An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh) Ar Aghaidh (SCEIDEAL A)

5 1984

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1984

CUID IV

Coistí Pinsin Áitiúla do Scor, etc. agus Forálacha Iarmhartacha

Aisghairm (coistí pinsin áitiúla do scor, etc.,).

18. —Aisghairtear leis seo ailt 162 (2), 164, 165 agus 166 den Phríomh-Acht.

Oifigigh leasa shóisialaigh a cheapadh agus a ndualgais.

19. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh leasa shóisialaigh chun críocha Chaibidil 3 de Chuid III den Phríomh-Acht.

(2) Déanfaidh gach oifigeach a cheapfar amhlaidh gach éileamh ar phinsean seanaoise nó ina leith agus aon cheist a thógfar de thoradh nó i leith an phinsin sin a bheidh tarchurtha chuige ag an Aire a imscrúdú agus tuairisc a thabhairt don Aire orthu.

Oifigí áirithe do choistí pinsin áitiúla do scor agus foráil le haghaidh cúitimh.

20. —(1) Scoirfidh oifig chléireach do choiste pinsin áitiúil agus oifig chléireach d'fhochoiste pinsin áitiúil de bheith ann.

(2) Féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh chun cúiteamh a íoc le cléireach a bhí, tráth scor a oifige de bhua an ailt seo, ag fáil an luach saothair is iníoctha i leith a oifige agus a bhí i dteideal an luach saothair sin a choimeád.

(3) Beidh méid an chúitimh is iníoctha le duine faoin alt seo comhionann le—

(a) luach saothair seachtaine in aghaidh gach bliana comhlánaithe dá sheirbhís suas go dtí cúig bliana déag, agus

(b) luach saothair coicíse in aghaidh gach bliana comhlánaithe dá sheirbhís de bhreis ar chúig bliana déag,

faoi réir uasmhéid de luach saothair ocht seachtaine is seachtó agus á ghlacadh gurb é a luach saothair an luach saothair ab iníoctha leis tráth scor a oifige de bhua an ailt seo.

Alt 4 den Phríomh-Acht (caiteachais) a leasú tuilleadh.

21. —Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht trí “agus caiteachais na gcoistí pinsean áitiúla faoi Chaibidil 3 de Chuid III suas go dtí méid a cheadóidh an tAire” a scriosadh i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 159 den Phríomh-Acht (coinníollacha reachtúla maidir le pinsin seanaoise).

22. —Leasaítear leis seo alt 159 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht Leasaithe 1981) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (1):

“(c) nach mbeidh acmhainn an duine arna ríomh de réir na Rialacha atá sa Tríú Sceideal níos mó ná an t-uasmhéid iomchuí acmhainne ag ar féidir pinsean a íoc leis an duine sin de réir alt 161.”.

Leasú ar alt 167 den Phríomh-Acht (tosach feidhme pinsean seanaoise).

23. —Leasaítear leis seo alt 167 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir rialacháin faoi alt 170 (4), má lamháiltear pinsean seanaoise den chéad uair, tosóidh an pinsean ag faibhriú an chéad Aoine tar éis an dáta a bhfaighidh an tAire an t-éileamh ar an bpinsean nó an chéad Aoine tar éis an dáta a dtiocfaidh an t-éilitheoir chun bheith i dteideal an phinsin den chéad uair, cibé acu is déanaí nó, más Aoine an dáta is déanaí den dá dháta sin. an Aoine sin.”.

Leasú ar alt 169 den Phríomh-Acht (imeachtaí dlíthiúla).

