An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac)

10 1985

AN tACHT AIRGEADAIS, 1985

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 3.

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 138—

(i) i mír (a), trí “£3,800” a chur in ionad “£3,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ),

(ii) i mír (b), trí “£ 2,400” a chur in ionad “£2,300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) agus trí “£3,800” a chur in ionad “£3,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), agus

(iii) i mír (c), trí “£1,900” a chur in ionad “£1,800” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), agus

(b) in alt 141 (1A), trí “£600” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) gach áit a bhfuil sé i míreanna (b) agus (c).

2. Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “£2,500” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1).

3. Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 , i bhfo-alt (2), trí “£600” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) gach áit a bhfuil sé agus trí “£1,400” a chur in ionad “£1,200” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ).