An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Na Limistéir Eisiata agus na Limistéir Bhreise) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Teorainneacha Toghchontaetha Bunaithe)

7 1985

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ATHEAGRÚ), 1985

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha de dhroim an athraithe ar theorainneacha a dhéantar le halt 10

Alt 10.

Learscáileanna a ullmhú.

1. (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme alt 10 den Acht seo, ullmhóidh an Coimisinéir Luachála ceithre chóip de léarscáil, ar cibé scála oiriúnach agus i cibé uimhir oiriúnach de bhileoga ar leithligh is cuí leis, a thaispeánfaidh na limistéir eisiata agus na limistéir bhreise agus teorainneacha athraithe na Cathrach agus an Chontae agus nuair a bheidh na léarscáileanna sin ullmhaithe ag an gCoimisinéir sin séalóidh sé gach léarscáil acu sin agus a luaithe is féidir dá éis sin taiscfidh sé iad mar a leanas, is é sin, ceann acu i bpríomhoifig an Choimisinéara sin, ceann eile in oifigí an Bhardais, ceann eile in oifigí na Comhairle Contae agus ceann eile in oifigí an Aire.

(2) Gach léarscáil a thaiscfear de bhun mhír (1) den Airteagal seo i bpríomhoifig an Choimisinéara Luachála nó in oifigí an Bhardais nó na Comhairle Contae, coimeádfar í san oifig nó sna hoifigí inar taisceadh í amhlaidh agus beidh gach léarscáil acu sin nó cóipeanna dílse díobh ar fáil lena n-iniúchadh in aisce san oifig nó sna hoifigí inar taisceadh iad amhlaidh, ag aon duine aon uair a bheidh an oifig nó na hoifigí sin ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh, agus is dleathach don Choimisinéir sin, don Bhardas nó don Chomhairle Contae cóip dhílis den léarscáil a taisceadh amhlaidh leis nó leo, nó d'aon chuid áirithe di, a ullmhú agus a sholáthar d'aon duine a iarrfaidh í agus cibé suim a shocróidh sé nó siad, le ceadú an Aire Airgeadais, a ghearradh ar an gcóip sin.

(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir Luachála, ar an mBardas agus ar an gComhairle Contae, faoi seach, aon uair a iarrfaidh aon Chúirt Bhreithiúnais é, cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a taisceadh leis nó leo faoin Airteagal seo a ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin a fhíorú don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n-oifigigh, agus, ar aon chóip den sórt sin a thabhairt ar aird agus a fhíorú don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin, mura suífear a mhalairt, ina fianaise dhóthanach ar na limistéir eisiata, ar na limistéir bhreise agus ar theorainneacha athraithe na Cathrach agus an Chontae (a mhéid a thaispeánfar sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó d'ainneoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhmiú.

Coigeartuithe airgeadais idir an Bardas agus an Chomhairle Contae.

2. (1) Faoi réir mhír (5) den Airteagal seo, féadfaidh an Bardas agus an Chomhairle Contae, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, coigeartú cothromasach (dá ngairtear “coigeartú comhaontaithe” sa Sceideal seo ina dhiaidh seo) a dhéanamh i dtaobh aon ábhair nó ní is gá a choigeartú eatarthu de dhroim an athraithe ar theorainneacha na Cathrach agus an Chontae a dhéantar le halt 10 den Acht seo agus nach bhfuil socrú eile ina thaobh san Acht seo agus féadfaidh siad go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, coigeartú comhaontaithe a dhéanamh maidir leo seo a leanas go léir nó le haon cheann díobh—

(a) aon ghlanchaillteanas ioncaim, iarbhír nó ionchasach, a thabhóidh an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a d'fhéadfadh siad a thabhú, de dhroim athrú ar theorainn a dhéantar le halt 10 den Acht seo,

(b) maoin, cibé réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bheidh dílsithe don Bhardas nó don Chomhairle Contae nó a bheidh dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh agus a bheidh go hiomlán nó go páirteach sna limistéir eisiata nó sna limistéir bhreise, nó in aon chuid áirithe díobh, nó a bhainfidh leis na limistéir nó leis na codanna sin,

(c) fiacha (lena n-áirítear fiacha morgáiste), muirir arna mbunú le reacht agus dliteanais eile (lena n-áirítear méideanna neamhleachtaithe, damáistí neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha agus dliteanais fhaibhritheacha nó ionchais), a bheidh dlite den Bhardas nó den Chomhairle Contae agus gan íoc acu, nó tabhaithe agus gan ghlanadh acu agus a bhainfidh go hiomlán nó go páirteach, leis na limistéir eisiata (nó le haon chuid ar leith díobh) nó leis na limistéir bhreise (nó le haon chuid ar leith díobh).

