|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe: Fochuideachtaí) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1984
[EN] | ||
[EN] |
AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin | |
CUID I Leasuithe de dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach | ||
1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, de réir na bhforálacha seo a leanas: | ||
(a) in alt 1 (1)— | ||
(i) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ard-rátaí” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ): | ||
“ciallaíonn ‘ard-rátaí', i ndáil le cáin, na rátaí cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1984 ;”, | ||
(ii) scriosfar an míniú ar “ráta laghdaithe” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ), agus | ||
(iii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ráta caighdeánach” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ): | ||
“ciallaíonn ‘ráta caighdeánach', i ndáil le cáin, an ráta cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1984 ;”, | ||
(b) scriosfar alt 153 (1) (dd), | ||
(c) in alt 497, scriosfar “ráta laghdaithe” gach áit a bhfuil sé, agus | ||
(d) in alt 525 (1), scriosfar fomhír (i) (b). | ||
2. Déanfar, maidir leis na blianta measúnachta 1980-81 go 198384, na tagairtí in alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1977 , a fhorléiriú, agus measfar gur forléiríodh riamh iad, mar thagairtí d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1980 . | ||
CUID II Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta | ||
Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas: | ||
(a) in alt 138— | ||
(i) i mír (a), trí “£3,600” a chur in ionad “£2,900”, | ||
(ii) i mír (b), trí “£2,300” a chur in ionad “£1,950” agus trí “£3,600” a chur in ionad “£2,900”, agus | ||
(iii) i mír (c), trí “£1,800” a chur in ionad “£1,450”, | ||
agus | ||
(b) in alt 138A, trí “£1,300” a chur in ionad “£950” agus trí “£1,800” a chur in ionad “£1,450”. |