40 1983


Uimhir 40 de 1983


AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ROINN CUMAR-SÁIDE A BHUNÚ, CHUN FEIDHMEANNA AN AIRE POIST AGUS TELEGRAFA AGUS AN AIRE IOMPAIR A AISTRIÚ CHUN AN AIRE CUMARSÁIDE, DO CHEALÚ OIFIGÍ AN AIRE POIST AGUS TELEGRAFA AGUS AN AIRE IOMPAIR, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924 GO 1980. [27 Nollaig, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá díreach i ndiaidh an lae dhílseacháin (de réir bhrí an Achta Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 );

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhalladh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhlíonadh dualgas;

tá le “ionstraim reachtúil” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Léiriúcháin, 1937 .

An Roinn Cumarsáide.

2. —(1) Beidh, ar an lá ceaptha, Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar agus dá ngairfear an Roinn Cumarsáide nó (i mBéarla) the Department of Communications.

(2) An tAire Cumarsáide nó (i mBéarla) the Minister for Communications a thabharfar ar an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne Cumarsáide agus sin é a ghairfear de.

(3) Bainfidh na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1980, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , leis an Roinn Cumarsáide agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne sin ionann is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 .

Feidhmeanna an Aire Poist agus Telegrafa a aistriú agus an oifig a chur ar ceal.

3. —(1) Ar an lá ceaptha—

(a) déanfar, de bhua an ailt seo, na feidhmeanna a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe don Aire Poist agus Telegrafa, a aistriú go dtí an tAire Cumarsáide, agus

(b) déanfar, de bhua an ailt seo, oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus an Roinn Poist agus Telegrafa a chur ar ceal.

(2) (a) Maidir le tagairtí don Aire Poist agus Telegrafa a bhí, díreach roimh an lá ceaptha—

(i) in aon reacht a ritheadh roimh an lá ceaptha (seachas tagairt den sórt sin san Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 , i ndáil le hoiriúnuithe (cibé acu ina n-aonar nó fara oiriúnuithe nó leasuithe eile) ar thagairtí don Aire Poist agus Telegrafa nó i ndáil le haon ní a rinneadh nó a bhí ar marthain roimh an lá dílseacháin (de réir bhrí an Achta sin)), nó

(ii) in aon ionstraim reachtúil a rinneadh roimh an lá ceaptha (seachas ionstraim reachtúil dá dtagraítear in alt 9 (2), 72, 74 (4) nó 92 nó i bhfo-alt (2) nó (4) d'alt 103 den Acht sin),

déanfar, ar an lá ceaptha agus dá éis, iad a fhorléiriú mar thagairtí don Aire Cumarsáide.

(b) Féadfaidh an tAire Cumarsáide rialacháin a dhéanamh chun lán-éifeacht a thabhairt do mhír (a) den fho-alt seo, ag féachaint d'fho-alt (1) den alt seo agus don Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 .

(c) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire Cumarsáide faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Riarachán agus gnó na Roinne Poist agus Telegrafa a aistriú.

4. —(1) Ar an lá ceaptha, aistreofar go dtí an Roinn Cumarsáide an riarachán agus an gnó a bhaineann le comhalladh aon fheidhmeanna a aistrítear le halt 3 den Acht seo.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis, forléireofar mar thagairtí don Roinn Cumarsáide tagairtí don Roinn Poist agus Telegrafa a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, in aon reacht (seachas an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 ) nó ionstraim reachtúil a ritheadh nó a rinneadh roimh an lá ceaptha.

Feidhmeanna an Aire Iompair a aistriú agus an oifig a chur ar ceal.

5. —(1) Ar an lá ceaptha—

(a) déanfar, de bhua an ailt seo, na feidhmeanna a bhí díreach roimh an lá ceaptha dílsithe don Aire Iompair, a aistriú go dtí an tAire Cumarsáide, agus

(b) déanfar, de bhua an ailt seo, oifig an Aire Iompair agus an Roinn Iompair a chur ar ceal.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis, forléireofar mar thagairtí don Aire Cumarsáide tagairtí don Aire Iompair a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, in aon reacht nó ionstraim reachtúil a ritheadh nó a rinneadh roimh an lá ceaptha.

Riarachán agus gnó na Roinne Iompair a aistriú.

6. —(1) Ar an lá ceaptha, aistreofar go dtí an Roinn Cumarsáide an riarachán agus an gnó a bhaineann le comhalladh aon fheidhmeanna a aistrítear le halt 5 den Acht seo.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis, forléireofar mar thagairtí don Roinn Cumarsáide aon tagairt don Roinn Iompair a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, in aon reacht nó ionstraim reachtúil a ritheadh nó a rinneadh roimh an lá ceaptha.

Conarthaí leanúnacha áirithe a shlánchoimeád agus oiriúnú a dhéanamh ar thagairtí áirithe don Aire Poist agus Telegrafa agus don Aire Iompair i ndoiciméid áirithe.

7. —(1) (a) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne nó a thug an tAire Poist agus Telegrafa, nó a rinneadh nó a tugadh thar a cheann, d'aon duine i gcomhalladh feidhme a aistrítear le halt 3 den Acht seo nó a rinne aon duine nó a thug aon duine don Aire Poist agus Telegrafa agus a ghlac an tAire Poist agus Telegrafa nó a glacadh thar a cheann i gcomhalladh feidhme den sórt sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an tAire Poist agus Telegrafa i gcomhalladh feidhme den sórt sin agus duine eile agus a bhí i bhfeidhm ach nach raibh forghníomhaithe agus críochnaithe go hiomlán díreach roimh an lá ceaptha, leanfaidh siad i bhfeidhm ar an lá ceaptha agus dá éis agus forléireofar iad agus beidh éifeacht leo amhail is dá gcuirfí ainm an Aire Cumarsáide in ionad ainm an Aire Poist agus Telegrafa iontu agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i ngníomh ag an Aire Cumarsáide nó ina choinne.

(b) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne nó a thug an tAire Iompair, nó a rinneadh nó a tugadh thar a cheann, d'aon duine nó a rinne nó a thug aon duine don Aire Iompair, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an tAire Iompair agus duine eile agus a bhí i bhfeidhm ach nach raibh forghníomhaithe agus críochnaithe go hiomlán roimh an lá ceaptha, leanfaidh siad i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis agus forléireofar iad agus beidh éifeacht leo amhail is dá gcuirfí ainm an Aire Cumarsáide in ionad ainm an Aire Iompair iontu agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i ngníomh ag an Aire Cumarsáide nó ina choinne.

(2) (a) Ar an lá ceaptha agus dá éis, forléireofar mar thagairtí don Aire Cumarsáide tagairtí don Aire Poist agus Telegrafa a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais aon chuideachta agus baint acu le feidhm a aistrítear le halt 3 den Acht seo.

(b) Ar an lá ceaptha agus dá éis, forléireofar mar thagairtí don Aire Cumarsáide tagairtí don Aire Iompair a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais aon chuideachta.

Cosaint d'ionstraimí reachtúla agus do ghníomhartha a rinne an tAire Poist agus Telegrafa agus an tAire Iompair.

8. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo dochar do bhailíocht aon ionstraime reachtúla is ionstraim reachtúil a rinne an tAire Poist agus Telegrafa nó an tAire Iompair nó a rinneadh thar a gceann roimh an lá ceaptha agus gach ionstraim reachtúil den sórt sin a rinne an tAire Poist agus Telegrafa nó a rinneadh thar a cheann (seachas ionstraim reachtúil dá dtagraítear in alt 9 (2), 72, 74 (4) nó 92 nó i bhfo-alt (2) nó (4) d'alt 103 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 ) roimh an lá ceaptha i gcomhalladh feidhme a aistrítear le halt 3 den Acht seo, agus gach ionstraim reachtúil den sórt sin a rinne an tAire Iompair nó a rinneadh thar a cheann, beidh éifeacht leo, ar an lá ceaptha agus dá éis, má bhí agus sa mhéid go raibh siad infheidhme díreach roimh an lá ceaptha amhail is dá mba é an tAire Cumarsáide a rinne iad nó amhail is dá mba thar a cheann a rinneadh iad.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo dochar do bhailíocht aon ghnímh is gníomh a rinne an tAire Poist agus Telegrafa nó an tAire Iompair, nó a rinneadh thar a gceann, roimh an lá ceaptha, agus gach gníomh den sórt sin a rinne an tAire Poist agus Telegrafa, nó a rinneadh thar a cheann, i gcomhalladh feidhme a aistrítear le halt 3 den Acht seo, agus gach gníomh den sórt sin a rinne an tAire Iompair nó a rinneadh thar a cheann, beidh éifeacht leo ar an lá ceaptha agus dá éis, má bhí agus sa mhéid go raibh siad infheidhme díreach roimh an lá ceaptha, amhail is dá mba é an tAire Cumarsáide a rinne iad nó amhail is dá mba thar a cheann a rinneadh iad.

Aistriú ar mhaoin agus ar dhliteanais áirithe de chuid an Aire Poist agus Telegrafa agus an Aire Iompair.

