An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Atheagrú Ginearálta) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Forálacha de dhroim an athraithe ar theorainneacha a dhéantar le halt 10)

7 1985

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ATHEAGRÚ), 1985

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na Limistéir Eisiata agus na Limistéir Bhreise

CUID I

Léiriú

1. Sa Sceideal seo—

(a) forléireofar tagairt don teorainn láithreach mar thagairt do theorainn na Cathrach mar a bhí díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo,

(b) déanfar tagairt do líne shamhailteach arna tarraingt feadh aon bhóthair, lána, garráin, ascaille, abhann, cainéil nó geata a fhorléiriú mar thagairt do líne den sórt sin arna tarraingt feadh lár an bhóthair, an lána, an gharráin, na hascaille, na habhann, an chainéil nó an gheata sin,

(c) déanfar tagairt don phointe mar a dtrasnaíonn aon bhóthar, lána, garrán, ascaill, abhainn, cainéal, geata nó samhailfhadú aon bhóthar, lána, garrán, ascaill, abhainn, cainéal, geata nó samhailfhadú eile, nó don phointe mar a mbuaileann siad le chéile, a fhorléiriú mar thagairt don phointe mar a ndéanfaí líne, arna tarraingt feadh lár ceann díobh nó, i gcás samhailfhadú, feadh ceann díobh, a thrasnú ag líne arna tarraingt feadh lár an chinn eile nó i gcás samhailfhadú, feadh an chinn eile, nó don phointe mar a mbuailfeadh siad le chéile,

(d) déanfar tagairt do phointe mar a dtrasnaíonn aon bhóthar, lána, abhainn nó samhailfhadú aon teorainn, nó do phointe mar a mbuaileann siad leis an teorainn sin, a fhorléiriú mar thagairt don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraingt feadh lár an bhóthair, an lána, nó na habhann sin nó, i gcás samhailfhadú, feadh an fhadaithe, an teorainn sin a thrasnú nó don phointe mar a mbuailfeadh an líne sin leis an teorainn sin.

CUID II

Codanna den Chathair a bhaintear di agus a chuirtear leis an gContae de bhua alt 10 (1).

2. (1) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe mar a gcasann an teorainn láithreach le teorainn thiar líne iarnróid Bhaile Atha Cliath-Béal Feirste ag Stáisiún Iarnróid “Acomhal Bhinn Éadair”, as sin ó dheas feadh na teorann thiar sin go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Chill Bharróg, agus ag leanúint ar deireadh soir feadh Bhóthar Chill Bharróg agus feadh a samhailfhadaithe (soir ó dheas) trasna Bhóthar Bhaile Átha Cliath go dtí an pointe mar a mbuaileann an samhailfhadú sin leis an teorainn láithreach ar chladach thuaidh Chrompán Chill Fhionntain.

(2) An chuid den Chathair ina gcuimsítear an t-oileán “Inis Mac Neasáin” agus a ghóilíní agus a charraigeacha go léir máguaird.

(3) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe ar an teorainn láithreach ag acomhal Bhóthar Chamaí Thiar agus Gharrán Shealtain, as sin soir ó dheas feadh Bhóthar Chamaí Thiar go dtí an pointe mar a mbuaileann sé le Bóthar Dhúnghoirt, agus ag leanúint siar ó dheas feadh Bhóthar Dhúnghoirt go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.

(4) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe ar an teorainn láithreach ag acomhal Bhóthar Dhúnghoirt agus Bhóthar Theach Mealóg, as sin soir ó thuaidh feadh Bhóthar Theach Mealóg go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn Bóthar Theach Mealóg samhailfhadú (siar ó thuaidh) theorainn thiar theas Pháirc na Sceach, as sin soir ó dheas feadh an tsamhailfhadaithe agus na teorann sin agus feadh a samhailfhadaithe (soir ó dheas) go dtí go dtrasnaíonn an teorainn láithreach é.

(5) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe ar an teorainn láithreach mar a ndéanann an Dothra Bheag acomhal leis an Dothra, as sin, soir ó thuaidh i dtosach, feadh na Dothra go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.

(6) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe ar an teorainn láithreach mar a gcasann sí leis an bpointe is faide siar de theorainn “Radharc na Coille” agus Pháirc Ghlasbháin, as sin soir feadh theorainn thuaidh “Radharc na Coille” agus feadh a samhailfhadaithe (soir) go dtí an pointe mar a mbuaileann an samhailfhadú sin le Bóthar Stigh Lorgan agus ag leanúint soir ó dheas feadh Bhóthar Stigh Lorgan go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.

(7) An chuid den Chathair atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn samhailfhadú (siar ó dheas) theorainn thoir theas Lóiste Cranford an teorainn láithreach, as sin soir ó thuaidh i dtosach feadh an tsamhailfhadaithe sin agus na teorann thoir theas sin agus feadh theorainn theas Ghalfchúrsa Pháirc na Leamhán agus feadh theorainn thuaidh Theach Bellevue go dtí a hacomhal le teorainn thoir thuaidh Theach Bellevue ag a lóiste geata, as sin siar ó dheas feadh na teorann is deireanaí a luadh agus feadh a samhailfhadaithe (siar ó dheas) go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.

CUID III

Codanna den Chontae a bhaintear de agus a chuirtear leis an gCathair de bhua alt 10 (2).

