An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Oibrithe Fiaclóireachta Cúnta) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Rialacha I nDáil Le Comhaltas agus Cruinnithe na Comhairle Fiaclóireachta (The Dental Council))

9 1985

ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1985

CUID VIII

Ilghnéitheach

Comhshocraíochtaí le daoine le cabhrú leis an gComhairle.

56. —(1) Féadfaidh an Chomhairle comhshocraíochtaí a dhéanamh agus a chomhlíonadh le haon duine nó comhlacht le cabhrú leis an gComhairle nó le haon choiste dá cuid chun aon chuid dá feidhmeanna a fheidhmiú go cuí.

Tuarascáil ón gComhairle.

57. —Déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana a mbeidh sí in oifig, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú ar a cuid imeachtaí faoin Acht seo le linn na bliana roimhe sin.

Cláir a fhoilsiú.

58. —(1) Déanfaidh an Chomhairle cóipeanna d'aon chlár a bheidh á chothabháil aici a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol ag tréimhsí nach faide ná cúig bliana agus, gach bliain idir eatarthu, déanfaidh an Chomhairle forlíonadh do gach clár den sórt sin a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol.

(2) Déanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte an chóip is déanaí a foilsíodh de gach clár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle agus aon fhorlíontaí de a chur ar fáil, gach tráth, lena n-iniúchadh ag aon duine, le linn uaireanta an chloig oifige, i gceanncheathrú aon bhoird sláinte a bunaíodh faoi fhorálacha an Achta Sláinte, 1970 .

Tagairtí d'fhiaclóirí cláraithe a fhorléiriú.

59. —Déanfar gach tagairt d'fhiaclóir cláraithe in aon achtachán nó in aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú mar thagairt do dhuine atá cláraithe sa chlár.

Feidhmeanna i ndáil le Treoracha lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach.

60. —Comhlíonfaidh an Chomhairle cibé feidhmeanna a shannfaidh an tAire di ó am go ham i ndáil le haon Rialachán, Treoir nó Cinneadh lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach nó a rinne sí, agus a bhaineann le cleachtadh na fiaclóireachta, a chur i ngníomh.

Feidhmeanna breise a shannadh don Chomhairle.

61. —(1) Comhlíonfaidh an Chomhairle cibé feidhmeanna a shannfaidh an tAire le hordú di is feidhmeanna de bhreis ar na feidhmeanna a shanntar di leis an Acht seo i ndáil le hoideachas fiaclóireachta nó le hoiliúint fhiaclóireachta nó le nithe eile a bhaineann le cleachtadh na fiaclóireachta agus leis na daoine a bhíonn ag gabháil don chleachtadh sin.

(2) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(3) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Tagairtí in achtacháin etc. do Bhord na bhFiaclóirí.

62. —Déanfar gach tagairt do Bhord na bhFiaclóirí atá in aon achtachán eile nó in aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú mar thagairt don Chomhairle.

Rialacháin.

63. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha an Achta seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, seachas rialachán a dhéanfar faoi alt 9 (3) den Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Rialacháin maidir le hoiriúnuithe.

64. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheidh i bhfeidhm tráth rite an Achta seo agus a bhaineann le haon ábhar nó ní lena ndéileálann an tAcht seo nó a ndéanann an tAcht seo difear dó, aon oiriúnú nó modhnuithe a dhéanamh is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht i gcomhréir leis an Acht seo a bheith leis an reacht, leis an ordú nó leis an rialachán sin.

Comhaontú do leanúint i bhfeidhm.

65. —(1) D'ainneoin na haisghairme ar Acht na bhFiaclóirí, 1928 , a dhéantar leis an Acht seo, leanfaidh an comhaontú a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith leis go dtí go ndéanfaidh an tAire, le hordú faoin alt seo, a dhearbhú go scoirfidh an comhaontú sin a dúradh d'éifeacht a bheith leis de bhun comhaontaithe idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe.

(2) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha, a mheasfaidh an tAire is gá, a bheith in ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo ná sa chomhaontú dár tagraíodh den chéad uair i bhfo-alt (1) den alt seo teideal a thabhairt do dhuine atá cláraithe sa liosta Comhlathais nó coigríche den chlár a chothabhálann General Dental Council na Ríochta Aontaithe a bheith cláraithe sa chlár.

Feidhmeanna comhairleacha ginearálta na Comhairle.

66. —(1) Is feidhm de chuid na Comhairle an tAire a chomhairliú, ar iarratas ón Aire nó ar a tionscnamh féin, i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann leis na feidhmeanna a shanntar don Chomhairle faoin Acht seo.

(2) Is feidhm de chuid na Comhairle treoir a thabhairt do ghairm na fiaclóireachta i gcoitinne i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann le hiompar eiticiúil.

(3) Is feidhm de chuid na Comhairle eolas a thabhairt don phobal i dtaobh na n-ábhar ar fad is díol suime i gcoitinne a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle lena n-áirítear aon treoirlínte a eiseoidh an Chomhairle faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil le hiompar eiticiúil.

Cionta i ndáil le cláir.

67. —(1) Is cion ag duine aon dearbhú bréagach a dhéanamh nó aon mhífhaisnéis a thabhairt chun clárú a fháil in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle nó cabhrú agus neartú le haon dearbhú bréagach den sórt sin a dhéanamh nó aon mhífhaisnéis den sórt sin a thabhairt.

(2) Duine a dhéanfaidh gníomh is sárú ar fho-alt (1) den alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ó thráth déanta an chiona.

Cionta a ionchúiseamh.

68. —Féadfaidh an Chomhairle gach cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.