9. —(1) Déanfar, agus déantar leis seo, an mhaoin, na cearta agus na dliteanais go léir a shealbhaigh, a theacht nó a thabhaigh an tAire Poist agus Telegrafa agus an tAire Iompair roimh an lá ceaptha i ndáil leis na feidhmeanna a aistrítear leis an Acht seo, a aistriú go dtí an tAire Cumarsáide agus, dá réir sin, gan aon tíolacas, aistriú ná sannadh breise—

(a) beidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, dílsithe don Aire Cumarsáide, ar an lá ceaptha,

(b) beidh na cearta sin, amhail ar an lá ceaptha agus dá éis, á dteachtadh ag an Aire Cumarsáide,

(c) amhail ar an lá ceaptha agus dá éis, is dliteanais de chuid an Aire Cumarsáide a bheidh sna dliteanais sin.

(2) Déanfar an t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear go dtí an tAire Cumarsáide leis an alt seo agus a bhí, ar an lá ceaptha, in ainm an Aire Poist agus Telegrafa nó an Aire Iompair a aistriú, ar iarratas ón Aire Cumarsáide, go dtí an tAire sin.

Buanú ar cheadúnais áirithe etc. a thug an tAire Poist agus Telegrafa agus an tAire Iompair.

10. —Gach doiciméad (lena n-áirítear aon deimhniú nó ceadúnas) a tugadh nó a rinneadh i bhfeidhmiú feidhme a aistrítear leis an Acht seo beidh éifeacht leis ar an lá ceaptha agus dá éis má bhí agus sa mhéid go raibh sé infheidhme díreach roimh an lá ceaptha, amhail is dá mba é an tAire Cumarsáide a thug nó a rinne é.

Imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh.

11. —Más rud é, díreach roimh an lá ceaptha, go mbeidh aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus gur páirtí sna himeachtaí an tAire Poist agus Telegrafa nó an tAire Iompair, cuirfear ainm an Aire Cumarsáide in ionad ainm an Aire Poist agus Telegrafa nó an Aire Iompair, de réir mar a bheidh, sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal de bhíthin an ionadaithe sin.

Nithe áirithe a thosaigh an tAire Poist agus Telegrafa agus an tAire Iompair a thabhairt chun críche.

12. —(1) Aon ní a thosaigh an tAire Poist agus Telegrafa nó a tosaíodh faoina údarás roimh an lá ceaptha, féadfaidh an tAire Cumarsáide, a mhéid a bhaineann an ní sin le feidhmeanna a aistrítear le halt 3 den Acht seo, an ní sin a shaothrú nó a thabhairt chun críche ar an lá ceaptha agus dá éis.

(2) Aon ní a thosaigh an tAire Iompair nó a tosaíodh thar a cheann roimh an lá ceaptha, féadfaidh an tAire Cumarsáide an ní sin a shaothrú nó a thabhairt chun críche ar an lá ceaptha agus dá éis.

Feidhm a bhaint as airgead poiblí a deonaíodh don bhliain airgeadais 1984 le haghaidh tuarastail agus costais oifigí an Aire Poist agus Telegrafa agus an Aire Iompair.

13. —D'ainneoin fhorálacha aon Achta den Oireachtas do leithreasú suimeanna a deonaíodh chun seirbhíse na bliana airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig 1984, féadfaidh an tAire Cumarsáide, ar ordú uaidh an lá ceaptha agus dá éis, aon airgead a deonaíodh chun seirbhíse na bliana airgeadais sin le haghaidh tuarastail agus costais (lena n-áirítear íocaíocht, deontas, deontas-i-gcabhair, fóirdheontas agus íocaíochtaí do mhaolú costas) oifig an Aire Poist agus Telegrafa nó oifig an Aire Iompair nó le haghaidh na seirbhísí atá faoina riaradh ag ceachtar de na hoifigí sin, a chaitheamh go dleathach agus cuntas a thabhairt air chun na gcríoch ar ina leith a d'fheádfaí, murach an t-alt seo, an t-airgead sin a chaitheamh go dleathach ar an lá ceaptha nó dá éis.

Aisghairm.

14. —Aisghairtear leis seo an méid seo a leanas amhail ar an lá ceaptha agus dá éis:

(a) in alt 10 den Exchequer and Audit Departments Act, 1866, na focail “,and the Postmaster General”,

(b) in alt 2 (1) den Exchequer and Audit Departments Act, 1921, na focail “, and Post Office”,

(c) mír (ix) d'alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 , agus an tOchtú Cuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus

(d) an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1959 .

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

15. —(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht seo agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1980, a fhorléiriú mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1983, a ghairm díobh le chéile.

Na hAchtanna dá Tagraítear

An tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925

1925, Uimh. 24

Exchequer and Audit Departments Act, 1866

1866, c. 39

Exchequer and Audit Departments Act, 1921

1921, c. 52

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

An tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924

1924, Uimh. 16

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1959

1959, Uimh. 17

Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1980

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

1983, Uimh. 24