3. (1) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Béal Feirste ag Bóthar na Gráinsí, as sin ó thuaidh feadh theorainn thiar líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Béal Feirste go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn an teorainn thiar sin an Mhaighin, ansin ag leanúint siar feadh na Maighne agus chainéal thuaidh na Maighne go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn an Mhaighin teorainn thoir Shíneadh Imród Sheantraibh, ansin ag leanúint siar ó dheas feadh theorainn thoir Shíneadh Imród Sheantraibh go dtí go dtrasnaíonn Lána na Cúlóige (Bóthar Oscair Mhic Thréinfhir) é, ansin ag leanúint siar feadh Lána na Cúlóige (Bóthar Oscair Mhic Thréinfhir) go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Shoird, ansin ag leanúint ó dheas feadh Bhóthar Shoird go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le hAscaill Sheantraibh, ansin ag leanúint siar feadh Ascaill Sheantraibh go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Bhaile Munna, ansin ag leanúint ó thuaidh feadh Bhóthar Bhaile Munna go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Theampall Mhaighréide, ansin ag leanúint, siar i dtosach, feadh Bhóthar Theampall Mhaighréide go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Bhaile Shéamais, agus ag leanúint ar deireadh ó dheas feadh Bhóthar Bhaile Shéamais go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an teorainn láithreach.

(2) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe mar a gcasann an teorainn láithreach le teorainn thoir Bhaile Fearainn Chill Domhnáin, as sin feadh líne dhíreach siar ó dheas go dtí an pointe mar a gcasann an teorainn láithreach le teorainn theas Bhaile Fearainn Chill Domhnáin, ansin ag leanúint siar feadh na teorann theas sin go dtí an pointe mar a gcasann sí le teorainn thoir Bhaile Fearainn na Ceapóige, ansin ag leanúint ó dheas i dtosach feadh na teorann thoir sin go dtí an pointe mar a gcasann sí le teorainn thuaidh Scoil Labhráis d'Óg-Chiontóirí, ansin ag leanúint siar i dtosach feadh theorainn thuaidh agus theorainn thiar na scoile agus theorainn thiar Pháirc Avila agus feadh shamhailfhadú (ó dheas) theorainn thiar Pháirc Avila go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Bóthar Cheapaí agus ag leanúint ar deireadh soir ó dheas feadh Bhóthar Cheapaí go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an teorainn láithreach.

(3) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach an Tulcha ag cúinne thoir theas Pháirc Bhaile Scriobail, as sin siar feadh na Tulchan agus chainéal thuaidh na Tulchan go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí Bóthar Dhún Saithne, ansin ag leanúint, ó dheas i dtosach feadh Bhóthar Dhún Saithne trasna na Canála Ríoga agus líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Gaillimh ag an gcrosaire comhréidh díreach siar ó stáisiún Bhaile Astún agus feadh Bhóthar Bhaile Astún go dtí a acomhal le Bóthar na hUaimhe ar an taobh thiar den chompal os coinne an tí tábhairne dá ngairtear “the Halfway House”, ansin ag leanúint soir ó dheas feadh Bhóthar na hUaimhe go dtí an pointe mar a mbuaileann sé le Bóthar Chaisleán Cnucha, ansin ag leanúint ar deireadh siar ó dheas feadh Bhóthar Chaisleán Cnucha go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sé an teorainn láithreach ag Geata Bhaile Astún de Pháirc an Fhionnuisce.

(4) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach Bóthar Bhaile Formaid, as sin, siar i dtosach feadh Bhóthar Bhaile Formaid agus Bhóthar an Bhaile Ghaelaigh go dtí an pointe mar a mbuaileann an bóthar sin is deireanaí a luaitear le Bóthar Chnoc Seimre, ansin ag leanúint, ó dheas i dtosach feadh Bhóthar Chnoc Seimre go dtí an pointe mar a gcasann sé le teorainn thuaidh Bhaile Fearainn Bhaile Mhic Chnagáin ag Iostán Chnoc Seimre, ansin ag leanúint, soir ó dheas i dtosach feadh theorainn thuaidh Bhaile Fearainn Bhaile Mhic Chnagáin go dtí an pointe mar a gcasann sí le teorainn thiar Bhaile Fearainn Bhaile an Ghalúnaigh, ansin ag leanúint, ó dheas i dtosach feadh na teorann thiar sin go dtí an pointe mar a gcasann sí le teorainn thuaidh na Canála Móire, agus ar deireadh ag leanúint soir feadh theorainn thuaidh na Canála Móire go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí an teorainn láithreach.

(5) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach an compal ag acomhal Bhóthar Bhaile an Aird, Íochtarach, Bhóthar Bhaile Bhailcín, Íochtarach agus Bhóthar Dhún Chromail, as sin soir feadh Bhóthar Dhún Chromail go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sé an teorainn láithreach.

(6) An chuid den Chontae atá laistigh den teorainn láithreach agus de líne shamhailteach arna tarraingt mar a leanas:—

Ag tosú ag an bpointe mar a dtrasnaíonn an teorainn láithreach samhailfhadú (siar) na teorann idir an “Sportsground” agus “Richview Press” ag Bóthar Chnoc na bhFeánna, as sin, soir i dtosach, feadh an tsamhailfhadaithe sin agus na teorann idir an “Sportsground” agus “Richview Press” go dtí an pointe mar a gcasann teorainn thoir an “Sportsground” le teorainn thiar Eastát Chnoc na bhFeánna, agus ag leanúint soir ó dheas i dtosach feadh theorann thiar agus theas Eastát Chnoc na bhFeánna go dtí an pointe mar a mbuaileann sí leis an teorainn láithreach.