|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Luathcháin Chorparáide) | Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1985
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID II Custaim agus Mál | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú (Cuid II). |
26. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Táirgí tobac. |
27. —(1) San alt seo agus sa Dara Sceideal tá le “toitíní” “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leann úll agus leann piorraí. |
28. —Déanfar an dara colún den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1984 , a leasú, amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, trí “£0.69” agus “£3.00” a chur in ionad “£0.53” agus “£2.60”, faoi seach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Hidreacarbóin. |
29. —(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, de réir £25.56 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 73 (2) den Acht Airgeadais, 1984 . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, de réir £18.99 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 73 (6) den Acht Airgeadais, 1984 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Maidir le hola hidreacarbóin arna húsáid an lú lá d'Fheabhra, 1985, nó dá éis, chun na críche a shonraítear in alt 35 (5) (b) den Acht Airgeadais, 1981 , is é méid aon aisíoca a lamhálfar faoin alt sin méid na dleachta máil a íocadh ar an gcainníocht ola a úsáideadh amhlaidh, in ionad an méid dá dtagraítear in alt 60 (9) den Acht Airgeadais, 1983 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Lastóirí meicniúla. |
30. —Leasaítear leis seo mír (a) d'alt 75 (2) den Acht Airgeadais, 1980 — | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) le héifeacht amhail ar an agus ón 31ú lá d'Eanáir, 1985, trí “£0.30” a chur in ionad “£0.20”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1985, trí “£0.40” a chur in ionad “£0.30” (arna chur isteach leis an alt seo). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Geallta. |
31. —Déanfar (faoi réir fhorálacha alt 20 den Acht Airgid, 1931 , agus gan dochar do na forálacha sin) an dleacht ar gheallta a fhorchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gheallta arna ndéanamh an 4ú lá d'Fheabhra, 1985, nó dá éis, de réir deich faoin gcéad de mhéid an ghill in ionad an ráta fiche faoin gcéad a luaitear in alt 41 den Acht Airgeadais, 1975 . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dleacht máil ar fheithiclí inneallghluaiste (rátaí nua). |
32. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasófar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1985, nó dá éis, trí na leasuithe seo a leanas a dhéanamh i mír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) “£30” a chur in ionad “£15” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ), i bhfomhír (a), | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) “£30” a chur in ionad “£15” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ), i bhfomhír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) “£30” a chur in ionad “£15” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ), i bhfomhír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), leasófar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Mhárta, 1985, nó dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 80 den Acht Airgeadais, 1984 ) in ionad fhomhír (d) de mhír 6: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (3) i ndáil le haon fheithicil— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 sin a dúradh, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (3) i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (I.R. Uimh. 5 de 1975 ). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste (athrú ó each-chumhacht go dtí ceintiméadair chiúbacha). |
33. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , agus aon tagairt do cheintiméadair chiúbacha is tagairt í do thoilleadh sorcórach innill mar a luaitear san Acht. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasófar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht le haghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, nó dá éis— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i bhfomhír (c) de mhír 6 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1960 , agus leis an Acht Airgeadais, 1983 ) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht, trí “1,012 ceintiméadar ciúbach” a chur in ionad “8 n-each-chumhacht”, sa dá áit a bhfuil sé, agus trí “£2 ar gach 125 ceintiméadar ciúbach nó cuid den chéanna” a chur in ionad “£2 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fho-mhír (cc) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 , agus a leasaíodh leis an Acht Airgeadais, 1983 ) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(ci) feithiclí (ar a dtugtar trucailí ladhar-ardaitheora de ghnáth) atá deartha agus déanta chun earraí a luchtú agus a dhíluchtú i gcás ina suífidh an duine a bhainfidh amach an ceadúnas, chun sástachta an údaráis cheadúnúcháin, nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach amháin— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) chun dul go dtí an láithreán, agus teacht ón láithreán, ar a n-úsáidfear í le haghaidh luchtú agus díluchtú agus, tráth a bhíonn sí ag dul agus ag teacht amhlaidh, nach n-iompraíonn ná nach dtarraingíonn sí aon ualach, seachas ualach is gá lena tiomáint, nó trealamh, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) mar chuid den phróis luchtaithe nó díluchtaithe, chun earraí a iompar ar feadh leathmhíle ar a mhéid go dtí an láithreán, agus ón láithreán, ar a mbeidh sí ag luchtú nó ag díluchtú— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ccc) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(cii) aon fheithicil a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) (a cuireadh isteach le halt 71 (5) den Acht Airgeadais, 1982 ) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(ciii) aon fheithicil (seachas tacsaí) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (civ) aon fheithicil a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (civ) (arna cur isteach leis an alt seo) i mír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(cv) feithiclí atá déanta nó oiriúnaithe chun breis agus ocht nduine a iompar is feithiclí le heagraíocht don aos óg nó eagraíocht phobail nach n-úsáidtear ach ag an eagraíocht agus sin d'aontoisc chun daoine a iompar ar thurais a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí na heagraíochta— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) trí “(seachas feithiclí dá dtagraítear i bhfomhír (c) den mhír seo)” a chur isteach i ndiaidh “Feithiclí” i bhfomhír (b) de mhír 3 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (g) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (b) de mhír 3 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(c) feithiclí is mórfheithiclí seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus nach n-úsáidtear ach chun leanaí, nó leanaí agus múinteoirí, a iompar atá á n-iompar chuig scoil nó uaithi nó chuig gníomhaíochtaí corpoideachais a bhaineann leis an scoil, nó uathu, agus ar feithiclí iad atá ceadúnaithe faoi Airteagal 60 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 (I.R. Uimh. 191 de 1963), arna leasú, nó atá ar úinéireacht nó, á n-oibriú ag gnóthas iompair reachtúil— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (h) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) (arna leasú le halt 32 den Acht seo) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déantar leis seo fomhíreanna (1) agus (2) de mhír 5 de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht a aisghairm le héifeacht ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1985. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Déantar leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (I.R. Uimh. 5 de 1975 ), agus mír 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 229) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977 (I.R. Uimh. 112 de 1977) a chúlghairm le héifeacht ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1985. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Laghdú ar an dleacht ar pháirteanna agus gabhálais mhótarfheithiclí. |
34. —Leasaítear leis seo Ordú 1975, i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal ag uimhir thagartha 2— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “20 faoin gcéad” a chur in ionad “25 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 67 den Acht Airgeadais, 1982 ) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Mheitheamh, 1985, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) trí “15 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an alt seo) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) trí “10 faoin gcéad” a chur in ionad “15 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an alt seo) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá d'Fheabhra, 1986. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Forálacha a bhaineann le dleacht máil ar uiscí boird. |
35. —(1) Féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil monarú uiscí boird is inchurtha faoi dhleacht máil á dhéanamh ann agus féadfaidh sé ansin cibé cuardach agus fiosrúchán a dhéanamh, agus cibé samplaí a thógáil, de na huiscí boird sin nó d'aon deoch nó leachtar a gcreideann an t-oifigeach le réasún gurb iad na huiscí boird sin iad, nó d'aon substaint nó cumasc a gcreideann an t-oifigeach le réasún gur lena n-úsáid i monarú na n-uiscí boird sin iad, is cuí leis an oifigeach, agus féadfaidh sé scrúdú a dhéanamh ar aon leabhair nó doiciméid eile, nó cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, ar leabhair nó doiciméid iad a gheofar ansin agus a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le haon déileáil sna huiscí boird sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Finance (New Duties) Act, 1916. |
36. —Leasaítear leis seo alt 6 den Finance (New Duties) Act, 1916— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) sa dara mír d'fho-alt (1). trí “liable to forfeiture” a chur in ionad “forfeited” agus trí “£1,000” a chur in ionad “two hundred pounds” (a cuireadh isteach le halt 43 den Acht Airgeadais, 1969 ), agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) sa dara mír d'fho-alt (2), trí “an Excise penalty of £500” a chur in ionad “a fine not exceeding twenty pounds”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus tá na míreanna sin de na fo-ailt sin (1) agus (2), arna leasú amhlaidh. leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 26 (comhacht chun dul isteach agus cuardach do scríbhinní) den Acht Airgid. 1926. |
37. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 26 den Acht Airgid, 1926 . trí “a thabhairt ar aird, cibé acu atá siad i seilbh an duine sin nó nach bhfuil. ar scríbhinní iad a bhaineann, nó a gcreideann an t-oifigeach sin go mbaineann siad, leis an ngnó sin” a chur in ionad “i dtaobh an ghnótha san do thaisbeáint” agus tá an fo-alt sin (1). arna leasú amhlaidh. leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 43 (dleacht ceadúnais mheaisín cearrbhachais) den Acht Airgeadais. 1975. |
38. —Leasaítear leis seo alt 43 den Acht Airgeadais. 1975, trí “£1,000” a chur in ionad “£300” sa dá áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Imeachtaí i gcásanna máil sa Chúirt Dúiche. |
39. —(1) D'ainneoin fhorálacha aon achtacháin eile, aon imeachtaí a thionscnófar sa Chúirt Dúiche chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú a gearradh faoi na reachtanna, nó de bhua na reachtanna, a bhaineann leis na dleachtanna máil nó le bainistí na ndleachtanna sin nó faoi aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil nó le bainistí na ndleachtanna sin agus a rinneadh faoi reacht, féadfar iad a thionscnamh amhlaidh— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás ina mbaineann an fhíneáil nó an pionós sin le cion i ndáil le haon cheann de na dleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin). 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), laistigh de thrí bliana ón dáta ar a ndearnadh an cion, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) in aon chás eile, laistigh de bhliain amháin ón dáta ar a ndearnadh an cion ar ina leith a gearradh an fhíneáil nó an pionós sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar imeachtaí a thionscnamh sa Chúirt Dúiche chun aon earraí a dhaoradh ar earraí iad a urghabhadh mar earraí a dhlitear a fhorghéilleadh faoi na reachtanna, nó de bhua na reachtanna, a bhaineann leis na dleachtanna máil nó le bainistí na ndleachtanna sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aisghairtear leis seo alt 3 den Excise Act, 1848. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Aisghairtear leis seo alt 75 (4) den Acht Airgeadais, 1984 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Orduithe a dhaingniú. |
40. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|