(2) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i ndáil le maoin, a fhoráil go gcoimeádfaidh an Bardas nó an Chomhairle Contae an mhaoin sin nó go n-aistreofar an mhaoin sin chun an Bhardais nó chun na Comhairle Contae nó go n-úsáidfidh an Bardas nó an Chomhairle Contae an mhaoin sin i gcomhpháirt agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, in aon íocaíocht amháin nó ina dhá thráthchuid nó níos mó, ón mBardas leis an gComhairle Contae nó ón gComhairle Contae leis an mBardas as an maoin sin a choinneáil, a aistriú, nó a úsáid i gcomhpháirt.

(3) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i ndáil le haon fhiach nó dliteanas eile a fhoráil go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an mBardas nó go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an gComhairle Contae nó (ach amháin i gcás fiacha morgáiste) go gcionroinnfear an dliteanas san fhiach nó sa dliteanas sin idir an Bardas agus an Chomhairle Contae agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, in aon íocaíocht amháin nó ina dhá thráthchuid nó níos mó, ón mBardas leis an gComhairle Contae nó ón gComhairle Contae leis an mBardas i leith an fhéich nó an dliteanais sin.

(4) Faoi réir mhír (5) den Airteagal seo, uair ar bith a theipfidh ar an mBardas agus ar an gComhairle Contae comhaontú ar choigeartú cothromasach i dtaobh aon ní nó ruda a bheadh, ach é a bheith comhaontaithe, ina ábhar coigeartaithe chomhaontaithe faoin Airteagal seo, déanfaidh an tAire, ar an mBardas nó ar an gComhairle Contae á iarraidh sin, coigeartú (dá ngairtear “coigeartú éigeantach” sa Sceideal seo ina dhiaidh seo) i dtaobh an ní nó an ruda sin agus féadfaidh sé leis an gcoigeartú sin aon fhoráil a dhéanamh i ndáil leis an ní nó leis an rud sin a d'fhéadfaí a dhéanamh faoin Airteagal seo le coigeartú comhaontaithe.

(5) Tabharfar aird ar Airteagal 12 den Sceideal seo nuair a bheidh aon choigeartú comhaontaithe nó aon choigeartú éigeantach á dhéanamh.

(6) Beidh éifeacht le gach coigeartú comhaontaithe agus le gach coigeartú éigeantach de réir a théarmaí agus beidh sé críochnaitheach agus dochloíte agus, dá réir sin, beidh sé infheidhmithe ag an mBardas nó ag an gComhairle Contae in aghaidh a chéile.

Fodhlíthe etc. sna limistéir eisiata agus sna limistéir bhreise.

3. (1) (a) Faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, gach fodhlí, riail agus rialachán a rinne an Bardas go dleathach agus is infheidhmithe aige sna limistéir eisiata nó in aon chuid díobh, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, leanfaidh sé, a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, sna limistéir eisiata nó sa chuid díobh, amhail is dá mba fhodhlí, riail nó rialachán é, de réir mar is iomchuí, a rinne an Chomhairle Contae agus a tháinig i ngníomh ar an tosach feidhme sin i leith an limistéir nó i leith cibé méid den limistéar atá laistigh de na limistéir eisiata ar lena n-aghaidh agus ina leith a rinneadh an céanna i dtosach agus dá réir sin féadfar gach fodhlí, riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an Chomhairle Contae aon phionós agus forghéilleadh a tharlóidh faoin gcéanna ar an tosach feidhme sin nó dá éis sna limistéir eisiata a ghnóthú nó a fheidhmiú ar shlí eile amhail mar a d'fhéadfadh agus chomh hiomlán agus a d'fhéadfadh an Bardas an céanna a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a fheidhmiú ar shlí eile dá mba nár achtaíodh alt 10 den Acht seo.

(b) Ní leanfaidh aon fhodhlí, riail nó rialachán a luaitear i bhfomhír (a) den mhír seo, a mhéid a choimeádtar i bhfeidhm é leis an bhfomhír sin (a), de bheith i bhfeidhm amhlaidh tar éis dheireadh na tréimhse aon bhliana dar tús dáta thosach feidhme alt 10 den Acht seo mura rud é, laistigh den tréimhse sin, go ndearbhóidh an Chomhairle Contae, le rún, go leanfaidh an fodhlí, an riail nó an rialachán, a mhéid a choimeádtar i bhfeidhm é leis an bhfomhír sin (a), de bheith i bhfeidhm tar éis dheireadh na tréimhse sin.

