20 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 1984


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (MAOINIÚ FORLÍONTACH), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Íocaíochtaí le Coimisiún na gComhphobal Eorpach i gcomhlíonadh gealltanas áirithe.

3.

Gearrtheideal.


An tAcht dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

/images/harp.jpg


Uimhir 20 de 1984


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (MAOINIÚ FORLÍON-TACH), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT Á CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ ÁIRITHE A DHÉANAMH AS AN bPRÍOMH-CHISTE NÓ AS A THORADH FÁIS LE COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH.

[27 Samhain, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo tá leis an abairt “na Comhphobail Eorpacha” an bhrí a shanntar di le halt 1 (1) d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

Íocaíochtaí le Coimisiún na gComhphobal Eorpach i gcomhlíonadh gealltanas áirithe.

2. —Íocfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis cibé méideanna is gá chun a chumasú íocaíochtaí a dhéanamh le Coimisiún na gComhphobal Eorpach i gcomhlíonadh—

(a) an ghealltanais a tugadh an 2ú lá de Dheireadh Fómhair, 1984, thar ceann an Rialtais go gcuirfí ar láimh Choimisiún na gComhphobal Eorpach an méid i bhfoirm airleacan inaisíoctha a shonraítear maidir leis an Stát sa ghealltanas, nó

(b) aon ghealltanais eile a thabharfar le linn na tréimhse dar tús tosach feidhme an Achta seo agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, thar ceann an Rialtais go gcuirfear ar láimh an Choimisiúin sin méid a shonrófar maidir leis an Stát sa ghealltanas agus a mbeidh a fhoirm sonraithe sa ghealltanas.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Maoiniú Forlíontach), 1984 , a ghairm den Acht seo.