár de theaghaisíní saoire agus go mbeidh an dílseánach nó an t-áititheoir sin cláraithe sa chlár sin mar dhílseánach cláraithe an áitribh sin.

(2) Beidh aon duine a ghníomhóidh contrártha don alt seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air, mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil bhreise (nach mó ná £300 ar fad) nach mó ná £20 in aghaidh gach lae a leanfar leis an gcion.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfar chuige sin le hordú ón Aire.”.

(5) Leasaítear leis seo alt 5 (2) (a) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 , trí “teaghaisíní saoire,” a chur isteach i ndiaidh “iostáin saoire cheadaithe,” (a cuireadh isteach le hAcht 1970).

(6) San alt seo ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1970 .

Faisnéis áirithe a chur ar taispeáint.

8. —(1) Taispeánfaidh dílseánach cláraithe laistigh den áitreabh cláraithe arb é an dílseánach cláraithe é ina leith cibé faisnéis a cheanglóidh an Bord i scríbhinn ó am go ham a bheith ar taispeáint amhlaidh, agus déanfar an taispeáint sin sa tslí nó san áit a cheanglófar amhlaidh.

(2) Aon dílseánach cláraithe nach gcomhlíonfaidh ceanglas faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó na £100 a chur air, agus beidh feidhm ag alt 47 den Phríomh-Acht maidir leis an gcion sin amhail is dá mba chion faoi Chuid III den Acht sin é.

(3) San alt seo tá le “dílseánach cláraithe” agus “áitreabh cláraithe” na bríonna céanna atá leo i gCuid III den Phríomh-Acht.

Aoisliúntas chomhaltaí agus fhoireann an Bhoird.

9. —(1) Féadfaidh scéim faoi alt 14 d'Acht 1952 foráil a dhéanamh chun aiscí báis agus liúntais eile a thabhairt i leith comhaltaí an Bhoird agus chun pinsin a thabhairt do chéilí agus do leanaí na gcomhaltaí sin.

(2) Féadfaidh aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi alt 15 d'Acht 1952 foráil a dhéanamh chun aiscí báis agus liúntais eile a thabhairt i leith bhuanfhoireann an Bhoird agus chun pinsin a thabhairt do chéilí agus do leanaí na buanfhoirne sin, agus aon scéim nó scéimeanna a bhí i ngníomh díreach roimh dháta an Achta seo a rith á fhoráil aiscí báis nó pinsin a íoc le céilí agus leanaí na foirne sin measfar iad a bheith bailí agus dleathach agus gur scéim nó scéimeanna faoin alt sin 15 iad.

(3) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaí-ochta, 1952.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má bhreithnítear agus cibé uair a bhreithneofar comhalta den Bhord ina fhéimheach nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air, beidh sé dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú mar chomhalta den Bhord.”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Íocfar le hoifigigh (lena n-áirítear an príomh-oifigeach) agus le seirbhísigh an Bhoird cibé luach saothair agus liúntais agus beidh siad i seilbh a bhfostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.”.

Aisghairm.

12. —Aisghairtear leis seo ailt 4 agus 5 den Acht um ThráchtCuartaíochta, 1975.

Gearrtheideal agus comhlua.

13. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1983, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1979, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939

1939, Uimh. 24

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952

1952, Uimh. 15

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1959

1959, Uimh. 27

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1966

1966, Uimh. 3

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1970

1970, Uimh. 16

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1975

1975, Uimh. 26