(c) Ní bheidh feidhm sna limistéir eisiata ag aon fhodhlí, riail nó rialachán a bhí i bhfeidhm sa Chontae díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, ná ní thabharfar réim dó, sna limistéir sin de bhua amháin gur áiríodh na limistéir sin sa Chontae le halt 10 den Acht seo ach féadfaidh an Chomhairle Contae tráth ar bith, le rún, laistigh den tréimhse aon bhliana dar tús tráth thosach feidhme alt 10 den Acht seo, réim nó feidhm a thabhairt d'aon fhodhlí, riail nó rialachán den sórt sin sna limistéir eisiata, nó in aon chuid díobh, agus ar réim nó feidhm a thabhairt dó faoin bhfomhír seo, aon fhodhlí, riail nó rialachán a coimeádadh i bhfeidhm sna limistéir eisiata nó i gcuid nó i gcodanna de na limistéir sin le fomhír (a) den mhír seo agus atá ar neamhréir leis an bhfodhlí, leis an riail nó leis an rialachán lena mbaineann rún ábhartha na Comhairle Contae, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith leis sna limistéir eisiata nó, de réir mar is iomchuí, sa chuid nó sna codanna sin.

(2) (a) Faoi réir fhomhír (b) den mhír seo, gach fodhlí, riail agus rialachán a rinne an Chomhairle Contae go dleathach agus is infheidhmithe aici sna limistéir bhreise nó in aon chuid díobh, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, leanfaidh sé, a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, sna limistéir bhreise nó i gcuid díobh, amhail is dá mba fhodhlí, riail nó rialachán é, de réir mar is iomchuí, a rinne an Bardas agus a tháinig i ngníomh ar an tosach feidhme sin i leith an limistéir nó i leith cibé méid den limistéar atá laistigh de na limistéir bhreise ar lena n-aghaidh agus ina leith a rinneadh an céanna i dtosach agus dá réir sin féadfar gach fodhlí, riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an Bardas aon phionós agus forghéilleadh a tharlóidh faoin gcéanna ar an tosach feidhme sin nó dá éis sna limistéir bhreise a ghnóthú nó a fheidhmiú ar shlí eile amhail mar a d'fhéadfadh agus chomh hiomlán agus a d'fhéadfadh an Chomhairle Contae an céanna a choimeád i bhfeidhm, a leasú, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a fheidhmiú ar shlí eile dá mba nár achtaíodh alt 10 den Acht seo.

(b) Ní leanfaidh aon fhodhlí, riail nó rialachán a luaitear i bhfomhír (a) den mhír seo, a mhéid a choimeádtar i bhfeidhm é leis an bhfomhír sin (a), de bheith i bhfeidhm amhlaidh tar éis dheireadh na tréimhse aon bhliana dar tús dáta thosach feidhme alt 10 den Acht seo mura rud é, laistigh den tréimhse sin, go ndearbhóidh an Bardas le rún, go leanfaidh an fodhlí, an riail nó an rialachán, a mhéid a choimeádtar i bhfeidhm é leis an bhfomhír sin (a), de bheith i bhfeidhm tar éis dheireadh na tréimhse sin.

(c) Ní bheidh feidhm sna limistéir bhreise ag aon fhodhlí, riail nó rialachán a bhí i bhfeidhm sa Chathair díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, ná ní thabharfar réim do, sna limistéir sin de bhua amháin gur áiríodh na limistéir sin sa Chathair le halt 10 den Acht seo ach féadfaidh an Bardas tráth ar bith, le rún, laistigh den tréimhse aon bhliana dar tús dáta thosach feidhme alt 10 den Acht seo, réim nó feidhm a thabhairt d'aon fhodhlí, riail nó rialachán den sórt sin sna limistéir bhreise, nó in aon chuid díobh, agus ar réim nó feidhm a thabhairt dó faoin bhfomhír seo, aon fhodhlí, riail nó rialachán a coimeádadh i bhfeidhm sna limistéir bhreise nó i gcuid nó i gcodanna de na limistéir sin le fomhír (a) den mhír seo agus atá ar neamhréir leis an bhfodhlí, leis an riail nó leis an rialachán lena mbaineann rún ábhartha na Comhairle Contae, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith leis sna limistéir bhreise nó, de réir mar is iomchuí, sa chuid nó sna codanna sin.

