An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe) Ar Aghaidh (Caibidil V Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

Caibidil IV

Frithsheachaint agus Frithimghabháil

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le hurrúis neamhúsmhara áirithe.

28. —(1) Ní bheidh feidhm le forálacha alt 465 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná le halt 63 den Acht Airgeadais, 1969 , maidir le heisiúintí urrús lena mbaineann an t-alt seo a dhéanfar tar éis an 25ú lá d'Eanáir, 1984, mura mbeidh tairiscint le haghaidh aon urrúis den sórt sin curtha isteach ar an dáta sin nó roimhe.

(2) Tá feidhm leis an alt seo—

(a) maidir le Billí Státchiste arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais, agus

(b) maidir le Billí Idirghabhála um Earraí Talmhaíochta arna n-eisiúint ag an Aire Talmhaíochta.

Cánachas ar ioncam a mheastar a eascraíonn ó dhíolacháin áirithe urrús.

29. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “úinéir”, tráth ar bith, i ndáil le hurrúis, an duine a mbeadh teideal aige, dá ndéanfadh an duine a d'eisigh na hurrúis iad a fhuascailt an tráth sin, chun fáltais na fuascailte;

folaíonn “urrúis”—

(a) sócmhainní nach sócmhainní inmhuirearaithe chun críocha cánach gnóchan caipitiúil de bhua alt 19 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , agus

(b) stoic, bannaí agus oibleagáidí le haon rialtas, bardas cathrach, cuideachta nó comhlacht corpraithe eile cibé acu a chruthaíonn nó a fhianaíonn siad muirear ar shócmhainní nó nach ndéanann,

ach ní fholaíonn sé scaireanna (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) de chuid cuideachta (de réir na brí sin adúradh) nó comhlachta dá samhail;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar is iomchuí.

(2) I gcás ina ndíolfaidh nó ina n-aistreoidh úinéir urrúis an t-urrús, ansin, más é toradh an idirbhirt go mbeidh aon ús, a thiocfaidh chun bheith iníoctha i leith an urrúis, infhaighte ar shlí seachas ag an úinéir sin, measfar an t-ús a bheith faibhrithe ó lá go lá ón dáta a ndearnadh an íocaíocht úis deiridh leis an úinéir sin i leith an urrúis nó, i gcás nach ndearnadh aon íocaíocht den sórt sin, ón dáta a bhfuair an t-úinéir sin an t-urrús agus beidh cáin inmhuirearaithe ar an úinéir sin, faoi Chás IV de Sceideal D, i leith an úis a mheasfar a bheith faibhrithe amhlaidh anuas go dtí an dáta a dhéanfar an conradh chun an díol nó an t-aistriú a dhéanamh nó an dáta a íocfar an chomaoin i leith an díola, cibé acu is déanaí:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm leis an alt seo—

(a) má bhí an t-urrús á shealbhú ag an úinéir céanna ar feadh tréimhse leanúnaí dhá bhliain ar a laghad díreach roimh dháta an chonartha sin nó dáta na híocaíochta sin, cibé acu is déanaí, ach, maidir le hionadaithe pearsanta duine éagtha a bhfuil a eastát i gcúrsa a riartha, agus maidir leis an duine éagtha, measfar, chun críocha na míre seo, gurb iad an t-úinéir céanna iad, nó

(b) más duine é an t-úinéir sin a sheolann trádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go páirteach, déileáil in urrúis a bhfuil cáin ioncaim nó cáin chorparáide inmhuirearaithe ar na brabúis astu faoi Chás I de Sceideal D don bhliain mheasúnachta nó, de réir mar a bheidh, don tréimhse chuntasaíochta a ndéantar ina leith an chomaoin i leith an díola a chur i gcuntas le linn brabúis na trádála a bheith á ríomh chun críocha measúnachta i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide don bhliain sin nó don tréimhse chuntasaíochta sin, mura rud é gurb é atá sa trádáil, go hiomlán nó go páirteach, gnó saoil nach bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar na brabúis as faoi Chás I de Sceideal D don tréimhse chuntasaíochta sin, nó

(c) más éard é an díol nó an t-aistriú díol nó aistriú a dhéanann banchéile chuig a fearchéile tráth a mheastar í a bheith ina cónaí leis chun críocha cánach ioncaim mar a fhoráiltear in alt 192 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó díol nó aistriú a dhéanann fearchéile chuig a bhanchéile tráth den chineál sin a dúradh, ach i gcás idirbheart den chineál sin a dúradh nó i gcás díol nó aistriú a dhéanann an fearchéile nó an bhanchéile chuig aon duine eile i ndiaidh idirbhirt nó idirbhearta den chineál sin a dúradh, measfar, chun críocha mhír (a), gurb iad an t-úinéir céanna an fearchéile agus an bhanchéile, nó

(d) más urrús é an t-urrús a ndéileáltar leis an ús air mar dháileadh chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide.

(3) I mír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2), beidh le “gnó saoil” an bhrí a shanntar dó le halt 50 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(4) (a) Chun na gcríocha a bhaineann le hurrúis arna bhfáil ag úinéir a shonrú le hurrúis atá ar áireamh i ndíol nó in aistriú arna dhéanamh ag an úinéir, measfar, sa mhéid gur urrúis den aicme chéanna na hurrúis, urrúis arna bhfáil ar dháta is déanaí a bheith ar áireamh amhlaidh roimh urrúis arna bhfáil ar dháta is luaithe.

(b) Measfar gur urrúis den aicme chéanna urrúis má bhíonn teideal ag úinéirí na n-urrús chun na gcearta céanna i gcoinne an duine chéanna ó thaobh caipitil agus úis agus chun na leigheasanna céanna ó thaobh na cearta sin a chur i bhfeidhm.

(5) (a) Gan dochar d'aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Cánach lena gceanglaítear faisnéis a nochtadh, féadfaidh cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine lena mbaineann mír (b) cibé sonraí a mheasann an cigire is gá chun críocha an ailt seo, agus chun a chinneadh an eascraíonn muirear cánach faoin alt seo, a thabhairt laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra.

(b) Baineann mír (a)—

(i) le duine a eisíonn urrús,

(ii) le haon ghníomhaire de chuid duine den sórt sin,

(iii) le húinéir urrúis.

(6) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1984 , alt 29” a chur isteach i gcolún 2 den Sceideal sin.

(7) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon díol nó aistriú a dhéanfar tar éis an 25ú lá d'Eanáir, 1984.