24. —Leasaítear leis seo alt 169 den Phríomh-Acht—

(a) trí fho-alt (6) a scriosadh, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Má dhlíonn aon duine atá ag fáil pinsin seanaoise aon suimeanna faoi fho-alt (3) a aisíoc leis an Aire beidh an tAire, gan dochar dá chumhachtaí faoin bhfo-alt sin, i dteideal a ordú go mbainfear na suimeanna sin as aon suimeanna a mbeidh teideal ag an duine sin chucu ar chuntas pinsin seanaoise, mar a fhoráiltear le rialacháin arna ndéanamh chun na críche faoi alt 170: ar choinníoll, i gcás ionadaí pearsanta, gur as aon suim a mbeidh teideal ag an duine sin chuici mar ionadaí pearsanta a dhéanfar an asbhaint.”.

Leasú ar alt 170 den Phríomh-Acht (rialacháin).

25. —Leasaítear leis seo alt 170 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 ) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) go (3):

“(1) Féadfaidh an tAire, i gcomhar leis an bPost (a mhéid a bhainfidh leis an bPost), rialacháin a dhéanamh chun críocha na Caibidle seo—

(a) ina sonrófar an fhianaise a éileofar maidir le coinníollacha reachtúla a chomhlíonadh, agus

(b) ina sonrófar an tslí a bhféadfar éilimh ar phinsin a dhéanamh.

(2) Forálfar le rialacháin go gcumasófar d'éilitheoirí ar phinsin a n-éilimh a dhéanamh agus faisnéis i dtaobh pinsin seanaoise faoin gCaibidil seo a fháil tríd an bPost agus go lamhálfar éilimh ar phinsin go sealadach roimh an dáta a thiocfaidh an t-éilitheoir chun bheith iarbhír i dteideal an phinsin i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a leagfar síos leis na rialacháin.

(3) Féadfar rialacháin a dhéanamh freisin trína gcumasófar duine a cheapadh a dhéanfaidh, thar ceann aon éilitheora nó pinsinéara nach bhfuil in ann gníomhú, de dheasca aon éagumais meabhrach nó éagumais eile, aon cheart a fheidhmiú a mbeidh teideal ag an éilitheoir nó ag an bpinsinéir sin chuige faoin gCaibidil seo agus go n-údarófar d'aon duine a bheidh ceaptha amhlaidh aon suimeanna is iníoctha mar phinsean seanaoise a ghlacadh thar ceann agus chun tairbhe an éilitheora nó an phinsinéara.”.

Leasú ar alt 175 den Phríomh-Acht (pinsean dall).

26. —Leasaítear leis seo alt 175 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht Leasaithe 1981) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh gach dall a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige i dteideal cibé pinsean (dá ngairtear pinsean dall san Acht seo) a fháil, agus leanúint á fháil, a bheadh sé i dteideal a fháil faoin gCaibidil seo dá mbeadh aois inphinsin slánaithe aige; agus beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo ar gach bealach i gcás an duine sin faoi réir an mhodhnaithe go gcuirfear in ionad an choinníll reachtúil atá in alt 159 (1) (a) na coinníollacha nach foláir gur duine é an duine sin a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige agus go bhfuil sé chomh dall sin nach féidir leis aon obair a dhéanamh a bhfuil radharc na súl riachtanach di nó nach féidir leis leanúint dá ghnáth-shlí bheatha.”.

Leasú ar alt 296 den Phríomh-Acht (cinntí oifigeach breithiúnachta).

27. —Leasaítear leis seo alt 296 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):

“(b) faoi Chuid III (cúnamh sóisialach) seachas Caibidil 6 (liúntas leasa forlíontach),”.

Leasú ar alt 298 den Phríomh-Acht (achomhairc, etc.).

28. —Leasaítear leis seo alt 298 den Phríomh-Acht trí—

(a) “nó coiste pinsin áitiúil” i bhfo-alt (1), agus

(b) fo-alt (2),

a scriosadh.

Leanúnachas na Coda seo le forálacha aisghairthe agus leasaithe.

29. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun leanúnachas na Coda seo le haon fhorálacha a aisghairfear nó a leasófar leis an gCuid seo a áirithiú.

Tosach feidhme na Coda seo.

30. —Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.