Rúin, etc. a bhaineann leis na limistéir eisiata agus leis na limistéir bhreise.

4. (1) (a) Gach rún a rith, gach ordú a rinne, agus gach fógra a sheirbheáil an Bardas roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo i ndáil leis na limistéir eisiata nó le haon chuid díobh nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh iontu agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht ná a théarma scortha nó caite roimh an tosach feidhme sin leanfaidh sé, a mhéid a bhainfidh sé leis na limistéir eisiata nó le haon chuid díobh nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh iontu agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, ionann is dá mba rún é a rith, ordú a rinne nó fógra a sheirbheáil an Chomhairle Contae ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an Bardas é iarbhír agus ionann agus dá mbeadh na limistéir eisiata ar áireamh sa Chontae ar an dáta sin.

(b)   (i) Aon ní a rinne an Bardas, nó a rinneadh ar an mBardas nó i ndáil leis, nó ar glacadh leis de bhua aon achtacháin go ndearna an Bardas é nó go ndearnadh é ar an mBardas nó i ndáil leis, roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo i ndáil leis na limistéir eisiata, le linn don Bhardas aon cheann dá chumhachtaí, dá fheidhmeanna nó dá dhualgais a fheidhmiú nó a chomhlíonadh glacfar leis, a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, mar ní a rinne an Chomhairle Contae nó a rinneadh ar an gComhairle Contae nó i ndáil léi.

(ii) Aon tagairt don Bhardas in aon doiciméad dá dtagraítear i mír (3) den Airteagal seo forléireofar í, a mhéid nach mbeidh sí ar neamhréir leis an Acht seo, mar thagairt don Chomhairle Contae.

(2) (a) Gach rún a rith, gach ordú a rinne, agus gach fógra a sheirbheáil an Chomhairle Contae roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo i ndáil leis na limistéir bhreise nó le haon chuid díobh nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh iontu agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht ná a théarma scortha nó caite roimh an tosach feidhme sin leanfaidh sé, a mhéid a bhainfidh sé leis na limistéir bhreise nó le haon chuid díobh nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh iontu agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, ionann is dá mba rún é a rith, ordú a rinne nó fógra a sheirbheáil an Bardas ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an Chomhairle Contae é iarbhír agus ionann is dá mbeadh na limistéir bhreise ar áireamh sa Chathair ar an dáta sin.

(b) (i) Aon ní a rinne an Chomhairle Contae nó a rinneadh uirthi nó i ndáil léi nó ar glacadh leis de bhua aon achtacháin go ndearna an Chomhairle Contae é nó go ndearnadh é uirthi nó i ndáil léi, roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo i ndáil leis na limistéir bhreise, le linn don Chomhairle Contae aon cheann dá cumhachtaí, dá feidhmeanna nó dá dualgais a fheidhmiú nó a chomhlíonadh glacfar leis, a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, mar ní a rinne an Bardas nó a rinneadh ar an mBardas nó i ndáil leis.

(ii) Aon tagairt don Chomhairle Contae in aon doiciméad dá dtagraítear i mír (3) den Airteagal seo forléireofar í, a mhéid nach mbeidh sí ar neamhréir leis an Acht seo, mar thagairt don Bhardas.

(3) San Airteagal seo folaíonn “ní” an méid seo a leanas—

(a) aon chomhaontú i scríbhinn nó aon ionstraim eile i scríbhinn nó aon chinneadh nó dearbhú a rinne an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a rinneadh thar a gceann nó a nglactar leis go ndearna an Bardas nó an Chomhairle Contae iad nó go ndearnadh thar a gceann iad,

(b) aon treoir a thug an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a tugadh dóibh nó a nglactar léi mar threoir a thug an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a tugadh dóibh,

(c) aon cheadúnas, cead, toiliú, ceadú, díolúine nó maolú a dheonaigh nó a thug an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a deonaíodh nó a tugadh dóibh nó a nglactar leis gur dheonaigh nó gur thug an Bardas nó an Chomhairle Contae iad nó gur deonaíodh nó gur tugadh dóibh iad,

(d) aon iarratas, togra nó agóid a rinne an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a rinneadh chucu, nó a nglactar leis go ndearna an Bardas nó an Chomhairle Contae iad nó go ndearnadh chucu iad,

(e) aon choinníoll nó ceanglas a d'fhorchuir an Bardas nó an Chomhairle Contae nó a forchuireadh orthu, nó a nglactar leis gur fhorchuir an Bardas nó an Chomhairle Contae iad nó gur forchuireadh orthu iad.

