8 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1984


AN tACHT UM LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1984

RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 9 den Acht um Loingeas Éireann Teoranta, 1947.

2.

Luach saothair foirne.

3.

Aoisliúntas foirne.

4.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 go 1982

An tAcht um Loingeas Éireann Teoranta, 1947

1947, Uimh. 37 .

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1984


AN tACHT UM LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA, 1947 GO 1982. [17 Aibreán, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 9 den Acht um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 .

1. —Leasaítear leis seo alt 9 den Acht um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, ráthaíocht a thabhairt—

(a) go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht, lena chomhthoiliú, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim sin agus go n-íocfar an t-ús sin,

(b) go n-íocfar nótaí gealltanais a bheidh déanta ag an gCuideachta nó billí malairte a bheidh tarraingthe nó glactha ag an gCuideachta.

(1A) Aon uair a thabharfaidh an tAire ráthaíocht faoin alt seo, féadfaidh sé—

(a) i gcás gur ráthaíocht í i ndáil le haisíoc airgid a gheofar ar iasacht nó le haisíoc úis ar aon aírgead den sórt sin, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Chuideachta an t-airgead go cuí nó go n-íocfaidh an Chuideachta an t-ús nó go n-aisíocfar an t-airgead sin agus go n-íocfar an t-ús sin,

(b) i gcás gur ráthaíocht í i ndáil le nóta gealltanais nó bille malairte a íoc, ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-íocfar an nóta gealltanais nó an bille malairte go cuí, cibé acu é.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £45,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, seachas méideanna i leith úis, a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis na méideanna (más ann), seachas méideanna i leith úis, a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha.”.

Luach saothair foirne.

2. —(1) Íocfaidh an Chuideachta lena hoifigigh agus lena seirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is cuí leis an gCuideachta, faoi réir, i gcás a príomh-oifigigh (cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thugtar de thuairisc ar an oifigeach sin), cheadú an Aire Cumarsáide arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhise Poiblí.

(2) Le linn don Chuideachta bheith ag cinneadh cén luach saothair nó cé na liúntais i leith caiteachas a bheidh le híoc aici lena hoifigigh nó lena seirbhísigh nó cé na téarmaí nó na coinníollacha faoina dteachtann nó faoina dteachtfaidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, tabharfaidh an Chuideachta aird ar threoirlínte an Rialtais nó ar threoirlinte a aontaíodh ar bhonn náisiúnta, atá ann de thuras na huaire, nó ar bheartas an Rialtais i dtaobh luach saothair agus coinníollacha fostaíochta atá ann amhlaidh, agus, i dteannta a bhfuil anseo roimhe seo, déanfaidh an Chuideachta de réir aon treoracha maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a thabharfaidh an tAire Cumarsáide ó am go ham don Chuideachta le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntas foirne.

3. —Ní ghlacfaidh aon athrú a dhéanfar ar na téarmaí nó ar na coinníollacha, a bheidh i bhfeidhm ar thosach feidhme an Achta seo, do rialú pinsin, aiscí, liúntais nó íocaíochtaí eile a dheonú, ar chomhalta d'fhoireann na Cuideachta, lena n-áirítear a príomhoifigeach, d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, don chomhalta sin, nó don phríomh-oifigeach sin, nó ina leith, éifeacht, ná ní ghlacfaidh aon chomhshocraíocht eile do dhéanamh socrú le haghaidh sochar ar éirí as, ar scor nó ar bhás a fháil, de bhreis ar na sochair sin a dúradh, éifeacht, mura mbeidh an t-athrú nó an chomhshocraíocht sin ceadaithe ag an Aire Cumarsáide le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Loingeas Éireann Teoranta (Leasú), 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 go 1984, a ghairm de na hAchtanna um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 go 1982, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar mar ní amháin leis na hAchtanna sin iad.