An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil VIII Stocfhaoiseamh)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

Caibidil VII

Luathcháin Chorparáide

Leasú ar alt 51 (forálacha áirithe do scor) den Acht Airgeadais, 1983 .

46. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 51 den Acht Airgeadais, 1983 , trí “alt 16 (9),” a chur isteach roimh “alt 18 (4)” agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Is iad na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976 , dá dtagraítear i bhfo-alt (1), alt 16 (9), alt 18 (4), fo-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) d'alt 25, mír (b) den choinníoll a ghabhann le halt 26 (3) agus ailt 90, 91, 167 agus 168.

Leathnú ar alt 52 (laghdú eatramhach ar luathcháin chorparáide) den Acht Airgeadais, 1983 .

47. —Leasaítear leis seo alt 52 den Acht Airgeadais, 1983 , trí—

(a) “an 31ú lá de Nollaig” a chur in ionad “an 8ú lá d'Fheabhra” gach áit a bhfuil sé, agus

(b) “an 1ú lá d'Eanáir, 1985” a chur in ionad “an 9ú lá d'Fheabhra, 1984” gach áit a bhfuil sé,

agus tá an t-alt sin 52, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

52.—(1) D'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, is é méid na luathchánach corparáide a dhlífidh cuideachta a íoc i leith dáiltí arna ndéanamh aici i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984, nó aon lá roimhe, leath mhéid na luathchánach corparáide a dhlífeadh an chuideachta a íoc, ar leith ón alt seo, i leith na ndáiltí sin.

(2) Más roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1985, do chuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta agus más i dtréimhse dar tosach an dáta sin don chuid eile di, beidh feidhm ag an gCaibidil seo ionann is dá mba dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984, agus an chuid dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1985.