Forálacha a bhaineann le cláir toghthóirí.

5. Ar thosach feidhme alt 10 den Acht seo agus dá éis—

(a) measfar an oiread sin de chlár na dtoghthóirí a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, i bhfeidhm don Chathair maidir leis na limistéir eisiata, a bheith ina chuid de chlár na dtoghthóirí a bheidh i bhfeidhm don Chontae agus taispeánfar é ar leithligh i cibé slí a ordóidh an tAire; agus

(b) measfar an oiread sin de chlár na dtoghthóirí a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, i bhfeidhm don Chontae maidir leis na limistéir bhreise, a bheith ina chuid de chlár na dtoghthóirí a bheidh i bhfeidhm don Chathair agus taispeánfar é ar leithligh i cibé slí a ordóidh an tAire.

Forálacha a bhaineann le ceantair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta.

6. (1) I gcás go dtarlóidh, díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, go mbeidh ceantar vótaíochta go páirteach sna limistéir eisiata, déanfaidh Rúnaí Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath, i gcás an chuid den cheantar vótaíochta atá suite amhlaidh, agus Bainisteoir Cathrach agus Cléireach Baile Bhaile Átha Cliath, i gcás an chuid den cheantar vótaíochta sin atá an tráth sin lasmuigh de na limistéir eisiata—

(a) an chuid sin nó codanna di a chur le haon cheantar nó ceantair vótaíochta atá tadhlach léi, nó

(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh di agus áit vótaíochta a cheapadh di.

(2) I gcás go dtarlóidh, díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, go mbeidh ceantar vótaíochta go páirteach sna limistéir bhreise, déanfaidh Bainisteoir Cathrach agus Cléireach Baile Bhaile Átha Cliath, i gcás an chuid den cheantar vótaíochta atá suite amhlaidh, agus Rúnaí Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath, i gcás an chuid den cheantar vótaíochta atá an tráth sin lasmuigh de na limistéir bhreise—

(a) an chuid sin nó codanna di a chur le haon cheantar nó ceantair vótaíochta atá tadhlach léi, nó

(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh di agus áit vótaíochta a cheapadh di.

(3) Aon chomhshocraíocht a dhéanfar de bhun an Airteagail seo beidh éifeacht léi go dtí go dtiocfaidh an chéad scéim, a dhéanfar tar éis thosach feidhme alt 10 den Acht seo, faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1963 , i ndáil leis an gCathair nó leis an gContae, de réir mar a bheidh, i ngníomh agus ní bheidh éifeacht léi dá éis sin.

(4) San Airteagal seo—

(a) folaíonn tagairt do Bhainisteoir Cathrach agus Cléireach Baile Bhaile Átha Cliath tagairt do dhuine a chuí-cheapfar mar ionadaí don bhainisteoir sin nó chun gníomhú in áit an bhainisteora sin le linn dó bheith as láthair nó éagumasaithe nó le linn folúntais ina oifig, agus

(b) folaíonn tagairt do Rúnaí Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath tagairt do dhuine a chuí-cheapfar mar ionadaí don rúnaí sin nó chun gníomhú in áit an rúnaí sin.

Feidhmiú agus oiriúnú achtachán áitiúil.

7. (1) Gach Acht áitiúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo sa Chathair nó i ndáil léi, beidh réim aige sna limistéir bhreise agus, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, forléireofar é agus beidh éifeacht leis fara cibé modhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.

(2) Gach Acht áitiúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo sa Chontae nó i ndáil leis, beidh réim aige sna limistéir eisiata agus, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, forléireofar é agus beidh éifeacht leis fara cibé modhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.

Forálacha a bhaineann le pleananna forbartha.

8. (1) I gcás an phlean forbartha don Chathair amhail mar a bhí sé díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, leanfaidh sé, sa mhéid go raibh, díreach roimh an tosach feidhme sin, éifeacht leis maidir leis na limistéir eisiata, den éifeacht sin a bheith leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle Contae plean forbartha nua nó go ndéanfaidh an Chomhairle Contae, maidir leis na limistéir sin, athrú ar an bplean forbartha don Chontae.

