An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Cáin Bhreisluacha) Ar Aghaidh (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Tobhach ar bhainc.

97. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a trí agus £10,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1983, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “tuairisceáin”, i ndáil le banc, na tuairisceáin, dar teideal “TUAIRISCEÁN MÍOSÚIL Ó NA BAINC CHEADÚNAITHE UILE: BRAINSÍ CÓNAITHEACHA”, a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1983, an 19ú lá de Dheireadh Fómhair, 1983, agus an 16ú lá de Shamhain, 1983;

ciallaíonn “méid sonraithe”, i ndáil le banc, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar maidir le Mír 302.2 i bhforlíonadh 1 de thuairisceáin an bhainc a asbhaint as comhiomlán na suimeanna go léir a thaispeántar maidir le Míreanna 107 agus 108 mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 12ú lá de Mheán Fómhair, 1984, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2), muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:

(a) 0.2 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £100,000,000, agus

(b) 0.344 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £100,000,000:

Ar choinníoll, sa chás nach mó ná £100,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.2 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh banc cibe sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mbanc a sheachadadh.

(6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc, tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta an Achta seo a rith go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi mar phionós, i dteannta na dleachta, agus, ina theannta sin, dlífidh sé mar phionós breise ón 12ú lá de Mheán Fómhair, 1984, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) a fheidhmiú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht atá faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim agus is iníoctha ag an mbanc a ríomh.

Leasú ar alt 92 (tobhach ar phréimheanna árachais áirithe) den Acht Airgeadais, 1982 .

98. —Leasaítear leis seo alt 92 den Acht Airgeadais, 1982 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘méid árachais saoil’ cibé cion de mhéid inmheasúnaithe arb é atá ann préimheanna iomchuí a gheofar an 1ú lá d'Iúil, 1984, nó dá éis, maidir le gnó in aicmí I, II, III, IV, V, VI, VII agus IX den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCéad Treoir ón gComhairle 79/267/CEE dar dáta 5 Márta 1979 (IO Uimh. L 63, 13/3/1979);

ciallaíonn ‘préimh iomchuí'—

(i) i gcás conradh árachais arna dhéanamh an 1ú lá d'Iúil, 1983, nó dá éis, préimh nó cuid de phréimh arna fáil de bhun an chonartha sa tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta ar a ndéantar an chéad íocaíocht den phréimh nó de chuid den phréimh, agus

(ii) i gcás ina ndéantar préimh faoi chonradh árachais, cibé uair a rinneadh é, a mhéadú, an méid faoina méadaítear an phréimh agus a fhaightear sa tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta ar a ndéantar an chéad íocaíocht den mhéid méadaithe nó de chuid den mhéid méadaithe.

(b) Déanfaidh árachóir, laistigh de 30 lá ó dheireadh na ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1984, agus laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe dá éis sin, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid árachais saoil le haghaidh an árachóra sin don ráithe sin.

(c) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun mhír (b) den fho-alt seo, muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le haon agus dhá thrian faoin gcéad den mhéid árachais saoil a thaispeántar ann.

(d) Beidh feidhm le fo-alt (4), (5), (6) agus (7) den alt seo maidir le haon ráiteas a cheanglaítear le mír (b) den fho-alt seo ar árachóir a sheachadadh ar gach caoi ionann is dá mba ráiteas i leith méid inmheasúnaithe an ráiteas sin.

(e) I ndáil leis an ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1984, agus gach ráithe dá éis, ní dhéanfar aon phréimheanna a gheobhaidh árachóir i leith gnó sna haicmí dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘méid árachais saoil’ a áireamh sa mhéid inmheasúnaithe chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo.”.

Leasú ar alt 93 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1982 .

99. —Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 93 den Acht Airgeadais, 1982 , trí “trí bliana” a chur in ionad “dhá bhliain”, agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(5) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar tar éis dáta an Achta seo a rith agus sula mbeidh trí bliana caite ón dáta sin.

Leasú ar alt 49 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1969 .

100. —(1) Leasaítear leis seo alt 49 den Acht Airgeadais, 1969 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-ailt (2A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ):

“(2B) D'ainneoin fho-ailt (2) agus (2A) den alt seo, beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le hionstraim, má shuitear, ach (ar leith ó na fo-ailt sin (2) agus (2A)) ar an gcoinníoll amháin go suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur dheimhnigh an tAire Comhshaoil go bhfuil sé sásta, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil aige le linn dó bheith ag deimhniú amhlaidh, nach bhfuil ná nach mbeidh achar urláir iomlán an tí sin, arna thomhas ar an modh dá dtagraítear in alt 4 (2) (b) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , níos mó ná an t-achar urláir iomlán uasta atá sonraithe i rialacháin faoin alt sin 4 (2) (b) ná nach bhfuil ná nach mbeidh sé níos lú ná an t-achar urláir iomlán íosta atá sonraithe amhlaidh.”.

(2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 269) (Ionstraimí Áirithe a Dhíolmhú ó Dhleacht Stampa), 1984 (I.R. Uimh. 49 de 1984).

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

Dleacht stampa ar bhillí malairte agus ar nótaí gealltanais.

101. —(1) Leasaítear leis seo an Stamp Act, 1891, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“7. Any stamp duties of an amount not exceeding 7p upon instruments which are permitted by law to be denoted by adhesive stamps not appropriated by any word or words on the face of them to any particular description of instrument shall, if denoted by adhesive stamps, be denoted by adhesive stamps issued by the Revenue Commissioners.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 41 den Acht Airgeadais, 1970 , trí “7p” a chur in ionad “5p” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) sa dá áit a bhfuil sé.

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le billí malairte agus nótaí gealltanais a tharraingeofar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

Leasú ar alt 17 (dleacht stampa i leith cártaí creidmheasa agus cártaí muirir) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 .

102. —Leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981

(a) i bhfo-alt (1) (c), trí “£10” a chur in ionad “£5”,

(b) i bhfo-alt (2) (c), trí “£5” a chur in ionad “£2.50”, agus

(c) i mír (d) (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) d'fho-alt (2), trí “£10” a chur in ionad “£5”.

Ordú a chúlghairm.

103. —Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 268) (Dleacht Stampa ar Bhillí Malairte, ar Nótaí Gealltanais, ar Chártaí Creidmheasa agus ar Chártaí Muirir), 1984 (I.R. Uimh. 34 de 1984).