Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

41 1983


Uimhir 41 de 1983


AN tACHT LEITHREASA, 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCHA CUÍ. [27 Nollaig, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £5,682,294,575, a leithreasú.

1. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim cúig mhíle, sé chéad ochtó is dhá mhilliún, dhá chéad nócha is ceithre mhíle, cúig chéad seachtó is cúig phunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1983, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán mar is léir ón Sceideal sin, suim sé chéad tríocha is ceithre mhilliún, aon chéad fiche is ceithre mhíle, cúig chéad is ochtó punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1983 , a ghairm den Acht seo.