(2) I gcás an phlean forbartha don Chontae amhail mar a bhí sé díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, leanfaidh sé, sa mhéid go raibh, díreach roimh an tosach feidhme sin, éifeacht leis maidir leis na limistéir bhreise, den éifeacht sin a bheith leis, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, go dtí go ndéanfaidh an Bardas plean forbartha nua nó go ndéanfaidh an Bardas, maidir leis na limistéir sin, athrú ar an bplean forbartha don Chathair.

(3) San Airteagal seo ciallaíonn “plean forbartha” plean forbartha de réir bhrí na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983.

Orduithe Rialaithe Fostaíochta.

9. Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difear d'aon Ordú Rialaithe Fostaíochta a rinne an Chúirt Oibreachais faoi fhorálacha na nAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976.

Orduithe Uaire Trádála.

10. Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difear d'aon ordú a rinne an tAire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta faoi Acht na Siopaí (Uaire Trádála), 1938 .

Teorainneacha le rátaí.

11. (1) Baineann an tAirteagal seo le hoidhreachtáin sna limistéir eisiata ar measúnaíodh an ráta bardasach orthu nó a raibh an ráta bardasach inmheasúnaithe orthu, don bhliain airgeadais áitiúil 1985.

(2) Chun críche an ráta contae a mheasúnú agus a thobhach ar oidhreachtán lena mbaineann an tAirteagal seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas gach bliain de na chéad deich mbliana airgeadais áitiúla tar éis 1985:

(a) i gcás arb ionann luacháil an oidhreachtáin agus an luacháil chaighdeánach nó ar lú ná sin í, laghdófar an luacháil go dtí an chionmhaireacht, a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an Airteagal seo don bhliain áirithe, den luacháil ar a mbeadh an ráta contae le measúnú mura mbeadh sin, agus

(b) i gcás ar mó luacháil an oidhreachtáin ná an luacháil chaighdeánach, laghdófar an méid den luacháil is ionann agus an luacháil chaighdeánach go dtí an chionmhaireacht, a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an Airteagal seo don bhliain áirithe, den luacháil ar a mbeadh an ráta contae le measúnú mura mbeadh sin.

(3) San Airteagal seo—

ciallaíonn “luacháil” an luacháil faoi na hAchtanna Luachála;

ciallaíonn “an luacháil chaighdeánach” i ndáil le hoidhreachtán lena mbaineann an tAirteagal seo, luacháil an oidhreachtáin sin mar atá sa liosta luachála athbhreithnithe a fuair an Bardas ón gCoimisinéir Luachála don bhliain airgeadais áitiúil 1985.

AN TÁBLA

Teorainneacha leis an Ráta Contae

Na chéad deich mbliana ina mbeidh an tAcht seo i bhfeidhm tar éis 1985

An Chionmhaireacht den Luacháil (arna léiriú i gcéaduithe)

1986

81

1987

83

1988

85

1989

87

1990

89

1991

91

1992

93

1993

95

1994

97

1995

99

Rátaí agus muirir.

12. (1) Na rátaí go léir agus na muirir eile a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht seo, dlite don Bhardas nó don Chomhairle Contae agus iníoctha leo, nó a bhí ag faibhriú chun a ndlite i leith na bliana airgeadais áitiúla 1985, nó aon bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin, cibé acu i leith oidhreachtáin sna limistéir eisiata nó sna limistéir bhreise, nó ar shlí eile, leanfaidh siad, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, de bheith dlite agus iníoctha agus ag faibhriú chun a ndlite amhail is dá mba nár achtaíodh alt 10 den Acht seo agus féadfar iad a bhailiú agus a ghnóthú dá réir sin.

(2) Más rud é, ar thosach feidhme alt 10 den Acht seo nach mbeidh an ráta bardasach do 1985 déanta ag an mBardas ná an ráta contae do 1985 déanta ag an gComhairle Contae, déanfaidh an Bardas, le linn dó an ráta bardasach do 1985 a dhéanamh, an ráta i leith oidhreachtán sna limistéir eisiata agus déanfaidh an Chomhairle Contae, le linn di an ráta contae do 1985 a dhéanamh, an ráta i leith oidhreachtán sna limistéir bhreise agus féadfaidh an Bardas nó an Chomhairle Contae, de réir mar is iomchuí, nó féadfar thar a gceann, aon ráta a bheidh déanta amhlaidh a bhailiú agus a ghnóthú, amhail is dá mba nár achtaíodh alt 10 den Acht seo.